Fuair Diarmaid Mac Cárthaigh ón tSeana Chluain, Baile Mhic Íre bás i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Sheas sé an fód dá chontae agus dá chumann caide ar feadh na mblianta fada. Fear pobail ab ea é a d'fhág rian dearfach ar shaol a mhuintire. Beannacht Dé leis.