Freastalaíonn Niamh Nic Oistigín ar an fhéile Cluichí do Chách de chuid CLG Uladh ag CLG Ciceam ar an Chreagán, Contae Aontroma. Buaileann sí le himreoirí agus tuismitheoirí, chomh maith le cóitseálaithe agus oifigigh CLG atá i mbun na gluaiseachta seo a chuireann fáilte roimh imreoirí de gach aon leibhéal cumais. Fuair an clár seo ainmniúchán do ghradam ag Féile na Meán Ceilteach 2025.Fosta, agus muid i lár Mhí an Bhróid, cluineann Fearghal Mag Uiginn ó Shinéad Wylde ó Chumann na n-Imreoirí Gaelacha maidir le tábhacht na míosa agus an dóigh a dtig leis an spórt tacaíocht a thabhairt don phobal LADT.
Niamh Nic Oistigín reports from Ulster GAA’s Games For All Day at Kickhams GAA in Creggan, County Antrim. She meets players and parents, coaches and GAA officials involved in the Games For All mission to offer opportunites in GAA clubs to participants of all levels of ability. This programme was nominated for an award at the Celtic Media Festival 2025. And, it’s Pride Month and we hear from Sinéad Wylde from the Gaelic Players Association about the importance of the month and how sport can support the LGBT community.
Freastalaíonn Niamh Nic Oistigín ar an fhéile Cluichí do Chách de chuid CLG Uladh ag CLG Ciceam ar an Chreagán, Contae Aontroma. Buaileann sí le himreoirí agus tuismitheoirí, chomh maith le cóitseálaithe agus oifigigh CLG atá i mbun na gluaiseachta seo a chuireann fáilte roimh imreoirí de gach aon leibhéal cumais. Fuair an clár seo ainmniúchán do ghradam ag Féile na Meán Ceilteach 2025. Agus tá Mí an Bhróid linn agus tá an Union Cup bainte ag an fhoireann rugbaí LADT+, The Emerald Warriors. Tá ball den chlub Gearóid Ó Cualáin linn leis an scéal ar fad a insint d’Fhearghal Mag Uiginn.
Niamh Nic Oistigín reports from Ulster GAA’s Games For All Day at Kickhams GAA in Creggan, County Antrim. She meets players and parents, coaches and GAA officials involved in the Games For All mission to offer opportunites in GAA clubs to participants of all levels of ability. This programme was nominated for an award at the Celtic Media Festival 2025. And, it’s Pride Month and it’a very proud month for LGBT+ rugby club The Emerald Warriors, who won the Union Cup in Oslo recently. Gearóid Ó Cualáin was on the winning team and he joins Fearghal Mag Uiginn to tell him about the win. Also, sports commentator Máire Ní Bhraonáin has the Ladies Football action from the weekend, while Marcus Ó Buachalla has the latest on the rugby.
Beidh Féile Shomhairle Uí Bhriosáin ar siúl in oirthear Bhéal Feirste ag an deireadh seachtaine, labhraíonn sé le Stiofán Carson faoi dtaobh de. Agus tá Féile na Gealaí naoi mbliana ar an fhód i mbliana, cluineann muid faoi fhéile na mbliana seo ó Hannah Rua Ní Bhaoil. Tá moltaí léitheoireachta ag Siún Ní Dhuinn dúinn agus muid ag iarraidh an fhearthainn a sheachaint!
The Samuel Bryson Festival takes place in East Belfast this weekend, we hear from Stiofán Carson. And nine years on since Féile na Gealaí first began, Hannah Rua Ní Bhaoil talks about the growth of the festival since its conception and tells us what we can look forward to this year. Siún Ní Dhuinn shares her reading recommendations so we can sit inside and avoid the rain!
Beidh Gaeil fud fad na tíre ag déanamh ar Ráth Chairn na Mí an deireadh seachtaine beag seo do Chomórtas Peile na Gaeltachta. Tá réamhamharc ar an chomórtas ag Jack Mac Íomhair ó chumann Laochra Loch Lao i mBéal Feirste. Tá lámhscríbhinn ón 12ú haois, Leabhar Laighneach, oscailte don phobal i gColáiste na Tríonóide i ndiaidh don ollscoil roinnt oibre a dhéanamh leis an leabhar a chaomhnú. Labhraíonn Mícheál Hoyne le Dáithí Ó Múirí faoi. Ar chuala tú ceolfhoireann ag seinm ceol na n-ainmhithe? Bhuel sin a bheas ar bun ag Ceolfhoireann an Iarthuaiscirt i nDoire an deireadh seachtaine beag seo. Cluinfidh muid níos mó fá dtaobh de ó bhall den cheolfhoireann, Sorcha Carlin. Pléann Gearóid Ó Muilleoir agus Domhnall Ó Catháin an scéal is deireanaí ó Mheiriceá.
Gaels from all over the country will be making their way to Ráth Chairn in County Meath this weekend for Comórtas Peile na Gaeltachta. Jack Mac Íomhair from Laochra Loch Lao in Belfast looks forward to it. A manuscript from the 12th centuary, the Book of Leinster, has opened to the public in Trinity College, as the college completes work to preserve the book. Mícheál Hoyne from Trinity College tells Dáithí Ó Múirí all about it. The Turas Úr Festival will be held on Inishbofin Island during the summer and they’re looking for poets and artists to take part. Pól Penrose and Laura Ní Dhuibhir have the story. Also, have you ever heard an orchestra playing animal sounds? Well, that’s what Orchestra NorthWest will be doing this weekend in Derry with their Carnival of the Animals. We’ll hear more about it from orchestra member Sorcha Carlin. Gearóid Ó Muilleoir and Domhnall Ó Catháin discuss the latest news from America.
Cuireann Ón Taobhlíne tús spleodrach le Samhradh Spórt na mBan ar an BBC le súil chun tosaigh go Corn Domhanda an Dearbaí Rollála i gcuideachta bheirt iomaitheoirí, Petra Vedres agus Chrissie Ardill, a bhfuil na leasainmneacha Petrafire agus Cardinal Spin orthu. Is spórt é an dearbaí rollála ina bhfuil mná chun tosaigh ar fad, agus labhraíonn Petra agus Chrissie ar an chumasú, ar an chairdeas agus ar an chuideachta atá aimsithe acu sa phobal beag seo. Labhraíonn Dáithí Ó Muirí leis an Dr Kerron Ó Luain faoina leabhar úr ar stair na Gaelscolaíochta. Bhain an podchraoladh Assume Nothing, Femicide: Eight Steps to Stop a Murder, atá go fóill ar fáil ar BBC Sounds, an duais óir sa chatagóir Tionchar Sóisialta i nGradaim an Acadaimh Raidió le deireanas. Cluineann muid ó Sarah McGlinchey, léiritheoir na sraithe.
Ón Taobhlíne kicks off the BBC’s Women’s Summer of Sport in style with a look forward to the forthcoming Roller Derby World Cup with Petra Vedres and Chrissie Ardill whose roller derby names are respectively Petrafire and Cardinal Spin. Dáithí Ó Muirí talks to Dr Kerron Ó Luain about his new book on the history of Irish Medium Education. The Assume Nothing podcast, Femicide: Eight Steps to Stop a Murder, which is still available on BBC Sounds, recently won gold in the Social Impact Category at the Radio Academy Awards.
Buaileann an saineolaí dúlra Aoife de Bhál isteach chugainn sa stiúideo le labhairt ar na himeachtaí a bheas ar bun aici san Fhéile Eolaíochta, agus cúpla samplaí ina póca aici de na beacáin a bheas á phlé aici le linn ceann de na himeachtaí sin. Fógraíodh le déanaí go mbeidh Comórtas Clárscátála na hÉireann ag teacht go Doire i mbliana, an chéad chomórtas le 8 mbliana anuas. Tá an scéal ar fad ag an scátálaí Lena Siew. Tá Andy Caomhánach linn le sábháilteacht ar líne a phlé. Agus tá craic againn leis an fhuirseoir Julie Jay agus í ag ullmhú dá seó Smidiríní i mBéal Feirste.Nature expert Aoife de Bhál calls in to chat about her events during the NI Science Festival, with a few samples in her pocket of the fungi she will be discussing in one of those events. It was announced recently that the All-Ireland Skate competition will be coming to Derry this year, the first competition for 8 years. Skateboarder Lena Siew has the whole story. Andy Caomhánach joins us to discuss online safety. And we enjoy the craic with comedian Julie Jay ahead of her Smidiríní gig in Belfast.
Siúlann Tessa Fleming agus Cormac Ó hAdhmaill an bealach ársa ó Dhún Dealgan go hArd Mhacha sa tsraith úr BBC Gaeilge, Giorraíonn Beirt Bóthar, atá ar fáil ina iomláine ar an iPlayer. Labhraíonn an bheirt taistealaithe le Dáithí faoi na seoda a dtáinig siad orthu agus iad ag spaisteoireacht leo. Tá réamhamharc ag Séamus Ó Tuama ar an chluiche is mó sa pheil Mheiriceánach, an Superbowl, a thitfeas amach Dé Domhnaigh. Labhraíonn Beth Nic Aodha as an Lorgain le Caoimhe faoin chéad eagrán dá hiris úr, Glór Nua, atá go díreach foilsithe aici ar líne agus tá Síomha Ní Ruairc linn agus í ag súil leis an phodchraoladh, How To Gael, a bheas á thaifeadadh aici féin, Louise de Cantalún agus Doireann Ní Ghlacáin beo san ionad Oh Yeah i mBéal Feirste.
Tessa Fleming and Cormac Ó hÁdhmaill walk the ancient route from Dundalk to Armagh, in the footsteps of Cú Chulainn, for the new BBC Gaeilge series, Giorraíonn Beirt Bóthar, which is available in its entirety on BBC iPlayer. Séamus Ó Tuama looks ahead to the biggest game in American football, the Superbowl, which will take place on Sunday. Beth Nic Aodha from Lurgan chats to Caoimhe about the first issue of her brand new online magazine, Glór Nua, and Síomha Ní Ruairc joins us to look forward to recording the How To Gael podcast, which she co-hosts with Louise Cantillon and Doireann Ní Ghlacáin, live at the Oh Yeah centre in Belfast.
Tugann MaryClaire Nic Uilliam cuairt ar Scioból na bhFear i nGleann Chollainn, áit a bhfuil grúpa ceoil ucailéile curtha le chéile acu. Déanann Niamh McElduff agus Seán Ó Gallchóir a machnamh ar na rialacha úra CLG. Pléann Andy Caomhánach DeepSeek agus IS. Agus amharcann Aedín Ní Thiarnaigh ar nósanna Imbolg agus Lá ’le Bríde. MaryClaire Nic Uilliam visits Colin Glen’s Men’s Shed and their in-house ukulele band. Niamh McElduff and Seán Ó Gallchóir talk through the GAA rule changes. Andy Caomhánach looks at DeepSeek and AI. And Aedín Ní Thiarnaigh shares Imbolg and St Brigid’s Day.
Míníonn Eimear Nic Giolla Phádraig cad is ‘Pilates Fráma Charráistigh’ ann agus na dóigheanna ar féidir leis cuidiú le meabhairshláinte an duine. Cluinimid ó Phádraig MacAoidh, an Makar úr, nó file úr náisiúnta na hAlban – cainteoir dúchais as Oileán Leodhais, a scríobhann formhór a chuid filíochta i nGaeilge na hAlban. Tugann Storm Eaton-Kilgallen, Niamh Nic An Fhailigh agus Jack Mac Íomhair uasdátú do Chaoimhe ar a n-aistir aclaíochta. Eimear Nic Giolla Phádraig explains ‘Reformer Pilates’ and how it can help with your mental health. We meet Pádraig Mac Aoidh, Scotland’s new national poet or Makar - a native speaker from the Isle of Lewis writing primarily in Gaelic. Storm Eaton-Kilgallen, Niamh Nic An Fhailigh and Jack Mac Íomhair update Caoimhe on their fitness journeys.
Tugann MaryClaire Nic Uilliam cuairt ar Scioból na bhFear i nGleann Chollainn, áit a bhfuil grúpa ceoil ucailéile curtha le chéile acu. Pléann Séan Ó Gallchóir agus Niamh McElduff na rialacha úra peile. Labhraíonn Andy Caomhánach ar an Intleacht Shaorga nua, DeepSeek agus an fáth a bhfuil daoine chomh tógtha sin leis. Tá Aedín Ní Thiarnaigh ag caint ar nósanna a bhaineann le Imbolg and Lá Fhéile Bríde.
MaryClaire Nic Uilliam drops into a ukelele sesssion at the Men’s Shed at Colin Glen. Seán Ó Gallchóir and Niamh Mc Elduff discuss the new football rules. Andy Caomhánach with a run down on the new Artificial Intelligence Chatbot, DeepSeek and explains why people are so taken by it. Aedín Ní Thiarnaigh tells us about the customs around Imbolg and St Bridget's Day.
Insíonn Pól Mac Fheilimidh d’Fhearghal faoi Saibhreas Mháire, taisce ar líne leis na nathanna, cora cainte, seanfhocail Shéamuis Uí Ghrianna. Cluineann muid ón Easpag Dónall McKeown faoin tSiúr Clare Crockett atá ar a bealach chun a naomhaithe. Míníonn Aodhán Ó Baoill cad is Tomorrow’s Golf League ann. Ceol ó Tempest.
Pól Mac Fheilimidh tells Fearghal about Saibhreas Mháire, an online treasure trove of phrases, proverbs and other gems from the works of Séamus Ó Grianna. We hear from Bishop Dónall McKeown about Sr Clare Crockett’s beatification. Aodhán Ó Baoill tells us what Tomorrow’s Golf League is all about. Music from Tempest.
A bhuí leis an eagras COLMCILLE, bhí deis ag daltaí ó Bhunscoill Ghaelgagh ar Oileán Mhanann agus ó Ghaelscoil na mBeann i gCill Chaoil aithne a chur ar a chéile. Nuair a thug páistí Mhanann cuairt ar a gcairde sna Beanna Boirche le déanaí bhí MaryClaire Nic Uilliam ann le bualadh leo. Tá moltaí léitheoireachta ag Siún Ní Dhuinn le haghaidh oícheanta teolaí istigh ar an tolg.Agus tá tuairisc ag Cathal Ó Cuaig ón Chatalóin faoi iarmhairt na dtuilte tubaisteacha in Valencia.School Children form Bhunscoill Ghaelgagh in the Isle of Man and Gaelscoil na mBeann in the Mournes come together to write rap. Siún Ní Dhuinn shares her reading picks for cosy nights in on the sofa.And Cathal Ó Cuaig reports from Catalonia as the aftermath of the disastrous floods in Valencia continues to unfold.
Blas de mhóragallamh Dháithí le Dónall Mac Giolla Chóill agus painéal cainte an Oireachtais le Naoise Mac Cathmhaoil, Edel Ní Churraoin agus Jake Mac Siacais. A taste of Dáithí's long form interview with Dónall Mac Giolla Chóill and a special panel talks all things Oireachtas.
Labhraíonn Angus Lambkin linn ar Lá na Náisiún Aontaithe, buaileann muid le triúr ógánach eile atá ainmnithe don ghradam Réalta Óg na Bliana ag Oireachtas na Samhna agus cluineann muid ó Hayley Killgallon, údar an leabhair úir Unladylike, stair Pheil na mBan ó na 1920idí go dtí an lá atá inniu ann, linn.
Angus Lambkin tells us about United Nations Day, we meet another three nominees for the coveted Oireachtas na Samhna Réalta Óg na Bliana award and we hear from Hayley Killgallon, author of the new book, Unladylike: A History of Ladies’ Gaelic Football from the 1920s to the present day.
Triúr atá ainmnithe do Réalta Óg na Bliana, Oireachtas na Samhna. Miadhachlughain O’Donnell ar dhuais agus gigeanna Huartan. Tessa Flemming ar The Wilde Sisters, gearrscannán ina bhfuil sí féin le feiceáil.
Three young stars nominated for Réalta Óg na Bliana at the Media Awards at Oireachtas na Samhna. Tessa Flemming on the film short, The Wilde Sisters, in which she features. Miadhachlughain O’Donnell on Huartan’s recent competition win and upcoming gigs.
Niamh Nic Oistigín ag Cluichí do Chách, CLG Ciceam ar an Chreagán i gContae Aontroma. Dáithí Ó Muirí ag caint le Rhiannan Ní Fhionn faoi dheonú orgán. Buaicphointí Féile Dhorn San Aer i nGaoth Dobhair.
Niamh Nic Oistigín at Games for All, Kickhams GAC Creggan. Dáithí discusses organ donation with Rhiannan Ní Fhionn. Highlights from the Dorn San Aer Festival festival in honour of Rónán Mac Aodha Bhuí.
Fuist! Sleeptember atá ann agus tá an síciteiripeoir Bronagh Starrs linn le labhairt ar an fáth a bhfuil codladh de dhíth orainn, le moltaí a thabhairt ar an dóigh le codladh níos fearr a fháil agus le leideanna do thuismitheoirí. Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail le Méabh Ní Chonghaile - damhsóir Gaelach le lagú radhairc a bhfuil uathachas uirthi. Roinneann Méabh a haistear ar na meáin shóisialta agus í ag iarraidh aird a tharraingt ar na dúshláin atá roimpi agus a thaispeáint nach féidir le rud ar bith í a stopadh! Agus an bhfuil cónaí ort i mBéal Feirste agus péire bróga reatha i do sheilbh agat? Ó lucht an chúpla focal go cainteoirí líofa, tá reathaithe Gaelacha á lorg ag club reathaíochta úrnua sa chathair, le bheith ag rith lena chéile trí mheán na Gaeilge. An t-eolas ar fad ó bhunaitheoir an chlub, Alannah Nic Artáin, agus ó bhall úr, Storm Eaton Kilgallen. Labhraíonn Nadia Dobrianska linn faoina taithí ag iarraidh saol úr a chruthú in Éirinn i ndiaidh di teitheadh ó choimhlint na hÚcráine
Shhhh! As it’s Sleeptember, Psychotherapist Bronagh Starrs joins us to talk all about why we need sleep, advice to get a better night’s rest and with tips and tricks for parents. Caoimhe Ní Chathail chats with Méabh Connelly - an autistic Irish dancer with a visual impairment. Méabh shares her journey on social media to draw attention to the challenges she faces and to show that nothing can stop her! And are you living in Belfast and in possession of a pair of running shoes? Be they well worn or just out of the box, and be your Irish at the standard of a cúpla focal or a cainteoir líofa, you are wanted by a brand new running club for runs through the medium of Irish. We hear from the founder of the club, Alannah Nic Artáin, alongside one of its newest recruits, Storm Eaton Kilgallen. Nadia Dobrianska from Ukraine discusses her experiences creating a new life for herself in Ireland after fleeing the conflict in Ukraine.
Tá Coiste na nGael Óg ag dul go Boston an mhí seo chugainn; an chéad ghrúpa óige Gaeilge le turas mar seo a dhéanamh. Tá Séamus Ó Tuama linn as iarthar Bhéal Feirste le deireadh le haisling Euro 2028 do Pháirc Mhic Asmaint a phlé, maraon le scéalta Aontroma i gCraobh Peile na bhFear. Fosta, cluinimid cuimhní Niall Uí Ghallchóir, iriseoir le BBC Alba, ar an reifreann neamhspleáchais cothrom an lae seo 10 mbliana ó shin.
Coiste na nGael Óg are taking a group of young people to Boston next month, the first trip of its kind for an Irish language youth group. The young people and their leaders join us to tell us all about it. Séamus Ó Tuama joins us from West Belfast to discuss the end of the Euro 2028 dream for Casement Park, as well as news from the Antrim Championship in men’s Gaelic football. Also, BBC journalist Niall Ó Gallchóir looks back on the Scottish independence referendum 10 years ago today.
Fearghal Mag Uiginn chats to Daráine Mulvihill about the Paralympic Games 2024. Dáithí O Muirí chats to Seán T Ó Meallaigh about the use of Irish at Coldplay’s concerts in Ireland. We also hear from Daniel de Buitléir who chats to Caoimhe Ní Chathail about a recent arts award he received.Cluineann muid ó Fhearghal Mag Uiginn agus é i mbun comhrá le Daráine Mulvihill ar na Cluichí Parailimpeacha 2024. Labhraíonn Dáithí Ó Muirí le Seán T Ó Meallaigh ar an Ghaeilge a bheith i lár an aonaigh ag na ceolchoirmeacha Coldplay le déanaí in Éirinn. Cluineann muid fosta ó Daniel de Buitléir atá i gcomhrá le Caoimhe Ní Chathail faoin sparánacht ealaíne a bhain sé le déanaí.
Sa dráma Project Children in Amharclann an Lyric, insítear scéal an tionscnaimh chéanna, a thug deis do pháistí ó Thuaisceart na hÉireann seal a chaitheamh i Meiriceá agus faoiseamh a fháil ó dheacrachtaí an tsaoil anseo. Tá léirmheas ag Francis Mezza dúinn. Le Páirc úrnua Náisiúnta na Mara ar na bacáin i gContae Chiarraí, tugann an bitheolaí Jack O’Donovan Trá léargas s’aige féin dúinn ar na féidearthachtaí a d’fhéadfaí a chothú ann, maidir leis an fhiadhúlra agus an bhithéagsúlacht mar shampla.
The drama Project Children at the Lyric Theatre, tells the story of the project that gave children from the north of Ireland the opportunity to spend a holiday in America for respite from the difficulties of life here. Francis Mezza reviews the production for us. With a new Marine National Park planned for County Kerry, biologist Jack O’Donovan Trá considers the possibilities this might afford, in relation to wildlife and biodiversity for instance.
Tá an cóitseálaí Michael Gerard Ó Dochartaigh linn le plé a dhéanamh ar an togra Silent Sideline de chuid CLG Uladh. Agus do Seachtain Mheabhairshláinte na Máithreacha, insíonn Maeve McAlister, a bhfuil triúr clainne aici, dúinn faoina taithí féin agus faoina thábhachtaí is atá sé aire a thabhairt do do mheabhairshláinte mar mháthair.
In underage games, is silence from the sidelines golden? Coach Michael Gerard Ó Dochartaigh joins us to discuss the Silent Sideline initiative from Ulster GAA. For Maternal Mental Health Week, Maeve McAlister, mother of three, speaks of her own experience and how important it is to look after maternal mental health.
Mar a deir an seanfhocal: an áit a bhfuil do chroí, is ann a thabharfas do chosa thú, agus is fíor sin go cinnte maidir le Proinsias Ó Coinn, a bhfuil tuairisc aige dúinn ó Shliabh gCuillinn, áit a ndeachaigh sé ag spaisteoireacht mar chuid den mhionsraith Turas Úr. Fosta, cluineann muid ó Dheirbhile Ní Chianáin, eagarthóir Gaeilge ar an iris úr litríochta, Eascair, faoin chéad eagrán a eisíodh le déanaí.
As the proverb says: where your heart lies, your feet will take you, and this is certainly true of Proinsias Ó Coinn and his report from Slieve Gullion, where he took a hike as part of our occasional series, Turas Úr. We also hear from Deirbhile Keenan, the Irish language editor of a new literary magazine, Eascair, about their recently published first edition.
Do Lá Domhanda an Raidió Amaitéaraigh, labhraíonn Caoimhe le Storm Eaton-Kilgallen, léiritheoir raidió faoi oiliúint, agus le Conchúr Ó Faoláin, láithreoir Raidió na Life, faoi thábhacht an mheáin, go háirithe do chraoltóirí atá ag tosú amach ina ngairm. Cluineann muid moltaí an tsíciteiripeora Bronagh Starrs do dhéagóirí atá faoi strus agus aimsir na scrúdaithe ag teannadh linn. Tá feistis imreoirí Chamógaíochta faoi chabail fosta agus cinneadh déanta nach mbeidh cead ag imreoirí briste gairide a chaitheadh nuair is mian leo. Tá Rebecca Ní Dhonnaile agus Catríona Nic an tSaoir linn leis sin a phlé.
For World Amateur Radio Day, Caoimhe chats to trainee radio producer Storm Eaton-Kilgallen and Raidió na Life presenter Conchúr Ó Faoláin about the medium’s importance - especially for broadcasters starting out on their careers. Psychotherapist Bronagh Starrs has advice on how best to support teenagers under stress as exam season approaches. Rebecca Ní Dhonnaile and Catríona Nic an tSaoir join us as Camogie players’ kit is under discussion, too as a decision has been made that players won’t be able to make their own decisions over wearing shorts or skorts.
Is féidir dul siar anois ar bhóithrín na staire i mbailiúchán speisialta de litreacha lámhscríofa ó imircigh Éireannacha thar tréimhse 400 bliain, bailiúchán atá ar fáil ar líne in áis dar teideal Imirce, trí mhíorúilt na teicneolaíochta úire agus tríd scil agus díograis na mbailitheoirí. Agus tá siad ag lorg tuilleadh litreacha – go háirithe, litreacha as Gaeilge! Tá an tOllamh Breandán Mac Suibhne linn leis an scéal a mhíniú. Fosta, is iarscoláire Ghaelscoil Éadain Mhóir i nDoire í an stiúrthóir agus scríbhneoir óg, Róise Nic an Bheatha, a bhfuil a gearrscannán úr Le Chéile/Ri Chèile, i nGaeilge agus Gaeilge na hAlban, ag gnóthú spotaí i bhféilte scannán ó Toronto go hOileán Acla. Labhraíonn sí linn ó Albain, áit a bhfuil sí lonnaithe anois.
A journey back in time, via a fascinating collection of handwritten letters from Irish immigrants over a period of 400 years, can now be enjoyed in an online resource named Imirce, made possible by the miracles of modern technology married with the skill and hard work of the collectors. And they are looking for more letters – especially letters in Irish! Professor Breandán Mac Suibhne joins us to explain the story. Róise Nic an Bheatha, who attended Gaelscoil Éadain Mhóir in Derry, has written and directed a new short film, in Irish and Scottish Gaelic, which is garnering spots in film festivals from Toronto to Achill Island. She speaks to us from Scotland, where she is now based.
We listen to highlights from Teach s'Againne, a series produced by Triplevision Productions for BBC Gaeilge with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, we hear parents’ experience of the various stages of raising their children
Buntrealamh na Féile le Tessa Fleming ó Féile na Gealaí, Eoghan Ó Loideáin agus Irial Ó Ceallaigh ar Seachtain Sláinte na bhFear, Hayley Kilgallon ar Stair Pheil na mBan.
Festival Essentials with Tessa Fleming from Féile na Gealaí, Eoghan Ó Loideáin and Irial Ó Ceallaigh on Men’s Health Week, Hayley Kilgallon on the History of Ladies’ Football.
Conán Glas, Aedín Ní Thiarnaigh agus Eóin Flaherty a bhog go hoileáin Ghaeltachta le déanaí. Robbie Irwin ar chúrsaí LADTA+ sa spórt. Damien Ó Dónaill ar Comórtas Peile an Gaeltachta 2023.
Conán Glas, Aedín Ní Thiarnaigh and Eóin Flaherty who recently relocated to Gaeltacht Islands. Robbie Irwin on the issues facing the LGBT+ community in sport. Damien Ó Dónaill on Comórtas Peile an Gaeltachta, the Gaeltacht Football tournament.
An Dr Pádraig Fhia Ó Mathúna dúinn ar an chartlann úr Fionn Folklore, ina bhfuil 3,500 de scéalta na Féinne tiomsaithe. Caoimhe Ceoil lena tuairisc faoin léirsiú in éadan na gciorruithe ó thuaidh i ag Halla na Cathrach Bhéal Feirste. Tessa Fleming ar cuairt chuig Carnabhal na nGaelscoileanna eagraithe ag Cumann na bhFiann. Labhraíonn Caoimhe Chats le Seán Ó Baoill agus Marty Ó Néill ar 999 Faoi OiliúintDr Pádraig Fhia Ó Mathúna discusses Fionn Folklore, a new database collating 3500 stories from the Fenian cycle. Caoimhe Ceoil reports from a demonstration against the cuts at Belfast City Hall. Tessa Fleming visits Carnabhal na nGaelscoileanna. And Caoimhe Chats talks to Seán Ó Baoill and Marty Ó Néill about the new TV series, 999 Faoi Oiliúint
Cluineann muid tuairisc ó Féile na gCloigíní Gorma, féile pobail a dhéanann nasc idir an dúlra agus cúrsaí meabhairshláinte.Téann Tomaí Ó Conghaile i mbun pinn le litir a scríobh ar ais chuige féin agus é sna déaga arís. Déanann Mary Delargy ómós do Risteard Mac Gabhann, amhránaí, scríbhneoir agus léachtóir a fuair bás le déanaí.We hear a report from Féile na gCloigíní Gorma, a community festival that connects nature and mental health. Tomaí Ó Conghaile writes to his teenage self.Mary Delargy pays tribute to singer, writer and lecturer Risteard Mac Gabhann, who died recently.
Déanann Gráinne Holland ceiliúradh ar aimsir na Bealtaine le Ceol na Sióg. Súil siar le Cynthia Ní Mhurchú ar chomórtas Eoraifíse na bliana 1994 i mBaile Átha Cliath. Amharclann Niamh Nic Oistigín ar na forbairtí is déanaí i ndomhan na hintleachta saorga.Gráinne Holland celebrates Maytime with Ceol na Sióg. Cynthia Ní Mhurchú looks back on the 1994 Eurovision Song Contest in Dublin. Niamh Nic Oistigín looks at the latest developments in AI.
Tugann Ruadhán Ó Deasmhúnaigh léargas ar aistear peile Cairde Khmer, club CLG sa Chambóid. Séaghan Ó Súilleabháin ar fheirmeoireacht an t-am seo bliana. Labhraíonn Angus Lambkin, oibrí daonnúil a bhfuil cur amach aige ar an réigiún, faoi ghéarchéim na Súdáine.Ruadhán Ó Deasmhúnaigh gives an insight into the footballing journey of Cairde Khmer, a GAA club in Cambodia. Séaghan Ó Súilleabháin on farming at this time of year. Angus Lambkin, a humanitarian worker with knowledge of the region, talks us through the crisis in Sudan.
Cad é mar atá ag éirí le teagasc na Gaeilge in iar-bhunscoileanna lán-Bhéarla ó Thuaidh? Tá tuarascáil úr foilsithe ag Dessie Tennyson agus labhraíonn sé le Dáithí faoin mhéid atá ann. Tá Rang 7 i nGaelscoil Éadain Mhóir as cathair Dhoire in iomaíocht san fhéile Scoildrámaíochta. Cluinimid ón Mhúinteoir Ranga, Alicia Ó Catháin, agus ó chuid de na haisteoirí iad féin. Agus pléann Ciara Ní É, stiúrthóir agus file, dráma leis an ghrúpa ealaíne AerachAiteachGhaelach: Grindr, Saghdar agus Cher.How is the teaching of Irish language going in English-medium post-primary schools in Northern Ireland? Dessie Tennyson has just published a report on this and he talks to Dáithí about his findings. P7 in Derry’s Gaelscoil Éadain Mhóir are competing this week in the national schools’ drama festival. We hear from their teacher Alicia Ó Catháin and from some of the young actors themselves. And poet and director Ciara Ní É discusses the play from art group AerachAiteachGaelach: Grindr, Cider and Cher.
Seán Ó Dubhchon, colúnaí agus craoltóir, ar Lá Náisiúnta na gColúnaithe agus tábhacht na gcolún. Cathal Ó Cuaig sa Chatalóin ar thriomach fadtéarmach leithinis na hIbéire agus an ceangal atáthar á dhéanamh le hathrú aeráide. Siobhán Ní Ghadhra agus an t-aisteoir óg Ciara Cox ar an tsraith drámaíochta úr dírithe ar dhéagóirí ag fás aníos sa Ghaeltacht, Saol Ella.Seán Ó Dubhchon, columnist and broadcaster, on National Columnists' Day. Cathal Ó Cuaig from Catalonia on the long-term drought conditions prevailing across the Iberian peninsula. Siobhán Ní Ghadhra and young actress Ciara Cox on the new drama aimed at teenagers growing up in the Gaeltacht, Saol Ella.
Póilín Ní Chiaráin, Ian Malcolm agus Cathal Mac Coille ar Comhaontú Aoine an Chéasta, Sarah Nic Loinsigh ar a sraith úr Assume Nothing – The Shankill Goldrush, Naoise Mac Chathmhaoil ar a ról úr le Tionscadal Logainmneacha Uladh, Proinsias Ó Coinn ar a chlár úr Derry Boys.GFA at 25, Sarah McGlinchey on Assume Nothing – The Shankill Goldrush, Naoise Mac Chathmhaoil on his new role at e Northern Ireland Place-Name Project.
Buaileann Dáithí isteach ar An Nead, tearmann speisialta i gcroílár Choláiste Feirste. Tugann Blas cuairt ar Ghaelscoil na mBeann. Agus é fógartha ag Uachtarán na Stáit Aontaithe Joe Biden go mbeidh sé ag teacht anseo do chomóradh 25 bliain chomhaontú Aoine an Chéasta, cluinimid ó Chiarán Ó Pronntiagh. Agus labhraíonn Fearghal le beirt a bhain Gradam Uachtaráin CLG.Dáithí pops into An Nead, a special sanctuary in the heart of Coláiste Feirste. Blas visits Gaelscoil na mBeann. as US President Joe Biden has announced he will be coming here for the 25th anniversary of the Good Friday Agreement, we hear from Ciarán Ó Pronntaigh. And Fearghal chats to two recipients of GAA President's Awards.
Pléann Fearghal mná sa spórt le hÉilis Ní Raghallaigh agus Laura Uí Dhonnabháin.Faigheann muid dearcadh Shiobháin Uí Dhálaigh ar an uathachas.Cluineann muid ó na hiriseoirí Eimear McGovern, Póilín Nic Géidigh agus Máirín Ní Ghadhra do Lá Idirnáisiúnta na mBan.Fearghal discusses women in sport with Éilis Ní Raghallaigh and Laura Uí Dhonnabháin.Siobhán Uí Dhálaigh tells us her personal experience of autismWe hear from journalists Eimear McGovern, Póilín Nic Géidigh and Máirín Ní Ghadhra for International Women's Day.
Labhraíonn Caoimhe le hÉadaoin Fitzmaurice, atá ar dhuine de Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Tá triúr fear as an Cheathrú Rua, Conamara, tar éis dreapadh 6961 méadar go barr Aconcagua na hAirgintíne, an sliabh is airde sa leathsféar ó dheas. Labhraíonn Fearghal le beirt den triúr: athair agus mac, Máirtín Óg Mac Donnacha agus Seán Mac Donnacha.Cluineann muid ón Dr Pádraig Ó Liatháin faoi fhoilseachán úr de dhialanna Sheáin Uí Ríordáin.Caoimhe chats to Éadaoin Fitzmaurice, one of this year’s Seachtain na Gaeilge ambassadors.Three Connemara men from An Cheathrú Rua have climbed 6961m to the top of Argentina’s Aconcagua, the highest peak in the southern hemisphere. Fearghal speaks to two of the three: father and son Máirtín Óg Mac Donnacha and Seán Mac Donnacha.We hear from Dr Pádraig Ó Liatháin about a new publication of Seán Ó Ríordáin's diaries.
Insíonn Máirtín Mac Gabhann dúinn faoin nuacht is déanaí ar Dhlí Dháithí.Cluineann muid ó Shéamus Ó Flatharta faoin cheol úr atá eisithe aige lena deirfiúr Caoimhe.Tá an scéala is úire ón bhrat dhearg ag na duaiseanna BAFTA ag Robert McMillen agus Caitlín Nic Aoidh.Máirtín Mac Gabhann gives us the latest update on Dáithí’s Law from Westminster.We hear from Séamus Ó Flatharta about the new music released by himself and his sister Caoimhe.Robert McMillen and Caitlín Nic Aoidh have all the news from the BAFTAs.
Insíonn an léiritheoir teilifíse Cúán Mac Conghail dúinn faoin tsraith úr teilifíse Grá ar an Trá atá ar lorg rannpháirtithe faoi láthair.Labhraíonn Siobhán Ní Ghadhra, léiritheoir agus úinéir Danú Media, faoin scéim úr forbartha scríbhneoireachta atá curtha ar bun acu do ghlúin úr scriptscríbhneoirí. Tugann James Ó Flatharta achoimre ar choimhlint Superbowl 57 idir na Kansas City Chiefs agus na Philadelphia Eagles.Faigheann muid léargas ó Chaoimhín Mac Colaim, Leas-Chathaoirleach Chumann Múinteoirí Éireann, ar na cúiseanna go mbeidh múinteoirí ag dul ar stailc.TV producer Cúán Mac Conghail talks about the new TV series Grá ar an Trá which is seeking participants at the moment. Producer and Danú Media owner Siobhán Ní Ghadhra speaks about a new writing development scheme for a new generation of scriptwriters.James Ó Flatharta summarizes the Superbowl 57 showdown between the Kansas City Chiefs and the Philadelphia Eagles.We hear from Caoimhín Mac Colaim, Vice Chair of the Irish National Teachers’ Organisation why teachers are to strike.
Mí Stair LADT atá ann agus cluineann muid ó Lisa Nic an Bhreithimh atá mar bhall coiste de chuid Shout Out a chuireann ceardlanna oideachasúla ar siúl i scoileanna.Mar chuid de Seachtain Mheabhairshláinte na nÓg, labhraíonn an Dr Órla Nic Oirc faoi na deachrachtaí a bhíonn ag daoine óga sa lá atá inniu ann.Insíonn Alexandra Philbin dúinn faoina ról féin mar mheantóir ar scéim úrnua dhomhanda leis an Tionscadal Teangacha atá i mBaol.Agus tá an Coirnéal Comhairleach ar ais lán chraic agus spraoi le hEoin Ó Catháin, Niamh Ní Dhubhgáin agus Rút Ní Theimhneáin!It's LGBT History Month and we hear from Lisa Nic an Bhreithimh, a committee member of Shout Out which provides educational workshops in schools.As part of Children’s Mental Health Week, Dr Órla Nic Oirc speaks about the challenges facing young people today.Alexandra Philbin tells us about her role as mentor on a brand new global scheme with the Endangered Languages Project.And the Advice Corner is back with Eoin Ó Catháin, Niamh Ní Dhubhgáin and Rút Ní Theimhneáin, along with all the craic you’ve come to expect!
Tá Bríd Ó Gallchóir agus Brídín Ní Mhaoldomhnaigh i mbun cainte le Dáithí faoi oidhreacht Bhríde ina dteaghlaigh féin.Labhraíonn Sadhbh Rosenstock le Caoimhe Ceol faoina hacmhainn úr, Teach Teidí - bailiúchán amhrán agus rannta do pháistí.Insíonn an craoltóir Lynette Fay dúinn faoina droch-eispéireas féin ar na meáin shóisialta mar bhean atá faoi spotsolas.Cluineann Caoimhe Chats ón bheirt chruthaitheoirí inneachair, Kayleigh Trappe agus Molly Níc Céile, faoi thaithí s’acu féin, mar thionchairí, ar mheabhairshláinte ar líne.Bríd Ó Gallchóir and Brídín Ní Mhaoldomhnaigh join Dáithí to discuss Brigit’s heritage as it relates to their own families.Sadhbh Rosenstock talks to Caoimhe Ceol about her new resource, Teach Teidí - a collection of songs and rhymes for children.Broadcaster Lynette Fay tells us about her own negative experience on social media as a woman in the spotlight.Two content creators, Kayleigh Trappe and Molly Níc Céile, talk to Caoimhe Chats about their experiences of online mental health as influencers.
Labhraíonn Máire leis an Dr Brian Lacey, staraí agus seandálaí, faoina shaol ag fás aníos i mBaile Átha Cliath, a shaothar acadúil agus a shaol mar fhear aerach in Éirinn.Caitheann iriseoir Eoin Ó Catháin súil ar na hiomaitheoirí do Ghradaim an Acadaimh 2023.Pléann Aodán Mac Séafraidh, Oifigeach Forbartha Gaeilge Oirthear Bhéal Feirste, agus a bhean chéile Jackie tábhacht Robert Burns agus tá cúpla amhrán a rá acu fosta.Máire chats to historian and archaeologist Dr Brian Lacey about his life growing up in Dublin, his academic work and his life as a gay man in Ireland.Journalist Eoin Ó Catháin reviews the contenders for the 2023 Academy Awards.East Belfast’s Irish Language Officer, Aodán Mac Séafraidh, and his wife Jackie are in the studio to discuss the importance of Robert Burns and to sing a few songs.
Roinneann an t-éiceolaí, Pól Mac Cana, a leideanna linn faoin bhealach gur féidir linn cuidiú le héin i láthair na huaire.Labhraíonn Séamus Mac Giolla Fhinnéin agus a iníon Caoimhe faoi bhua Ghleann Fhreabhail i gCraobh Shóisir na hÉireann sa chamógaíocht.Tá an nuacht is déanaí ag an iriseoir Niall Ó Gallchóir faoin choimhlint in Albain maidir le ceisteanna inscne.Cluineann muid ó na daltaí ó Mheánscoil Gharman a bhuaigh duais don togra Gaeilge is fearr sa taispeántas Eolaí Óg BT san RDS i mBaile Átha Cliath.Ecologist Pól Mac Cana shares his tips on how we can help birds at the moment.Seámus Mac Giolla Fhinnéin and his daughter Caoimhe talk to us about Na Brídíní Óga of Glenravel, Co. Antrim who are junior All-Ireland club champions since last week. BBC journalist Niall Ó Gallchóir has the latest on tensions in Scotland around gender issues. We hear from the students from Meánscoil Gharman, who won an award for best project in Irish at the BT Young Scientist in the RDS in Dublin.
Labhraíonn Máire leis an dochtúir teaghlaigh Ciarán Ó Fearraigh faoin ghéarchéim sa chóras sláinte.Tugann Antain Mac Lochlainn léargas dúinn ar an aistriúchán Gaeilge ar An Buachaill, An Caochán, An Sionnach agus an Capall.Insíonn Martha the Vegan do Chaoimhe Chats faoina taithí féin mar veigeán.Dr. Ciarán Ó Fearraigh, GP, joins Máire to discuss the current crisis in the healthcare system.Antain Mac Lochlainn gives an insight into the Irish-language translation of The Boy, The Mole, The Fox and The Horse.Martha Dalton tells Caoimhe Chats about her experience of being a vegan.
Téann Liam Tunney, Rian Ó Dúill agus Seán Ó Conaill san iomaíocht i dTráthna gCeist Spóirt 2022. Seán agus Máire Mhic Sheáin as Bóthar Seoighe Bhéal Feirste ar bhóithrín smaointe na Nollag. Móragallamh le Máirín Hurndall, craoltóir agus iriseoir. Craic na Nollag Rebecca le Leah Ní Mhurchú, Seán Ó Baoill agus Proinsias Ó Coinn.Liam Tunney, Rian Ó Dúill and Seán Ó Conaill take on the Sports Quiz of the Year, 2022. Seán and Máire Mhic Seáin of Belfast’s Shaw’s Road Gaeltacht share their Christmas memories. Feature interview with journalist and broadcaster Máirín Hurndall. And all the Christmas craic from Rebecca’s show with Leah Ní Mhurchú, Seán Ó Baoill and Proinsias Ó Coinn.
Labhraíonn Joe Ó Gallchóir le Fearghal faoi chluiche ceannais na gclubanna in Uladh agus faoin bhua iontach ag fir an Ghleanna.Insíonn an tOllamh Micheál Ó Siochrú, do Dháithí faoi leabhar úr a thugann léargas dúinn ar Oilibhéir Cromail.Cluineann muid ó Amy Ní Riada faoin dóigh a mbeidh sí ag caitheamh tréimhse na Nollag thall i Nairobi na Céinia.Joe Ó Gallchóir chats to Fearghal about the Ulster club final and Glen’s achievement in beating Kilcoo.Professor Micheál Ó Siochrú tells Dáithí about a new publication which gives an insight into Oliver Cromwell.We hear from Amy Ní Riada about how she will be spending the Christmas period in Kenya.
Tá cuid mhór cainte ar Streip A agus an Fiabhras Dearg i láthair na huaire agus insíonn Ciarán Ó Fearraigh, dochtúir, dúinn faoi na comharthaí rabhaidh do thuismitheoirí agus cúramóirí.Cluineann muid ón chóitseálaí Oisín Mac An Bhiocaire faoina dhúshlán spóirt le hairgead a chruinniú ar son carthanachta. Labhraíonn an múinteoir scoile Rachael Nic Aoidh as Gaoth Dobhair faoina heachtraí féin i gCatar.Strep A and scarlet fever are in the news at the moment and doctor Ciarán Ó Fearraigh tells us what parents and carers should look out for.We hear from coach Oisín Mac An Bhiocaire about his sport challenge to raise money for charity.Schoolteacher Rachael Nic Aoidh from Gaoth Dobhair speaks about her experience in Qatar.
Pléann an craoltóir Gráinne McElwain saol agus oidhreacht Sheáin Mhic Thaidhg. Tugann an Dr Fangzhe Qiu léargas dúinn ar chúrsaí na Síne, áit a bhfuil léirsithe Covid ar siúl faoi láthair.Buaileann an stiúrthóir Damian McCann isteach le súil siar a chaitheamh ar scannáin na bliana.Broadcaster Gráinne McElwain discusses the life and legacy of Seán McCague. Dr Fangzhe Qiu gives an insight into the situation in China where Covid protests are underway.Director Damian McCann looks back on the year’s highlights in film and ahead to next year’s new releases.
Tugann an Dr Fearghal Mac Bhloscaidh, stairí, ómós do Éamon Phoenix, stairí agus craoltóir mór le rá, a fuair bás ar na mallaibh. Is mac léinn agus gníomhaí athrú aeráide í Dearbhla Nic Risteaird, insíonn sí dúinn faoin tréimhse a chaith sí ag an chomhdháil COP27 san Éigipt. Labhraíonn Aileen Glynn, imreoir de chuid Chraobh Rua na Beilge a bualadh ag Castleblayney Faughs sa chluiche ceathrú ceannais i bpeil shóisir na mban, faoina idirnáisiúnta is atá foireann na Beilge.
Dr Fearghal Mac Bhloscaidh pays homage to Éamon Phoenix, historian and broadcaster, who died recently. University student and climate change activist Dearbhla Nic Risteaird tells us about her experiences at the COP27 conference. Aileen Glynn, one of Craobh Rua Belgium's players who were beaten by Castleblayney Faughs in the ladies’ junior football quarter finals speaks about how international the Belgian side are.
Labhraíonn Máire Treasa Ní Cheallaigh agus Seán Ó Gallchóir faoi bhua Chathair Dhoire sa Corn FAI. Agus Seachtain na Frithbhulaíochta ann pléann Ciarán Dunbar agus Máirín Ní Ghadhra tuairisc an BBC faoi ionsaithe ar líne ar pholaiteoirí. Tugtar cuairt ar Cúnamh i nDoire a fhaigheann maoiniú ó BBC Children in Need.
Labhraíonn Rebecca Ní Donnaile leis an iar-churadh domhanda sa liathróid láimhe Aisling Ní Raghallaigh as cumann Naomh Pól i mBéal Feirste. Insíonn an scéalaí agus an t-amhránaí Gearóidín Bhreathnach dúinn faoi oidhreacht scéalaíochta a hathar, Neidí Frainc Mac Grianna as Rann na Feirste. Cluineann muid faoi thaispeántas ar shaighdiúirí le Gaeilge ó oirthear Bhéal Feirste a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Buaileann muid leis an rapálaí Oisín Mac Giolla Bhríde ag Oireachtas na Samhna.
Rebecca Ní Dhonnaile speaks to former world handball champion Aisling Ní Raghallaigh from St. Paul's in Belfast. Singer and storyteller, Gearóidín Bhreathnach tells us about the storytelling legacy of her father, Neidí Frainc Mac Grianna from Rann na Feirste. We hear about an exhibition exploring Irish speaking soldiers from east Belfast who fought in World War One. We meet rap artist Oisín Mac Giolla Bhríde at Oireachtas na Samhna.
Craoladh beo Oíche Shamhna ó Halla na Cathrach i nDoire á chur i láthair ag Fearghal Mag Uiginn le Cara Park, Seán Mac Cionnaith, Corey Hanna, Dáire Ní Chanáin, Erin Hamilton agus páistí Ghaelscoil Éadain Mhóir.
Labhraíonn Fearghal Mag Uiginn, Pól Ó Gribín agus Charlie Vernon faoin cheist ar chóir do réiteoirí micreafóin a chaitheamh? Pléann na hiriseoirí Cathal Mac Coille agus Eimear McGovern fillfeadh an fheidhmeannais ó thuaidh. Cluineann muid sliocht as an dráma úr raidió An Eachtra. Fearghal, Pól Ó Gribín and Charlie Vernon talk about whether referees should wear microphones, journalists Cathal Mac Coille and Eimear McGovern discuss a possible return of the northern executive and we hear an extract from the new radio drama An Eachtra.
Do Seachtain na Leabhar ar BBC Raidió Uladh cluinimid Mícheál Ó Dochartaigh ar leabhar pictiúr úr do pháistí faoin CLG agus Pádraig Ó Tiarnaigh ar Kings for a Day le Niall McCoy, leabhar a dhéanann cur síos ar bhua Ard Mhacha i gCraobh na hÉireann sa bhliain 2002
Agus do Mí Dhomhanda an Mheanapáis tá an An Dr Ilona Duffy le Máire leis na siomptóim a phlé.
For Book Week on BBC Radio Ulster we hear Mícheál Ó Dochartaigh on a new children’s picture book about the GAA and Pádraig Ó Tiarnaigh on Kings For a Day by Niall McCoy – a new release telling the story of Armagh’s All-Ireland Final win in 2002.
And for World Menopause Month Dr Ilona Duffy, GP, discusses the myriad of possible symptoms.
Cluineann muid cuimhní cinn ar an bhliain órga nuair a bhain Ard Mhacha Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i 2002 ó Phádraig Ó Tiarnaigh, Órla Nic Ruairí agus Tomaí Ó Conghaile. Insíonn Dr Róisín Ní Mhulláin do Dháithí faoi thionscadal úr ar shaol agus ar shaothar an údair Cathal Ó Sándair. Buaileann muid le Póilín Nic Géidigh agus Aedraen Ó Dubhghaill lánúin a casadh le chéile ar líne agus glacann siad páirt i Grá na gCeist.
Memories of Armagh's golden year in 2002 from Pádraig Ó Tiarnaigh, Órla Nic Ruairí and Tomaí Ó Conghaile. Dr Róisín Ní Mhulláin talks about a new project to highlight the life and work of author Cathal Ó Sándair. Póilín Nic Géidigh and Aedraen Ó Dubhghaill take part in our love quiz.
Cluineann muid cuimhní cinn ar an bhliain órga nuair a bhain Ard Mhacha Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i 2002 ó Phádraig Ó Tiarnaigh, Órla Nic Ruairí agus Tomaí Ó Conghaile. Insíonn Dr Róisín Ní Mhulláin do Dháithí faoi thionscadal úr ar shaol agus ar shaothar an údair Cathal Ó Sándair. Buaileann muid le Póilín Nic Géidigh agus Aedraen Ó Dubhghaill lánúin a casadh le chéile ar líne agus glacann siad páirt i Grá na gCeist.
Memories of Armagh's golden year in 2002 from Pádraig Ó Tiarnaigh, Órla Nic Ruairí and Tomaí Ó Conghaile. Dr Róisín Ní Mhulláin talks about a new project to highlight the life and work of author Cathal Ó Sándair. Póilín Nic Géidigh and Aedraen Ó Dubhghaill take part in our love quiz.
Cluineann muid cuimhní cinn ar an bhliain órga nuair a bhain Ard Mhacha Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i 2002 ó Phádraig Ó Tiarnaigh, Órla Nic Ruairí agus Tomaí Ó Conghaile. Insíonn Dr Róisín Ní Mhulláin do Dháithí faoi thionscadal úr ar shaol agus ar shaothar an údair Cathal Ó Sándair. Buaileann muid le Póilín Nic Géidigh agus Aedraen Ó Dubhghaill lánúin a casadh le chéile ar líne agus glacann siad páirt i Grá na gCeist.
Memories of Armagh's golden year in 2002 from Pádraig Ó Tiarnaigh, Órla Nic Ruairí and Tomaí Ó Conghaile. Dr Róisín Ní Mhulláin talks about a new project to highlight the life and work of author Cathal Ó Sándair. Póilín Nic Géidigh and Aedraen Ó Dubhghaill take part in our love quiz.
Tugann Clíodhna Ní Mhianáin cuntas ar a haistear féin trí Ghaelcholáiste Dhoire agus í sa chéad rang a thosaigh nuair a bunaíodh an scoil, seacht mbliana ó shin. Cluineann muid ó chuid de na daoine a bhí i láthair ag seoladh leabhair úir, Turas Soir/Journey East - bailiúchán de scéalta ó Oirthear Bhéal Feirste. Míníonn Dr Róisín Costello, Ollamh Cúnta i Scoil an Dlí agus Rialtas OCBÁC, faoin phíonós mór a gearradh ar chomhlachtaí teicneolaíochta le déanaí maidir le lochtanna i gcúrsaí príobháideachais agus slándála. Pléann Máire Treasa Ní Dhubhghaill cúrsaí rugbaí. Clíodhna Ní Mhianáin gives an account of her own journey through Gaelcholáiste Dhoire as a pupil of the first class to start school at its foundation seven years ago. We hear from some of the people present at the launch of a new book containing a collection of stories from East Belfast. Dr Róisín Costello, Assistant Professor in DCU’s School of Law and Government discusses recent penalties given to tech companies regarding privacy and security issues. Fearghal gets a rugby update from Máire Treasa Ní Dhubhghaill.
Tugann Clíodhna Ní Mhianáin cuntas ar a haistear féin trí Ghaelcholáiste Dhoire agus í sa chéad rang a thosaigh nuair a bunaíodh an scoil, seacht mbliana ó shin. Cluineann muid ó chuid de na daoine a bhí i láthair ag seoladh leabhair úir, Turas Soir/Journey East - bailiúchán de scéalta ó Oirthear Bhéal Feirste. Míníonn Dr Róisín Costello, Ollamh Cúnta i Scoil an Dlí agus Rialtas OCBÁC, faoin phíonós mór a gearradh ar chomhlachtaí teicneolaíochta le déanaí maidir le lochtanna i gcúrsaí príobháideachais agus slándála. Pléann Máire Treasa Ní Dhubhghaill cúrsaí rugbaí. Clíodhna Ní Mhianáin gives an account of her own journey through Gaelcholáiste Dhoire as a pupil of the first class to start school at its foundation seven years ago. We hear from some of the people present at the launch of a new book containing a collection of stories from East Belfast. Dr Róisín Costello, Assistant Professor in DCU’s School of Law and Government discusses recent penalties given to tech companies regarding privacy and security issues. Fearghal gets a rugby update from Máire Treasa Ní Dhubhghaill.
Tugann Clíodhna Ní Mhianáin cuntas ar a haistear féin trí Ghaelcholáiste Dhoire agus í sa chéad rang a thosaigh nuair a bunaíodh an scoil, seacht mbliana ó shin. Cluineann muid ó chuid de na daoine a bhí i láthair ag seoladh leabhair úir, Turas Soir/Journey East - bailiúchán de scéalta ó Oirthear Bhéal Feirste. Míníonn Dr Róisín Costello, Ollamh Cúnta i Scoil an Dlí agus Rialtas OCBÁC, faoin phíonós mór a gearradh ar chomhlachtaí teicneolaíochta le déanaí maidir le lochtanna i gcúrsaí príobháideachais agus slándála. Pléann Máire Treasa Ní Dhubhghaill cúrsaí rugbaí. Clíodhna Ní Mhianáin gives an account of her own journey through Gaelcholáiste Dhoire as a pupil of the first class to start school at its foundation seven years ago. We hear from some of the people present at the launch of a new book containing a collection of stories from East Belfast. Dr Róisín Costello, Assistant Professor in DCU’s School of Law and Government discusses recent penalties given to tech companies regarding privacy and security issues. Fearghal gets a rugby update from Máire Treasa Ní Dhubhghaill.
Tá céad bliain ann an tseachtain seo ó thús Chogadh na gCarad agus labhraíonn muid leis an Dr Síobhra Aiken, údar an leabhair, Spiritual Wounds – Trauma, Testimony and the Irish Civil War. Téann Caoimhe Ceol Ní Chatháil ar turas spástaiscéalaíochta suas Dubhais le Our Place in Space. Sliocht ó chlár speisialta le Dáithí Ó Muirí i lár an aonaigh ag nochtadh plaic ghorm de chuid an Ulster History Circle in ómós do Sheán Ó hAnnáin, scoláire agus bailitheoir de Ghaeilge an Fheadha. As this week marks one hundred years since the beginning of The Irish Civil War, we speak to Dr Síobhra Aiken, the author of the book, Spiritual Wounds – Trauma, Testimony and the Irish Civil War. Caoimhe Ceol Ní Chathail goes on an intergalactic tour up Divis with Our Place in Space. Dáithí Ó Muirí is in the middle of the action at the unveiling of a blue plaque from the Ulster History Circle in honour of John Hannon, scholar and collector of the Irish language of the Fews.
Seachtain Feasachta ar an Ghalar Néarón Luadrach atá ann agus labhraíonn Seán Ó Duibhir le Dáithí faoin ghalar atá ar a bhean chéile.
Cluineann muid ó chlár speisialta faoin Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) le Máire Bhreathnach, an Dr Róisín Áine Costello, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Dr Frank Ferguson.
Insíonn Gearóidín Ní Thaibhís dúinn faoin bhealach atá an CLG, faoi bhrat GAA for All, ag freastal ar dhaoine faoi mhíchumas foghlama agus ar dhaoine le riachtanais speisialta atá ag iarraidh a bheith páirteach sna cluichí Gaelacha.
Labhraíonn Aideen Hand, léiritheoir, agus Dáire Ní Chanáin, stiúrthóir, faoi shraith úr BBC Gaeilge a chíorann go leor ceisteanna tábhachtacha do mhná, ar nós míostrú, an t-athrú saoil, inmheatróis agus foréigean ar bhonn inscne.
It’s Motor Neurone Disease Awareness Week and Seán Ó Duibhir speaks to Dáithí about the disease which affects his wife
We hear an extract from a special programme on the Identity and Language Bill (Northern Ireland).
Gearóidín Ní Thaibhís tells us about the ways the GAA, under the GAA for All umbrella, is encouraging people with learning disabilities and/or additional needs to get involved in Gaelic games
Producer Aideen Hand and director Dáire Ní Chanáin talk about a new BBC Gaeilge series directed by women which focuses on issues that affect women such as menstruation, menopause, endometriosis and gender-based violence.
Buaileann Fearghal Mag Uiginn isteach ar an fhéile iománaíochta faoi aois i bPáirc Na Magha, féile atá in ómós do Sheán Ó Mealláin a bhí mar dhuine acu siúd a chur an club ar a bhonnaí i gcathair Dhoire sa bhliain 1982. Labhraíonn an cartlannaí Tiarnán Ó Muilleoir le Dáithí faoi chartlann úr ar an athair Des Wilson. Pléann Clíodhna Ní Labhraí agus Neasán Mac Suibhne a gcuid oibre le hainmhithe agus peataí.
Fearghal Mag Uiginn enjoys a trip to Na Magha's underage hurling festival in tribute to Seán Ó Mealláin, one of the pioneers who formed the club in Derry city in 1982 . Archivist Tiarnán Ó Muilleoir speaks to Dáithí about a new archive on Fr Des Wilson. Clíodhna Ní Labhraí and Neasán Mac Suibhne discuss their work with animals and pets.
Antaine Ó Donnaile, Caoimhe Ní Chonaill agus Andrew McCammon ar Le Chéile, scéal chlub CLG Oirthear Bhéal Feirste atá anois ar fáil ar BBC iPlayer. Tadhg Mac Eoin ar An Foclóir Aiteach, tionscadal atá ag tógáil stóir focal Gaeilge i dtaca le coincheapa úra faoin ghnéasacht, an inscne agus an fhéiniúlacht. Blaiseadh de mhóragallaimh le Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach úr Gael Linn. Órfhlaith Ní Chearnaigh ar bhóithrín na smaointe ar Lá Domhanda an VCR.
Antaine Ó Donnaile, Caoimhe Ní Chonaill and Andrew McCammon on Le Chéile, the story of East Belfast GAA, available now on BBC iPlayer. Tadhg Mac Eoin ar An Foclóir Aiteach, the Irish-language Queer Dictionary. A taste of our feature interview with Réamonn Ó Ciaráin, new Chief Executive of Gael Linn. And Órfhlaith Ní Chearnaigh on World VCR Day.
Seán Ó Muireagáin faoina chnuasach úrnua gearrscéalta, Bádh B’fhéidir Caoimhe de Barra, príomhoifigeach feidhmiúcháin na carthanachta Trócaire, faoi cheann de dhúshláin mhóra ár linne, agus fadhb atá ag dul in olcas i rith an ama: an t-ocras Seána Nic Concharraige faoin cheoldráma dátheangach a chum sí, Tír na nÓg.
Seán Ó Muireagáin speaks about his latest collection of short stories, Bádh B’fhéidir. Caoimhe de Barra, CEO of Trócaire, speaks about one of the biggest challenges facing our world: the problem of hunger. Seána Nic Concharraige chats about her new bilingual musical, Tír na nÓg.
Tugann Micheál Ó Cinnéide léargas ar an Tionól Saoránach ar Chailleadh na Bithéagsúlachta, tionól úr a bhfuil sé féin ina bhall de. Pléann Dara Ó Cinnéide agus Rebecca Ní Dhonnaile cónascadh idir Cumann Peil Gael na mBan, an Cumann Camógaíochta agus an Cumann Lúthchleas Gael. Labhraíonn Pádraig Ó Tiarnaigh faoin Lá Dearg agus faoin reachtaíocht a tugadh isteach in Westminster maidir le hAcht Teanga. Micheál Ó Cinnéide gives an insight into the new Citizens’ Assembly on Biodiversity Loss of which he is a member. Dara Ó Cinnéide and Rebecca Ní Dhonnaile discuss the proposed amalgamation of the LGFA, the Camogie Association and the GAA. Pádraig Ó Tiarnaigh from An Dream Dearg speaks about the legislation which was introduced at Westminster in relation to a Language Act.
Labhraíonn an t-údar Tadhg Mac Dhonnagáin le Dáithí faoin aitheantas speisialta atá faighte aige maidir le Duais an Aontais Eorpaigh. Buaileann Antaine Mac Aoidh isteach ar an Dr Órla Nig Oirc agus í i mbun traenála don tógáil meáchan. Tugann Tessa Fleming cuairt ar bheachlann i gContae na Mí. Author Tadhg Mac Dhonnagáin chats to Dáithí about the special recognition afforded to him as part of the European Union Prize for Literature. Antaine Mac Aoidh calls into a weightlifting training session with Dr Órla Nig Oirc. Tessa Fleming pays a visit to an apiary in Co. Meath ahead of World Bee Day.
Labhraíonn Anrí Ó Domhnaill faoi FinSwim2020, é i ndiaidh snámh thart ar chósta na hÉirinn. Tugann Dónall Mac Giolla Chóill leargas dúinn ar a thaithí leis an neamhchodladh. Pléann Póilín Ní Chiaráin agus Cathal Mac Coille iarmhairtí an toghcháin ó thuaidh. Anrí Ó Domhnaill talks about finswimming round the coast of Ireland, Dónall Mac Giolla Chóill gives us an insight into his experience of living with insomnia and Póilín Ní Chiaráin and Cathal Mac Coille discuss the repercussions of the recent Assembly elections.
Caoimhe Ní Chathail agus Sam Ó Fearraigh ar shraith úr de Croí na Ceiste le Caoimhe. Sorcha Pollak, iriseoir leis an Irish Times, faoina tógáil i mBaile Átha Cliath. Máire Treasa Ní Dhubhghaill ar chluichí Éireann i gcomórtas Sé Náisiún na mban. Niall Casey ón chéad sraith de Glow Up Ireland ag caint faoin smideoireacht agus a eispéireas féin ar an chlár.
Caoimhe Ní Chathail and Sam Ó Fearraigh on the new series of Croí na Ceiste le Caoimhe. Journalist Sorcha Pollak on her upbringing in Dublin. Máire Treasa Ní Dhubhghaill on Ireland’s matches in the recent Women’s Six Nations. Niall Casey from the first series of Glow Up on make-up artistry and his experience on the show.
Labhraíonn Bronagh Fusco faoin júcbhosca filíochta taobh amuigh den chultúrlann i mBéal Feirste. Cuireann Angus Lambkin síos ar an chineál oibre a bhí a dhéanamh aige san Afganastáin. Cluinimid ón Fheirsteach Ainle Ó Cairealláin atá ag cur deiseanna aclaíochta ar fáil do Phalaistínigh i gcampa teifeach ar imeall Bheithil. Insíonn Mícheál Ó Nualláin agus Emma Ní Chearúil dúinn faoi Lá Mór na Gaeilge i mBÁC.
Bronagh Fusco talks about Cultúrlann McAdam Ó Fiaich’s poetry jukebox. Angus Lambkin describes the work he has been doing in Afghanistan. We hear from Belfast man Ainle Ó Cairealláin who is setting up the Aclaí gym for Palestinians living in the Aida Refugee Camp on the outskirts of Bethlehem. Mícheál Ó Nualláin and Emma Ní Chearúil tell us about Lá Mór na Gaeilge which is coming up in Dublin.
Cluineann muid ó Chian Ó Gríofa agus Aoife Moore ó na Gaeil Aeracha, club úr CLG don phobal LADT+ i mBaile Átha Cliath. Tá Feis Dhoire Cholm Cille 100 bliain ar an fhód i mbliana, labhraíonn Niamh Nic Oistigín le cuid de na daoine a bheidh páirteach sa cheiliúradh. Insíonn an Dr Críostóir Mac Cárthaigh, Stiúrthóir Cnuasach Bhéaloideas Éireann,dúinn faoi thionscnamh úr, The Civil War Memory Project, a cuireadh ar bun le béaloideas an phobail maidir le Cogadh na gCarad (1922-1923) a bhailiú. Cuireann Marcus Mac Ruairí ó Glór na nGael síos ar an tacaíocht atá curtha ar fáil do theaghlaigh le Gaeilge a bhfuil Úcránaigh ag fanacht leo.
We hear from Cian Ó Gríofa and Aoife Moore from the new GAA club for the LGBTQ community in Dublin, Na Gaeil Aeracha. Derry Feis celebrates its 100th birthday this year and Niamh Nic Oistigín chats to some of those involved in this special event. Dr Críostóir Mac Cárthaigh, Director of the National Folklore Collection, tells us about The Civil War Memory Project which aims to collect the oral history of the community relating to the Civil War (1922-1923). Marcus Mac Ruairí from Glór na nGael speaks about the support available for Irish speaking families who have Ukranian families staying with them.
Jim Lockhart ó Horslips ag caint faoin ghrúpa agus iad 50 bliain ar an fhód, Caoimhe Chats ag labhairt le Ellen Hegarty faoin tuairisc is déanaí de chuid na Náisiún Aontaithe ar athrú aeráide, Dr Róisín Ní Choistealbha, Ollamh Cúnta i Scoil an Dlí agus Rialtais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar chás Graham Dwyer i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Pádraig Ó Tiarnaigh agus Michaeline Donnelly ó Conradh na Gaeilge faoin dóigh gur féidir le breith, bás nó pósadh a chlárú i nGaeilge nó go dátheangach anois ó thuaidh. Extract from an interview with Jim Lockhart from Horslips as he talks about the group at 50, Ellen Hegarty on the latest United Nations' climate change report, Dr. Róísín Ní Choistealbha from Dublin City University on the judgement given by the Court of Justice of the European Union in the case taken by Graham Dwyer and we hear from Pádraig Ó Tiarnaigh and Michaeline Donnelly as births, deaths and marriages can now be registered in Irish or bilingually.
Labhraíonn Fearghal Mag Uiginn le Réamann Ó hEaráin agus Máire Ní Bhraonáin, tráchtáirí spóirt, faoin stailc idir an GPA agus an CLG. Tugann Antaine Mac Aoidh cuairt ar an ghrúpa pobail Gaeil an Ghleanna i Léana an Dúin, Béal Feirste. Tá Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an fhód agus cluineann muid ó Gearóid Mac Donncha, Ceannaire an stáisiúin. Beidh na coláistí samhraidh i dTír Chonaill ag athoscailt i mbliana agus insíonn Aislín Ní Choinn agus Caolan Ó Coisneacháin do Caoimhe Chats faoi cad a bheidh siad ag súil leis mar mhúinteoirí sna coláistí. Fearghal Mag Uiginn speaks to sports commentators Réamann Ó hEaráin and Máire Ní Bhraonáin about the GPA/CLG strike. Antaine Mac Aoidh takes a trip to Lenadoon to meet the community group Gaeil an Ghleanna. As Raidió na Gaeltachta celebrates 50 years on air this week, Dáithí Ó Muirí chats to station head Gearóid Mac Donncha. Caoimhe Chats talks to teachers Aislín Ní Choinn and Caolan Ó Coisneacháin, who will be returning to summer colleges in Donegal this summer as the colleges open again.
Cluineann muid ó Tricia Ní Chearra, Oifigeach Forbartha na Gaeilge le Comhairle Uladh faoin ghradam úr ó CLG Uladh, Club Gaeilge na Bliana. Tugann an Dr Muireann Ní Raghallaigh, Ollamh Cúnta le hObair Shóisialta i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, comhairle faoi na rudaí ar cheart dúinn uilig a bheith airdeallach orthu agus muid ag iarraidh fáilte a chur roimh theifigh na hÚcráine in Éirinn. Insíonn Niamh Ní Charra, Cartlannaí ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, dúinn faoin bhailiúchán fíorspéisiúil ar a bhfuil sí ag obair: 100 bliain de dhoiciméid, póstaeir, grianghraif agus eile, a bhaineann le stair agus saothar Conradh na Gaeilge. Labhraíonn Caoimhe Chats le Kayleigh Trappe, fuirseoir agus réalta ar na meáin shóisialta faoin spreagadh a bhí aici tabhairt faoin ghreann.
We hear from Irish language development officer with Ulster GAA, Tricia Ní Chearra, about the new award from Ulster GAA, Club Gaeilge na Bliana. Dr Muireann Ní Raghallaigh, Assistant Professor in Social Work at University College Dublin, advises on some of the practical things we should consider as we try to welcome Ukrainian refugees to these shores. Niamh Ní Charra, NUIG archivist, tells us about the fascinating collection she is working on: 100 years of documents, posters, photographs and ephemera related to the history and work of Conradh na Gaeilge. Caoimhe Chats talks to comedian and social media star, Kayleigh Trappe about the inspiration behind her comedy career.
Labhraíonn fear na haimsire, Barra Best, faoin a thuras teanga, cluineann muid ó chuid de na daoine atá ag obair in institiúidí na hÉorpa, téann Blas ar an bhóthar do Seachtain na Gaeilge, chuig Cill Chua sna Beanna Boirche agus chuig ionad Skainos in oirthear Bhéal Feirste agus insíonn Seosamh Mac Seoin dúinn faoi chúrsaí in Nua Eabhrac agus faoi phleananna s'aige do Lá na Féile Pádraig.
Weatherman Barra Best speaks about his journey to learn Irish, we hear from some of the people working in the European institutions in Brussels, Blas goes on the road to celebrate Seachtain na Gaeilge, to Kilcoo GAC in the Mournes and to the Skainos centre and Naíscoil na Seolta in east Belfast and Seosamh Mac Seoin tells us about his plans for St. Patrick's Day in New York.
Déanaimid ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus Seachtain na Gaeilge sa phodchraoladh seo: roinneann laochra ban ón saol spóirt a gcomhairle agus a bhfoinsí ionspráide féin linn, cluinimid ón Ollamh Regina Uí Chollatáin faoi roinnt de na mná a raibh an-tionchar acu ar stair na teanga, i sraith úr Na Gaeil Úra insíonn an Dr. Fangzhe Qiu ón tSín dúinn faoin dúil atá aige sa teanga agus léann an file Sinéad Ní Thuamáin a dán, Dóchas an Fhile, a scríobh sí go speisialta fá choinne Seachtain na Gaeilge. We're celebrating International Women’s Day and Seachtain na Gaeilge in this week's Blas Pod: famale sports stars share their sources of inspiration; we hear from Professor Regina Uí Chollatáin about the sometimes overlooked women who made great strides in the revival of the Irish language; as part of a special feautre on Gaeil Úra, Dr Fangzhe Qiu tells us about his love for the language and poet Sinéad Ní Thuamáin, shares her newly-composed poem, Dóchas an Fhile.
Máire Ní Bhraonáin agus Réamann Ó hEaráin ar na hathruithe atá i ndán don chraobh peile idirchontae agus deis i ndiaidh comhdháil CLG an deireadh seachtaine comhcheangal a dhéanamh idir an CLG, an LGFA agus an Cumann Camógaíochta. Frank Reidy agus Máirín Ní Ghadhra ar an chogadh san Úcráin. Agus Seán Ó Dubhchon, Cabrini Uí Lochlainn agus Breffni O’Reilly ar neamhoird itheacháin.
Máire Ní Bhraonáin and Réamann Ó hEaráin on changes to the Intercounty Championship. Frank Reidy and Máirín Ní Ghadhra on the war in Ukraine. And for Eating Disorder Awareness Week, Seán Ó Dubhchon, Cabrini Uí Lochlainn and Breffni O’Reilly share their personal experiences.
Insíonn Conall Ó Máirtín dúinn faoi Comórtas Tráchtaire Óg Spóirt BBC Gaeilge 2022, cluineann muid ó Nadia Dobrianska, oibrí cearta daonna atá lonnaithe i gCív na hÚcráine, téann Niamh Nic Óistigín chuig Ferox, taispeántas ealaíne le Ciarán Ó Dochartaigh i nDoire agus labhraíonn Séaghan Ó Súilleabháin faoina ról mar Ambasadóir do Seachtain na Gaeilge 2022. Conall Ó Máirtín tells us about BBC Gaeilge’s Young Sports Commentator Competition 2022, we hear from Nadia Dobrianska, a human rights worker based in Kyiv, Niamh Nic Oistigín visits Ferox, Derry artist Ciarán Ó Dochartaigh’s biggest solo exhibition to date and Séaghan Ó Súilleabháin talks about his new role as ambassador for Seachtain na Gaeilge 2022.
Labhraíonn Wayne Mac Feilimí faoi bhua Scoil Ghramadaí Mhuire Machaire Fíolta i gCorn Mhic Ruairí. Téann Tessa Fleming agus Aoife de Bhál ar shiúlóid i nGleann Cholláin. Tugann Frank Reidy a léamh féin ar scéal na Rúise agus na hUcráine i láthair na huaire. Tugann Seán Ó Baoill comhairle dúinn ón Choirnéal Comhairleach. Wayne Mac Feilimí slpeaks about St. Mary's Grammar Magherafelt's MacRory Cup win, Aoife de Bhál gives Tessa Fleming a guided walk through Colin Glen in Belfast, Frank Reidy gives us his analysis of the situation between Russia and Ukraine and we get some life advice from Seán Ó Baoill.
100 bliain ó foilsíodh Ulysses ina iomláine den chéad uair, cluineann muid ó Sam Ford atá ag obair le hIonad Shéamuis Seoige. Painéal Ón Taobhlíne ar bhua stairiúil Chill Chóirín-Cluain Bheirn. Seán Ó Conaill ar thionchar postálacha sóisialta ar an chóras dlí agus cirt. Hugh Mac Giolla Cheara ar scéalta treochtála na seachtaine.
Sam Ford on Joyce's Ulysses at 100. Ón Taobhlíne's panel on Kilkerrin-Clonberne's historic victory. Seán Ó Conaill on social media and the justice system. And Hugh Mac Giolla Cheara shares his picks of the week's trending stories.
Caoga bliain i ndiaidh Domhnach na Fola, labhair Niamh Nic Oistigín le Tony Ó Dochartaigh ar maraíodh a athair, Paddy Doherty, an lá úd i nDoire. D'inis Máire Treasa Ní Cheallaigh agus Marcus Ó Buachalla d'Fhearghal Mag Uiginn faoi cad é mar a mhothaígh sé a bheith i measc na sluaite ag imeachtaí spóirt anois agus na srianta Covid bainte. Mar chuid de mhór-agallamh le Máire Bhreathnach rinne an craoltóir aitheanta Cormac Ó hÉadhra cur síos ar an tábhacht atá ag an Ghaeilge dó. Fifty Years after Bloody Sunday Niamh Costigan spoke to Tony Doherty whose father Paddy Doherty was killed on that day. Máire Treasa Ní Cheallaigh and Marcus Ó Buachalla talked about the difference it makes to have crowds at sporting events again. As part of a longer interview with Máire Bhreathnach well-known broadcaster Cormac Ó hEadhra described the importance the Irish language has in his life.
Labhraíonn Marc Mac Lochlainn ó Branar Téatar do Pháistí faoi Meitheal, togra píolótach a bhfuil sé mar aidhm aige tacaíocht chruthaitheach a sholáthar le cuidiú le forbairt agus léiriú na dtaibhealaíona do dhaoine óga. Faigheann muid comhairle ónár saoithe saoil Sara Ní Chuireáin agus Seán Ó Baoill. I ndiaidh dhúnmharú Ashling Murphy pléann Conall Ó Máirtín, Ciarán Mag Uidhir agus Charlie Vernon an fhreagracht atá ag eagraíochtaí spóirt dul i ngleic le foréigean i gcoinne na mban. Cluinimid tuairimí dhaltaí ó Ghaelcholáiste Dhoire ar fhadhb an fhoréigin i gcoinne na mban agus ar cad é ba chóír a dhéanamh faoi. Marc Mac Lochlainn of Branar Téatar do Pháistí introduces Meitheal, a pilot initiative to support the development and presentation of performing arts for young audiences. Sara Ní Chuireáin and Seán Ó Baoill give life advice. After the murder of Ashling Murphy, Conall Ó Máirtín, Ciarán Mag Uidhir and Charlie Vernon discuss sporting organisations' responsibility to tackle the problem of violence against women and we hear the opinions of pupils from Gaelcholáiste Dhoire.
Cluinimid ó Eoin Warner, láithreoir ar an chlár úr ar TG4, 'Iontais na bhFarraigí Ceilteacha', tá Tomaí Ó Conghaile linn ón Bhruiséil le labhairt faoi stádas na Gaeilge atá anois ar chomhchéim le teangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh agus tugann Sara Ní Chuireáin agus Seán Ó Baoill comhairle saoil dúinn ón Choirnéal Comhlairleach. The wonders of the Celtic Seas are the subject of a new programme on TG4 – we hear from the presenter, Eoin Warner, Tomaí Ó Conghaile joins us from Brussels to tell us about the Irish language’s status as a fully official language of the EU and we get life advice from Sara Ní Chuireáin and Seán Ó Baoill in the Advice Corner.
Téann Cormac Ó hAdhmaill, láithreoir, in éineacht le cúigear páistí ag taiscéaladh i gCoill Tulaigh Mhór i gContae an Dúin. Labhraíonn siad faoina bhfeiceann agus a gcluineann siad ann, faoi na crainn, na hainmhithe agus faoi na plandaí a mhaireann sa chuid álainn seo den domhan. Foghlaimíonn na páistí faoi na crainn dúchais mar chrann darach na hÉireann, leithéidí an iora rua, agus a bhfuil ar siúl lena chinntiú go dtiocfaidh an t-iora rua slán. Cluinfidh muid fosta faoi na héisc in Abhainn Shimhné a shileann tríd an choill chéanna agus an iomad éan a mhaireann sna crainn. Chomh maith leis sin, tá ceithre bheochaintí liriciúla (le teidealú aibhsithe orthu) mar dhúshraith ag an phodchraoladh seo, ina bhfiosraítear go ceolmhar, an draíocht atá sa domhan thart orainn. Corcra Media a léirigh do BBC Gaeilge le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scaileáin Thuaisceart Éireann.
Presenter Cormac Ó hAdhmaill is joined by five children as they set out to explore Tollymore forest in County Down and talk about the sights and sounds there, the trees, animals and plants that inhabit this beautiful part of the world. The children learn about native trees such as the Irish oak, animals such as the red squirrel and the measures being taken to ensure their survival, the fish of the Shimna river which runs through the forest and the many birds who live among the trees. This programme is supported by four songs in captioned animation. Produced by Corcra Media for BBC Gaeilge with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.
An féidir aighneas teaghlaigh a réiteach nuair a thiocfaidh Aoife i láthair a leasiníne Fionnuala? Scéal 900 bliain inar léir nach n-aithníonn ealaí, gan trácht ar chiaróga, a chéile. An ceann nuair a fhaigheann Clann Lir amach nach dtagann ciall le haois, fiú 900 bliain d’aois! Can a family feud be settled when Aoife is finally confronted by her stepdaughter, Fionnuala? The one where Clann Lir find out that wisdom doesn't come with age, even 900 years of age! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill, Tony Devlin ┐Diona Doherty.
Feicimid Úna Ní Chearnaigh gan d'arm aici ach clóscríobhán agus í ag teacht ar an tuiscint go bhféadfaí saibhreas a dhéanamh as Forógra an Phiarsaigh agus í i bhfolach in Ard-Oifig an Phoist in 1916. We join Real War Wife Úna as she and the men of 1916 take over the GPO in Dublin. Armed with nothing more than a typewriter Úna’s task is to take notes and write the diary. However, she sees the money spinning potential of Pádraig Pearse's Proclamation. An ceann nuair a fhaigheann Una Ní Chearnaigh amach gur treise an clóscríobhan ná an claíomh. The one where Winifred Carney finds out that the typewriter is mightier than the sword. Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill,Tony Devlin ┐Francis Mezza
Glacann Maud páirt i seó Jerry McSpringer le bualadh leis an fhear a bhfuil nóisean aige di ach is mór an díoma di nuair a a fhaigheann sí amach cé atá i gceist. An ceann nuair nach bhfuil aon leigheas ar an ghrá ach pósadh, nó an t-óipiam, dar le Maud Gonne. Maud takes part in the Jerry McSpringer show to meet the man who has a notion of her but she's very disappointed when she finds out who it is. The one where Maud Gonne suggests that the only cure for love is marriage, or opium! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Tony Devlin, Francis Mezza ┐Nuala Ní Néill
Caithfidh Banríon na bhFoghlaithe Mara, Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) feidhm a bhaint as cumhachtaí uile na meán sóisialta nuair a ordaítear di dul os comhair na Banríona Eilís lena cuid éachtaí i gCúige Chonnacht a chosaint. An ceann nuair is léir do Ghráinne Ní Mháille nach bhfuil ní níos géire ná teanga mná - go háirithe nuair is bean rua í! The Pirate Queen, Gráinne Ní Mháille (Grace O'Malley) has to use all the power of social media when she is summoned to the court of Queen Elizabeth I to account for her activities in the Province of Connacht. the one where Gráinne Ní Mháille realises there's nothing sharper than a woman's tongue, especially when she's a redhead! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Nuala Ní Néill ┐Tony Devlin.
Labhraíonn Caoimhe Chats Ní Chathail le triúr atá ag déanamh a mbealach féin sna healaíona in Éirinn, an damhsóir Sibéal Davitt, an t-aisteoir Eoin Ó Dubhghaill agus an ceoltóir Daithí Ó Dronaí. Dancer Sibéal Davitt, actor Eoin Ó Dubhghaill and musician Daithí Ó Dronaí talk to Caoimhe Chats Ní Chathail about making their way in the world of the arts.