jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ygc57ml9
885 new jobs to be provided by Bord na Móna. 885 post nua le cur ar fáil ag Bord na Móna. Bord na Móna is to provide 885 new jobs in the midlands. Tá Bord na Móna le 885 post nua le cur ar fáil i lár tíre. Bord na Móna said the new jobs will be renewable energy as part of the company's strategy to support efforts to tackle climate change. Dúirt Bord na Móna go mbainfidh na poist nua le cúrsaí fuinnimh in-athnuaite mar chuid de straitéis an chomhlachta cuidiú le hiarrachtaí dul i ngleic leis an athrú aeráide. There will be a wide range of jobs - from ordinary workers to highly skilled technicians. Raon leathan post - idir ghnáthoibirtheoirí agus theicneoirí ardoilte - a bheas i gceist. Approximately 80% of Bord na Móna's work is now focused on renewable energy, recycling and peatland rehabilitation. Tá thart ar 80 faoin gcéad d'obair Bhord na Móna dírithe anois ar chúrsaí fuinnimh in-athnuaite, athchúrsáil agus athshlánú portach. The new positions were announced today by Taoiseach Micheál Martin at the company's wind energy plant in Cloncreen, Co Offaly. Is é an Taoiseach Micheál Martin a d'fhógair na poist nua inniu ag ionad fuinnimh ghaoithe an chomhlachta i gCluain Críon, Co Uíbh Fhailí. He said that life has changed dramatically since Bord na Móna was established [in 1946] and that climate change is the biggest challenge now. Dúirt sé gur mór an t- athrú atá tagtha ar an saol ó bunaíodh Bord na Móna [i 1946] agus gurb an t- athrú aeráide an dúshlán is mó atá romhainn anois. Bord na Móna chief executive Tom Donnellan stated that the new specialist posts announced today show that both human beings and the environment can survive in the future. Mhaígh príomhfheidhmeannach Bhord na Móna Tom Donnellan go léiríonn na sainphoist nua a fograíodh inniu go bhféadfaidh daonnaithe agus an comhshaol araon teacht slán san am atá le teacht.