Sa chlár seo tá Ferdia ag breathnú ar an tuarascáil is déanaí ón ipcc ar athrú aeráide a shonraíonn na céimeanna nach mór dúinn a ghlacadh chun na héifeachtaí is measa a bhaineann le athrú aeráide a sheachaint.
Sa chlár seo beidh Ferdia ag breathnú ar thionchar na spéire agus na haimsire ar Éirinn ársa agus na struchtúr atá le fáil timpeall an tírdhreach ón am sin.
An mí seo tá Ferdia ag breathnú ar an todhchaí is an mbealach a dheanfar réamhaisnéis ar an aimsire agus ar na dul chun chinn a chabhróidh linn ár n-aimsir a thuar.
An mhí seo insíonn Ferdia dúinn faoin tuairisc is déanaí ar athrú aeráide ón IPCC agus míníonn sé cén fáth, i bhfianaise na dtorthaí sin, go bhfuil COP26 chomh tábhachtach.
Tá Ferdia ag breathnú ar sheirbhísí cuardach agus tarrthála agus an tionchar a bhíonn ag an aimsir ar a gcuid oibríochtaí
Nuair atá muid ag fás bia ar an bhfeirm nó inár dtithe, tá ról mór ag an aimsir agus an aeráid, maidir le cé chomh maith is a bheadhs an toradh, Beimid ag féachaint ar an tionchar a bhíonn ag an aimsir ar plandaí a fhás, agus ar an gcaoi a bhféadfadh athrú aeráide tionchar a imirt ar ár mbia sa todhchaí.
Is príomhtháscaire ar athrú aeráide é laghdú na oighearshruthanna, ach le formhór an phláinéid ina gcónaí i bhfad ó na réigiúin seo, cén fáth ar chóir dúinn a bheith buartha faoin cailúint oighear an domhain.
Conas is féidir leis an aeráid, tionchar a imirt ar scaipeadh ghalair agus conas is féidir leis an aimsir dul i bhfeidhm ar scaipeadh Covid-19.
Tá na seanfhocailí aimsire á bhfiosrú againn sa chlár an mhí seo, chun fíricí a scaradh ó miotas. Ó spéartha dearga san oíche go bó ina luí, cloisimid má tá cos meitéareolaíoch acu le seasamh ar!
Is beag áiteannaí ar domhan níos dúshlánaí le maireachtáil na an mór-roinn is tirime, is gaofar, is fuaire agus chomh faide ó dheas ar domhan is sin é an Antartaice.
Sa chlár an mhí seo foghlaimímid faoin gcaoi a bhfoirmíonn tornádó agus faoi siúd a théann ag fiach iad. Freisin foghlaimímid go leor faoi tréithe na stoirmeacha ollmhór seo agus cé chomh contúirteach is atá said.
Sa chlár seo beidh muid ag caint faoi tonnta no maidhmannaí agus eolaíocht an tonnmharcaíocht nó surfáil. Cén chaoi a bhfoirmíonn tonnta? Cén fhad is féidir leo taisteal? Céard é todhchaí na dtonnta in Éirinn? É seo go léir agus i bfhad níos mó.
Sa chlár seo beidh muid ag plé gach rud sneachta. Cloisimid faoi cé chomh minic a bfhaigheann muid Nollag bhán, cé chomh minic is a bhíonn sneachta go ginearálta, agus déanaimid athbhreithniú ar chuid de na himeachtaí móra sneachta a bhí againn in Éirinn.
Sa chlár seo, tugann Ferdia léargas dúinn ar na hullmhúcháin agus ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl i Met Éireann nuair atá imeacht aimsire ag druidim inár dtreo.
Sa chlár seo insíonn Ferdia McCrann dúinn faoi stair réadlann Dhairbhre agus cá bhfuil sé ag dul amach anseo.
Sa chlár seo, labhraímid faoi na coincheapa atá taobh thiar de ríomhairí a úsáid chun an aimsir a thuar, cé chomh cruinn is atá siad agus céard iad na constaicí i dtéarmaí scála agus fhad an réamhaisnéis.
Maireann séasúr na Spéirligí i Meiriceá Thuaidh ó Mheitheamh go Samhain, mar sin an mhí seo beidh muid ag foghlaim faoi spéirlingí.
Bíonn tionchar ollmhór ag an aimsir ar shaol laethúil na hÉireann. Mar sin féin, cad a spreagann an aimsir agus an aeráid a bhíonn againn sa tír seo? Sa chlár seo, beidh muid ag freagairt na ceiste ‘Cad is cúis le Aimsir na hÉireann?’
Sa chlár seo leanaimid ar aghaidh lenár gchomhrá faoi athrú aeráide. Labhraimid teochtaí domhanda, leibhéil na farraige, agus cúis imní, cé chomh luath agus a d'fhéadfadh samhradh na hArtach a bheith saor ó oighear?
Cad é an éifeacht teach glás? Conas a oibríonn sé agus conas a chuidíonn astaíochtaí gáiseannaí teach glás lenár n-athrú aeráid? Labhraimid freisin faoin gaol idir méadú dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar agus teochtannaí ag meadú?