jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/y98wd4tn
Bishop of Clonfert appointed Bishop of Galway. Easpag Chluain Fearta ceaptha mar Easpag ar Ghaillimh. The Catholic Bishop of Clonfert, Michael Duignan, has now been appointed Bishop of Galway. Is é Easpag Caitliceach Chluain Fearta, Michael Duignan atá ceaptha anois mar Easpag ar Ghaillimh. The announcement was made in Galway Cathedral this morning when Mass was read and the main celebrant was Pope Nuncio Jude Okolo. Rinneadh an fógra in Ard-Eaglais na Gaillimhe ar maidin nuair a léadh Aifreann agus ba é Nuncio an Phápa,Jude Okolo, an príomh- cheiliúraí. The future of Clonfert and the Diocese of Galway - Kilmacdow as well as the Apostolic Administration of Kilfenora will be the responsibility for the future. Beidh cúraimí Chluain Fearta agus Dheoise na Gaillimhe-Chill Mhic Dhuach chomh maith le Riaradh Aspalda Chill Fhionnúrach ar an Easpa Duignan feasta. Bishop Michael Duignan, 51, is a native of Athlone. 51 bliain d'aois atá an tEaspag Michael Duignan, as Áth Luain ó dhúchas. He succeeds Bishop who has resigned from Brendan Kelly. Tagann sé i gcomharbacht ar an Easpag Breandán Ó Ceallaigh (Brendan Kelly) atá éirithe as a chuid cúraimí. Bishop Kelly, now 75, was also at the altar in the cathedral this morning. Bhí an tEaspag Ó Ceallaigh, atá 75 anois é féin freisin ar an altóir san ardeaglais ar maidin. In an address given by Bishop Duignan, he thanked Pope Francis 'for the confidence he has shown in me in carrying out these additional tasks'. In aitheasc a thug an tEaspag Duignan,ghabh sé buíochas leis an bPápa Proinsias 'as an muinín atá léirithe aige ionam na cúraimí breise seo a chomhlíonadh'. He also said that he was very interested in Irish and that he would ask people with Irish in his dioceses to help him with the language. Dúirt sé freisin go raibh suim mhór aige i gcúrsaí Gaeilge agus go mbeadh sé ag iarraidh ar dhaoine le Gaeilge sna deoisí atá aige chuile chúnamh a thabhairt dó leis an teanga. This is the first time that 2 major Catholic dioceses on the island of Ireland have come together under one bishop. Is í seo an chéad uair riamh a bhfuil 2 mhórdheoise Chaitliceach ar oileán na hÉireann tagtha le chéile faoi aon easpag amháin. However, the Vatican says that it is not an amalgamation, and that neither diocese will lose whatever independence it already has. Deir an Vatacáin áfach nach aon chomhnascadh atá i gceist, agus nach gcaillfidh ceachtar deoise pé neamhspleáchas atá aici cheana féin. There are currently 26 dioceses on the island for the Catholic community of 4.5m people. 26 deoise atá ar an oileán faoi láthair don phobal Caitliceach de 4.5m duine. Bishop of Clonfert appointed Bishop of Galway Easpag Chluain Fearta ceaptha mar Easpag ar Ghaillimh