Fuair Siobhán Cleary, ón gCuaisín, Baile Móir bás céad bliain a dtaca seo. Bhí Siobhán ar a coimeád i bPríosún Chill Mhaighneáin ar feadh cheithre mhí i 1923 as ucht a cuid gníomhaíochta le Cumann na mBan. Chaith sí tréimhse ar stailc ocrais sa phríosún a fhág go dteip a sláinte uirthi.