Bhí botún i bpáipéar a II den scrúdú Mata, Ardleibheál don Ardteistiméireacht, dóibh siúd a rinne an scrúdú tré Ghaeilge. Thug iníon Niall atá ag freastal ar Choláiste na Coiribe, an botún faoi deara. Fágadh leagan Gaeilge agus leagan Béarla d’fhoirmle matamaitice sa cheist, rud a d’fhág nach raibh ciall ar bith leis.