D'eagraigh an compántas ealaíne 'Ciotóg' siúlóid bhithéagsúlachta ar Phortach Sheanadh Mhach le deis a thabhairt do dhaoine aithne a chur ar na plandaí a fhásann ar an bportach agus le tuiscint a thabhairt ar ról an phortaigh mar thaisce carbóin. Chuaigh Marcus Mac Conghail amach agus shiúl sé bóithrín an phortaigh le lucht na siúlóide.