jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yeoggfep
Burren people "stuck in their own homes" congested. Muintir Bhoirne "sáinnithe ina dtithe féin" ag brú tráchta. By Tomás Ó Mainnín Locals in the Burren, Co. Clare, have petitioned for the opening of a controversial car park there as a temporary solution to congestion in the area. Le Tomás Ó Mainnín Tá achainí déanta ag daoine áitiúla i mBoirinn, Co an Chláir, go n-osclófaí carrchlós conspóideach ansan mar réíteach sealadach ar bhrú tráchta sa cheantar. With many people spending their holidays in Ireland this year due to Covid-19, local people in the Burren say there is an urgent need to resolve traffic problems in the special area of conservation. Agus morán daoine ag caitheamh a laethanta saoire in Éirinn i mbliana de bharr covid 19, deir daoine áitiúla i mBoirinn go bhfuil gá le réiteach gan mhoill ar fadbhanna tráchta sa cheantar speisialta caomhnaithe. They say they are prisoners in their own homes because of the number of cars around. Deirid go bhfuilid ina bpríosúnaigh ina dtithe féin mar gheall ar an méid gluaisteán atá sa timpeall. Lack of parking, cars are left on the side of narrow roads and it is difficult for farmers to take care of them. Cheal áiteanna páirceála, bíonn gluaisteáin fágtha ar thaobh na mbóithre cúnga agus bíonn sé deacair ar fheirmeoirí dul i mbun a gcúraim. Brendan Flanagan says he can't get his tractor off the road between 8am and 8pm. Deir Brendan Flanagan ná féidir leis a tharracóir a chur chun bóthair idir 8 a chlog ar maidin agus 8 a chlog tráthnóna. In 2013, the Office of Public Works was developing a car park but due to a dispute it was abandoned and the gate on the site has since been closed. In 2013, bhí carrchlós á fhorbairt ag Oifig na nOibreacha Poiblí ach de bharr achrainn éiríodh as agus tá an geata dúnta ar an suíomh ó shin. The local community committee has now requested that the car park be temporarily opened on an emergency basis or that a proper plan be put in place. Tá sé iarrtha anois ag an gcoiste pobail áitiúil an carrchlós a oscailt go sealadach ar bhonn éigeandála nó go gcuirfí plean ceart i gcrích. In 2017, a report was published recommending a traffic management plan but nothing has been implemented in the meantime. In 2017, foilsíodh tuarsscáil inar moladh plean bainistíochta tráchta ach níl faic curtha i bhfeidhm idir dhá linn. Clare County Council says it and the Parks and Wildlife Service are examining the traffic problems in the Burren and have applied to temporarily open the controversial car park for the summer. Deir Comhairle Contae an Chláir go bhfuilid féin agus an tSeibhís Páirceanna agus Fiadhúlra ag cíoradh na bhfadbhanna tráchta i mBoirinn agus go bhfuil iarratas déanta acu an carrchlós conspóideach a oscailt go sealadach don samhradh.