Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2hd55rg3
Contact: irishlingos@gmail.com
Groundwater: “time to reform the EU ethics system”.
Uisce faoi thalamh: “thar am córas eitice an AE a leasú”.
The vast majority of the members in the European Parliament voted for the resolutions of the Greek member Eva Kaili to be removed from her position as the deputy president of the parliament in light of allegations of corruption being made against her.
Vótáil formhór mór na bhfeisirí i bParlaimint na hEorpa ar son rúin an feisire Gréagach Eva Kaili a chur as a post mar leasuachtarán na parlaiminte i bhfianaise líomhaintí faoi chaimiléireacht a bheith curtha ina leith.
625 members voted for the resolution, one voted against it and two others abstained.
625 feisire a vótáil ar son an rúin, vótáil duine ina aghaidh agus staon beirt eile.
Eva Kaili has already had other tasks in the previous parliament.
Tá cúraimí eile a bhí ar Eva Kaili sa pharlaimint roimhe seo bainte di cheana féin.
Eva Kaili is one of four people arrested by police in Belgium last weekend while investigating allegations of corruption in the European Parliament.
Tá Eva Kaili ar dhuine de cheathrar a ghabh póilíní sa Bheilg an deireadh seachtaine seo caite agus líomhaintí faoi éillitheacht i bParlaimint na hEorpa á bhfiosrú acu.
The story relates to reports that the State of Qatar gave bribes to certain people – both money and gifts – in the hope that those people would lobby on behalf of Qatar in the institutions of the European Union.
Baineann an scéal le tuairiscí gur thug Stát Chatar breabanna do dhaoine áirithe – idir airgead agus bhronntanais – le súil go ndéanfadh na daoine sin stocaireacht ar son Chatar i bhforais an Aontais Eorpaigh.
The residences of several members of parliament and people associated with them have been searched by the police since last Friday, and they have since confiscated a million euros in cash.
Tá áiteanna cónaithe roinnt feisirí parlaiminte agus daoine atá bainteach leo cuardaithe ag na póilíní ón Aoine seo caite, agus tá bordaithe ar mhilliún euro in airgead tirim coigistithe acu ó shin.
However, it was not said whether Eva Kaili’s residence was among them.
Ní dúradh, áfach, an raibh áras cónaithe Eva Kaili ina measc.
She and the other three are still in custody and are due to appear in court for a preliminary hearing tomorrow.
Tá sí féin agus an triúr eile fós faoi choinneáil agus tá siad le tabhairt os comhair cúirte le haghaidh réamhéisteachta amárach.
Yesterday, the president of the European Parliament Roberta Metsola claimed that she believed that underground water was being created and that an attempt was being made to undermine the European Union.
Inné, mhaígh uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola gur chreid sí go raibh uisce faoi thalamh á dhéanamh agus go rabhthas ag iarraidh an bonn a bhaint den Aontas Eorpach.
She promised to set up an internal inquiry into it.
Gheall sí fiosrúchán inmheánach ina thaobh a bhunú.
Eva Kaili’s lawyer has said that his client is not and had nothing to do with cheating.
Tá sé ráite ag dlíodóir Eva Kaili nach bhfuil agus nach raibh aon bhaint ag a chliant le caimiléireacht.
Eva Kaili visited Qatar shortly before the start of the Soccer World Cup in that country last month.
Thug Eva Kaili cuairt ar Chatar go gairid sular cuireadh tús le Corn Sacair an Domhain sa tír sin an mhí seo caite.
While she was there, she praised the country’s authorities for what they had done for workers’ rights.
Fad is a bhí sí ann, mhol sí údaráis na tíre faoina raibh déanta acu ar son cearta oibrithe.
The same praise came from her many times while speaking in the European Parliament.
Tháinig an moladh céanna uaithi go minic agus í ag labhairt i bParlaimint na hEorpa.
European Union Ombudsman Emily O’Reilly has indicated that the allegations of corruption show that the EU’s ethics system can be fundamentally reformed.
Tá sé tugtha le fios ag Ombudsman an Aontais Eorpaigh Emily O’Reilly go léiríonn na líomhaintí faoi éillitheacht gur mithid córas eitice an Aontais a leasú ó bhonn.
Speaking on RTÉ, she also claimed that the news did not surprise her.
Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh sí freisin nár chuir an scéal aon iontas uirthi.
She drew attention to a proposal made by the president of the European Commission, Ursula Von der Leyen, in 2019 to establish an independent ethics organization in the European Union, but not much – or very little – has been done about it since then, according to Emily O’Reilly.
Tharraing sí aird ar mholadh a rinne uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula Von der Leyen in 2019 eagraíocht neamhspleách eitice a bhunú san Aontas Eorpach, ach gan a bhurral – nó fíorbheagán – a bheith déanta ina thaobh ó shin, dar le Emily O’Reilly.
Eva Kaili
Eva Kaili