Sí Amber Barrett, bean óg as Baile na nGallóglach a d’aimsigh an cúl cinniúnach d’fhoireann na hÉireann aréir in éadan Albain agus a chinntigh áit foireann ban na hÉireann i gcraobhacha ceannais Chorn an Domhain ar an bhliain seo chugainn. Ba as an Chraoslach gar thuismitheoirí Amber Barrett.