Sa eipeasóid seo, labhraíonn Emma Goode, Ceann Tionscadal MicroCreds Ollscoil na Gaillimhe, le Dr Hugh Rowland ó Acadamh na hOllscolaiochta Gaeilge. Sa mhodúl seo déanfar na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge, i gcomhréir agus i ndeilbhíocht na teanga, agus i gceartúsáid na teanga. Déanfar anailís ar ghnéithe de chóras gramadaí agus de chomhréir na Gaeilge, agus déanfar dianchleachtadh ar mhíreanna gramadaí ionas go mbainfear ardchruinneas amach. Déanfar an cruinneas sa Ghaeilge a threisiú tuilleadh trí mheán an aistriúcháin agus na scríbhneoireachta. Déanfar cleachtaí ar bhonn rialta a rachaidh chun tairbhe do chumas scríofa na mac léinn.