Tá sé beartaithe ag Nóra agus a fear ceile Liam Mullan, Maratón Chicago a rith i mí Dheireadh Fómhair le hairgead a bhailiú don charthanacht Teach Ronald McDonald, a chuireann loistín agus tacaíocht ar fáil do theaghlaigh páistí atá tinn agus ag freastal ar Otharlann na bPáistí i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath.