Learn Irish: Recent Episodes

V H

Short sentences with English translations.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/22u5rrxg

Contact: irishlingos@gmail.com

Six surfers rescued in Donegal.

Seisear clárchéaslóirí tugtha slán i nDún na nGall.

Rescue services rescued six people who were surfing off the west coast of Donegal yesterday evening.

Thug na seirbhísí tarrthála slán seisear a bhí ag clárchéaslóireacht amach ó chósta thiar Dhún na nGall tráthnóna arú inné.

The six were windsurfing around Broad Island off the Greenstone when the wind picked up (strengthened).

Bhí an seisear ag clárchéaslóireacht thart ar an Oileán Leathan amach ón gCloch Ghlas nuair a neartaigh an ghaoth.

They managed to land on the rocks and decided to wait there until it dried up.

D’éirigh leo dul i dtír ar na carraigeacha agus shocraigh siad fanacht ansin nó go dtráfadh sé.

However, they became cold over time, and called the rescue services in Malin Head at around 2 o’clock yesterday morning.

Tháinig fuacht orthu le himeacht ama, áfach, agus chuir siad fios ar na seirbhísí tarrthála i gCionn Mhálanna ag thart ar 2 a chlog ar maidin inné.

The Arranmore lifeboat was sent out to sea and it is said that its journey was difficult, with strong winds, heavy rain and the boats breaking in the stern.

Cuireadh bád tarrthála Árainn Mhór chun na farraige agus deirtear gurbh achrannach an t-aistear a bhí aici, idir an ghaoth láidir, an bháisteach throm agus na hólaithe a bhí ag briseadh i ndeireadh an bháid.

The boat’s crew found the six shortly afterwards, with the help of a boat crew from Bunbeg, and brought them to the mainland.

Tháinig criú an bháid ar an seisear go gairid ina dhiaidh sin, le cabhair ó chriú báid as an mBun Beag, agus tugadh iad chun na míntíre.

The six were medically assessed at a residence in Clough Glas, where they were confirmed to be in good health.

Rinneadh measúnú leighis ar an seisear i dteach cónaithe sa Chloch Ghlas, áit ar deimhníodh go raibh siad ina sláinte.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dxvycyh

Contact: irishlingos@gmail.com

Two oil refineries in Russia attacked by Ukraine.

Dhá scaglann ola sa Rúis ionsaithe ag an Úcráin.

Two oil refineries in Russia were reportedly damaged in drone attacks carried out by Ukrainian military forces overnight.

Tuairiscítear go ndearnadh damáiste do dhá scaglann ola sa Rúis in ionsaithe drón a rinne fórsaí míleata na hÚcráine orthu i gcaitheamh na hoíche.

Ukrainian President Volodymyr Zelensky said that two refineries in Bashkortostan in southern Russia and in Yaroslavl northeast of Moscow were attacked.

Thug Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le fios gur ionsaíodh an dá scaglann i mBaiscíria i ndeisceart na Rúise agus in Yaroslavl soir ó thuaidh ó Mhoscó.

According to authorities in Yaroslavl, nearly 100 drones were intercepted before they reached the refinery, but debris from the drones caused damage to the site.

Dar leis na húdaráis in Yaroslavl gur idircheapadh beagnach 100 drón sular bhain siad an scaglann amach ach go ndearna smionagar ó na dróin damáiste don áit.

Zelensky said that the Russians are financing the war in Ukraine with proceeds from the oil sector and that the damage caused by the attacks on the two refineries was a thorn in their side.

Dúirt Zelensky go maoiníonn na Rúisigh an cogadh san Úcráin le fáltas ón earnáil ola agus gur dris chosáin acu an díobháil a rinne na hionsaithe don dá scaglann.

Zelensky also claimed that Ukraine shot down drones with military boats and other vessels belonging to Russia in the Black Sea.

Mhaígh Zelensky freisin gur scaoil an Úcráin dróin le báid mhíleata agus le soithigh eile leis an Rúis sa Mhuir Dhubh.

It is understood that the other vessels were tankers carrying oil for illegal sale on the international market.

Tuigtear gur tancaeir a bhí sna soithigh eile a bhí ag iompar ola lena dhíol go neamhdhleathach ar an margadh idirnáisiúnta.

In Ukraine, eleven people were reportedly killed in attacks carried out by Russians on various parts of the country.

San Úcráin, tuairiscítear gur maraíodh aon duine dhéag in ionsaithe a rinne na Rúisigh ar áiteanna éagsúla sa tír.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/26nmt6k9

Contact: irishlingos@gmail.com

Hope that the ceasefire in the Middle East will be extended.

Dóchas go mbeidh síneadh leis an sos lámhaigh sa Mheánoirthear.

There is now strong hope that the ceasefire between the United States and Iran will be extended.

dóchas láidir anois ann go gcuirfear síneadh leis an sos lámhaigh idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin.

It is said that the new ceasefire will last 60 days and that the Strait of Hormuz will be reopened so that ships can bring goods and oil from Asian countries to Western countries more easily.

Deirtear go mbeidh fad 60 lá ag an sos lámhaigh nua agus go n-osclófar Caolas Hormuz in athuair le go mbeidh longa in ann earraí agus ola a thabhairt ó thíortha san Áis chuig tíortha an Iarthair ar bhealach níos scafánta.

However, neither US President Donald Trump nor Iranian leaders have given their blessing to any new agreement yet.

Níl a bheannacht tugtha áfach ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ná ag ceannairí na hIaráine d’aon chomhaontú nua go fóill.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ba7sqej

Contact: irishlingos@gmail.com

Attack on a drone control center in southern Iran.

Ionsaí ar ionad stiúrtha drón i ndeisceart na hIaráine.

A US government spokesman has confirmed that the American air force attacked a drone control center belonging to Iranian military forces in the Strait of Hormuz overnight.

Tá sé deimhnithe ag urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh aerfhórsa Mheiriceá ionad stiúrtha drón le fórsaí míleata na hIaráine i gCaolas Hormuz i gcaitheamh na hoíche.

The spokesman said the Americans also shot down four drones when they attacked the base in the port of Bandar Abbas.

Dúirt an t-urlabhraí gur chuir na Meiriceánaigh ceithre dhrón go talamh chomh maith nuair a d’ionsaigh siad an bhunáit i gcalafort Bandar Abbas.

In retaliation, as they themselves said, Iranian forces attacked a military base belonging to the United States.

Ina éiric sin, mar a dúirt siad féin, d’ionsaigh fórsaí na hIaráine bunáit mhíleata leis na Stáit Aontaithe.

Although the Iranians did not say which base was attacked, authorities in Kuwait have indicated that several missiles and drones were fired at that country.

Cé nach ndúirt na hIaránaigh cén bhunáit go baileach (which base exactly) a ionsaíodh, tá sé tugtha le fios ag na húdaráis i gCuáit gur scaoileadh roinnt diúracán agus drón leis an tír sin.

Officially, a ceasefire has been in place in the region since the beginning of April, but it is unclear what direction it is heading – whether it will be consolidated or fall apartespecially since US President Donald Trump has often and simultaneously played both sides of the fence in relation to it.

Go hoifigiúil, tá sos comhraic i bhfeidhm sa réigiún ó thús an Aibreáin ach níl sé soiléir cén treo atá faoi – an ndaingneofar é nó an dtitfidh sé as a chéilego háirithe ó tá an dá phort ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go minic agus ag an am céanna i ndáil leis.

The price of oil has risen again on international markets in light of the latest attacks after falling 5% yesterday.

praghas ola ardaithe arís ar na margaí idirnáisiúnta i bhfianaise na n-ionsaithe is deireanaí tar eis dó titim 5 faoin gcéad inné.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yl4lp9em

Contact: irishlingos@gmail.com

A 14% increase in the number of unemployed people since the beginning of the year.

Ardú 14 faoin gcéad ar an líon daoine dífhostaithe ó thús na bliana.

The number of people unemployed in the State increased by more than 14% in the first quarter of the year compared to the same quarter last year, according to new figures from the Central Statistics Office.

Tháinig ardú de bhreis agus 14 faoin gcéad ar an líon daoine a bhí dífhostaithe sa Stát sa chéad ráithe den bhliain i gcomparáid leis an ráithe chéanna anuraidh, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

141,800 people were unemployed in the first three months of 2026, an increase of 17,600 from last year, and brings the unemployment rate to 4.9%.

141,800 duine a bhí dífhostaithe sa chéad trí mhí de 2026, sin ardú de 17,600 ó anuraidh, agus fágann sé gur 4.9 faoin gcéad atá sa ráta dífhostaíochta.

More than any other sector, the information and communications sector saw the largest drop in employment – 20,300 fewer than last year, a drop of 10.7%.

Thar aon earnáil eile, ba san earnáil faisnéise agus cumarsáide bhí an titim ba mhó sa líon fostaithe – 20,300 níos lú ná anuraidh, ar titim de 10.7 faoin gcéad é sin.

80% of those people were programmers and consultants, according to the figures.

Ríomhchláraitheoirí agus comhairleoirí ab ea 80 faoin gcéad de na daoine sin, de réir na bhfigiúirí.

Conversely, the number of people employed also increased in the first quarter of the year.

Os a choinne sin, tháinig ardú chomh maith ar an líon daoine a bhí fostaithe sa chéad ráithe den bhliain.

It was a very small increase, 400 people, and it leaves 2,794,500 people employed in the State in the first three months of 2026.

Ardú an-bheag a bhí ann, 400 duine, agus fágann sé go raibh 2,794,500 duine fostaithe sa Stát sa chéad trí mhí de 2026.

Since it is such a small increase, statisticians do not include it as a percentage.

Ós ardú chomh beag sin é, más ea, ní áiríonn lucht staidrimh é go céatadánach.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/27mnh3du

Contact: irishlingos@gmail.com

No news yet from activists captured by Israeli forces.

Gan aon scéala fós ó ghníomhaithe atá tógtha ag fórsaí Iosrael.

It is understood that no one in this country has received any news from any of the activists from a humanitarian aid flotilla detained by Israeli military forces in the Mediterranean.

Tuigtear nach bhfuil scéala faighte ag aon duine sa tír seo ó aon duine de na gníomhaithe ó loingeas cabhrach daonnúla atá faoi choinneáil ag fórsaí míleata Iosrael sa Mheánmhuir.

The Israelis intercepted over twenty boats from the aid fleet in the eastern Mediterranean yesterday and have taken the approximately 400 people who were on board those boats.

Tháinig na hIosraelaigh roimh os cionn dhá scór bád ón loingeas cabhrach in oirthear na Meánmhara inné agus tá an tuairim is 400 duine a bhí ar bord na mbád sin tógtha acu.

It seems that ten more boats are still heading towards Gaza.

Is cosúil go bhfuil deich mbád eile ag tabhairt aghaidh ar Gaza i gcónaí.

A number of Irish citizens are part of the fleet and Dr. Margaret Connolly, sister of ~~the late~~ President Catherine Connolly, is one of those captured by the Israelis.

Tá roinnt saoránach de chuid na hÉireann páirteach sa loingeas agus tá an Dr Margaret Connolly, deirfiúr leis an Uacharán Catherine Connolly, ar dhuine den dream a ghabh na hIosraelaigh.

Taoiseach Micheál Martin has condemned the Israelis’ actions in international waters and has called for the immediate release of the hostages.

a bhfui déanta ag na hIosraelaigh in uiscí idirnáisiúnta cáinte ag an Taoiseach Micheál Martin agus d’éiligh sé na géibheannaigh a scaoileadh saor láithreach.

The vessel closest to Gaza, the Sirius, was 145 nautical miles from its destination, according to the group in Ireland to which the activists are affiliated.

An soitheach ba ghaire do Gaza, an Sirius, bhí sí 145 muirmhíle ó cheann scríbe, dar leis an ngrúpa in Éirinn a bhfuil na gníomhaithe bainteach leis.

In a statement, Israel’s foreign ministry said that no one would (not) be allowed to breach the naval blockade they are imposing on Gaza, which the Israelis say is a “legal” blockade.

I ráiteas, dúirt roinn gnóthaí eachtracha Iosrael nach gceadófaí d’aon dream an léigear mara atá siad a dhéanamh ar Gaza a shárú, ar léigear “dleathach” é, dar leis na hIosraelaigh.

The Israeli navy has a habit of taking people they capture to the port of Ashdod in Israel and deporting them from the country shortly thereafter.

Tá sé de nós ag cabhlach Iosrael daoine a thógann siad a thabhairt go calafort Aisdeod in Iosrael agus iad a dhíbirt as an tír go gairid ina dhiaidh sin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/25revzkx

Contact: irishlingos@gmail.com

Hantavirus: experts optimistic there won’t be another outbreak.

Hantaivíreas: saineolaithe dóchasach nach mbeidh ráig eile ann.

The World Health Organization has confirmed that nine people have the virus and two others are showing symptoms of the disease.

Tá sé dearbhaithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil an hantaivíreas ar naonúr agus go bhfuil siomptóim an ghalair ar bheirt eile.

It is understood that all eleven of these cases are related to the cruise ship Hondius which had an outbreak of the disease.

Tuigtear go mbaineann gach aon cheann den aon chás déag sin leis an long chrúsála an Hondius a raibh ráig den ghalar uirthi.

The head of the World Health Organization, Tedros Adhanom Ghebreyesus, said that unfortunately this is not the end of the story and that it is likely that more passengers from that ship will become ill in the coming days.

Ceannaire na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Tedros Adhanom Ghebreyesus, dúirt sé nach é sin deireadh an scéil ar an drochuair agus gurb é is dóichí go n-éireoidh tuilleadh paisinéirí ón long sin tinn sna laethanta amach romhainn.

On the contrary, he said, there is currently no likelihood of an outbreak of the disease anywhere else.

Os a choinne sin, arsa sé, níl aon chosúlacht ar an scéal faoi láthair go mbeidh ráig den ghalar in aon áit eile.

On the other hand, however, he said, another outbreak cannot be ruled out because the anti-virus is a virus that lies dormant for a while before reaching a peak of development.

Os a choinne sin arís, áfach, a dúirt sé, ní féidir ráig eile a chur as an áireamh mar gur vireas é an hantaivíreas a tholgann faoi go ceann scaithimh sula dtagann barr forbartha air.

The World Health Organization advises people with the disease to quarantine for six weeks and Tedros Adhanom Ghebreyesus said that most of the countries involved are currently adhering to that advice.

Comhairlíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte do dhaoine a bhfuil an galar orthu coraintín sé seachtaine a dhéanamh agus dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus go bhfuil bunáite na dtíortha atá i gceist an uair seo ag cloí leis an gcomhairle sin.

The head of the Centers for Disease Control and Prevention in the United States, Jay Bhattacharya, said, however, that the same advice might not be applied in that country.

An té atá i gceannas ar an Lárionad um Ghalair a Chosc agus a Rialú sna Stáit Aontaithe, Jay Bhattacharya, dúirt seisean, ámh, go mb’fhéidir nach gcuirfí an chomhairle chéanna i bhfeidhm sa tír sin.

Two Irish women were among the passengers aboard the Hondius.

Bhí beirt bhan as Éirinn i measc na bpaisinéirí a bhí ar bord an Hondius.

They are now at home and are said to be in good health.

Tá siad sa bhaile anois agus deirtear go bhfuil siad i ndea-shláinte.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/23m9ybod

Contact: irishlingos@gmail.com

Climate change: Europe is warming the most.

Athrú aeráide: an Eoraip is tréine atá ag téamh.

Europe is warming, or being warmed by humans, more than any other continent on the planet, says a new international report on climate change.

Is í an Eoraip thar aon ilchríoch eile den chruinne is tréine atá ag téamh, nó á téamh ag an duine, a deirtear i dtuarascáil nua idirnáisiúnta faoi athrú aeráide.

Every decade for thirty years, Europe has seen an average temperature increase of 0.56 degrees, a rate that is twice as strong as the rest of the world.

Gach deich mbliana le tríocha bliain, bhí meánardú de 0.56 céim ar an teocht san Eoraip, ráta atá dhá oiread níos tréine ná an chuid eile den domhan.

This means that the temperature in Europe increased by 1.68 degrees during those years.

Fágann sin gur ardú de 1.68 céim a tháinig ar an teocht san Eoraip i gcaitheamh na mblianta sin.

However, temperatures are rising even faster in the Arctic region – 0.75 degrees every decade.

Is tréine fós atá an teocht ag ardú i réigiún an Artaigh, áfach – 0.75 céim gach deich mbliana.

The result of this catastrophic change is warmer air, warmer seas, melting ice, drier land, the destruction of nature and the disappearance of all the shadows on which all beings live.

Is é an toradh atá ar an athrú tubaisteach seo aer níos teo, farraigí níos teo, leá oighir, talamh níos tirime, scriosadh dúlra agus dul i léig gach aon cheann de scátha a chéile a maireann gach aon neach orthu.

The details are in the annual report published by the European Centre for Medium-Range Weather Forecasts and the World Meteorological Organization.

Tá na mionsonraí sa tuarascáil bhliantúil a d’fhoilsigh an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin agus an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta.

In addition to the report’s doomsday predictions, it also highlights the positive side of the situation.

Chomh maith le tuar tubaiste na tuarascála, tarraingítear aird ann ar an gcor dearfach.

The progress made in Europe regarding renewable energy is said to be a hopeful forecast.

Tuar dóchais, a deirtear, is ea an dul chun cinn atá déanta san Eoraip maidir le fuinneamh in- athnuaite.

In 2025, 46.4% of Europe’s electricity supply will be generated from renewable sources.

In 2025, is ó fhoinsí in-athnuaite a gineadh 46.4 faoin gcéad de sholáthar leictreachais na hEorpa.

These sources were mainly wind, water and sun.

Gaoth, uisce agus grian is mó a bhí sna foinsí sin.

27.5% of electricity supply was generated from fossil fuels, a significant decrease over thirty years.

Ó bhreoslaí iontaise a gineadh 27.5 faoin gcéad den soláthar leictreachais, ar laghdú suntasach é sin le tríocha bliain.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dgmvzon

Contact: irishlingos@gmail.com

Legendary singer Moya Brennan has died.

An t-amhránaí mór le rá Moya Brennan tar éis bháis.

Northwest Reporter The famous singer from the Donegal Gaeltacht, Moya Brennan, has died.

Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Tá an t-amhránaí cáiliúil as Gaeltacht Dhún na nGall Moya Brennan tar éis bháis.

She was 73 years old and had been ill for some time.

Bhí sí 73 bliain d’aois agus bhí sí tinn le tamall.

Máire Ní Bhraonáin first achieved fame as the lead singer and harpist with the group Clannad from Dobhar in Gaoth Dobhair.

Bhain Máire Ní Bhraonáin cáil amach ar an chéad dul síos mar phríomhamhránaí agus mar chláirseoir leis an ghrúpa Clannad as Dobhar i nGaoth Dobhair.

Máire was the eldest of nine children – Clannad – who took music seriously since 1970.

Ba í Máire an duine ba shine de naonúr clainne – Clannad – a chuaigh leis an cheol go dáiríre ó 1970.

She, her sister Eithne (Enya) and her brothers captivated millions with their modern versions of Irish music before taking to the international stage and singing English songs.

Chuir sí féin, a deirfiúr Eithne (Enya) agus a deartháireacha na milliúin faoi gheasa lena leaganacha nua-aimseartha ar cheoltaí Gaeilge sular thug siad faoin stáitse idirnáisiúnta agus faoi amhráin Bhéarla.

It was their own Irish language song they recorded for the television series Harry’s Game in 1982 that introduced them to the wider world outside of Ireland.

Ba é a n-amhrán Gaeilge féin a thaifead siad faoi choinne na sraithe teilifíse Harry’s Game i 1982 a chuir in aithne iad don saol mór taobh amuigh d’Éirinn.

“The east and the west, which have always come, the moon and the sun will go…

“Imeoidh soir is siar, a dtáinig ariamh, an ghealach is an ghrian …

” – part of the significance of those lyrics and Máire’s magical voice together.

” – cuid suntais na liricí sin agus guth draíochtúil Mháire in éineacht.

From a young age, Máire was involved in music at home with her mother Máire Ní Dhúgáin, later in dance halls and in her father’s pub, Leo Brennan, and in local gigs in Gaoth Dobhair.

Ó bhí Mháire ina girseach bheag bhí sí ag gabháil cheoil sa bhaile lena máthair Máire Ní Dhúgáin, níos moille i hallaí damhsa agus i dteach tábhairne a hathar, Leo Brennan, agus i ngeamaireachtaí áitiúla I nGaoth Dobhair.

Much later, she recorded music with some of the greatest performers of her time, such as Bono and Shane MacGowan.

I bhfad ina dhiaidh sin, thaifead sí ceol i gcuideachta roinnt de mhóroirfidigh a linne, leithéidí Bono agus Shane MacGowan.

She recorded a total of 25 albums – with Clannad and on her own – and sold 20 million of them.

25 albam san iomlán a thaifead sí – le Clannad agus ina haonar – agus díoladh 20 milliún acu.

In the Year of the Millennium, she sang her song Perfect Time on World Youth Day in Rome in front of Pope John Paul II and two million pilgrims.

I mBliain na Mílaoise, cheol sí a hamhrán Perfect Time ar Lá Domhanda na hÓige sa Róimh os comhair an Phápa Eoin Pól II agus dhá mhilliún oilithreach.

Her voice can also be heard on major films such as Titanic, King Arthur and To End All Wars.

Tá a guth le cluinstin fosta ar scannáin mhóra mar Titanic, King Arthur agus To End All Wars.

Since 2007, Moya has performed in the female group T with the Maggies with Mairéad Ní Mhaonaigh and Maighread and Tríona NÍ Dhomhnaill.

Ó 2007, sheinn Moya sa ghrúpa ban T with the Maggies le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Maighread agus Tríona NÍ Dhomhnaill.

Since 2013 she has returned to harp music with a new traditional group.

Ó 2013 phill sí ar cheol na cláirsí le buíon úr traidisúnta.

Moya often donated her musical talents free of charge to causes and charities close to her heart, including the families of the Creeslough disaster in her own county.

Ba mhinic a bhronn Moya a bua féin ceoil in aisce ar lucht cúise agus ar chumainn charthanachta a bhí gar dá croí, teaghlaigh thubaiste an Chraoslaigh ina contae féin ina measc.

In 2023, Máire was awarded the Donegal Personality of the Year Award and the following year Donegal County Council awarded her and Clannad the freedom of the county for their contributions to music and the Irish language.

In 2023, bronnadh Gradam Phearsa Dhún na nGall ar Mháire agus an bhliain dar gcionn bhronn Comhairle Contae Dhún na nGall saoirse an chontae uirthi féin agus ar Chlannad as a raibh déanta acu ar son an cheoil agus na Gaeilge.

She is survived by her husband and manager Tim Jarvis and their two children Paul and Aisling.

Maireann a fear céile agus a bainisteoir Tim Jarvis agus a mbeirt chlainne Paul agus Aisling.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/24yy296s

Contact: irishlingos@gmail.com

Blockades, queues, traffic jams on the 4th day of the fuel protest.

Imhsuite, scuainí, tranglam tráchta ar an 4ú lá den agóid breosla.

There are now fuel shortages in many places due to the blockades in place at fuel storage facilities in Limerick and Galway and at the Whitegate refinery in Cork, the only one in the State.

ganntananas breosla ina lán áiteanna anois de bharr an imshuí atá ar bun ag ionaid stórála breosla i Luimneach agus i nGaillimh agus ag scaglann an Gheata Bháin i gCorcaigh, an t-aon cheann sa Stát.

Petrol station operators are predicting that 500 locations will be without any fuel tonight.

Tá lucht na ngaráistí peitril ag tuar go mbeidh 500 ionad gan aon bhreosla anocht.

This has already happened to hundreds of others, in the south and west.

Tá sin tarlaithe cheana i gcás na gcéadta eile cheana, sa deisceart agus san iarthar.

There is no shortage of fuel, but supplies are stagnant in storage facilities and in Whitegate.

Níl aon ghantannas breosla ann, ach tá na soláthairtí i bhfastó sna hionaid stórála agus sa Gheata Bán.

Because no fuel is being released from these, they have no capacity to accept any other cargo, which the Taoiseach referred to today when he said that we will have to ship oil cargoes at a time when the rest of the world is competing for them.

De bharr nach bhfuil aon bhreosla á scaoileadh amach astu sin, níl aon acmhainn iontu glacadh le lastas ar bith eile, rud ar thagair an Taoiseach inniu á rá go mbeidh orainn lastais ola a chur ó dhoras tráth a bhfuil an cuid eile den domhain in iomaíocht faoina leithéid.

An example of this is the Thun Gemini, a tanker anchored in Galway Bay with six million litres of oil on board, fuel that cannot be brought ashore at Galway port.

Sampla de sin é an Thun Gemini, taincéir atá ar ancaire i gCuan na Gaillimhe agus sé mhilliún líotar ola ar bord aici, breosla nach féidir a thabhairt i dtír ag calafort na Gaillimhe.

Although Dublin Port is accessible, traffic congestion throughout the city has caused significant delays in getting tankers to the garages in the East.

Cé go bhfuil rochtain ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, tá na hagóídí tráchta ar fud na hardchathrach ar cur an-mhoill ar taincéirí a thabhairt chuig na garáistí san Oirthear.

And even if the blockade were to end tonight, it could be a week before supply is restored.

Agus fiú dá dtiocfadh deireadh leis an imshuí anocht, d’fhéadfadh seachtain bheith ann sula gcuirfí an soláthar ar ais ina cheart.

In Whitegate in Cork, there was a standoff between Gardaí and the blockaders for a while as they were escorting a third tanker into the refinery, but it ended shortly afterwards.

Sa nGeata Bán i gCorcaigh, bhí sé ina leamhsháinn idir Ghardai agus lucht an imshuí ar feadh tamaill nuair a bhí an tríú taincéir á thionlacan isteach sa scaglann acu, ach scoir sí gan móran achair.

This solution was set up for the purpose of providing emergency vehicles.

Ar mhaithe le soláthar d’fheithiclí éigeandála a cuireadh an réiteach seo ar bun.

Several lorries carrying animal supplies and water cleaning chemicals have been unloaded from Foynes Port on the Shannon Estuary, but no oil tankers are being unloaded yet.

roinnt leoraithe le soláthairtí d’ainmhithe agus ceimiceáin glanta uisce scaoilte amach as Calafort Fainge ar inbhear na Sionainne, ach níl aon taincéir ola á scaoileadh amach fós.

But traffic conditions on many motorways and national roads are in disarray due to blockades by protesters.

Ach tá cúrsaí tráchta ar go leor mótarbhealach agus bóithre náisiúnta in aimhréid de bharr imshuí ag an lucht agóíde.

People can get an update. There are long queues on the M1 northbound due to that side of the road being closed at Dundalk. There are also long delays on the M50 southbound and northbound as protesters have blocked that major ring road.

Is féidir le daoine uasdátú a fháil Tá scuainí fada ar an M1 ó thuaidh de bharr an taobh sin den bhóthar bheith dúnta ag Dún Dealgan Tá moill fhada freisin ar an M50 ó dheas agus ó thuaidh agus blocáil déanta ag agóídithe ar an cuarbhóthar mór sin.

There are also some difficulties on the N7 southbound.

Tá roinnt deacrachtaí ar an N7 ó dheas freisin.

There are approximately 60 tractors, trucks and buses sitting on O’Connell Street in the capital but there is a flow of traffic on the north and south piers and the rest of the Luas is operating.

tuairim is 60 tarracóir, trucail agus bus ina suí ar Shráid Uí Chonaill san ardchathair ach tá sruth tráchta ar na céanna thuaidh agus theas agus tá an chuid eile den Luas ag feidmhniú.

Dublin Bus has a limited service in the city centre but the company says passenger numbers are down on yesterday.

Tá seirbhís theoranta ag Bus Átha Cliath i lár na cathrach ach deir an comhlacht go bhfuil líon na bpaisinéirí níos lú inné.

A view from the blockade at the Whitegate refinery today

Radharc ón imshuí ag scaglann an Gheata Bháin inniu

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/22hkgozb

Contact: irishlingos@gmail.com

McGregor’s lawyers are calling witnesses for him.

Dlíodóirí McGregor ag glaoch finnéithe ar a shon.

In the High Court, the legal scientist, Doctor Charlotte Murphy, said that she could not say with certainty that Nikita Hand had sex with Conor McGregor of her own free will.

San Ard Chúirt dúirt an t-eolaí dlíeolaíoch,An Dochtúir Charlotte Murphy nach bhféadfadh sí a rá go cinnte an dá toil féin a bhí gnéas ag Nikita Hand le Conor McGregor.

She was testifying in the civil case brought by Nikita Hand against McGregor and another man, James Lawrence.

Bhí sí ag tabhairt a fianaise sa chás síbhialta atá tugtha ag Nikita Hand in aghaidh McGregor agus fear eile,James Lawrence.

Dr. Murphy said DNA samples matching Conor McGregor’s profile were found on Nikita Hand’s body, underpants and clothing after the incident in a Dublin hotel room in December 2018.

Dúirt an Dr.Murphy go raibh samplaí DNA a mheatseáil an prófíl atá ag Conor McGregor ar chorp, fobhríste agus éadaigh Nikita Hand i ndiaidh na heachtra i seomra óstáin i mBaile Átha Cliath i Nollaig na bliana 2018.

She also said that the front strap of Nikita Hand’s jumpsuit had been torn apart.

Dúirt sí freisin go raibh strupa tosaigh de chulaith léime Nikita Hand stróicthe ó chéile.

Lawrence and McGregor deny allegations by Nikita Hand who says the two men raped her at different times at that location.

Seánann Lawrence agus McGregor líomhaintí Nikita Hand a deir gur éignigh an bheirt fhear í ag tráthanna éagsúla ar an láthair sin.

Conor McGregor himself testified this afternoon.

Thug Conor McGregor féin fianaise tráthnóna.

The case will continue tomorrow.

Leanfar leis an gcás amárach.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2cergjjy

Contact: irishlingos@gmail.com

The composer Johnny Duhan is the one who drowned in Galway today.

An cumadóir Johnny Duhan é an té a báthadh i nGaillimh inniu.

Johnny Duhan, the well-known songwriter, is the man who drowned this morning after swimming at Head Beach in Bearna, County Galway.

Is é Johnny Duhan, an cumadóir amhrán aitheanta, an fear a báthadh ar maidin tar éis sul ag snámh ag Trá na gCeannn i mBearna, Contae na Gaillimhe.

The most popular song he composed was ‘The Voyage’, a well-known song which was covered by Christy Moore and had an album around it.

‘The Voyage’ é an t-amhrán ba mhó tóir dár chum sé, amhrán aitheanta a chas Christy Moore agus a chuir album timpeall air.

Johnny Duhan is originally from Limerick but settled in Bearna a few years ago.

As Luimneach ó dhúchas do Johnny Duhan ach chuir sé faoi i mBearna roinnt blianta ó shin.

He is survived by his wife Maureen, their five children, grandchildren and other relatives.

Maireann a bhean chéile Maureen, a gcúigear páistí, garchlann agus gaolta eile.

An extensive search began off the coast of Galway when he did not return home after his usual morning swim.

Thosaigh cuardach cuimsitheach amach ó chósta na Gaillimhe nuair nár fhill sé abhaile tar éis dó dul ag snámh ar maidin, mar ba ghnách dó.

It was not long after that that it came to light that another person, a woman in her thirties, was also missing from Head Beach.

Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig sé chun solais go raibh duine eile, bean sna tríochadaí, ar iarraidh freisin ar Thrá na gCeann.

The emergency services were called when she did not arrive at work as expected.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála nuair nár tháinig sí ag an obair mar a raibh súil leí.

The search was carried out by the Coast Guard, the RNLI and Civil Defense teams.

Chuaigh an Garda Cósta, an RNLI agus buíonta den Chosaint Sibhialta i mbun an chuardaigh.

Local people and some small boats came to help in the search, by land and by sea.

Tháinig daoine áitiúla agus roinnt bád beag i gcabhair ar an gcuardach, ar thír agus ar muir.

A body was found in the water this afternoon near Cuan Roisín between Bearna and Bóthar na Trá, some time west of the city.

Thángthas ar chorp san uisce tráthnóna gar do Chuan Roisín idir Bhearna agus Bhóthar na Trá, tamall siar ón gcathair.

It is an unusual incident for two people who did not know each other to be missing from the same place, and Gardaí are trying to understand how the events of the morning unfolded..

Eachtra neamhghnáthach é beirt nach raibh aithne ar a chéile bheith ar iarraidh ón láthair chéanna, agus tá Gardaí ag iarraidh a thuiscint cé mar a thit imeachtaí na maidne amach..

It was calm weather and a calm sea in the morning, but the fog of the day hindered the search.

Aimsir chiúin agus farraige chalm a bhí ann ar maidin, ach chuir ceo an lae as don chuardach.

The search for the woman had to be suspended at nightfall, but will begin again at sunrise.

B’éigean an cuardach don bhean a chur ar fionraí le titim na hoíche, ach tosófar ina bhun arís le héirí na gréine.

Local people are gathering early in the morning to search the shore between Bearna and An Spidéal

Tá daoine áitiúla ag bailiú le chéile go moch ar maidin le dul ag cuardach an chladaigh idir Bhearna agus An Spidéal

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2d8s27pp

Contact: irishlingos@gmail.com

The Taoiseach discussed the Middle East and Ukraine with Trump.

An Meán Oirthear agus an Úcráin pléite ag an Taoiseach le Trump.

Taoiseach Simon Harris spoke to the President-elect of the United States Donald Trump today.

Labhair an Taoiseach Simon Harris le hUachtarán tofa na Stáit Aontaithe Donald Trump inniu.

It was while canvassing for the general election in the Letterkenny area this afternoon that Simon Harris accepted the call.

Ba le linn dó a bheith ag canbhasáil don olltoghchán i gceantar Leitir Ceanainn tráthnóna a ghlac Simon Harris leis an ghlaoch.

Simon Harris said he congratulated Donald Trump on his victory in the presidential election.

Dúirt Simon Harris gur thréaslaigh sé a bhua i dtoghchán na huachtaránachta le Donald Trump.

He will succeed President Joe Biden on January 20, 2025 – his second term as president of the United States.

Tiocfaidh seisean i gcomharbacht ar an Uachtarán Joe Biden ar an 20 Eanáir 2025 – an dara téarma aige ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

The Taoiseach said he discussed the “terrible state of affairs in the Middle East” and the war in Ukraine during their conversation.

Dúirt an Taoiseach gur phléigh sé an “bhail uafásach atá ar chúrsaí sa Mheán Oirthear” agus an cogadh san Úcráin le linn a gcomhrá.

“The world is a bleak and dark place right now,” said Simon Harris, and he said he told the President-elect he wants to “see peace and an end to the killing of civilians.”

“Áit dhuairc agus dhorcha é an domhan faoi láthair,” arsa Simon Harris, agus dúirt sé gur chuir sé in iúl don Uachtarán tofa gur mian leis “síocháin a fheiceáil agus deireadh á chur le marú na sibhialtach.”

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/27sf68xc

Contact: irishlingos@gmail.com

2024 to be the hottest year ever recorded.

2024 le bheith ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh.

Climate experts say they are almost certain that 2024 will be the hottest year on record.

Deir saineolaithe aeráide go bhfuil siad nach mór cinnte de go mbeidh 2024 ar an mbliain is teo a taifeadadh riamh.

According to the monitoring agency of the European Union, Corpernicus, the global temperature this year will be 1.55 degrees Celsius higher than the average temperature between the years 1850-1900, just before the burning of fossil fuels on an industrial basis.

Dar le gníomhaireacht monatóireachta an Aontais Eorpaigh, Corpernicus, beidh teocht na cruinne i mbliana 1.55 céim Celsius níos airde ná an mheánteocht a bhí ann idir na blianta 1850-1900, díreach sular tosaíodh ag dó breoslaí iontaise ar bhonn tionsclaíoch.

This is the first year for the temperature to be more than 1.5 degrees above the average temperature of those years.

Seo an chéad bhliain don teocht a bheith níos mó ná 1.5 céim os cionn mheánteocht na mblianta úd.

According to the climate agreement signed in Paris in 2016, the countries of the world are obliged to keep the temperature increase below 2 degrees and to make a strong effort to keep it at 1.5 degrees.

De réir an chomhaontú aeráide a síníodh i bPáras in 2016, tá iallach ar thíortha an domhain an t-ardú teochta a choinneáil faoi bhun 2 chéim agus dianiarracht a dhéanamh é a choinneáil ag 1.5 céim.

The issue will be discussed at the United Nations international conference on climate change that will begin in Azerbaijan next Monday.

Criathrófar an cheist ag comhdháil idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ar athrú aeráide a gcuirfear tús leis san Asarbaiseáin Dé Luain seo chugainn.

The rate of warming in Ireland is on a par with the rest of the world, say experts in this country.

Tá an ráta téimh in Éirinn ar aon bhonn leis an gcuid eile den domhan, a deir saineolaithe na tíre seo.

Climate change is the worst cause of the weather which is the worst cause of some of the major human disasters that are happening more often in these worlds, for example, the devastation caused by the floods that were in the east of Spain last week.

Is é an t-athrú aeráide is cionsiocair leis an anaimsir arb í is siocair le roinnt de na tubaistí móra daonna atá ag tarlú níos minice ar na saolta seo, cuir i gcás, an lomscrios a rinne na maidmeanna tuile a bhí in oirthear na Spáinne an tseachtain seo caite.

As the water in the Mediterranean is getting warmer all the time, more water is evaporating, more clouds are being created and rainfall in that region is now heavier than ever as a result, according to the experts.

Agus uisce na Meánmhara ag éirí níos teo an t-am ar fad, tá níos mó uisce á ghalú, tá níos mó scamall á gcruthú agus tá tuairteanna báistí sa réigiún sin níos troime anois ná mar a bhí riamh dá bharr sin, de réir na saineolaithe.

The anomalous El Niño weather pattern is also involved.

Tá baint ag an bpatrún aimhrialta aimsire El Niño leis an scéal freisin.

Although El Niño is a natural phenomenon that automatically causes rising temperatures, heavy rains and drought, some experts believe that continued global warming is making it more severe.

Cé gur feiniméan nádúrtha é El Niño a chothaíonn as féin ardú teochta, fearthainn throm agus triomach, creideann saineolaithe áirithe go bhfuil téamh leanúnach na cruinne ag cur lena fhíochmhaire.

RTÉ News and Current Affairs 13 July 2024: Sermeq Kujalleq Glacier in Greenland pushed back 40 kilometers by global warming since 1850

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ 13 Iúil 2024: Oighearshruth Sermeq Kujalleq sa Ghraonlainn brúite siar 40 ciliméadar ag téamh na cruinne ó 1850

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dy25qaj

Contact: irishlingos@gmail.com

High level of bullying amongst Galway University staff.

Leibhéal ard bulaíochta i measc fhoireann Ollscoil na Gaillimhe.

RTÉ News and Current Affairs A report on the working environment at the University of Galway shows that there is a high level of incidents of harassment and bullying among staff.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Léiríonn tuairisc faoin timpeallacht oibre in Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil leibhéal ard d’eachtraí ciaptha agus bulaíochta i measc na foirne.

The University says that what was revealed in the internal survey is worrying but that it is only one aspect of the story.

Deir an Ollscoil gur díol imní an méid a léiríodh sa suirbhé inmheánach ach nach bhfuil ann ach gné amháin den scéal.

It was in 2023 that the Office of the Vice-President for Equality, Diversity and Inclusion Affairs at the University of Galway carried out the survey about the work culture among the staff and management of the University.

Is i 2023 a rinne Oifig an Leasuachtaráin ar Ghnóthaí Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe in Ollscoil na Gaillimhe an suirbhé faoi chultúr na hoibre i measc fhoireann agus bhainistíocht na hOllscoile.

The survey is part of the University’s work to comply with the standards charter of the Athena Swan organization which monitors gender equality in 3rd level institutions in Ireland.

Is cuid é an suirbhé de obair na hOllscoile cloí le cairt chaighdeáin na heagraíochta Athena Swan a choinnionn súil ar chomhionannas inscne in institiúidí 3ú leibhéal in Éirinn.

The survey, which was answered by 39% of the entire staff, shows that a high number of workers have seen or experienced bullying, harassment or discrimination in the workplace.

Léiríonn an suirbhé a d’fhreagair 39 faoin gcéad den fhoireann iomlán, go bhfaca nó gur fhulaing líon ard oibrithe bulaíocht, ciapadh nó leithcheal sa láthair oibre.

40% said they had witnessed bullying or harassment and 30% said they themselves had experienced it.

Dúirt 40 faoin gcéad go bhfaca siad bulaíocht nó ciapadh agus dúirt 30 faoin gcéad gur fhulaing siad féin a leithéid.

38% said they had seen discrimination and a quarter said they had experienced discrimination.

Dúirt 38 faoin gcéad go bhfaca siad leithcheal á dhéanamh agus dúirt an ceathrú cuid gur fhulaing siad leithcheal.

In a statement that the University made available to Nuacht today, they said that they were concerned about the problems shown in this survey.

I ráiteas a chuir an Ollscoil ar fáil do Nuacht inniu, dúirt siad go díol imní dóibh na fadhbanna a léiríodh sa suirbhé seo.

They said the process involved in the report “demonstrates the University’s commitment to openness and respect.”

Dúirt siad go léiríonn an próiseas a bhain leis an tuarascáil “tiomantas na hOllscoile don oscailteacht agus don mheas.”

The University refused to make the report available to News.

Dhiúltaigh an Ollscoil an tuarascáil a chur ar fáil do Nuacht.

They have previously refused to provide the information to other journalists under the Freedom of Information Act.

Dhiúltaigh siad roimhe seo an teolas a chur ar fáil d’iriseoirí eile faoi faoin Acht um shaoráil faisnéise.

The University said in the statement that “the depiction of the University of Galway as a place where a culture of bullying and harassment prevails is only one aspect of the story.

Dúirt an Ollscoil sa ráiteas nach bhfuil “sa léiriú ar Ollscoil na Gaillimhe mar áit ina bhfuil cultúr bulaíochta agus ciaptha i réim ach gné amháin den scéal.

50% of the respondents said that they believe that ‘the culture in our university has become more inclusive over the last four years.'” In addition the University said that “the majority of staff gave a positive answer when asked if ‘the culture and the atmosphere that prevails in my unit/school is inclusive and friendly to all’ and ‘does my unit/school foster clear values and habits of conduct regarding how people should treat each other’.”

Dúirt 50 faoin gcéad de na freagróirí go gcreideann siad ‘go bhfuil an cultúr inár n-ollscoil níos cuimsithí le ceithre bliana anuas.'” Lena chois sin dúirt an Ollscoil gur thug “formhór na foirne freagra dearfach nuair a fiafraíodh díobh an bhfuil ‘an cultúr agus an t-atmaisféar atá i réim i m’aonad/mo scoil cuimsitheach agus cairdiúil do chách’ agus ‘an gcothaíonn m’aonad/mo scoil luachanna agus nósanna iompair soiléire maidir le conas ba chóir do dhaoine caitheamh lena chéile’.”

More work is needed, they said, to understand reports from staff members who have witnessed or experienced harassment and/or bullying, to determine whether they are recent or long-ago incidents.

Tá gá le tuilleadh oibre, a dúirt siad, le tuiscint a fháil ar thuairiscí ó chomhaltaí foirne a chonaic nó a d’fhulaing ciapadh agus/nó bulaíocht, chun a fháil amach an eachtraí iad a tharla le déanaí nó i bhfad ó shin.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/25gcy675

Contact: irishlingos@gmail.com

Hamas leader Yahya Sinwar killed by the Israelis.

Ceannaire Hamas Yahya Sinwar maraithe ag na hIosraelaigh.

Tá ceannaire Hamas Yahya Sinwar maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza.

Deir Rialtas Iosrael go raibh Yahya Sinwar ar dhuine de thriúr a maraíodh nuair a rinne saighdiúirí Iosraelacha ionsaí ar fhoirgneamh i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza.

Deirtear gurb é Yahya Sinwar thar aon duine eile in Hamas a bheartaigh an mórionsaí a dhéanamh ar dheisceart Iosrael anuraidh inar maraíodh thart ar 1,200 duine.

Ceapadh é ina cheannaire ar Hamas i mí Lúnasa seo a chuaigh thart tar éis do na hIosraelaigh an ceannaire a bhí ann roimhe sin, Ismail Haniyeh, a fheallmharú san Iaráin.

Tuairiscitear freisin gur maraíodh 22 duine agus gur gortaíodh na dosaein nuair a rinne aerfhórsa Iosrael ionsaí buamála ar scoil in Jabalia i dtuaisceart Gaza.

Maíonn na hIosraelaigh gur bunáit chruinnithe de chuid Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne a bhí sa scoil.

Léiríonn íomhánna ón láthair go ndeachaigh an áit trí thine mar gheall ar an mbuamáil.

Tá Jabalia á ionsaí gan taise ag na hIosraelaigh go rialta le bliain agus tuairiscítear nach bhfuil dóthain uisce ann leis an tine a mhúchadh.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil na mílte Palaistíneach sáinnithe in Jabalia, a bhformhór acu gan riar a gcáis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Yahya Sinwar i gCathair Gaza in 2022

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2yg5as5j

Contact: irishlingos@gmail.com

22 duine maraithe, 117 leonta ag fórsaí Iosrael i mBéiriút.

Tá fórsaí míleata Iosrael ag leanúint den ár atá siad a dhéanamh sa Liobáin le trí seachtaine.

Maraíodh 22 duine agus leonadh 117 nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael comharsanacht Shiach i lár na príomhchathrach, Béiriút, tráthnóna inné.

Buamáil thréan a bhí ann ar cheantar dlúthchónaithe lán d’árasáin agus de shiopaí beaga.

Bhí ochtar ó theaghlach amháin lena n-áirítear triúr leanaí i measc na marbh.

Tuairiscítear nach raibh an teaghlach ach tar éis teitheadh roimh bhuamáil na nIosraelach i ndeisceart na Liobáine.

Tá lucht tarrthála fós ag cíorláil sa smionagar le súil go dtiocfaidh siad ar dhaoine atá fós ina mbeatha ach tuairiscítear go bhfuil an áit plúchta ag dúthoit tiubh ó stáisiún peitril a bhuamáil na hIosraelaigh.

Is cosúil go raibh súil ag na hIosraelaigh ball sinsearach de Hezbollah a mharú san ionsaí ach deirtear gur tháinig sé slán.

Tuairiscítear freisin gur scaoil fórsaí Iosrael le hionad de chuid na Náisiún Aontaithe i ndeisceart na Liobáine den dara lá as a chéile agus gur gortaíodh beirt mar gheall ar an ionsaí.

Deirtear chomh maith go ndeachaigh saighdiúirí Iosraelacha isteach in ionad eile leis na Náisiúin Aontaithe sa cheantar.

Mar le Gaza, maítear i dtuarascáil nua ó na Náisiúin Aontaithe go bhfuil córas sláinte na hiamhchríche Palaistíní á scríosadh in aon turas ag na hIosraelaigh.

Tugtar le fios sa tuarascáil freisin go bhfuil coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta á ndéanamh ag na hIosraelaigh in Gaza.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Ceantar cónaithe i lár Bhéiriút scriosta ag fórsaí Iosrael

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2alvxn5q

Contact: irishlingos@gmail.com

Milton’s mirror is weakened but she has taken a lot of damage.

Spéirling Milton lagaithe ach damáiste mór déanta aici.

Florida is still being plagued by the Milton’s Starling which has already caused extensive damage across that state.

Tá Florida fós á thuargaint ag Spéirling Milton a bhfuil damáiste mór déanta aici ar fud an stáit sin cheana féin.

It is reported that the skyscraper created nineteen tornadoes and destroyed 125 homes in its path, mostly mobile homes.

Tuairiscítear gur chruthaigh an spéirling naoi dtornádó dhéag agus gur scriosadh 125 áras cónaithe a bhí ina bealach, teachíní soghluaiste den chuid is mó.

At least two people are also said to have been killed when one of the drones hit a retirement home on Florida’s east coast.

Deirtear freisin gur maraíodh beirt ar a laghad nuair a bhuail ceann de na camanfaí lonnaíocht do sheanóirí ar chósta thoir Florida.

It is certain that more people would have been killed if millions had not been ordered to evacuate and if homes had not been forced by the storm.

Is cinnte go marófaí tuilleadh daoine murach gur ordaíodh do na milliúin aslonnú agus murach haistí a bheith sparrtha le hucht na stoirme.

The destruction has left 3.2 million people without power.

Tá 3.2 milliún duine fágtha gan aon chumacht aibhléise mar gheall ar an scrios.

The skyrocket first landed on the west coast with a speed of 195 kilometers per hour.

Is ar an gcósta thiar a tháinig an spéirling i dtír i dtosach agus luas 195 ciliméadar san uair fúithi.

She has since weakened and is currently traveling at 150 kilometers per hour.

Tá sí lagaithe ó shin agus is 150 ciliméadar san uair atá fúithi i láthair na huaire.

At least 235 people were killed when Hurricane Helene struck the Florida region two weeks ago.

Maraíodh 235 duine ar a laghad nuair a bhuail Spéirling Helene réigiún Florida coicís ó shin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dkxstga

Contact: irishlingos@gmail.com

Israelis continue the bombing in Lebanon.

Iosraelaigh ag leanúint leis an mbuamáil sa Liobáin.

Israeli military forces are continuing their aerial bombardment of various parts of Lebanon while Israeli ground battalions are advancing in southern Lebanon.

Tá fórsaí míleata Iosrael ag leanúint leis an mbuamáil atá siad a dhéanamh ón aer ar áiteanna éagsúla ar fud na Liobáine fad is atá cathláin talún na nIosraelach ag ionsaí chun cinn i ndeisceart na Liobáine.

The Israeli Army indicated that more infantry and armored vehicles entered Lebanon yesterday to join the ground forces that have been there since yesterday.

Thug Arm Iosrael le fios go ndeachaigh tuilleadh saighdiúirí coise agus feithiclí armúrtha isteach sa Liobáin inné le dul i bpáirt leis na fórsaí talún atá ann ó arú inné.

The Israelis said their ground invasion of that part of the country was to destroy Hezbollah’s military infrastructure in southern Lebanon and claimed they had no intention of sending foot soldiers as far as the capital, Beirut, or any other region of the country. .

Dúirt na hIosraelaigh gur le dúil bonneagar míleata Hezbollah i ndeisceart na Liobáine a scriosadh a rinne siad ionradh talún ar an gcuid sin den tír agus mhaígh nach raibh rún acu saighdiúirí coise a chur chomh fada leis an bpríomhchathair, Béiriút, ná aon réigiún eile sa tír.

Little information has been given so far about the number of people killed by Israeli ground forces in southern Lebanon since they entered it but, since the withdrawal of the Lebanese Army, Hezbollah has claimed that they themselves are standing the ground and to fight the invaders.

Níor tugadh mórán eolais go dtí seo faoin líon daoine atá maraithe ag fórsaí talún Iosrael i ndeisceart na Liobáine ó chuaigh siad isteach ann ach, ó tharraing Arm na Liobáine siar, tá sé á mhaíomh ag Hezbollah go bhfuil siad féin ag seasamh an fhóid agus ag dul i dtreis leis na hionróirí.

The Israeli Army revealed yesterday that eight Israeli soldiers were killed in the fighting.

Thug Arm Iosrael le fios inné gur maraíodh ochtar saighdiúirí Iosraelacha sa chomhrac.

The Israelis claimed today that they killed fifteen members of Hezbollah when they bombed from the air a center or centers in the town of Bint Jbeil in southern Lebanon.

Mhaígh na hIosraelaigh inniu gur mharaigh siad cúig chomhalta dhéag de Hezbollah nuair a bhuamáil siad ón aer ionad nó ionaid i mbaile Bint Jbeil i bhfíordheisceart na Liobáine.

As the Israelis are doing elsewhere in Lebanon, it is reported that six people were killed and seven wounded when they bombed a medical center in Beirut early this morning.

Mar leis an ár atá na hIosraelaigh a dhéanamh in áiteanna eile sa Liobáin, tuairiscítear gur maraíodh seisear agus gur leonadh seachtar nuair a bhuamáil siad ionad leighis i mBéiriút go moch ar maidin inniu.

According to the Israelis, the missile they fired was aimed at a specific target.

Dar leis na hIosraelaigh go raibh an diúracán a scaoil siad leis an áit dírithe ar sprioc ar leith.

The Israeli air force also bombed more residential areas in a suburb south of Beirut.

Bhuamáil aerfhórsa Iosrael freisin tuilleadh ceantar cónaithe i mbruachbhaile ar an taobh ó dheas de Bhéiriút.

RTÉ News and Current Affairs Track the bombings carried out by the Israeli air force on Beirut during the night, 3 October 2024

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Lorg na buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar Bhéiriút i gcaitheamh na hoíche, 3 Deireadh Fómhair 2024

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/233ebfmg

Contact: irishlingos@gmail.com

Man in court over gold bullion, cash, drugs.

Fear os comhair cúirte faoi órbhuillean, airgead tirim, drugaí.

A 55-year-old man was brought before Blanchardstown District Court today and charged in connection with €1.4 million worth of gold bullion taken by Gardaí in Dublin last Friday.

Tugadh fear 55 bliain d’aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir inniu agus é cúisithe i dtaca le luach €1.4 milliún d’órbhuillean a thóg na Gardaí i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite.

That’s Farhats Bathijevs, who has an address at Earl’s Port Court in Lemcan, west Dublin.

Sin é Farhats Bathijevs a bhfuil seoladh aige i gCúirt Phort an Iarla i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath.

The Gardai found eighteen kilograms of gold bullion – both bars and coins – when they searched a business premises on Friday.

Fuair na Gardaí ocht gcileagram déag d’órbhuillean – idir bharraí agus bhoinn – nuair a chuardaigh siad áitreabh gnó ar an Aoine.

They later found €460,000 in cash and €210,000 worth of cocaine and MDMA at a residence.

Fuair siad €460,000 in airgead tirim agus luach €210,000 de chócaon agus de MDMA i dteach cónaithe ina dhiaidh sin.

Farhats Bathijevs has been charged with money laundering, theft, fraud and possession of drugs with intent to sell or supply.

Tá Farhats Bathijevs cúisithe i sciúradh airgid, i ngadaíocht, i gcalaois agus i ndrugaí a bheith ina sheilbh aige le rún iad a dhíol nó a sholáthar.

A Garda told the court today that Farhats Bathijevs said nothing when he was charged with the offenses at Ballyronan Garda Station.

Dúirt Garda sa chúirt inniu nach ndúirt Farhats Bathijevs aon ní nuair a cuireadh na cionta ina leith i Stáisiún Gardaí Bhaile Uí Rónáin.

The accused was remanded in custody and will appear in court again next Friday.

Cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair cúirte arís é Dé hAoine seo chugainn.

Two women in their thirties and fifties are still being questioned by gardaí in relation to the gold and drugs.

Tá bheirt bhan sna tríochaidí agus sna caogaidí fós á gceistiú ag na Gardaí maidir leis an ór agus na drugaí.

RTÉ News and Current Affairs Farhats Bathijevs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Farhats Bathijevs

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2banc7c9

Contact: irishlingos@gmail.com

Lebanon: Israeli forces begin a ground invasion.

An Liobáin: tús curtha ag fórsaí Iosrael le hionradh talún.

Israeli military forces have been carrying out a ground invasion of southern Lebanon since early morning with a firm intention, they say, to drive Hezbollah out of the region.

Tá ionradh talún á dhéanamh ag fórsaí míleata Iosrael ar dheisceart na Liobáine ó mhoch maidine agus rún daingean acu, a deir siad, Hezbollah a ruaigeadh as an réigiún.

According to the Israelis it is currently a “limited invasion” and that their soldiers and tanks are targeting specific centers of Hezbollah in villages close to the border between the two countries.

Dar leis na hIosraelaigh gur “ionradh teoranta” atá ann faoi láthair agus go bhfuil a gcuid saighdiúirí agus tancanna ag díriú ar ionaid ar leith de chuid Hezbollah i sráidbhailte gar don teorainn idir an dá thír.

The Israelis also say that the air force is supporting the infantry and artillery platoons.

Deir na hIosraelaigh freisin go bhfuil an t-aerfhórsa ag tacú leis na saighdiúirí coise agus na buíonta airtléire.

Yesterday evening, the Lebanese Army withdrew five kilometers from the border but it is reported that members of Hezbollah are fighting the invaders.

Tráthnóna inné, tharraing Arm na Liobáine siar cúig chiliméadar ón teorainn ach tuairiscítear go bhfuil comhaltaí de Hezbollah ag dul i dtreis leis na hionróirí.

According to the people of the village of Aita al-Shaab in the south of Lebanon, the place has been bombarded from the air by the Israelis since this morning.

Dar le muintir shráidbhaile Aita al-Shaab i bhfíordheisceart na Liobáine go bhfuil an áit á thuairgneáil ón aer ag na hIosraelaigh ó mhaidin.

It is also reported that a missile or missiles were fired at Lebanon’s largest Palestinian refugee camp near the city of Sidon.

Tuairiscítear leis gur scaoileadh diúracán nó diúracáin leis an gcampa teifeach Palaistíneach is mó sa Liobáin in aice le cathair Shiodón.

The Israeli air force carried out further attacks on suburbs to the south of the Lebanese capital, Beirut, during the night.

Rinne aerfhórsa Iosrael tuilleadh ionsaithe ar bhruachbhailte ar an taobh ó dheas de phríomhchathair na Liobáine, Béiriút, i gcaitheamh na hoíche.

It is said that the Israelis notified people to leave the area before they fired the bombs.

Deirtear gur thug na hIosraelaigh fógra do dhaoine imeacht as an gceantar sular scaoil siad na buamaí uathu.

The Lebanese Government says that at least 95 people have been killed and up to 200 injured as a result of Israeli attacks in various parts of the country in the last twenty-four hours.

Deir Rialtas na Liobáine gur maraíodh 95 duine ar a laghad agus gur gortaíodh suas le 200 de bharr ionsaithe na nIosraelach in áiteanna éagsúla sa tír le ceithre huaire fichead.

In that one – according to the Syrian state news agency – three people were killed and nine were injured when the Israelis carried out an air attack on the capital of that country, Damascus.

Ina cheann sin – dar le gníomhaireacht nuachta stát na Siria – maraíodh triúr agus gortaíodh naonúr nuair a rinne na hIosraelaigh aerionsaí ar phríomhchathair na tíre sin, an Damaisc.

The Israelis have killed around 1,000 civilians in Lebanon – as well as several senior members of Hezbollah – since they began bombing the country two weeks ago.

Áirítear thart ar 1,000 sibhialtach a bheith maraithe ag na hIosraelaigh sa Liobáin – chomh maith le roinnt comhaltaí sinsearacha de Hezbollah – ó thosaigh siad ag buamáil na tíre coicís ó shin.

It is also estimated that a million people have fled their towns as a result of the fighting.

Meastar freisin go bhfuil milliún duine tar éis teitheadh óna mbailte de bharr na cogaíochta.

RTÉ News and Current Affairs The villages of Adeisseh and Kfar Kila in southern Lebanon are being bombed by Israeli forces, 1 October 2024

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Sráidbhailte Adeisseh agus Kfar Kila i ndeisceart na Liobáine á mbuamáil ag fórsaí Iosrael, 1 Deireadh Fómhair 2024

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ampglsq

Contact: irishlingos@gmail.com

Scores of diplomats walked out as Netanyahu spoke.

Na scórtha taidhleoir siúlta amach agus Netanyahu ag labhairt.

The Prime Minister of Israel, Benjamin Netanyahu, was speaking before the General Assembly of the United Nations later.

Bhí Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, ag labhairt os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar ball.

During his speech, he accused the United Nations of being an “anti-Jewish scum”.

Le linn a oráide, chuir sé i leith na Náisiún Aontaithe gur “eanach frith-Ghiúdach” atá ann.

He warned Iran not to attack his country and was vague in his comments on Israel’s willingness to continue talks on implementing a ceasefire in Gaza and Lebanon.

Chuir sé fainic ar an Iaráin gan ionsaí a dhéanamh ar a thír agus bhí sé doiléir ina chuid cainte maidir le toilteanas Iosrael leanúint le cainteanna maidir le sos cogaidh a thabhairt i bhfeidhm in Gaza ná sa Liobáin.

Half of the diplomats present left the room when Netanyahu began to speak, scores of them.

D’fhág leath de na taidhleoirí a bhí i láthair an seomra nuair a thosaigh Netanyahu ag labhairt, na scórtha acu.

Meanwhile, many explosions were heard throughout Beirut today and Israel says it has attacked a “Hezbollah center” in a village in the south of the city.

Idir an dá linn, bhí go leor pléascanna le cloisteáil ar fud Beiriút inniu agus deir Iosrael go bhfuil siad i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar “lárionad Hezbollah” i sráidbhaile i ndeisceart na cathrach.

At least one person was killed and 50 injured in that attack, according to Hezbollah’s television service, al-Manar.

Maraíodh duine amháin ar a laghad agus gortaíodh 50 duine san ionsaí sin, de réir sheirbhís teilifíse Hezbollah, al- Manar.

The leader of Hezbollah, Hassan Nasrallah, was not injured in the explosion, according to sources in the region.

Níor gortaíodh ceannaire Hezbollah, Hassan Nasrallah, sa phléasc, dar le foinsí sa réigiún.

It is reported that there was a clampar in the city.

Tuairiscítear go raibh clampar sa chathair.

Ambulances were trying to come to the aid of people injured in the explosions and the roads were crowded with people fleeing the city.

Bhí lucht na n- otharcharr ag iarraidh teacht i gcabhair ar dhaoine a gortaíodh sna pléascanna agus bhí na bóithre plódaithe agus daoine ag teitheadh ón gcathair.

Authorities in Lebanon say 800 people have been killed in Israeli attacks since Monday.

Deir na húdaráis sa Liobáin go bhfuil 800 duine maraithe in ionsaithe de chuid Iosrael ón Luan.

And Israel has killed 42,000 people in Gaza since October 7.

Agus tá 42,000 duine maraithe in Gaza ag Iosrael ón 7 Deireadh Fómhair.

Speaking in New York before the United Nations, Lebanese Prime Minister Najib Mikati today accused Israel of waging a “genocidal war” and urged the international community to stop them.

Agus é ag caint i Nua-Eabhrac os comhair na Náisiún Aontaithe, chuir Príomhaire na Liobáine, Najib Mikati, i leith Iosrael inniu go bhfuil “cogadh cinedhíothach” ar bun acu agus ghríosaigh sé an pobal idirnáisiúnta chun stop a chur leo.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2clvtdmk

Contact: irishlingos@gmail.com

New regulations regarding the signature giant bully.

Rialacháin nua maidir leis an mbulaí ollmhór sínithe.

Rural and Community Development Minister Heather Humphreys has signed new regulations that will ban XL bully (or giant bully) dogs in this State.

Tá an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys tar éis rialacháin nua a shíniú a chuirfeas cosc ar mhadraí den phór bulaí XL (nó bulaí ollmhór) sa Stát seo.

It will be a two stage process.

Próiseas dhá chéim a bheas ann.

From next Tuesday, October 1, it will not be allowed to import, breed, sell or give to another person a giant bull.

Ón Máirt seo chugainn, 1 Deireadh Fómhair, ní bheidh cead bulaí ollmhór a iompórtáil, a phórú, a dhíol ná a thabhairt do dhuine eile.

From 1 February 2025, a person without an exemption certificate would not be allowed to have a giant bully.

Ón 1 Feabhra 2025, ní bheadh cead bulaí ollmhór a bheith ag duine gan teastas díolúine.

If these regulations are not met, the dogs can be captured and killed.

Mura gcomhlíonfar na rialacháin sin, is féidir na madraí a ghabháil agus a bhású.

Local authorities are responsible for issuing exemption certificates but dogs must first be licensed and clipped and microchipped.

Is iad na húdáráis áitiúla a bheas freagrach as teastais díolúine a lamháil ach ní mór do mhadraí a bheith ceadúnaithe agus gearrtha agus micrishlis a bheith iontu i dtosach.

The XL bully is already completely banned in the North and Britain and Minister Humphreys believes that this State should join them.

Tá cosc iomlán ar an mbulaí XL cheana féin sa Tuaisceart agus sa Bhreatain agus creideann an tAire Humphreys gur cheart don Stát seo a bheith ar aon bhuille leo.

The safety of the public is her biggest concern, she said, especially in light of the recent attacks by massive bullies on people in this country.

Sábháilteacht an phobail is mó is cás léi, a dúirt sí, go háirithe i bhfianaise ionsaithe a rinne bulaithe ollmhóra ar dhaoine sa tír seo le gairid.

A 23-year-old woman, Nicole Morey, died after being attacked by a massive bully at her home in Fedamare in Co Limerick at the beginning of the summer.

Bhásaigh bean 23 bliain d’aois, Nicole Morey, tar éis do bhulaí ollmhór í a ionsaí ina teach cónaithe i bhFeadamair i gCo Luimnigh i dtús an tsamhraidh.

Eleven days ago, a man was injured when one of those dogs grabbed him in north Dublin.

Aon lá dhéag ó shin, gortaíodh fear nuair a rug ceann de na madraí sin air i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Last month, a one-year-old girl was seriously injured when she was attacked by a huge bully in Co Kerry.

An mhí seo caite, gortaíodh go dona cailín beag bliain d’aois nuair a thug bulaí ollmhór fogha fúithi i gCo Chiarraí.

In November 2022, a young boy, Alejandro Mizsan, was seriously injured when he was attacked by a huge bully while playing with his friends in a park in Enniscorthy in Co Wexford.

I mí na Samhna 2022, bhain drochghortuithe do bhuachaill óg, Alejandro Mizsan, nuair a d’ionsaigh bulaí ollmhór é agus é ag súgradh lena chairde i bpáirc in Inis Córthaidh i gCo Loch Garman.

The new law, however, is a bitter drink for people with massive bullies and for animal welfare organizations.

Is searbh an deoch í an dlí nua, áfach, do dhaoine a bhfuil bulaithe ollmhóra acu agus d’eagraíochtaí cúraim ainmhithe leis.

Yesterday, a group of them marched as far as Dáil Éireann demanding that the new regulations be amended.

Inné, mháirseáil grúpa díobh chomh fada le Dáil Éireann agus iad ag éileamh na rialacháin nua a leasú.

Supporting them are Chris Andrews from Sinn Féin and Neasa Hourigan from the Green Party.

Ag tacú leo tá Chris Andrews ó Shinn Féin agus Neasa Hourigan ón gComhaontas Glas.

RTÉ News and Current Affairs A two-stage ban on the XL bully (or huge bully) in this State

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Cosc le cur ina dhá chéim ar an mbulaí XL (nó bulaí ollmhór) sa Stát seo

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/24lom9kg

Contact: irishlingos@gmail.com

Lebanon: talk of a ceasefire but the bombing continues.

An Liobáin: caint ar shos comhraic ach maireann an bhuamáil.

Israeli military forces are continuing their bombing of Lebanon since the beginning of this week despite requests from the United States and France to implement a ceasefire.

Tá fórsaí míleata Iosrael ag leanúint den bhuamáil atá siad a dhéanamh ar an Liobáin ó thús na seachtaine seo ainneoin iarratais ó na Stáit Aontaithe agus ón bhFrainc sos comhraic a chur i bhfeidhm.

The Government of Lebanon indicated that thirteen people were killed in bombing attacks carried out by the Israeli air force on parts of the east and south of the country during the night.

Thug Rialtas na Liobáine le fios gur maraíodh trí dhuine dhéag in ionsaithe buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar áiteanna in oirthear agus i ndeisceart na tíre i gcaitheamh na hoíche.

However, that report appears to have been a hoax since it was later reported that 23 people – mostly women and children – were killed when the Israelis bombed a small town in eastern Lebanon.

Is cosúil gur maolaisnéis a bhí sa tuairsic sin, áfach, ó tuairiscíodh ina dhiaidh sin gur maraíodh 23 duine – mná agus leanaí a bhformhór – nuair a bhuamáil na hIosraelaigh baile beag in oirthear na Liobáine.

The dead were apparently refugees from the war in Syria.

Teifigh ón gcogadh sa tSiria a bhí sna mairbh, de réir dealraimh.

According to the Israelis, their missiles hit 75 Hezbollah sites – arsenals, rocket launching bases and other military infrastructure.

Dar leis na hIosraelaigh gur bhuail a gcuid diúracán 75 ionad de chuid Hezbollah – armlanna, bunáiteanna lainseála roicéad agus bonneagar míleata eile.

Yesterday, the bombing killed at least 72 people and injured hundreds.

Inné, maraíodh 72 duine ar a laghad agus gortaíodh na céadta de bharr na buamála.

The Israelis claimed they attacked Hezbollah positions and destroyed nearly 300 of them.

Mhaígh na hIosraelaigh gur ionaid de chuid Hezbollah a d’ionsaigh siad agus gur scrios siad beagnach 300 acu.

About 100,000 people have fled the danger zone in the hope of finding refuge in the capital, Beirut, and other towns in northern Lebanon.

Tá thart ar 100,000 duine tar éis teitheadh ó bhearna an bhaoil ar shúil go bhfaighidh siad tearmann sa phríomhchathair, Béiriút, agus i mbailte eile i dtuaisceart na Liobáine.

In New York, US President Joe Biden and French President Emmanuel Macron both expressed concern that there would be an all-out war in the region.

I Nua-Eabhrac, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron araon go raibh imní orthu go mbeadh cogadh iomlán sa réigiún.

They called for a three-week ceasefire to be implemented and to seize the opportunity to engage in talks about easing the crisis.

D’iarr siad sos comhraic trí seachtaine a chur i bhfeidhm agus breith ar an bhfaill le dul i mbun comhráite faoin ngéarchéim a mhaolú.

Joe Biden and Emmanuel Macron are attending the United Nations General Assembly in New York.

Tá Joe Biden agus Emmanuel Macron ag freastal ar Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac.

Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu is scheduled to address the Assembly this evening.

Tá Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu le óráid a thabhairt sa Chomhthionól tráthnóna inniu.

RTÉ News and Current Affairs People watch the bombing of their own village near Tuir in southern Lebanon, 26 September 2024

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Daoine ag faire ar bhuamáil a sráidbhaile féin in aice leis an Tuír i ndeisceart na Liobáine, 26 Meán Fómhair 2024

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ank5lhk

Contact: irishlingos@gmail.com

Children’s hospital: completion date postponed 14 times from 2020.

Ospidéal leanaí: dáta críochnaithe curtha siar 14 uair ó 2020.

The completion date of the new children’s hospital has been pushed back fourteen times by four years by building contractors BAM, the Joint Oireachtas Committee for Health was told today.

Tá dáta críochnaithe an ospidéil nua leanaí curtha siar ceithre huaire dhéag le ceithre bliana ag na conraitheoirí tógála BAM, a dúradh leis an gComhchoiste Oireachtais um Sláinte inniu.

Speaking before the committee, the chief executive of the hospital’s board, David Gunning, said that BAM now thinks the hospital will be completed by June next year, which is 31 months later than last indicated. the issue was discussed with the company.

Ag labhairt dó i láthair an choiste, dúirt príomhfheidhmeannach bhord an ospidéil, David Gunning, go gceapann BAM anois go mbeidh an t-ospidéal críochnaithe faoi Mheitheamh na bliana seo chugainn, sin 31 mí níos moille ná mar a tugadh le fios an uair dheireanach a pléadh an cheist leis an gcomhlacht.

David Gunning claimed this was not good enough and said the board could not accept the endless postponement.

Mhaígh David Gunning nach raibh seo maith go leor agus dúirt nach bhféadfadh an bord glacadh leis an gcur siar gan deireadh.

He admitted, however, that there was no contractual arrangement regarding a completion date set out in writing and he did not provide any information about what the board intended to do to resolve the problem.

D’admhaigh sé, áfach, nach raibh socrú conarthach maidir le dáta críochnaithe leagtha amach i scríbhinn agus níor thug sé aon eolas faoi cad a bhí ar intinn ag an mbord a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach.

David Gunning informed the committee that the Government allocated a capital budget of €1.88 billion for the hospital last February and confirmed that a total of €1.478 billion had been spent on the project to date, including value added tax.

Thug David Gunning le fios don choiste gur lamháil an Rialtas buiséad caipitil de €1.88 billiún le haghaidh an ospidéil i mí Feabhra seo caite agus dhearbhaigh gur caitheadh €1.478 billiún san iomlán ar an togra go dtí seo, cáin bhreisluacha san áireamh.

The quality and timeliness of the construction and fitting out work at the hospital is being questioned.

Tá amhras á chaitheamh le hatha ar fheabhas agus ar thráthúlacht na hoibre tógála agus feistiúcháin san ospidéal.

Despite this, BAM said yesterday that the company was committed to completing the hospital “as soon as possible for the children of Ireland”.

Ina ainneoin sin, dúirt BAM inné go raibh an comhlacht geallmhar ar an ospidéal a chríochnú “a luaithe ab fhéidir ar son leanaí na hÉireann”.

According to Sinn Féin’s health spokesperson, David Cullinane, different parties are ready to blame each other for the delay and asked both the hospital board and BAM to loosen this knot.

Dar le hurlabhraí sláinte Shinn Féin, David Cullinane, gur réidh ó dhreamanna éagsúla an milleán faoin moill a chur ar a chéile agus d’iarr ar bhord an ospidéil agus ar BAM araon an tsnaidhm seo a scaoileadh.

He also claimed that the Government was sending the pooch from their own house because they only had the foal part of the lattice and that they had no responsibility for the whole inefficiency.

Mhaígh sé freisin go raibh an Rialtas ag cur an phúca óna dteach féin i leith is nach raibh acu ach cuid an tsearraigh den chléith agus nach raibh aon fhreagracht orthu as an mí-éifeacht ar fad.

It must also be taken into account, said David Cullinane, that it was Taoiseach Simon Harris who signed the “flawed” contract with BAM on the first occasion when he was Minister for Health.

Ní mór a chur san áireamh chomh maith, arsa David Cullinane, gurbh é an Taoiseach Simon Harris a shínigh an conradh “lochtach” le BAM ar an gcéad ásc nuair a bhí sé ina Aire Sláinte.

It was revealed yesterday that a confidential report casts doubt on how prepared the administrative staff of the new hospital are to take over the place and start working there.

Nochtadh inné go gcaitear amhras i dtuarascáil faoi rún ar chomh hullamh agus atá foireann riartha an ospidéil nua leis an áit a thógáil ar láimh agus le dul i mbun oibre ann.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/26jk2wy4

Contact: irishlingos@gmail.com

Israel’s attack on Lebanon: 50 children, 94 women among the dead.

Ionsaí Iosrael ar an Liobáin: 50 leanbh, 94 bean i measc na marbh.

The Israeli military forces carried out more bombing attacks on centers in the south of Lebanon during the night after they killed almost over 500 people in a major attack they carried out on that country yesterday.

Rinne fórsaí míleata Iosrael tuilleadh ionsaithe buamála ar ionaid i ndeisceart na Liobáine i gcaitheamh na hoíche tar éis dóibh beagnach os cionn 500 duine a mharú i mórionsaí a rinneadar ar an tír sin inné.

According to the Lebanese Government, 558 people were killed and 1,835 injured when Israeli military jets fired missiles at places in southern and eastern Lebanon yesterday.

De réir Rialtas na Liobáine, maraíodh 558 duine agus leonadh 1,835 duine eile nuair a scaoil scairdeitleáin mhíleata Iosreal diúracáin le háiteanna i ndeisceart agus in oirthear na Liobáine inné.

50 children and 94 women were among the dead, it was said.

Bhí 50 leanbh agus 94 bean i measc na marbh, a dúradh.

Thousands of families have fled – and are still fleeing – from the villages that are being unleashed by the violent Israelis.

Tá na mílte teaghlach teite – agus ag teitheadh fós – ó na sráidbhailte a bhfuil fíoch forneartmhar na nIosraelach á ligean amach orthu.

The Israelis confirmed that they had fired missiles from the air and from the ground at dozens of locations in Lebanon during the night and that they were aimed at Hezbollah bases.

Dhearbhaigh na hIosraelaigh gur scaoil siad na frasa diuracán ón aer agus ón talamh leis na dosaein ionad sa Liobáin i gcaitheamh na hoíche agus gur ar bhunáiteanna le Hezbollah a bhíodar dírithe.

The Israelis also said that their bombs hit about 1,300 locations in Lebanon yesterday and claimed that many members of Hezbollah were killed.

Dúirt na hIosraelaigh freisin gur bhuail a gcuid buamaí thart ar 1,300 ionad sa Liobáin inné agus mhaígh gur maraíodh mórán comhaltaí de Hezbollah dá mbarr.

According to the head of foreign affairs of the European Union, Josep Borrell, “almost a war” is now underway in Lebanon and said that civilians are paying dearly for it.

Dar le ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, Josep Borrell, gur “cogadh nach mór” atá ar bun sa Liobáin anois agus dúirt go bhfuil sibhialtaigh ag íoc go daor as.

He called for every diplomatic effort to be made with a view to preventing total war.

D’iarr sé gach iarracht taidheoireachta a dhéanamh le dúil cogadh iomlán a chosc.

France has requested an emergency meeting of the United Nations Security Council to discuss the crisis.

Tá cruinnú éigeandála de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iarrtha ag an bhFrainc leis an ngéarchéim a phlé.

A spokesman for the American Government said that “the United States does not support the escalation of hostilities across the border between Israel and Hezbollah”.

Dúirt urlabhraí ó Rialtas Mheiriceá “nach dtacaíonn na Stáit Aonaithe le géarú na cogaíochta trasna na teorann idir Iosrael agus Hezbollah”.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/297krryp

Contact: irishlingos@gmail.com

16 people charged after protests in DAC yesterday.

16 dhuine cúisithe tar éis agóidí i mBÁC inné.

16 people have been charged in relation to incidents during protests in Dublin city center yesterday.

Tá 16 dhuine cúisithe maidir le heachtraí le linn agóidí i lár chathair Bhaile Átha Cliath inné.

Gardai had to deal with a number of public order incidents in the capital, and 22 people were arrested.

B’éigean do Ghardaí dul i ngleic le roinnt eachtraí oird phoiblí sa phríomhchathair, agus gabhadh 22 dhuine.

14 men and 8 women in their twenties and sixties were arrested, 16 of whom have since been charged.

Gabhadh 14 fhear agus 8 ban idir na ficeadhaí agus sna seascadaí, agus cúisíodh 16 díobh ó shin.

The charges relate mainly to public order offences, as well as charges of assault, criminal damage and possession of knives.

Baineann na cúisimh go príomha le cionta oird phoiblí, chomh maith le cúisimh ionsaithe, damáiste coiriúil agus sceana bheith i seilbh daoine.

One man has already been brought before court, and three others are due to appear before the District Court in Dublin today.

Tugadh fear amháin os comhair cúirte cheana féin, agus tá triúr eile le teacht os comhair na Cúirte Dúiche i mBaile Átha Cliath inniu.

A further 13 people were charged, released and will be brought back to court in the coming rounds.

Cúisíodh 13 dhuine eile, scaoileadh saor iad agus tabharfar ar ais os comhair cúirte iad sna seachainí atá romhainn amach.

The rest of the people will be discussed about the Age Warning Scam.

Pléifear leis an gcuid eile de na daoine faoin Scúim um Rabhadh Aosach.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2d8bexy5

Contact: irishlingos@gmail.com

Bombing attacks carried out by Israel on southern Lebanon.

Ionsaithe buamála déanta ag Iosrael ar dheisceart na Liobáine.

Israeli forces carried out bombing attacks on sites in southern Lebanon this morning in an apparent salvo against Hezbollah, after Israeli secret agents killed and injured members of that organization and civilians with booby traps for two days.

Rinne fórsaí Iosrael ionsaithe buamála ar ionaid i ndeisceart na Liobáine ar maidin inniu le cneá oscailte Hezbollah a shailleadh, is cosúil, tar éis do ghníomhairí rúnda Iosrael comhaltaí den eagraíocht sin agus sibhialtaigh a mharú agus a ghortú le bobghaistí le dhá lá.

Yesterday, 20 people were killed and approximately 450 others were injured when handheld radio devices belonging to members of Hezbollah exploded in the Lebanese capital, Beirut, and in the Bekaa Valley in the east of the country.

Inné, maraíodh 20 duine agus gortaíodh tuairim is 450 duine eile nuair a phléasc gairis raidió láimhe le comhaltaí de Hezbollah i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút, agus i nGleann Bheiceá in oirthear na tíre.

The day before, twelve people were killed – including two children – and nearly 3,000 others were injured when thousands of cellphones exploded with members of Hezbollah in Beirut, the Bekaa Valley and southern Lebanon.

An lá roimhe sin, maraíodh dháréag – beirt pháistí ina measc – agus leonadh beagnach 3,000 duine eile nuair a phléasc na mílte glaoire póca le comhaltaí de Hezbollah i mBéiriut, i nGleann Bheiceá agus i ndeisceart na Liobáine.

About 3,000 pagers apparently exploded when a coded message was sent to them.

Is cosúil gur phléasc thart ar 3,000 glaoire nuair a seoladh teachtaireacht chódaithe chucu.

It is believed to have been a mass cyber attack and it was reported yesterday that Israeli secret agents may have planted small explosive devices in the pagers before Hezbollah bought them from a company based in Taiwan.

Glactar leis gur oll-chibirionsaí a bhí ann agus tuairiscíodh inné go mb’fhéidir gur chuir gníomhairí rúnda Iosrael gairis bheaga phléascacha sna glaoirí sular cheannaigh Hezbollah iad ó chomhlacht atá bunaithe sa Téaváin.

In a statement, however, the Gold Apollo company indicated that they did not make the callers even though they bear the company’s brand.

I ráiteas, áfach, thug an comhlacht Gold Apollo le fios nach ndearna siadsan na glaoirí cé go bhfuil branda an chomhlachta orthu.

According to the statement, they were made by a company based in the capital of Hungary, Budapest.

De réir an ráitis, is comhlacht atá bunaithe i bpríomhchathair na hUngáire, Búdaipeist, a rinne iad.

As with the handheld radio devices – or walkie-talkies as they are called – today it is reported that they were branded by a company from Japan.

Mar leis na gairis raidió láimhe – nó siúlscéalaithe mar a thugtar orthu – tuairiscítear inniu go raibh branda chomhlacht ón tSeapáin orthu.

In a statement, however, the ICOM company said that they stopped making those particular walkers ten years ago.

I ráiteas, ámh, dúirt an comhlacht ICOM gur éirigh siad as na siúlscéalaithe áirithe sin a dhéanamh deich mbliana ó shin.

RTÉ News and Current Affairs Bombing attack carried out by Israeli forces on the village of Kfar Kila in southern Lebanon

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Ionsaí buamála déanta ag fórsaí Iosrael ar shráidbhaile Kfar Kila i ndeisceart na Liobáine

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2xrpkv67

Contact: irishlingos@gmail.com

Decision about Apple money to be announced in the Budget.

Cinneadh faoi airgead Apple le fógairt sa Bhuiséad.

It is estimated that the Government will set out in the Budget, a week from next Tuesday, how the big tax windfall from Apple will be spent.

Meastar go leagfaidh an Rialtas amach sa Bhuiséad, seachtain ón Máirt seo chugainn, conas a chaithfear an t-amhantar mór cánach ó Apple.

In a meeting of the Fine Gael parliamentary party last night, Taoiseach Simon Harris indicated that he hoped the Government would have made a decision regarding the money by 1 October.

I gcruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael aréir, thug an Taoiseach Simon Harris le fios go raibh súil aige go mbeadh cinneadh déanta ag an Rialtas maidir leis an airgead faoin 1 Deireadh Fómhair.

Last week, the European Court of Justice ruled that Apple would have to pay €13 billion in taxes to Ireland, as ordered by the European Union in 2016.

An tseachtain seo caite, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach go gcaithfeadh Apple €13 billiún i gcánacha a íoc le hÉirinn, mar a bhí ordaithe ag an Aontas Eorpach in 2016.

The money was deposited in an escrow account while the case was ongoing and due to interest it is now worth €14.1 billion.

Bhí an t-airgead i dtaisce i gcuntas eascró fad is a bhí an cás ar siúl agus de bharr úis is fiú €14.1 billiún anois é.

In last night’s meeting, the Taoiseach confirmed that the money would be invested in further developing the State’s infrastructure.

Sa chruinniú aréir, dheimhnigh an Taoiseach go n- infheisteofaí an t-airgead i mbonneagar an Stáit a fhorbairt tuilleadh.

It is understood that he had in mind housing, water and energy infrastructure.

Tuigtear gur bonneagar tithíochta, uisce agus fuinnimh a bhí ar intinn aige.

The Government has already decided not to make the money available for daily spending or to compensate tax reductions for the Exchequer.

Tá sé socraithe cheana féin ag an Rialtas gan an t-airgead a chur ar fáil faoi thuairim caiteachais laethúla ná chun laghduithe cánach a chúiteamh don Státchiste.

According to Sinn Féin, however, the public should be given a voice on the issue and wait until after the general election before making any decision about the money.

Dar le Sinn Féin, áfach, ba chóir guth a thabhairt don phobal ar an gceist agus fanacht go dtí tar éis an olltoghcháin sula ndéanfaí aon chinneadh faoin airgead.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/23fwv5n7

Contact: irishlingos@gmail.com

Sick children from Gaza to receive medical treatment in Ireland.

Leanaí tinne as Gaza le cóireáil leighis a fháil in Éirinn.

Health Minister Stephen Donnelly is to ask the Cabinet for permission to bring scores of sick children from Gaza to Ireland to be treated in hospitals in this country.

Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly le cead a iarraidh ar an gComhaireacht na scórtha leanaí tinne a thabhairt as Gaza go hÉirinn le cóir leighis a chur orthu in ospidéil sa tír seo.

Children with cancer, blood acidosis or other serious illness are involved, but children with orthopedic needs are not currently being taken into account.

Leanaí a bhfuil ailse, aicíd fola nó galar tromchúiseach eile orthu atá i gceist, ach níl leanaí a bhfuil riachtanais ortaipéideacha acu á gcur san áireamh faoi láthair.

The matter will be discussed in a meeting of the Cabinet today.

Pléifear an scéal i gcruinniú den Chomhaireacht inniu.

The plan has been prepared for several months by various Government Departments in collaboration with medical professionals and the Irish Red Cross.

Tá an plean á réiteach le roinnt míonna ag Ranna Rialtais éagsúla i gcomhar le lucht leighis agus Cros Dhearg na hÉireann.

According to the plan, a medical team from Ireland will go to Gaza to assess sick children and to get more information about their needs from their families or other people who are caring for them.

De réir an phlean, rachaidh foireann leighis as Éirinn go Gaza le measúnú a dhéanamh ar leanaí tinne agus le tuilleadh eolais a fháil faoina gcuid riachtanas óna muintreacha nó ó dhaoine eile atá ag tabhairt aire dóibh.

It is intended to bring around 30 children to Ireland before the end of the year and more afterwards.

Tá sé i gceist thart ar 30 leanbh a thabhairt go hÉirinn roimh dheireadh na bliana agus tuilleadh ina dhiaidh sin.

Caregivers will accompany the children and they will live in homes with health care workers working in this country.

Tiocfaidh cúramóirí in éineacht leis na leanaí agus cónóidh siadsan i dtithe le cúramóirí sláinte atá ag obair sa tír seo.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/286vd7kv

Contact: irishlingos@gmail.com

The FBI is investigating an assassination attempt on Donald Trump.

Iarracht feallmharaithe ar Donald Trump á fhiosrú ag an FBI.

Former President Donald Trump is safe after the Secret Service came before an attempt to assassinate him while he was playing golf on his own golf course in West Palm Beach, Florida yesterday.

Tá an t-iar-Uachtarán Donald Trump slán tar éis don tSeirbhís Rúnda teacht roimh iarracht a cheaptar a bhí ar bun é a fheallmharú agus é ag imirt gailf ar a ghalfchúrsa féin i West Palm Beach, Florida inné.

Members of the Secret Service fired shots at a gunman who was hiding in hedges near the edge of the golf course, when he was spotted a hundred yards from where Trump was playing yesterday afternoon.

Chaith baill den tSeirbhís Rúnda urchair le gunnadóir a bhí i bhfolach i sceacha gar d’imeall an ghalfchúrsa, nuair a tugadh faoi deara é roinn céad slat ón áit a raibh Trump ag imirt tráthnóna inné.

The man fled the scene in a car, but was later arrested.

Theith an fear ón láthair i gcarr, ach gabhadh níos deireanaí é.

He had left behind an AK-47 assault rifle and other items.

Bhí raidhfil ionsaithe AK-47 agus nithe eile fágtha ina dhiaidh aige.

This incident came two months after Donald Trump was wounded in the ear when a gunman threw bullets at him at a rally in Pennsylvania, an incident in which one man was killed and several others were injured.

Tháinig an eachtra seo dhá mhí tar éis do Donald Trump bheith gortuithe ina chluais nuair a chaith gunnadóir urchair leis ag slógadh i bPennsylvania, eachtra inar maraíodh fear agus gortaíodh roinnt eile.

Trump issued a statement after the incident thanking the goodwill shown to him and the authorities who kept him safe.

D’eisigh Trump ráiteas i ndiaidh na heachtra ag gabháíl buíochais as an dea-mhéin a léiríodh dó agus as na húdaráis a choinnigh slán é.

An interesting day, he called it.

Lá speisiúil, a thug sé air.

The man arrested is not officially named by the FBI, but CNN, Fox News and the New York Times, among other media, are saying that Ryan Wesley Routh, a 58- year-old man from Hawaii, is the one who fled the scene.

Níl an fear a gabhadh á ainmniú go hoifiigúíl ag an FBI, ach tá na CNN, Fox News agus an New York Timeas, i measc meán eile, á rá gurb é Ryan Wesley Routh, fear 58 mbliana d’aois as Hawaii, an té a theith ón láthair.

It is not known if the man knew Trump was there at the time, nor is it yet known what led him to be there with an assault rifle.

Ní fios an raibh a fhios ag an bhfear go raibh Trump ar an láthair ag an am, ná ní fios go fóill céard a thug air bheith ar an láthair le gunna ionsaithe.

But there are now questions about the level of security given to the former president and controversial candidate.

Ach tá ceisteanna anois faoin leibhéal slándála a thugtar don iar-uachtarán agus iarrthóir conspóideach.

Officials acknowledged that the golf course is not completely closed because Trump is not in office.

D’adamhaigh oifigigh nach bhfuil an galfchúrsa dúnta go hiomlán de bharr nach bhfuil Trump in oifig.

The head of the Secret Service, Kimberly Cheatle, had to resign from office b President Joe Biden and Vice President Kamala Harris gave statements from them after the incident, saying that they were grateful that Donald Trump was not hurt. they were kept informed of the inquiry and that political violence had never had a place in the life of the United States.

B’éigean do cheannaire na Seirbhíse Rúnda, Kimberly Cheatle, éírí as oifig de b Thug an tUachtaran Joe Biden agus an Leas-Uachtaran Kamala Harris ráítis uathu tar éis na heachtra, á rá go raibh siad buíoch nar bhain aon ghortú do Donald Trump go raibh siad á gcoinneáil ar an eolas faoin bhfiosrúchán agus nach raibh aon ait riamh don fhoréigean polaitiúil i saol na Stát Aontaithe.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2y5pnu3t

Contact: irishlingos@gmail.com

Man arrested for supplying counterfeit mobile phones.

Fear gafa faoi theileafóin phóca ghóchumtha a sholáthar.

Gardaí have arrested a man in his forties as part of an ongoing investigation into the supply of counterfeit mobile phones.

Tá fear sna daichidí gafa ag na Gardaí mar chuid d’fhiosrúchán atá ar bun acu maidir le teileafóin phóca ghóchumtha a bheith á soláthar.

The man was arrested yesterday and is being held at a Garda station in Dublin.

Gabhadh an fear inné agus tá sé á choinneáil i stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.

In that case, the Gardai have raided fourteen bank accounts and confiscated €143,245 in cash.

Ina cheann sin, tá ceithre chuntas bainc déag calctha ag na Gardaí agus tá €143,245 in airgead tirim coigistithe acu.

According to the Gardaí, one company has lost around €10 million due to the illegal sale of counterfeit mobile phones.

Dar leis na Gardaí go bhfuil comhlacht amháin thart ar €10 milliún caillteach de bharr fóin phóca ghóchumtha a bheith á ndíol go neamhdhleathach.

The Intellectual Property Crime Unit of the Garda Síochána is conducting the investigation.

Is é Aonad um Choireacht Maoin Intleachtúil an Gharda Síochána atá i mbun an fhiosrúcháin.

That unit is a division of the National Bureau of Criminal Investigation.

Is rannóg é an t-aonad sin den Bhiúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2d3brwty

Contact: irishlingos@gmail.com

200 new jobs to be created in Kilkenny, 60 new jobs in Cork.

200 post nua le cruthú i gCill Chainnigh, 60 post nua i gCorcaigh.

US human resources firm UKG is to create 200 new jobs in Kilkenny.

Tá an comhlacht acmhainní daonna as na Stáit Aontaithe UKG le 200 post nua a chruthú i gCill Chainnigh.

The new recruits will mainly work in the field of cyber security, but customer services and research and development will also be involved.

Is ag obair i réimse na cibearshlándála is mó a bheas na hearcaigh nua ach beidh seirbhísí custaiméirí agus taighde agus forbairt i gceist chomh maith.

The Industrial Development Agency (IDA Ireland) is supporting the new investment.

Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT Éireann) ag tacú leis an infheistíocht úr.

UKG president Hugo Sarrazin said that the company has 80,000 customers worldwide and indicated that it was decided to create the new jobs in Kilkenny above all else due to the success of the technology sector in the region already.

Dúirt uachtarán UKG Hugo Sarrazin go bhfuil 80,000 custaiméir ag an gcomhlacht ar fud an domhain agus thug le fios gur socraíodh ar na poist nua a chruthú i gCill Chainnigh thar aon áit eile mar gheall ar an rath atá ar an earnáil teicneolaíochta sa réigiún cheana féin.

That’s true, says GFT Ireland chief executive Michael Lohan, and he added that there are many people who are qualified in cyber security based in Kilkenny.

Is fíor sin, arsa príomhfheidhmeannach GFT Éireann Michael Lohan, agus dúirt sé freisin go bhfuil go leor daoine atá cáilithe sa chibearshlándáil lonnaithe i gCill Chainnigh.

Taoiseach Simon Harris said he was delighted with the news and he also drew attention to the boom in the technology sector in the region.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris go mb’áthas leis an scéala agus tharraing sé féin aird chomh maith ar an mborradh atá faoin earnáil teicneolaíochta sa réigiún.

It was also announced today that data management company NetApp is to create 60 new jobs in Cork.

Fógraíodh inniu freisin go bhfuil an comhlacht bainistithe sonraí NetApp le 60 post nua a chruthú i gCorcaigh.

The new jobs will be made available in the company’s software development department.

Is i rannóg forbartha bogearraí an chomhlachta a chuirfear na poist nua ar fáil.

NetApp’s international headquarters are based in the Docklands in Cork.

Is i gCeantar na nDugaí i gCorcaigh atá ceannionad idirnáisiúnta NetApp bunaithe.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/23lhb8cs

Contact: irishlingos@gmail.com

Gaza: twelve Palestinians killed in an attack on a school.

Gaza: dháréag Palaistíneach maraithe in ionsaí ar scoil.

The authorities in Gaza say that at least twelve people were killed and fifteen people were injured when the Israeli air force fired a missile at a school in Gaza City this morning.

Deir na húdaráis in Gaza gur maraíodh dháréag ar a laghad agus gur gortaíodh cúig dhuine dhéag nuair a scaoil aerfhórsa Iosrael diúracán le scoil i gCathair Gaza ar maidin inniu.

Thousands of people were sheltered in the school, according to the local civil defense.

Bhí na mílte duine ar foscadh sa scoil, dar le cosaint shibhialta na háite.

The Israelis say that a Hamas command center was based in the school and that is where the missile was aimed.

Deir na hIosraelaigh go raibh ionad ceannais de chuid Hamas bunaithe sa scoil agus gur air sin a bhí an diúracán dírithe.

It is said that almost 100 people were killed when the Israelis attacked another school in Gaza City ten days ago.

Deirtear gur maraíodh beagnach 100 duine nuair rinne na hIosraelaigh ionsai ar scoil eile i gCathair Gaza deich lá ó shin.

The Israelis also claimed at the time that the attack was aimed at Hamas.

Mhaígh na hIosraelaigh an t-am sin freisin gur ar lucht Hamas a bhí an t-ionsaí dírithe.

Other schools in Gaza have been attacked by the Israelis for several weeks.

Tá scoileanna eile in Gaza ionsaithe ag na hIosraelaigh le roinnt seachtainí leis.

The Israelis revealed today that they had found the bodies of six Israeli hostages in the city of Khan Younis in southern Gaza.

Thug na hIosraelaigh le fios inniu go raibh coirp sheisear giall Iosraelacha faighte acu i gcathair Khan Younis i ndeisceart Gaza.

It was already known that five of the six had died.

Bhí a fhios cheana go raibh cúigear den seisear básaithe.

Over 100 hostages are still being held by Hamas since they launched a major attack on southern Israel on October 7 last year.

Tá os cionn 100 giall fós á gcoinneáil ag Hamas ó rinne siad mórionsaí ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh.

US Secretary of State Antony Blinken and Egyptian President Abdel Fattah al- Sisi held talks in Cairo this morning regarding a ceasefire in Gaza.

Bhí comhráite ag Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken agus Uachtarán na hÉigpite Abdel Fattah al-Sisi i gCaireo ar maidin inniu maidir le sos comhraic in Gaza.

Antony Blinken will have a meeting in Doha later today with the leader of Qatar, Sheikh Tamim bin Hamad Al-Thani.

Beidh cruinniú ag Antony Blinken in Doha níos deireanaí inniu le ceannaire Chatar, an Síc Tamim bin Hamad Al-Thani.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/258jzkka

Contact: irishlingos@gmail.com

Little girl seriously ill after being attacked by bully XL.

Cailín beag go dona tinn tar éis do bhulaí XL í a ionsaí.

A one-year-old girl who was seriously injured when she was attacked by a dog in Co Kerry last Saturday evening is being treated in hospital.

Tá cóir leighis á cur san ospidéal ar chailín beag bliain d’aois a gortaíodh go dona nuair a d’ionsaigh madra í i gCo Chiarraí tráthnóna Dé Sathairn seo caite.

The Gardai are investigating the disaster that happened in Leic Snámha in north Kerry.

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoin tubaiste a tharla i Leic Snámha i dtuaisceart Chiarraí.

It is understood that the dog in question was an XL bully.

Tuigtear gur bulaí XL an madra a bhí i gceist.

The dog died after the attack.

Básaíodh an madra i ndiaidh an ionsaithe.

The bully XL is a cross breed which is restricted in this State.

Cros-phór atá sa bhulaí XL a bhfuil srianta ag baint leis sa Stát seo.

The Government intends to further restrict it from 1 October and ban it completely from 1 February next year.

Tá rún ag an Rialtas tuilleadh srianta a chur air ón 1 Deireadh Fómhair agus cosc iomlán a chur air ón 1 Feabhra an chéad bhliain eile.

The XL bully is already completely banned in the North and Britain.

Tá cosc iomlán ar an mbulaí XL cheana féin sa Tuaisceart agus sa Bhreatain.

The issue drew attention and outraged people when a 23-year-old woman, Nicole Morey, died after being attacked by an XL bully at her home in Fedamare in Co Limerick two months ago.

Tarraingíodh aird ar an gceist agus cuireadh alltacht ar dhaoine nuair a bhásaigh bean 23 bliain d’aois, Nicole Morey, tar éis do bhulaí XL í a íonsaí ina teach cónaithe i bhFeadamair i gCo Luimnigh dhá mhí ó shin.

In November 2022, a young boy, Alejandro Mizsan, was seriously injured when he was attacked by an XL bully while playing with his friends in a park in Enniscorthy in Co Wexford RTÉ News and Current Affairs

I mí na Samhna 2022, bhain drochghortuithe do bhuachaill óg, Alejandro Mizsan, nuair a d’ionsaigh bulaí XL é agus é ag súgradh lena chairde i bpáirc in Inis Córthaidh i gCo Loch Garman Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/28gd8gof

Contact: irishlingos@gmail.com

The attack on a chaplain: investigating a terrorist link.

An t-ionsaí ar shéiplíneach: nasc sceimhlitheoireachta á fhiosrú.

Gardai are investigating whether the attack on an army chaplain at Dún O’Mailiosa last night was linked to terrorism.

Tá na Gardaí ag fiosrú an raibh aon bhaint ag an ionsaí a rinneadh ar shéiplíneach airm ag Dún Uí Mhaoilíosa aréir le sceimhlitheoireacht.

A teenager has been arrested in connection with the incident in east Galway, in which an army chaplain was injured on his way into Dún O’Maoliosa.

Tá déagóir gafa maidir leis an eachtra in oirthear na Gaillimhe, inar gortaíodh séiplíneach airm ar a bhealach isteach go dtí Dún Uí Mhaoilíosa.

The chaplain, who is in his fifties, was stabbed during the attack, which happened at 10:45pm.

Sádh an séiplíneach, atá sna caogaidí, le linn an ionsaithe, a tharla ag 10:45pm.

He was taken to University Hospital, Galway.

Tugadh é go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

He suffered serious, but non-life-threatening injuries.

Baineadh gortuithe tromchúiseacha dó, ach tuigtear nach bhfuil sé i mbaol báis.

In a statement on Facebook today, the chaplain thanked the community for all their prayers and indicated that he was to undergo surgery.

I ráiteas ar Facebook inniu, ghabh an séiplíneach buíochas leis an bpobal as a bpaidreacha ar fad agus thug sé le fios go raibh obráid le déanamh air.

The defense forces stopped the attack and managed to keep the teenager under control until the Gardaí arrived.

Chuir na fórsaí cosanta stop leis an ionsaí réir agus d’éirigh leo an déagóir a choimeád faoi smacht go dtí gur tháinig na Gardaí.

The chaplain was taken to University Hospital, Galway. He is being held at a Garda station in the north-west of the country.

Tugadh an séiplíneach go dtí Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh Tá sé á choimeád ag stáisiún de chuid na nGardaí in iarthuaisceart na tíre.

In a statement, the Defense Forces indicated that shots were fired during the incident.

I ráiteas, thug na Fórsaí Cosanta le fios gur scaoileadh urchair le linn na heachtra.

But that the officers on duty always followed the protocols of the Defense Forces in the event of an attack by a civilian on a member of the Defense Forces.

Ach gur chloígh na hoifigigh a bhí ar dualgas i gcónaí leis na prótacail atá ag Óglaigh na hÉireann i gcás ionsaí a bheith á dhéanamh ag sibhialtach ar bhall de na Fórsaí Cosanta.

The scene at Dún O’Mailiosa is guarded by the Gardaí and technical examinations are to be carried out.

Tá an láthair ag Dún Uí Mhaoilíosa cosanta ag na Gardaí agus tá scrúdaithe teicniúla le déanamh uirthi.

The incident took place at Dún O’Mailiosa in the east of Galway City last night.

Tharla an eachtra ag ag Dún Uí Mhaoilíosa in oirthear Chathair na Gaillimhe aréir.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2c7y6z4k

Contact: irishlingos@gmail.com

Over 40,000 people killed in Gaza in the last ten months.

Os cionn 40,000 duine maraithe in Gaza le deich mí anuas.

Negotiators are due to meet again today in Doha, the capital of Qatar.

Tá lucht idirbheartaíochta le bualadh lena chéile arís inniu in Doha, príomhchathair Chatar.

According to the authorities in Gaza, by now, over 40,000 people have been killed by Israeli forces in Gaza since October 7, 2023.

Deir réir na n-údarás in Gaza, faoin tráth seo, tá os cionn 40,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza ó bhí 7 Deireadh Fómhair 2023 ann.

The fresh talks started yesterday and the discussion will continue today.

Cuireadh tús leis na cainteanna úra inné agus leanfar den phlé inniu.

A US security source said yesterday’s talks were “proper”.

Thug foinse slándála de chuid na Stát Aontaithe le fios go raibh cainteanna an lae inné “fiúntach”.

“Critical work is underway”, said John Kirby, the United Nations security spokesman, to journalists at the White House last night.

“Obair ríthábhachtach atá ar bun”, a dúirt John Kirby, urlabhraí slándála na Náisiún Aontaithe, le hiriseoirí ag an Teach Bán aréir.

This process must be completed.”

Caithfear an próiséas seo a thabhairt i gcrích.”

At least six people were killed when a house was attacked in Jabalia in the north of the strip.

Maraíodh seisiúr ar a laghad nuair a rinneadh ionsaí ar theach in Jabalia i dtuaisceart an stráice.

But Gaza’s health ministry, which is controlled by Hamas, says at least six people were killed overnight in Gaza when a house was attacked in Jabalia, in the north of the strip.

Ach deir aireacht sláinte Ghaza, atá faoi smacht Hamas, gur maraíodh seisiúr, ar a laghad, thar oíche i nGaza nuair a rinneadh ionsaí ar theach in Jabalia, i dtuaisceart an stráice.

Earlier in the night, Israeli forces attacked the southern cities of Rafah and Khan Younis.

Níos túisce san oíche, rinne fórsaí Iosrael ionsaithe ar chathracha ó dheas, Rafah agus Khan Younis.

Hamas has not yet participated in the talks in Doha.

Níor ghlac Hamas páirt sna cainteanna in Doha go fóill.

However, in a statement on Telegram last night, a senior member of Hamas indicated that these attacks – which Israel is carrying out without stopping – would hinder any progress in the peace process.

I ráiteas ar Telegram aréir, áfach, thug ball sinsearach de chuid Hamas le fios go gcuirfeadh na hionsaithe seo – atá á ndéanamh gan stad ag Iosrael – bac ar aon dul chun cinn sa phroiséas síochána.

The war has been going on for ten months and over 40,000 people have been killed by now

Le deich mí atá an chogaíocht ar bun agus tá os cionn 40,000 duine maraithe faoin tráth seo

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2xq98oq7

Contact: irishlingos@gmail.com

Five prisoners still in hospital in Portlaoise.

Cúigear príosúnach fós san ospidéal i bPort Laoise.

Prison officers in the country’s prisons are more alert than usual since at least eleven prisoners fell very ill in Portlaoise Prison yesterday afternoon after taking an overdose of some drug.

Tá oifigigh phríosúin i bpríosúin na tíre airdealleach thar mar is gnách ó buaileadh an-tinn aon phríosúnach déag ar a laghad i bPríosún Phort Laoise tráthnóna inné tar éis dóibh ródháileog de dhruga éigin a thógáil.

As soon as the attention of prison officials was drawn to the emergency, ten prisoners were taken to the local hospital on bail.

A luaithe a tarraingíodh aird na n-oifigeach príosúin ar an éigeandáil, tugadh deichniúr príosúnach chun an ospidéil áitiúil faoi théirim.

Afterwards, however, more prisoners fell ill and at least one of them was also taken to hospital.

Ina dhiaidh sin, áfach, buaileadh tinn tuilleadh príosúnach agus tugadh duine acu ar a laghad chun an ospidéil chomh maith.

Three of the eleven are said to be seriously ill and in intensive care.

Deirtear go bhfuil triúr den aon duine dhéag an-dona tinn agus faoi dhianchúram.

Six recovered and have since been returned to prison.

Tháinig biseach ar sheisear agus tá siad tugtha ar ais chun an phríosúin ó shin.

The other two are said to be in a stable condition in hospital.

Deirtear go bhfuil bail sheasmhach san ospidéal ar an mbeirt eile.

Three weeks ago, the Irish Prison Service warned prisoners about the drug nits and the dangers associated with it.

Trí seachtaine ó shin, thug Seirbhís Phríosúin na hÉireann foláireamh do phríosúnaigh faoin druga níotáisín agus faoin gcontúirt a bhaineann leis.

Nitasine is an opiate drug that slows the heart rate and breathing rate.

Druga ópóideach is ea níotáisín a mhoillíonn an ráta croí agus an ráta análaithe.

The Prison Service says they are working in conjunction with the Health Service Executive and have obtained an extra supply of the medication naloxone in case it is needed.

Deir an tSeirbhís Phríosúin go bhfuil siad ag obair i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus go bhfuil soláthar breise den chógas leighis nalocsón faighte acu ar fhaitíos go mbeadh sé ag teastáil.

Naloxone can instantly reverse the damage caused by nitrite and other drugs and save people from death.

Is féidir le nalocsón an díobháil a dhéanann níotáisín agus drugaí eile a chealú ar an bpointe agus daoine a thógáil ón mbás.

The Irish Trust for the Reform of the Criminal System is a prisoners’ rights organization and they believe that the overcrowding of people in the country’s prisons is contributing to the drug problem in them.

Eagraíocht cearta príosúnach is ea Iontaobhas na hÉireann um Athchóiriú an Chórais Choiriúil agus dar leo go bhfuil an plódú daoine i bpríosúin na tíre ag cur le fadhb na ndrugaí iontu.

Speaking on RTÉ today, the executive director of the organization Saoirse Brady said that there were 5,017 people in various prisons in the State yesterday and that is 12% more than the number of people that have room for them.

Ag labhairt di ar RTÉ inniu, dúirt stiúrthóir feidhmiúcháin na heagraíochta Saoirse Brady go raibh 5,017 duine i bpríosúin éagsúla sa Stát inné agus gurb in 12 faoin gcéad níos mó ná an líon daoine a bhfuil áit iontu dóibh.

Saoirse Brady also pointed out that many of the people who are put in prison are drug addicts but they often do not get the support they need while in detention.

Thug Saoirse Brady le fios freisin gur andúiligh drugaí go leor de na daoine a chuirtear i bpríosúin ach gur minic nach bhfaigheann siad an tacaíocht atá de dhíth orthu agus iad faoi choinneáil.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2c76j4aa

Contact: irishlingos@gmail.com

Tim Walz chosen by Kamala Harris for the vice presidency.

Tim Walz roghnaithe ag Kamala Harris don leasuachtaránacht.

In the United States, the Governor of Minnesota Tim Walz has been chosen by the presidential candidate of the Democratic Party Kamala Harris to be her vice president, if she is elected in November.

Sna Stáit Aontaithe, is é Gobharnóir Minnesota Tim Walz atá roghnaithe ag iarrthóir uachtaránachta an Pháirtí Dhaonlathaigh Kamala Harris le bheith ina leasuachtarán aici, má thoghfar í i mí na Samhna.

Tim Walz said that he was honored that Kamala Harris had chosen him as his partner and indicated that he was determined to win the election.

Dúirt Tim Walz gur mór an onóir leis Kamala Harris é a roghnú mar chomhpháirtí agus thug le fios go raibh sé meáite ar an toghchán a bhuachan.

Tim Walz is 60 years old – only about six months older than Kamala Harris – and he lives in the city of St Paul, where many Irish people settled in the past, especially the people of Connemara.

Tá Tim Walz 60 bliain d’aois – gan é ach tuairim is sé mhí níos sine ná Kamala Harris – agus tá sé ina chónaí i gcathair St Paul, mar ar lonnaigh Gaeil go leor san am a caitheadh, go háirithe muintir Chonamara.

He is said to be an eloquent orator and some people were impressed with his recent criticism of Donald Trump and his fellow candidate JD Vance.

Deirtear gur líofa an t-óráidí é agus bhí daoine áirithe an-tógtha leis an gcáineadh a rinne sé le deireanas ar Donald Trump agus ar a chomhiarrthóir siúd JD Vance.

Kamala Harris and Tim Walz are going to tour from now on for the next five days in several states where the Democrats and the Republicans are currently neck and neck.

Tá Kamala Harris agus Tim Walz le camchuairt a thabhairt in éindí as seo go ceann cúig lá ar roinnt stát ina bhfuil na Daonlathaithe agus na Poblachtaigh gob ar ghob faoi láthair.

Kamala Harris has been doing well in the polls – better than Joe Biden in any case – since it was announced on July 21 that she was going to be a candidate.

Tá Kamala Harris ag cruthú go maith sna pobalbhreitheanna – níos fearr ná Joe Biden ar aon chor – ó fógraíodh ar an 21 Iúil go raibh sí le bheith ina hiarrthóir.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2569no8p

Contact: irishlingos@gmail.com

Government advising not to go to Israel, leave Lebanon.

Rialtas ag comhairliú gan dul go hIosrael, imeacht as an Liobáin.

The Government is advising Irish citizens not to go to Israel at the moment and Irish people in Lebanon are also being advised to leave that country because of the conflict in the region.

Tá an Rialtas ag comhairliú do shaoránaigh na hÉireann gan dul go dtí Iosrael faoi láthair agus táthar ag comhairliú freisin d’Éireannaigh atá sa Liobáin imeacht as an tír sin mar gheall ar an gcoimhlint sa réigiún.

In various statements they posted on X today, Taoiseach Simon Harris and Tánaiste Micheál Martin declared that the Department of Foreign Affairs believes that it is not safe to go to either of those two countries at the moment.

I ráitis éagsúla a phostáil siad ar X inniu, dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris agus an Tánaiste Micheál Martin go gcreideann an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach bhfuil sé sábháilte dul go dtí ceachtar den dá thír sin i láthair na huaire.

Irish people have already been advised not to go to Palestine because of the war Israel is waging on Gaza in particular.

Comhairlíodh d’Éireannaigh cheana gan dul go dtí an Phalaistín mar gheall ar an gcogadh atá Iosrael a chur ar Gaza go háirithe.

As with Lebanon, the Department of Foreign Affairs “strongly advises” people to stay away from the south of the country, a Hezbollah stronghold that is regularly attacked by Israeli forces.

Mar leis an Liobáin, tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha “ag moladh go láidir” do dhaoine fanacht amach ó dheisceart na tíre, dún daingean Hezbolladh a bhfuil fórsaí Iosrael á ionsaí go rialta.

Speaking on RTÉ yesterday, the commander of the Defense Forces of Ireland who are on a peace mission in southern Lebanon said that people in the region were on fire and that things were very uneasy there.

Ag labhairt dó ar RTÉ inné, dúirt ceannasaí Óglaigh na hÉireann atá ar fiannas síochána i ndeisceart na Liobáine go raibh daoine sa réigiún ar tinneall agus go raibh cúrsaí an-mhíshocair ann.

Lieutenant-Colonel Tom Fox indicated that people warned that the situation would get worse.

Thug an Leifteanant-Choirnéal Tom Fox le fios gur mheabhraigh daoine gur i ndonas a rachadh an scéal.

There are 332 soldiers from Ireland on peacekeeping duty with the United Nations in southern Lebanon.

Tá 332 saighdiúir as Éirinn ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontatthe i ndeisceart na Liobáine.

Some of them are based very close to the border between Lebanon and northern Israel.

Tá cuid acu bunaithe an-ghar don teorainn idir an Liobáin agus tuaisceart Iosrael.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2b7qcsrl

Contact: irishlingos@gmail.com

Gold medal at McClenaghan.

Bonn óir ag McClenaghan.

This country has won another gold medal at the Olympic Games in Paris.

Tá bonn óir eile buaite ag an tír seo ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras.

Rhys McClenaghan did the action for us in the gymnastics competition.

Rhys McClenaghan a rinne an beart dúinn i gcomórtas na gleacaíochta.

The County Down man managed to defeat every other competitor and showed his mastery of the odd horse throughout the evening.

D’éirigh le fear Chontae an Dúin chuile iomaitheoir eile a shárú agus thaispeáin sé a mháistreacht ar an gcapall corr i gcaitheamh an tráthnóna.

Nariman Kurbanov of Kazakhstan took the silver medal and Stephen Nedoroscik of the United States finished in 3rd place.

Fuair Nariman Kurbanov ón gCasacstáin an bonn airgid agus chríochnaigh Stephen Nedoroscik óna Stáit Aontaithe sa 3ú háit.

In other events Daniel Wiffen has won the men’s 1500m freestyle in the Olympic swimming competition.

In imeachtaí eile tá rás ceannais saorbhuille 1500m na bhfear i gcomórtas snámha na gCluichí Oilimpeacha bainte amach ag Daniel Wiffen.

The Irishman managed to come in first place easily in the half distance race in Paris this morning.

D’éirigh leis an Éireannach teacht sa gcéad áit go héasca sa rás leathchraoibhe i bPáras ar maidin.

His time was 14.40.34 and it was clear within 200m of the goal that this man from County Armagh would not be surpassed despite the strong efforts of the Italian, Gregorio Paltrinieri who finished in second place.

14.40.34 an t-am a bhí aige agus ba léir i bhfoisceacht 200m don sprioc nach sárófaí an fear seo as ContaeArd Mhacha ainneoin na dtréan iarrachtaí ón Iodálach,Gregorio Paltrinieri a chríochnaigh sa dara háit.

Wiffen in search of his second gold medal Daniel Wiffen will swim in the final at 6.35 tomorrow evening.

Wiffen ar thóir a dhara bonn óir Is ag 6.35 tráthnóna amárach a rachaidh Daniel Wiffen chun snámha sa rás ceannais.

The entire Irish community will be hoping that he succeeds in winning his second gold medal at these games.

Beidh pobal na hÉireann uilig ag súil go n-éireoidh leis a dhara bonn óir a bhuachan ag na cluichí seo.

He already has one thanks to his achievements in the pool in the 800m freestyle race earlier in the week.

Tá ceann aige cheana féin a bhuíochas dá chuid éachtaí sa linn snámha i rás an 800m saorbhuille níos túisce sa tseachtain.

Today is the eighth day of the Olympic Games and among the other competitors from this country who could be successful today is the boxer Kellie Harrington.

Is é inniu an t-ochtú lá de na Cluichí Oilimpeacha agus i measc na n-iomaitheoirí eile ón tír seo a bhféadfadh rath a bheith orthu inniu tá an dornálaí Kellie Harrington.

Rhys McClenaghan.He’s done a feat today Kellie Harrington has already won a bronze medal, but if she wins her round tonight in the ring against Brazil’s Beatriz Soares Ferreira that will ensure her at least a silver medal at these games.

Rhys McClenaghan.Gaisce déanta aige inniu Tá bonn cré-umha buaite cheana féin ag Kellie Harrington, ach má bhuann sí a babhta anocht sa bhfáinne in aghaidh Beatriz Soares Ferreira ón mBrasaíl cinnteoidh sé sin ar a laghad bonn airgid di ag na cluichí seo.

Kellie Harrington hoping to be in the final round That fight in the light heavyweight semi-final will take place shortly after 9 o’clock.

Kellie Harrington agus í ag súil le bheith sa bhabhta ceannais Beidh an troid sin sa mbabhta leathcheannais éadrom mheáchan ar siúl go gairid i ndiaidh a 9 a’ chlog.

McClenaghan with his gold medal

McClenaghan lena bhonn óir

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/276z9a7b

Contact: irishlingos@gmail.com

Conor McGregor sentenced to suspended prison term.

Téarma príosúin ar fionraí gearrtha ar Conor McGregor.

In Blanchardstown District Court in Dublin, mixed arts fighter Conor McGregor was given a five-month suspended prison term for driving offences.

I gCúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath, gearradh téarma príosúin cúig mhí ar fionraí ar an gcomhraiceoir ealaíon measctha Conor McGregor faoi chionta tiomána.

He was also fined €5,000 and banned from driving again for the next two years.

Gearradh fíneáil €5,000 air chomh maith agus cuireadh cosc air tiomáint arís go ceann dhá bhliain.

Judge David McHugh said Conor McGregor’s behavior was “appalling”.

Dúirt an Breitheamh David McHugh go raibh iompar Conor McGregor “uafásach”.

The famous fighter pleaded guilty to dangerous driving and careless driving on 22 March 2022.

Phléadáil an comhraiceoir cáiliúil ciontach i dtiomáint chontúirteach agus i dtiomáint neamh-aireach ar an 22 Márta 2022.

It was said in court that Conor McGregor did not stop at a red light on the Limcain Road between Kildare and Dublin, that he moved back and forth between other cars at high speed and almost hit one of those cars.

Dúradh sa chúirt nár stop Conor McGregor ag solas dearg ar Bhóthar Leamhcáin idir Cill Dara agus Baile Átha Cliath, gur bhog sé anonn is anall idir charranna eile faoi ardluas agus gur bheag nár bhuail sé ceann de na carranna sin.

Conor McGregor is 36 years old and lives in Dysart Illan, Srafáin House, Co Kildare.

Tá Conor McGregor 36 bliain d’aois agus tá sé ina chónaí i nDíseart Iollan, Teach Srafáin, i gCo Chill Dara.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bskj38b

Contact: irishlingos@gmail.com

Ireland won another bronze medal in Paris.

Bonn cré-umha eile buaite ag Éirinn i bPáras.

Irishmen Philip Doyle and Daire Lynch have won a bronze medal in the double sculls competition at the Olympic Games in Paris.

Tá bonn cré-umha buaite ag na hÉireannaigh Philip Doyle agus Daire Lynch sa chomórtas céaslaire beirte sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras.

The team was in lane three and they were in third place – behind the Romanian and Spanish crews – in the first quarter of the race.

I lána a trí a bhí an dís agus bhí siad sa tríú háit – taobh thiar de chriúnna na Rómáine agus na Spáinne – sa chéad cheathrú den rás.

The US crew caught up shortly after and were in fourth place until they overtook the Americans 250 meters before the end.

Rug criú na Stát Aontaithe orthu go gairid ina dhiaidh sin agus bhí siad sa cheathrú háit go dtí gur scoith siad na Meiriceánaigh 250 méadar roimh an deireadh.

Philip Doyle is from Lisnacarragh in Co Antrim and Daire Lynch is from Clonmel.

Is as Lios na gCearrbhach i gCo Aontroma Philip Doyle agus is as Cluain Meala Daire Lynch.

Daire Lynch and Philip Doyle This is the fourth medal that Ireland has won in the games so far.

Daire Lynch agus Philip Doyle Seo an ceathrú bonn atá buaite ag Éirinn sna cluichí go dtí seo.

The Irish have been proving good in the Olympic trials these last few years.

Tá na hÉireannaigh ag cruthú go maith sa chéaslóireacht Oilimpeach ar na saolta deireanacha seo.

The men won a gold medal and a silver medal in two two-man competitions in Rio in 2016 and the women won a bronze medal in a four-man competition in Tokyo in 2021.

Bhuaigh na fir bonn óir agus bonn airgid in dhá chomórtas beirte in Rio in 2016 agus bhuaigh na mná bonn cré-úmha i gcomórtas ceathrair i dTóiceo in 2021.

RTÉ News and Current Affairs Daire Lynch and Philip Doyle

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Daire Lynch agus Philip Doyle

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/26ptvqpm

Contact: irishlingos@gmail.com

Overhaul of the high-speed rail network in France.

Coirluascadh ar ghréasán iarnróid ardluais sa bhFrainc.

A “massive attack” has been carried out in France on the railway network, TGV, and 800,000 passengers have been displaced as a result.

Tá “ionsaí ollmhór” déanta sa bhFráinc ar an ngréasan iarnróid, TGV agus cuireadh as do 800,000 paisinéir dá bharr.

The opening ceremony of the Olympic Games will take place in Paris tonight.

Beidh searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha ar siúl i bPáras anocht.

French Transport Minister Patrice Vergriete said today that it was a shameful criminal act.

Dúirt Aire Iompair na Fraince, Patrice Vergriete, inniu gur gníomh coiriúil náireach a bhí ann.

He indicated that there would be “major implications” and that only half of the TGV trains going north, east and north-west will be operating as a result.

Thug sé le fios go mbeadh “impleachtaí móra” ann agus nach mbeidh ach leath na dtraenacha TGV ag dul ó thuaidh, soir agus siar ó thuaidh ag feidhmiú dá bharr.

The trains on the TGV network are high speed services.

Is seirbhísí ardluais iad na traenacha ar an ngréasán TGV.

The network is run by the state company SNCF.

Is é an comhlacht stáit SNCF a reachtálann an gréasán.

Passengers have been advised to postpone their journeys, as many trains are being sent back to where they originally came from.

Cuireadh comhairle ar phaisinéirí a dturas a chur ar athló, mar tá go leor leor traenacha á gcur ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as ar dtús.

It will be like that, they say, until Monday morning at least.

Is mar sin a bheidh sé, a deir siad, go dtí maidin Dé Luain ar a laghad.

SNCF says arsonists set fire to some of the railways between Paris and cities in the north, west and east of France.

Deir SNCF gur chuir coirloisceoirí cuid de na hiarnróid idir Páras agus cathracha i dtuaisceart, in iarthar agus in oirthear na Fraince trí thine.

Services to Lille, Bordeaux and Strasbourg, for example, have been disrupted.

Tá curtha isteach ar sheirbhísí go Lille, go Bordeaux agus go Strasbourg, mar shampla.

However, no damage was done to the railway from the south-east, as the arsonists were stopped before they got as far.

Ní dhearnadh aon díobhóil don iarnród soir ó theas, áfach, mar cuireadh stop leis na coirloisceoirí sula ndeachaigh siad chomh fada leis.

Passengers have been advised to postpone their journeys, as many trains are being sent back to where they originally came from.

Cuireadh comhairle ar phaisinéirí a dturas a chur ar athló, mar tá go leor leor traenacha á gcur ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as ar dtús.

It will be like that, they say, until Monday morning at least.

Is mar sin a bheidh sé, a deir siad, go dtí maidin Dé Luain ar a laghad.

There is a lot of security in place in France as the Olympic Games approach us in Paris.

Tá go leor slándála i bhfeidhm sa bhFrainc agus na Cluichí Oileampacha ag teannadh linn i bPáras.

The French people remember well the attacks in Paris and Nice in the last ten years.

Tá cuimhne mhaith ag muintir na Fraince ar na hionsaithe i bPáras agus in Nice le deich mbliana anuas.

There is now concern among the organizers of the Olympic Games and among the authorities that the fear among the public will intensify in light of this damage to the railway network.

Tá imní ann anois i measc lucht eagraithe na gCluichí Oileampeacha agus i measc na n-údaráis go ngéaróidh ar an bhfaitíos i measc an phobail i bhfianaise na díobhála seo ar an ngréasán iarnróid.

The coordinated strikes on the rail network will feed into a sense of apprehension ahead of the Olympics opening ceremony in the heart of Paris later today.

The coordinated strikes on the rail network will feed into a sense of apprehension ahead of the Olympics opening ceremony in the heart of Paris later today.

As the opening ceremony of the Olympic Games approaches, France’s high-speed rail network has been disrupted.

Agus searmanas oscailte na gCluichí Oileampacha ag teannadh linn, tá coirluascadh déanta ar ghréasán iarnróid ardluais na Fraince.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2xnljyfl

Contact: irishlingos@gmail.com

118 people drowned in Irish waters in 5 years.

118 duine báite in uiscí na hÉireann le 5 bhliana.

An average of ten people are drowning in the country every month according to new research published by Irish Water Safety.

Tá deichniúr ar an meán á mbáthadh sa tír gach mí de réir thaighde nua atá foilsithe ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann.

People are drowning at all times of the year at sea and on waterways, and 118 drowned from 2019-2023 says the organization in the new report.

Tá daoine á mbáthadh ag gach tráth den bhliain ar muir agus ar bhealaí uisce, agus 118 báite ó 2019-2023 a deir an eagraíocht sa tuarascáil úr.

70% of them were men and boys and more than half of the total were middle-aged, between 40 and 69 years old.

Fir agus buachaillí 70 faoin gcéad dóibh agus bhí níos mó ná leath den iomlán meánaosta, idir 40 agus 69 bliain d’aois.

78 drowned last year, 15 less than 2022.

Báthadh 78 anuraidh, 15 níos lú ná 2022.

The figures from the Central Statistics Office show that 57% of people drowned by accident between 2017 and 2021.

Léiríonn na figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tré thimpiste a báthadh 57 faoin gcéad de na daoine idir 2017 agus 2021.

Along the coast 80% of the people drowned.

Cois cósta a báthadh 80 faoin gcéad de na daoine.

On a river or lake the rest died.

Ar abhainn nó loch a bhásaigh an chuid eile.

In Co Mayo the rate was highest last year when 8 out of every 100,000 people drowned.

I gCo Mhaigh Eo is airde a bhí an ráta anuraidh nuair a báthadh 8 as gach 100,000 duine.

The highest number was in Co Cork – 15 drowned there.

I gCo Chorcaí a bhí an líon is airde – 15 a báthadh ansiúd.

“People are more aware of the danger” says Joanne Walsh, Chief Executive of Irish Water Safety.

“Tá tuiscint níos mó ar an gcontúirt ag daoine” a deir Joanne Walsh, Príomhfheidhmeannach Shábháilteacht Uisce na hÉireann.

“The share of the number who drown while swimming or diving is decreasing” she says “and the figure is now 25% of the total.”

“Tá an sciar den líon a báthadh agus iad ag snámh nó ag tumadh ag laghdú” a deir sí “agus an figiúr anois ag 25 faoin gcéad den iomlán.”

Joanne Walsh stated that 60% of the number of people who drown by accident are related to “events on land, such as people walking a cliff or hiking or hunting.”

Luaigh Joanne Walsh go mbaineann 60 faoin gcéad den líon daoine a báthadh tré thimpiste le “imeachtaí ar tír, ar nós daoine ag siúl aille nó ag siúlóireacht nó ag sealgaireacht.”

They will now focus more, she says, on the danger associated with such actions.

Beidh siad feasta ag díriú tuilleadh a deir sí ar an gcontúirt a bhaineann le gníomhartha den chineál sin.

She urged people to remember the acronym “SAFE – Stay away from edges.”

D’ímpigh sí ar dhaoine cuimhniú ar an acrainm “SAFE – Stay away from edges.”

“You could be out walking in the summer when there is a lot of growth and you might not see the edge of the river, or the lake.

“D’fhéadfá a bheith amuigh ag siúl sa samhradh nuair atá fás mór déanta agus b’fhéidir nach bhfeicfeá ciumhais na habhann, nó na locha.

And in winter, although it is bare, the edge is not as strong as the ground could give it.

Agus sa ngeimhreadh, cé go bhfuil sé lom feannta, níl an chiumhais chomh láidir agus d’fhéadfadh an talamh tabhairt uaidh.

You have to be careful, and always remember SAFE – Stay away from edges.”

Ní mór a bheith ar aire, agus cuimhnigh i gcónaí ar SAFE – Stay away from edges.”

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2cuvog8b

Contact: irishlingos@gmail.com

Biden is out of the race, but Harris still faces challenges.

Biden éirithe as an iomaíocht ach dúshláin fós roimh Harris.

Joe Biden gave only a minute’s notice to his closest advisors in the White House before announcing yesterday that he would not be a candidate for the Democratic Party nomination.

Níor thug Joe Biden ach fógra nóiméid do na comhairleoirí is gaire dó sa Teach Bán sular fhógair sé inné nach mbeadh sé ina iarrthóir d’ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh.

Sources close to the President say that he spent two days combing information from public opinion polls showing that it would be difficult for him to win against Donald Trump in the month of June.

Deir foinsí gar don Uachtarán gur chaith sé dhá lá ag cíoradh faisnéise ó phobalbhreitheanna a bhí ag taispeáint go mbeadh sé deacair air bua a fháil in aghaidh Donald Trump mí na Samhnra.

A sudden announcement, but the pressure on Biden from senior Democrats was gathering strength during the week, and despite Biden himself putting his feet up in public, it was clear that that pressure was having an impact on him.

Fógra tobann ach bhí an brú ar Bhiden ó Dhaonlathaigh shinsearacha ag bailiú nirt i gcaitheamh na seachtaine, agus in ainneoin Biden féin ag cur cosa i dtaca go poiblí, ba léir go raibh an brú sin ag imirt tionchair air.

On 645 yesterday he gathered his campaign team together, just before he announced it publicly, at his home in Delaware, where he has been since he contracted Covid again.

Ar 645 inné a bhailigh sé foireann a fheachtais le chéile, díreach sular fhógair sé go poiblí é, ag a theach in Delaware, áit a bhfuil sé ó tholg sé Covid arís.

The decision came three weeks after the debate against Donald Trump, a debate in which Biden failed to pull a punch on his opponent; he made speech bubbles there and left many of Trump’s false claims on a wide range of topics unanswered.

Tháinig an cinneadh trí seachtaine tar éis na díospóireachta in aghaidh Donald Trump, díospóireacht inar theip ar Biden aon dorn a tharraingt ar a chéile comhraic; rinne sé bothúin cainte ann agus d’fhág sé roinnt mhaith de mhaíomh bréagach Trump ar réimse leathan ábhar gan freagra.

He then made other mistakes, introducing Ukrainian president Volodomir Zelensky at a NATO event as ‘President Putin’.

Rinne sé botúin eile ina dhiaidh sin, ag cur uachtarán na hÚcráine Volodomir Zelensky i láthair ag ócáid de chide NATO mar an ‘tUachtarán Putin’.

Since then, the acuity of his mind has been questioned and more emphasis has been placed on his age and ability to spend another four years in the White House, and it was clear that the Democrat was disturbed by the question.

Ó shin, tá amhras á chaitheamh ar ghéire a intinne agus béim níos mó á chur ar a aois agus ar chumas ceithre bhliana eile a chur de sa Teach Bán, agus ba léir go raibh an Daonlathaigh suaite ag an gceist.

In his announcement yesterday, Biden gave his blessing to his Vice President Kamala Harris and promised all support for her and his party in the fight they would face.

Ina fhógra inné, thug Biden a bheannacht dá Leas-Uachtarán Kamala Harris agus gheall gach tacaíocht di agus dá pháirtí sa troid a bheadh rompu.

But Biden’s exit from the race leaves some questions about the process Democrats will follow from now until the party’s National Convention next month.

Ach fágann imeacht Biden as an iomaíocht roinnt ceisteanna faoin bpróiséas a leanfaidh na Daonlathaigh as seo go dtí Comhdháil Náisiúnta an pháirtí an mhí seo chugainn.

14 million Democrats voted in the primary elections and overwhelmingly voted for Biden, but now the party’s course to Congress is uncertain.

Vótáil 14 milliún Daonlathach sna toghcháin tosaigh agus vótáil a bhformór mór acu ar son Biden, ach anois tá cúrsa an pháirtí go dtí an Comhdháil éiginnte.

It has never happened before, in either of the major parties, that the main candidate withdrew from the competition after the initial elections.

Níor tharla sé riamh cheana, i gceachtar de na mórpháirtithe, gur éirigh an príomhiarrthóir as an iomaíocht tar éis na dtoghchán tosaigh.

This is one of the earliest things Republicans threw out publicly in response to Biden’s announcement.

Tá sé seo ar cheann de na rudaí ba luaithe a chaith Poblachtánaigh amach go poiblí mar fhreagra ar fhógra Biden.

Speaker of the House of Representatives Mike Johnson said that a legal challenge could be possible in some States due to the presence of a new competitor in the race.

Dúirt Spéicéir Theach na nIonadaithe Mike Johnson go bhféadfadh agóid dlí bheith indéanta i roinnt Stát de bharr iomaitheoir nua bheith sa rás.

A clear illustration of this is the challenge that would be faced by Republicans from Kamala Harris or another Democratic candidate, because so much of Trump’s campaign was based on Biden personally on his age and on the speech mistakes he makes.

Léiriú soiléir air seo an dúshlán a bheadh roimh Phoblachtánaigh ó Kamala Harris nó iarrthóir eile Daonlathach, mar go raibh an oiread d’fheachtas Trump bunaithe ar Biden go pearsanta ar a aois agus ar na botúin cainte a dhéanann sé.

Now this focus is gone.

Anois tá an fócas seo imithe.

In fact, in a series of rambling posts on Truth Social, his own social media, Trump said that Republicans would be entitled to compensation from Democrats for the money and dollars they have spent against Biden.

Go deimhin, i sraith postálacha rámhailleacha ar Truth Social, a mheán sóisialta féin, dúirt Trump go mbeadh Poblachtánaigh i dteideal cúitimh a fháíl ó Dhaonlathaigh as an dua agus na dollair atá caite acu in éadan Biden.

If Donald Trump will run against Kamala Harris, and that has not yet been confirmed, he will have to reimagine his campaign.

Más in aghaidh Kamala Harris a bheidh Donald Trump ag rith, agus nil sé sin deimhithe go fóill, beidh air athshamhlú a dhéanamh ar a fheachtas.

Democrats are already shaping the race now into a battle between the Prosecutor and the Offender.

Tá Daonlathaigh cheana féin ag múnlú na hiomaíochta anois ina chath idir an tIonchúisitheoir agus an Ciontóir.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2c68c4z8

Contact: irishlingos@gmail.com

Another six accused of breaching public order in Cúlóg.

Seisear eile cúisithe faoin ord poiblí a shárú sa gCúlóg.

A total of 21 people have now been charged with the clampdown that took place yesterday on a site that was being prepared to provide accommodation for refugees, and six others have appeared in court this afternoon to be charged with breaching public order in Coolock on the north side of the high city.

21 duine san iomlán anois atá cúisithe faoin gclampar a tharla inné ar shuíomh a bhí á réiteach le lóistín a chur ar fáil do theifigh, agus seisear eile tar éis a bheith os comhair cúirte tráthnóna lena gcúiseamh leis on ord poiblí a shárú sa gCúlóg ar an taobh ó thuaidh den ardchathair.

They were all released on bail after the Dublin District Court hearing, which had a special final sitting last night with 15 charged and released on bail.

Scaoileadh amach ar bannaí ar fad iad tar éis na héisteachta de Chúirt Dúiche Átha Cliath, ag a raibh suí speisialta deirneach aréir le 15 a chúiseamh agus a scaoileadh amach ar bannaí.

Gary Daly (45) of North Cross, Mullhide Road was today charged with 2 counts of breaching public order – being threatening, abusive and disobeying instructions from a Garda.

Cúisíodh inniu Gary Daly (45) as Cros an Tuaiscirt, Bóthar Mhullach Íde i 2 chúis faoin ord poiblí a shárú – a bheith bagarthach, maslach agus gan glacadh le treoir ó Gharda.

The same two charges were attributed to Úna Colgan (69) from Drumconrach.

Cuireadh an dá chúis chéanna i leith Úna Colgan (69) as Droim Chonrach.

Alan Dunne (63) of Bunraite Avenue in Coolog was accused of failing to accept instructions from a Garda.

Cuireadh i leith Alan Dunne (63) as Ascaill Bhun Raite sa gCúlóg nár ghlac sé le treoir ó Gharda.

That reason was also brought against Tom Printer (68) from Newbridge in Co Kildare and against Hugh O’Rourke (55) from Priorywood in DAC 7 and against Edmond Butler (53) from Dunachmide in BAC 13.

An chúis sin freisin a cuireadh in aghaidh Tom Printer (68) as an Droichead Nua i gCo Chill Dara agus in aghaidh Hugh O’Rourke (55) as Coill an Phrióra i mBÁC 7 agus in aghaidh Edmond Butler (53) as Domhnach Míde i mBÁC 13.

They were all granted bail of €200 on the condition that they stay clear of the old Crown Paints factory on Mullhide Road.

Ceadaíodh €200 bannaí dóibh go léir ar an gcoinníoll go bhfanfadh siad glan ó sheanmhonarcha Crown Paints ar Bhóthar Mhullach Íde.

Some of them were also ordered to stay clear of the Guards Barracks in Coolock.

Tugadh ordú do chuid acu fanacht glan freisin ar Bheairic na nGardaí sa gCúlóg.

Lawyers for Tom Printer from Kildare said he was retired, hard of hearing and had left his car at the barracks.

Dúirt dlíodóirí thar ceann Tom Printer as Cill Dara go raibh sé ar scor, nach bhfuil an éisteacht go maith aige agus go raibh a charr fágtha ag an mbeairic aige.

He was allowed to get his car but made an arrangement with the Gardai, but was ordered to stay clear of the place afterwards.

Tugadh cead dó a charr a fháil ach socrú a dhéanamh leis na Gardaí, ach hordaíodh dó fanacht glan ar an áit ina dhiaidh sin.

The six are due back in court on the 10th of October.

Tá an seisear le bheith ar ais os comhair cúirte an 10ú lá de mhí Mheán an Fhómhair.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/22ugmngn

Contact: irishlingos@gmail.com

Death threat against Mary Lou McDonald..

Bagairt báis in aghaidh Mary Lou McDonald..

She has strongly criticized the death threat made to the leader of Sinn Féin, Mary Lou McDonald.

Tá an bhagairt báis a rinneadh ar cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald cáinte go láidir aici.

She said it was a ‘bare and obvious’ threat.

Bagairt a bhí ‘lom agus follasach’ a dúirt sí a bhí ann.

The President of Sinn Féin informed X that she had referred the death threat to the Gardai.

Chuir Uachtarán Shinn Féin in iúl ar X go raibh an bhagairt báis curtha faoi bhráid na nGardaí aici.

https://twitter.com/MaryLouMcDonald/status/ 1813543326026465415 Mary Lou McDonald also says on X, that the person who made the threat said he would throw her in the head.

https://twitter.com/MaryLouMcDonald/status/ 1813543326026465415 Deir Mary Lou McDonald ar X freisin, go ndúirt an té a rinne an bhagairt go gcaithfeadh sé sa chloigeann í.

It was a threat to my life, she said, it was as blatant and obvious as that.

Bagairt ar mo bheatha a bhí ann, a dúirt sí, bhí sé chomh lom agus follasach leis sin.

This threat, she said on RTÉ, is an escalation of the campaign of abuse against her, which is continuous and non-stop and has been going on for about a year.

Géarú é an bhagairt seo, a dúir sí ar RTÉ, ar an bhfeachtas mí-úsáide ina coinne, atá leanúnach agus gan stad agus atá ar bun le thart ar bhliain.

The Dála Deputy said that this is abusive and sometimes racist abuse, which is being heaped on her in a forceful and co-ordinated manner.

Dúirt an Teachta Dála gur mí-úsáid frithmhá agus ar uaireanta ciníoch é seo, atá á carnadh uirthi go tréan agus ar bhealach comhordaithe.

This campaign is underway, she said, for herself and against her party, in an attempt to break the link between them and their followers.

Tá an feachtas seo ar bun, a dúírt sí, ina haghaidh féín agus in aghaidh a páirtí, in iarracht an nasc idir iad agus a lucht leanúna a bhriseadh.

The threat came at the head of a discussion on the need for complete outrage at violence against women.

Tháinig an bhagairt agus í i gceann ar phlé ar an ngá atá le doicheall iomlán roimh an bhfoiréigean in aghaidh na mban.

This was not censorship, she said, because she is fully in favor of people being allowed to speak, but she is not prepared to accept a death threat to herself or anyone else.

Ní cinsireacht a bhí anseo a dúirt sí, mar go bhfuil sí lán ar son chead cainte bheith ag daoine, ach nach bhfuil sí sásta glacadh le bagairt bháis uirthi féin ná ar aon duine eile.

Mary Lou McDonald says the same person also threatened a senior member of the Garda Sícháa, and she hoped that would also be dealt with.

Deir Mary Lou McDonald go ndearna an duine céanna bagairt ar chomhalta sinsearach den Gharda Síocháa freisin, agus go raibh súil aici go ngabhfaí i ngleic leis sin freisin.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2cz6wus6

Contact: irishlingos@gmail.com

Charna Wind Farm – 5 year Confidential University of Galway.

Feirm Gaoithe Charna – Rúndacht 5 bhliana Ollscoil na Gaillimhe.

The University of Galway has confirmed to RTÉ News/TG4 that they have a 5-year confidentiality clause in place with a third party about publicly disclosing any information about the proposed wind farm off the coast of Charna in Connemara.

Tá sé deimhnithe ag Ollscoil na Gaillimhe do Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil clásal rúndachta 5 bliana i bhfeidhm acu le tríú páirtí faoi aon eolas a nochtú go poiblí faoin bhfeirm gaoithe atá beartaithe amach ó chósta Charna i gConamara.

The company Fuinneamh Sceirde Teo is to make a planning application before the end of August to place 30 wind turbines in the sea near the rocks of Sceirde.

Tá an chuideachta Fuinneamh Sceirde Teo le iarratas pleanála a dhéanamh roimh dheireadh mhí Lúnasa le 30 tuirbín gaoithe a chur i bhfarraige gar do charraigeacha na Sceirde.

The University of Galway has had a research station in Massa in Carna to study the atmosphere since 1958.

Tá staisiún taighde ag Ollscoil na Gaillimhe i gCeann Mhása i gCarna le staidéar a dhéanamh ar an atmaisféir ó 1958.

The University of Galway’s research center on Ceann Mása Ceann Mása is located in the area where Fuinneamh Skerde plans to place the range of turbines.

An t-ionad taighde atá ag Ollscoil na Gaillimhe ar Cheann Mhása Tá Ceann Mhása buailte ar an limistéar a bhfuil sé beartaithe ag Fuinneamh Sceirde an raon turibíní a chur.

30 wind turbines 320 meters high in a sea area 5-12 km off the coast in question.

30 tuirbín gaoithe 320 méadar ar airde i limistéar farraige 5-12 km amach ón gcladach atá i gceist.

The wind turbines recently attracted attention when the company posted images online showing what different areas would look like if the turbines were installed.

Tharraing na tuirbíní gaoithe caint le gairid nuair a chuir an chuideachta íomhanna ar-líne ag léiriú an chuma a bheadh ar cheantair eagsúla dá gcuirfí na tuirbíní i bhfearas.

People are concerned about the impact the proposal would have on fisheries, tourism and the environment.

Tá imní ar dhaoine faoin tionchar a bheadh ag an togra ar an iascach, ar an turasóireacht agus ar an timpeallacht.

Nuacht RTÉ/TG4 has submitted a request under the Freedom of Information Act at the University seeking any information or correspondence from 2020 to now relating to the wind farm to be placed in Skeirde.

Chuir Nuacht RTÉ/TG4 iarratas faoin Acht Saorála Faisnéise ag an Ollscoil ag lorg aon eolas nó comhfhreagras ón mbliain 2020 go dtí anois a bhain leis an bhfeirm gaoithe atá le cur sna Sceirde.

The request was refused.

Diúltaíodh don iarratas.

We were told that there was a commercial agreement in place between the University of Galway and the third party which included a 5 year confidentiality clause.

Dúradh linn go raibh comhaontú tráchtála i bhfeidhm idir Ollscoil na Gaillimhe agus an tríú páirtí a bhfuil clásal rúndachta 5 bhliana ag baint leis.

Galway University Nuacht RTÉ/TG4 asked the University’s press office to clarify the arrangement that has been made between the University and the third party.

Ollscoil na Gaillimhe D’iarr Nuacht RTÉ/TG4 ar oifig preasa na hOllscoile soiléiriú a thabhairt ar an socrú atá déanta idir an Ollscoil agus an triú páirtí.

The same question was asked of Fuinneagh Sceirde Teo as well as a question about whether there was any arrangement in terms of money.

Cuireadh an cheist chéanna ar Fuinneamh Sceirde Teo chomh maith le ceist faoi an raibh aon socrú ó thaobh airgid i gceist.

In a statement the University says that they are concerned about the potential impact of the development of the Carraigga na Skerde wind farm on the valuable research being carried out in the weather station and that this concern has been communicated to the authorities during the public consultations.

I ráiteas deir an Ollscoil go bhfuil imní orthu faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag forbairt fheirm gaoithe Charraigeacha na Sceirde ar an taighde luachmhar atá ar bun san stáisiún aimsire agus gur cuireadh an imní sin i n-iúl do na húdaráis le linn an chomhairliúcháin phoiblí.

They say they have raised those issues directly with the developers and are still dealing directly with them they say.

Deir siad gur ardaigh siad na ceisteanna sin go díreach leis na forbróirí agus tá siad fós ag plé go díreach leo a deir siad.

We understand that a planning application will be made by the end of next month.

Tuigtear dúinn go mbeidh iarratas pleanála á dhéanamh faoi dheireadh na míosa seo chugainn.

It will go to the Planning Board rather than a local authority about the changes that have been made to the planning system.

Chuig an mBord Pleanála seachas údarás áitiúil a rachaidh sé faoi na hathruithe atá déanta ar an gcóras pleanála.

Sinéad Ní Neachtain will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Sinéad Ní Neachtain ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/296wgxra

Contact: irishlingos@gmail.com

Icelander, former Jamaican captain, the country’s new soccer boss.

Íoslannach, iar-cheannasaí Iamáice, saoiste nua sacair na tíre.

Heimir Hallgrímsson, who is 57, has been appointed by the Irish Soccer Association as manager of the country’s soccer team after an 8-month recruitment process.

Tá Heimir Hallgrímsson, atá 57, ceaptha ag Cumann Sacair na hÉireann ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na tíre tar éis 8 mí de phróiseas earcaíochta.

Hallgrímsson was co-manager of his native Iceland at the time of their historic win over England at the 2016 European Championship.

Bhí Hallgrímsson ina chomhbhainisteoir ar a thír dhúchais an Íoslainn tráth a mbua stairiúil ar Shasana ag Craobh na hEorpa 2016.

Hallgrímson with his players after their success against England, June 2016. He was in charge of the Jamaican national team for the past 2 years, and under his leadership they qualified for the Copa America.

Hallgrímson lena chuid imreoir tar éis a gcuid éachtaí in aghaidh Shasana, Meitheach 2016 Bhí sé i gceannas ar fhoireann náisiúnta Iamáice le 2 bhliain anuas, agus cháiligh siad faoina stiúir don Copa America.

He used to work as a dentist before.

Bhíodh sé ag obair ina fhiaclóir roimhe sin.

The FAI struggled to find a successor to Stephen Kenny, who received the baton and road in November.

Bhí achrann agus anró ag an FAI le comharba a aimsiú ar Stephen Kenny a fuair bata agus bóthar mí na Samhna.

John O’Shea was put in interim charge twice in that period.

Cuireadh John O’Shea i gceannas go heatramhach faoi dhó sa tréimhse sin.

It was thought that Lee Carsley, a former international player with Ireland who is currently in charge of the England under-21 team, was from the FAI but he said he did not want the job.

Ceapadh gurbh é Lee Carsley, iar-imreoir idirnáisiúnta le Éirinn atá faoi láthair i gceannas ar fhoireann faoi-21 Shasana, a bhí ón FAI ach dúirt seisean nach raibh an post uaidh.

Neil Lennon, Chris Coleman, Chris Hughton and Gus Poyet were all also mentioned in the role and the manager of Georgia, Willy Sagnol, was very involved, until they managed to lose to the European Championship which is currently underway in Germany.

Bhí Neil Lennon, Chris Coleman, Chris Hughton agus Gus Poyet ar fad luaite freisin leis an ról agus ba mhór i gceist an bainisteoir ar an tSeoirsia, Willy Sagnol, go dtí gur éirigh leo siúd cáilliú do Chraobh na hEorpa atá ar bun faoi láthair sa nGearmáin.

Unexpectedly, Heimir Hallgrímsson is appointed this evening.

Gan chaint, gan choinne atá Heimir Hallgrímsson ceaptha tráthnóna.

He will have his first game in charge of Ireland, against England, in mid- autumn in the UEFA Nations League.

Beidh a chéad chluiche i gceannas na hÉireann aige, in aghaidh Shasana, mí Mheán an Fhómhair i Sraith Náisiún UEFA.

Heimir Hallgrímsson (left) in the company of Marc Canham, the FAI’s Director of Soccer

Heimir Hallgrímsson (ar chlé) i gcuideachta Marc Canham, Stiúrthóir Sacair an FAI

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29yegqnv

Contact: irishlingos@gmail.com

Another 80 flights canceled by Aer Lingus.

80 eitilt eile curtha ar ceal ag Aer Lingus.

A further 80 flights have been canceled by Aer Lingus between Thursday 11 July and Sunday 14 July due to industrial action by the airline’s pilots.

Tá 80 eitilt eile curtha ar ceal ag Aer Lingus idir Déardaoin an 11 Iúil agus Dé Domhnaigh an 14 Iúil mar gheall ar an ngníomhaíocht thionsclaíoch atá ar bun ag píolótaí na haerlíne.

Aer Lingus says the latest flights have been canceled in order to keep as many services running as possible.

Deir Aer Lingus gur de ghrá an oiread seirbhísí agus is féidir a choinneáil ag imeacht a cuireadh na heitiltí is deireanaí ar ceal.

Passengers are advised to check the company’s website to find out which flights are involved.

Moltar do phaisinéirí suíomh gréasáin an chomhlachta a cheadú lena fháil amach cé na heitiltí atá i gceist.

The affected passengers can get their money back or book another flight.

Is féidir leis na paisinéirí atá thíos leis a gcuid airgid a fháil ar ais nó eitilt eile a chur in áirithe.

Yesterday, Aer Lingus announced that they had canceled 76 flights between Monday and next Wednesday, which is one of the 392 flights that had been canceled before.

Arú inné, d’fhógair Aer Lingus go raibh 76 eitilt curtha ar ceal acu idir an Luan agus an Chéadaoin seo chugainn, sin i gceann na 392 eitilt a bhí curtha ar ceal roimhe sin.

The Labor Court intervened yesterday afternoon in the dispute relating to a pay rise.

Rinne an Chúirt Oibreachais idirghabháil tráthnóna arú inné san aighneas a bhaineann le hardú pá.

The management and the pilots have presented their various cases to the Court and a settlement proposal is to be issued “in due course”.

Chuir an bhainistíocht agus na píolótaí a gcásanna éagsúla i láthair na Cúirte agus tá moladh réitigh le heisiúint “in am trátha”.

The pilots have been working according to regulation since Wednesday 26 June and went on strike for eight hours last Saturday.

Tá na píolótaí ag oibriú de réir rialach ón gCéadaoin an 26 Meitheamh agus chuaigh siad ar stailc ar feadh ocht n-uaire an chloig Dé Sathairn seo caite.

The pilots are demanding a 23.8% pay rise but management says the company cannot afford to give them.

Tá ardú pá 23.8 faoin gcéad á éileamh ag na píolótaí ach deir an bhainistíocht nach bhfuil an comhlacht in acmhainn a thabhairt dóibh.

If any pay rise is given to the pilots, management says, it will be in respect of changes in their working practices.

Má thugtar aon ardú pá do na píolótaí, a deir an bhainistíocht, is in ómós athruithe ar a gcleachtais oibre a bheas sé.

More productivity and looser rosters required by management.

Breis táirgiúlachta agus uainchláir níos scaoilte a theastaíonn ón mbainistíocht.

However, the pilots believe that they are entitled to a pay rise according to custom and according to the rate of inflation.

Creideann na píolótaí, áfach, go bhfuil siad i dteideal ardú pá de réir gnáis agus de réir ráta an bhoilscithe.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/24qor4jg

Contact: irishlingos@gmail.com

Aer Lingus dispute: another Labor Court hearing today.

Aighneas Aer Lingus: éisteacht eile sa Chúirt Oibreachais inniu.

The Labor Court is to intervene later today in the dispute between the management and the pilots in Aer Lingus.

Tá an Chúirt Oibreachais le idirghabháil a dhéanamh níos deireanaí inniu san aighneas idir an bhainistíocht agus na píolótaí in Aer Lingus.

Yesterday, both sides sent written submissions to the Court and they are to present their various cases – according to the contents of those submissions – to the Court after lunchtime today.

Inné, chuir an dá thaobh aighneachtaí scríofa chuig an gCúirt agus tá siad lena gcásanna éagsúla – de réir a bhfuil sna haighneachtaí sin – a chur i láthair na Cúirte tar éis am lóin inniu.

The Court will then issue a settlement recommendation.

Eiseoidh an Chúirt moladh réitigh ina dhiaidh sin.

The Court asked that nothing be done in between that would aggravate the dispute.

D’iarr an Chúirt nach ndéanfaí dada idir dhá linn a ghéaródh an t-aighneas.

The pilots are working according to the rules and Aer Lingus has had 392 cancellations so far today as a result.

Tá na píolótaí ag oibriú de réir rialach agus bhí 392 curtha ar ceal ag Aer Lingus go nuige inniu mar thoradh air sin.

The airline announced this morning that they had still canceled another 76 flights.

D’fhógair an aerlíne ar maidin inniu go raibh 76 eitlit eile fós curtha ar ceal acu.

There is a 23.8% pay rise from the pilots but the management says that the company cannot afford to give them.

Tá ardú pá 23.8 faoin gcéad ó na píolótaí ach deir an bhainistíocht nach bhfuil an comhlacht in acmhainn a thabhairt dóibh.

If any pay rise is given to the pilots, management says, it will be in respect of changes in their working practices.

Má thugtar aon ardú pá do na píolótaí, a deir an bhainistíocht, is in ómós athruithe ar a gcleachtais oibre a bheas sé.

More productivity and looser rosters required by management.

Breis táirgiúlachta agus uainchláir níos scaoilte a theastaíonn ón mbainistíocht.

However, the pilots believe that they are entitled to a pay rise according to custom and according to the rate of inflation.

Creideann na píolótaí, áfach, go bhfuil siad i dteideal ardú pá de réir gnáis agus de réir ráta an bhoilscithe.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

html>
lang=”en”>

/>
Unavailable

Unavailable

Contact: irishlingos@gmail.com

An internal case has been initiated regarding a single soldier.

Tús curtha le cás inmheánach maidir le saighdiúir singil.

The Defense Forces of Ireland have begun an internal case regarding a soldier who pleaded guilty to brutally assaulting a woman who was left unconscious and speechless as a result.

Tá tús curtha ag Óglaigh na hÉireann le cás inmheánach maidir le saighdiúir a phléadáil ciontach in ionsaí brúidiúil a dhéanamh ar bhean a fágadh gan aithne gan urlabhra dá bharr.

In a court in Limerick yesterday, Single Soldier Cathal Crotty, aged 22, was given a three-year suspended prison sentence for the attack.

I gcúirt i Luimneach inné, gearradh trí bliana príosúin ar fionraí ar an Saighdiúir Singil Cathal Crotty, 22 bliain d’aois, faoin ionsaí.

In a statement, the Defense Forces declared that the internal case could not be started or that the civil case in court was over.

I ráiteas, dhearbhaigh Óglaigh na hÉireann nár féadadh tús a chur leis an gcás inmheánach nó go raibh an cás sibhialta sa chúirt thart.

The statement said that the soldier’s Commanding Officer now had “various options” according to the Defense Forces Regulations.

Dúradh sa ráiteas go raibh “roghanna éagsúla” anois ag Oifigeach Ceannais an tsaighdiúra de réir Rialacháin Óglaigh na hÉireann.

The statement praised the woman who was attacked by Cathal Crotty – Natasha O’Brien, aged 24 – for her courage and prayed for her.

Moladh sa ráiteas an bhean ar ionsaigh Cathal Crotty í – Natasha O’Brien, 24 bliain d’aois – as a mhisniúla a bhí sí agus guíodh biseach uirthi.

Natasha O’Brien said yesterday, however, that it was neither right nor fair to impose a suspended prison term on the soldier.

Dúirt Natasha O’Brien inné, ámh, nach raibh sé ceart ná cóir téarma príosúin ar fionraí a ghearradh ar an saighdiúir.

The court was told that Cathal Crotty, from Ardnacroise in Co Clare, attacked Natasha O’Brien on O’Connell Street in Limerick on 29 May 2022.

Dúradh sa chúirt gur ionsaigh Cathal Crotty, as Ard na Croise i gCo an Chláir, Natasha O’Brien ar Shráid Uí Chonaill i Luimneach ar an 29 Bealtaine 2022.

Cathal Crotty had spent the evening drinking and when he started shouting insults at people in the street Natasha O’Brien asked him to stop.

Bhí an tráthóna caite ag Cathal Crotty ag ól agus nuair a chuaigh sé ag caitheamh maslaí le daoine ar an tsráid in ard a ghutha d’iarr Natasha O’Brien air éirí as.

It was then that he attacked her and hit her at least six times.

Ba ansin a d’ionsaigh sé í agus bhuail í sé huaire ar a laghad.

When the Gardaí first arrested him he told them it was the woman who started the altercation but when he was shown video from security cameras which showed otherwise he pleaded guilty to the attack.

Nuair a ghabh na Gardaí é ar an gcéad dul síos dúirt sé leo gurbh í an bhean a thosaigh an t-achrann ach nuair a taispeánadh físeán ó cheamaraí slándála dó a léirigh a mhalairt phléadáil sé ciontach san ionsaí.

It was also said that the soldier was complaining about the attack on the social media Snapchat.

Dúradh freisin go raibh an saighdiúir ag maíomh as an ionsaí ar an meán sóisialta Snapchat.

The Director of Public Prosecutions has four weeks to appeal against the leniency of the sentence but no announcement has yet been made.

Tá ceithre seachtaine ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí le achomharc a dhéanamh in aghaidh bhoige na pianbhreithe ach níl aon fhógra déanta faoi sin fós.

Justice Minister Helen McEntee praised Natasha O’Brien for speaking openly and bravely about the vicious attack on her.

Mhol an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee Natasha O’Brien as labhairt go hoscailte agus go cróga faoin ionsaí fíochmhar a rinneadh uirthi.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/25r796ld

Contact: irishlingos@gmail.com

Aer Lingus considering alternative options for passengers in pay dispute.

Roghanna eile do phaisinéirí á meas ag Aer Lingus in aighneas pá.

Aer Lingus will arrange alternative flights for customers, work with other airlines and hire extra planes if necessary, if flights are canceled due to the pilots’ industrial dispute next week.

Eagróidh Aer Lingus eitiltí malartacha do chustaiméirí, oibreoidh siad le haerlínte eile agus gheobhaidh siad eitleáin bhreise ar cíos más gá, má chuirtear eitiltí ar ceal de bharr aighneas tionsclaíoch na bpíolótaí an tseachtain seo chugainn.

The company is assessing the impact of the industrial action of its pilots next week on their services.

Tá an comhlacht ag meas an tionchair a bheidh ag gníomhaíocht thionsclaíoch a bpíolótaí an tseachtain seo chugainn ar a gcuid seirbhísí.

The Irish Airline Pilots Association IALPA warned yesterday that they will operate according to the rules from Wednesday 26 June onwards.

Thug Cumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann IALPA foláireamh inné go n-oibreoidh siad de réir rialach ón Chéadaoin 26 Meitheamh amach.

This means that the pilots will not do any overtime or any other tasks outside of their official working hours.

Ciallaíonn sin nach ndéanfaidh na píolótaí aon ragobair ná aon chúraimí eile taobh amuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla.

They will not be willing to log into Aer Lingus portal systems or answer work telephone calls outside of working hours.

Ní bheidh siad toilteanach logáil isteach i gcórais tairsí de chuid Aer Lingus ná glaonna teileafóin oibre a fhreagairt taobh amuigh dá n-uaireanta oibre.

Aer Lingus says there is no loss with this action.

Deir Aer Lingus nach bhfuil aon chall leis an ghníomh seo.

The company says flights will be significantly disrupted and cancellations are likely.

Deir an comhlacht go gcuirfear as go mór do eitiltí agus gur dócha go gcuirfear eitiltí ar ceal.

“IALPA was determined to announce industrial action, and as such they have decided to cause serious harm to Aer Lingus customers and other employees,” said Donal Moriarty, Aer Lingus Corporate Affairs Officer.

“Bhí rún daingean ag IALPA gníomhaíocht thionsclaíoch a fhógairt, agus dá réir sin tá cinneadh déanta acu dochar mór a dhéanamh, d’aon turas, de chustaiméirí agus do fhostaithe eile Aer Lingus,” a dúirt Donal Moriarty, Oifigeach Gnóthaí Corparáideacha Aer Lingus.

Union members voted overwhelmingly to reject the Labor Court’s recommendation to accept wage increases of 9.25% as part of an interim settlement.

Vótáil baill an cheardchumainn le móramh mór, diúltú de mholadh na Cúirte Oibreachais glacadh le harduithe pá de 9.25 faoin gcéad mar chuid de shocrú eatramhach.

The pilots are demanding increases of 23.8% in compensation for their cooperation with the company during the Covid-19 pandemic when the aviation sector was in a slump.

Tá na píolótaí ag éileamh arduithe de 23.8 faoin gcéad mar chúiteamh ar a gcomhoibriú leis an chomhlacht i rith na paindéime covid 19 nuair a bhí an earnáil eitlíochta ina lagtrá.

Aer Lingus says this claim is excessive, unreasonable and unjustifiable.

Deir Aer Lingus go bhfuil an t-éileamh seo iomarcach, míréasúnta agus dochosanta.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2d86qucp

Contact: irishlingos@gmail.com

Operations postponed at University Hospital, Galway.

Obráidí curtha ar atráth in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

University Hospital Galloway says a number of elective procedures have been postponed due to hospital pressure and a lack of beds.

Deir Ospidéal na hOllscoile, Gallimhe go bhfuil roinnt gnáthamh roghnacha curtha ar atráth de bharr brú san ospidéal agus easpa leapacha.

Urgent and ‘time-sensitive’ cases are being prioritized by the hospital and the patient is being informed directly when a procedure is to be postponed.

Cásanna práinne agus cásanna atá ‘am-íogair’ atá ag fáil tús áite ag an ospidéal agus an t- othar á chur ar an eolas go díreach nuair atá gnáthamh le cur ar atráth.

The Emergency Department at the center is also under pressure with people waiting a long time to see a doctor.

Tá an Rannóg Éigeandála san ionad faoi bhrú freisin agus daoine ag fanacht i bhfad le dochtúir a fheiceáil.

A large crowd, almost 400 people, attended the section between Saturday and Sunday.

Slua mór, beagnach 400 duine, a d’fhreastail ar an rannóg idir an Satharn agus an Domhnach.

Because of so many of those who wanted treatment in the hospital itself, there is pressure on the hospital’s capacity to provide beds.

De bharr an oiread acu sin ar theastaigh cóir leighis san ospidéal féin uathu, tá brú ar acmhainn an ospidéil leapacha a chur ar fáil.

There is therefore a significant delay, the Hospital says, in bringing people from the Emergency Department to a bed in a ward.

Tá moill shuntasach mar sin, a deir an tOspidéal ar dhaoine a thabhairt ón Rannóg Éigeandála chuig leapa i mbarda.

49 people were waiting on a ward bed this morning, according to the hospital.

49 duine a bhí ag fanacht ar leaba bharda ar maidin, dar leis an ospidéal.

University Hospital Galway says that everyone who comes to the Emergency Department will be attended to, but that this will be done strictly in order of medical need.

Deir Ospidéal na hOllscoile Gaillimh go ndéanfar freastal ar gach duine a thiocfaidh chuig an Rannóg Éidgeandála, ach go ndéanfar sin go docht in ord an riachtanais leighis.

The public is asked not to attend the Emergency Department at the hospital unless it is an emergency.

Iarrtar ar an bpobal gan freastal ar an Rannóg Éigeandála san ospidéal murar éigeandáil atá ann.

First try a GP or an out-of-hours service if possible, that’s the advice to the public.

Triail ar dtús ar dhochtúir teaghlaigh nó ar sheirbhís eis- uaireanta más féidir, sin é an chomhairle don phobal.

The HSE also says that the Roscommon Injury Unit is also open from 8am to 8pm to attend to injuries to anyone over 5 years of age.

Deir an HSE freisin go bhfuil Aonad Gortuithe Ros Comáin ar oscailt freisin óna 8am go dtína 8in le freastal ar ghortú ar dhuine ar bith os cionn 5 bhliana d’aois.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2yxb8l2d

Contact: irishlingos@gmail.com

Talks are underway to avoid a strike at Aer Lingus.

Comhráite ar siúl le súil stailc in Aer Lingus a sheachaint.

Discussions are underway today between Aer Lingus and the Irish Airline Pilots Association regarding a pay dispute that could lead to a strike.

Tá comhráite ar siúl inniu idir Aer Lingus agus Chumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann maidir le haighneas pá a bhféadfadh stailc a bheith mar thoradh air.

Yesterday, members of that union in Aer Lingus voted overwhelmingly in favor of taking industrial action – including a strike – if a compromise was not reached between us.

Inné, vótáil baill den cheardchumann sin in Aer Lingus le móramh mór i bhfabhar tabhairt faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch – stailc san áireamh – mura dtiocfaí ar chomhréiteach idir dhá linn.

Ahead of today’s joint talks, Aer Lingus asked the pilots to give fifteen days’ notice before going on strike.

Roimh na comhchainteanna inniu, d’iarr Aer Lingus fógra cúig lá dhéag ar na píolótaí sula rachaidís ar stailc.

According to the Workplace Relations Commission’s code of practice, it is recommended to give at least one week’s notice before going on strike.

De réir chód cleachtais an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, moltar fógra seachtaine ar a laghad a thabhairt sula dtéitear ar stailc.

The president of the pilots’ union, Captain Mark Tighe, said that the members would announce “in due course” what kind of industrial action they would undertake.

Dúirt uachtarán cheardchumann na bpíolótaí, an Captaen Mark Tighe, go bhfógródh na baill “in am trátha” cén sórt gníomhaíochta tionsclaíche go baileach a dtabharfaidís faoi.

He indicated however that the pilots wished not to disturb people who intend to go on holiday abroad this summer.

Thug sé le fios mar sin féin gur mhian leis na píolótaí gan cur as do dhaoine a bhfuil sé i gceist acu dul ar saoire thar lear an samhradh seo.

On the contrary, says Mark Tighe, the pilots are determined to get their own share of the big profit that Aer Lingus is currently making.

Os a choinne sin, arsa Mark Tighe, tá na píolótaí meáite ar a gcothrom féin a fháil den bhrabach mór atá Aer Lingus a dhéanamh faoi láthair.

Last week, the union rejected a Labor Court recommendation to give them a total 9.2% pay rise as part of an interim settlement.

An tseachtain seo caite, dhiúltaigh an ceardchumann moladh ón gCúirt Oibreachais ardú pá 9.2 faoin gcéad san iomlán a thabhairt dóibh mar chuid de réiteach eatramhach.

That proposal is far from the mark, however, since the 23.8% pay rise that the pilots are demanding.

Tá an moladh sin i bhfad ón marc, ámh, ós ardú pá 23.8 faoin gcéad atá na píolótaí a éileamh.

According to the pilots, the pay rise offers they have been given so far are not in line with the rate of inflation or the huge profit Aer Lingus is making, and do not take into account all the benefits that have allowed they want on behalf of the company during the Covid-19 pandemic.

Dar leis na píolótaí nach bhfuil na tairiscintí ar ardú pá a tugadh dóibh go dtí seo, nach bhfuil siad ag teacht le ráta an bhoilscithe ná leis an mbrabach mór atá Aer Lingus a dhéanamh, agus nach gcuirtear san áireamh iontu na sochair ar fad a lig siad uathu ar son an chomhlachta aimsir na paindéime covid 19.

Aer Lingus Chief Corporate Affairs Officer, Donal Moriarty, however, said the pilots’ demands were out of proportion and untenable.

Dúirt Príomhoifigeach Gnóthaí Corparáideacha Aer Lingus, Donal Moriarty, áfach, go raibh éileamh na bpíolótaí as compás agus dochurtha i gcrích.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2586cj9t

Contact: irishlingos@gmail.com

Bull terrier killed by gardaí after attack on woman.

Tarbh-bhrocaire maraithe ag na Gardaí tar éis ionsaí ar bhean.

A bull terrier in Cork was shot and killed by Gardaí after the dog became combative during an incident last night on O’Connolly Road in Ballyfeethan.

Lámhaigh agus mharaigh na Gardaí tarbh-bhrocaire i gCorcaigh tar éis don mhadra éirí trodach le linn eachtra aréir ar Bhóthar Uí Chonghaile i mBaile Féitheán.

A report was made to Gardaí that a dog had attacked a woman in a back garden.

Cuireadh tuairisc faoi bhráid na nGardaí go raibh madra tar éis bean a ionsaí i ngairdín cúil.

The dog bit the woman’s arm and leg.

Bhain an madra greim as lámh agus as cos na mná.

Another member of the family was also bitten while trying to control the dog.

Baineadh greim as duine eile sa teaghlach freisin agus é ag iarraidh smacht a fháil ar an madra.

Local unarmed Gardai, a dog warden and a vet attended the scene and contacted the Support Unit under the Garda Síochána Army.

D’fhreastail na Gardaí áitiúla nach raibh armtha, maor madraí agus tréidlia ar an láthair agus chuir siad fios ar Aonad Tacaíochta faoi Arm an Gharda Síochána.

The two injured were taken to University Hospital, Cork, where they were treated.

Tugadh an bheirt a gortaíodh chuig Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, áit ar cuireadh cóir leighis orthu.

Earlier this week, a young woman named Nicole Morey was killed by a stray dog in Co Limerick.

Níos tuisce an tseachtain seo, mharaigh madra allta bean óg darbh ainm di Nicole Morey i gCo Luimnigh.

It was the young woman’s birthday.

Lá breithe na mná óiige a bhí ann.

She was 23 years old.

Bhí sí 23 bliain d’aois.

Gardaí are investigating the attack at the woman’s home in Fedamare, outside Ballynafotigh in the county.

Tá na Gardaí ag fiosrú an ionsaithe ag teach na mná i bhFeadamair, taobh amuigh de Bhaile an Fhaoitigh sa chontae.

Dogs of this breed are now banned in Britain. She was found behind the gate of the property.

Tá cosc curtha ar mhadraí den phór seo sa mBreatain anois Thánagthas uirthi taobh thiar de gheata an áitribh.

She was treated at the scene but could not be saved.

Cuireadh cóir leighis uirthi ar an láthair ach níorbh fhéidir í a tharrtháil.

It is understood that she lived in the house with her partner and several dogs.

Tuigtear go raibh cónaí uirthi sa teach lena páirtí agus roinnt madraí.

No one else was home when the attack happened.

Ní raibh aon duine eile sa bhaile nuair a tharla an t-ionsaí.

Four dogs of a legally restricted breed were arrested It is understood that the dog that carried out the attack was of the Bull Terrier breed.

Gabhadh ceithre mhadra de phór a bhfuil srian air de réir dlí Tuigtear gur de phór Tarbh-bhrocaire an madra a rinne an t-ionsaí.

Members of the Gardaí’s Armed Unit killed him when they arrived at the scene of the attack.

Rinne baill d’Aonad Armtha na nGardaí é a dhíothú nuair a bhain siad láthair an ionsaithe amach.

The Minister for Rural and Community Development Affairs, Heather Humphreys, said the news of the attack left her “horrified and saddened”.

Dúirt an tAire Gnóthaí Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys gur chuir scéal an ionsaithe “alltacht agus samhnas” uirthi.

“The issue of restricted dog breeds is being examined by a working group led by former Garda Commissioner John Twomey,” said the Minister.

“Tá ceist na bpóranna madraí srianta á scrúdú ag grúpa oibre faoi stiúir an iar-Choimisinéara Gardaí John Twomey,” a dúirt an tAire.

“If that group advises me to ban a certain breed, as has been done in Northern Ireland and Britain, I will accept that advice.”

“Má chuireann an grúpa sin comhairle orm cosc a chur ar phór áirithe, mar atá déanta i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain, glacfaidh mé leis an gcomhairle sin.”

Under the Dog Control Regulations, rules apply to the ownership and control of certain breeds of dog.

Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí, tá rialacha i bhfeidhm maidir le húinéireacht agus rialú póranna áirithe madraí.

These include American and English Bull Terriers, Bull Mastiffs and Dobermans.

Ina measc sin tá Tarbh- bhrocairí Meiriceánacha agus Sasanacha, Tarbhmhaistíní agus Doberman.

By law a person over the age of 16 must keep dogs on a strong leash and muzzle at all times in public places.

De réir dlí caithfidh duine ós cionn 16 bliana d’aois na madraí a shrianú le hiall láidir agus béalóg a choinneáil orthu i gcónaí in áiteanna poiblí.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2475665n

Contact: irishlingos@gmail.com

Votes are being cast across the country.

Vótaí á gcaitheamh ar fud na tíre.

People all over the country are voting today in the local and European elections.

Tá daoine ar fud na tíre ag caitheamh vóta inniu sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha.

In Limerick the community is also electing a mayor.

I Luimneach tá an pobal ag roghnú méara freisin.

This is the first time in this country that the community will elect its own mayor directly; normally, councilors choose who will be the mayor of a local council.

Seo í an chéad uair sa tír seo a thoghfaidh pobal a mhéara féin go díreach; de ghnáth, roghnaíonn comhairleoirí an té a bheas mar mhéara ar chomhairle áitiúil.

Voting is reportedly off to a slow start.

Tuairiscítear go bhfuil tús mall curtha le vótáil.

The polling stations opened at 07:00 and will close at 22:00.

Osclaíodh na hionaid vótála ar 07:00 agus dúnfar iad ar 22:00.

This is the first time that elections have been held across the country in the last four years.

Seo é an chéad uair go raibh toghcháin ar siúl ar fud na tíre le ceithre bliana anuas.

Over 3.7 million people are registered to vote in the local elections.

Tá breis agus 3.7 milliún duine cláraithe le vóta a chaitheamh sna toghcháin áitiúla.

949 candidates are standing in the local elections, in 166 different constituencies.

949 iarrthóir atá ag seasamh sna toghcháin áitiúla, i 166 toghcheantair dhifiriúla.

3.6 million people are registered to vote in the European elections.

Tá 3.6 milliún duine cláraithe le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha.

They will select 14 European MPs in the Midlands-North West, South and Dublin Constituencies.

Roghnóidh siad 14 Feisire Eorpach i dToghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt, An Deiscirt agus Baile Átha Cliath.

The President of Ireland, Michael D.

Chaith Uachtarán na hÉireann, Michael D.

Higgins, and his wife, Sabina, voted this morning at the polling station at Phoenix Park.

Higgins, agus a bhean chéile, Sabina, vóta ar maidin san ionad vótála ag Páirc an Fhionnuisce.

The President of Ireland, Michael D.

Chaith Uachtarán na hÉireann, Michael D.

Higgins, vote at the polling station in Phoenix Park this morning The Taoiseach, Simon Harris, cast a vote at the National School of Deilgne Mocherog in County Wicklow.

Higgins, vóta san ionad vótála i bPáirc an Fhionnuisce ar maidin Chaith an Taoiseach, Simon Harris, vóta ag Scoil Náisiúnta Deilgne Mocheróg i gContae Chill Mhantáin.

The Taoiseach, Simon Harris, casting a vote in Kilmanton “Voting rights give the public a say, so it is vital that people take that opportunity”, he said while casting a vote in his own Constituency.

An Taoiseach, Simon Harris, ag caitheamh vóta i gCill Mhantáin “Tugann cearta vótála cead cainte don phobal, agus mar sin, tá sé ríthábhachtach go dtapóidh daoine an deis sin”, a dúirt sé agus é ag caitheamh vóta ina Dháilcheantar féin.

“We are lucky to live in a functioning Democratic state”.

“Tá an t-ádh linn cónaí a bheith orainn i stát Daonlathach atá ag feidhmiú”.

Tánaiste Micheál Martin and his family cast their votes in Cork.

Chaith an Tánaiste Micheál Martin agus a theaghlach a vótaí i gCorcaigh.

The ballot boxes will be opened tomorrow morning and the counting will begin.

Osclófar na boscaí ballóide maidin amárach agus cuirfear tús leis an gcomháireamh.

The votes in the local elections will be counted first and the counting in the European elections will begin on Sunday.

Déanfar comháireamh ar na vótaí sna toghcháin áitiúla ar dtús agus cuirfear tús leis an gcomháireamh sna toghcháin Eorpacha ar an Domhnach.

The mayoral election will be contested in Limerick on Monday.

Rachfar i ngleic leis an toghchán méarachta i Luimneach dé Luain.

There are many candidates standing in all the elections.

Tá go leor iarrthóirí ag seasamh sna toghcháin ar fad.

Therefore, it is expected that the calculations will not be completed for several days.

Mar sin, táthar ag súil nach mbeidh na comháirimh curtha i gcrích go ceann roinnt mhaith laethanta.

Voting centers across the country will be open until 22:00

Beidh ionaid vótála ar fud na tíre ar oscailt go dtí 22:00

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/22ofhly8

Contact: irishlingos@gmail.com

False ads about this country allowed by TikTok.

Fógraí bréagacha maidir leis an tír seo ceadaithe ag TikTok.

An investigation by a human rights organization shows that the video sharing platform TikTok has allowed false advertisements regarding electoral matters in this country.

Léiríonn fiosrúchán a rinne eagraíocht chearta daonna gur cheadaigh an t-ardán roinnte físeán TikTok fógraí bréagacha maidir le cúrsaí toghcháin sa tír seo.

It was with the desire to test TikTok’s filtering system that the organization Global Witness sent sixteen ads to the social media containing false information.

Ba le fonn córas scagtha TikTok a thástáil a chuir an eagraíocht Global Witness sé fhógra dhéag chuig an meán sóisialta a raibh eolas bréagach iontu.

Online and telephone text voting; the voting age; and immigrants being allowed to vote in Ireland – well – the topics presented in the ads.

Vótáil ar líne agus i dtéacs teileafóin; an aois vótála; agus cead vótála ag inimircigh in Éirinn – mar dhea – na hábhair a cuireadh i láthair sna fógraí.

TikTok approved each and every one of the ads but Global Witness withdrew them before they were published.

Cheadaigh TikTok gach uile cheann de na fógraí ach tharraing Global Witness siar iad sular foilsíodh iad.

In a statement from TikTok regarding the inquiry, it was claimed that the platform’s filtering program recognized that the ads violated the company’s policies but were later said to have been mistakenly approved by a staff member.

I ráiteas ó TikTok maidir leis an bhfiosrúchán, maíodh gur aithnigh ríomhchlár scagtha an ardáin gur sháraigh na fógraí polasaithe an chomhlachta ach dúradh gur cheadaigh ball foirne iad de dhearmad ina dhiaidh sin.

It was also said that the staff member in question had since been retrained and that the company had introduced new practices in relation to political advertisements.

Dúradh freisin go raibh athoiliúint curtha ar an mball foirne a bhí i gceist ó shin agus go raibh cleachtais nua tugtha isteach ag an gcomhlacht maidir le fógraí polaitíochta.

As part of their investigation, Global Witness also sent false advertisements to YouTube and X.

Mar chuid dá bhfiosrúchán, chuir Global Witness fógraí bréagacha chuig YouTube agus X chomh maith.

X rejected all of them but YouTube accepted a couple of them.

Dhiúltaigh X gach ceann acu ach ghlac YouTube le péire acu.

Last February, the Digital Services Act came into force in the European Union which aims to combat biographical and misrepresentation.

I mí Feabhra seo caite, tháinig feidhm leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha san Aontas Eorpach a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic le bréagaisnéis agus le mífhaisnéis.

Global Witness said they were to make an official complaint to the European Commission about the false ads being allowed.

Dúirt Global Witness go raibh siad le gearán oifigiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach faoi na fógraí bréagacha a bheith ceadaithe.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dhfofw4

Contact: irishlingos@gmail.com

Gaza ceasefire under discussion.

Sos comhraic do Gaza á phlé.

The proposed ceasefire deal for the Gaza Strip is currently being discussed by government representatives from the United States and Israel.

Tá an margadh sos comhraic atá á bheartú do Stáice Gaza á phlé faoi láthair ag ionadaithe rialtais óna Stáit Aontaithe agus Iosrael.

American Secretary of State Antony Blinken had telephone conversations with two senior ministers in the Israeli Government, Yoav Gallant and Benny Gantz to try to implement this deal.

Bhí comhráite teileafójn ag Stát Rúnaí Mheiriceá Antony Blinken le beirt airí sinsearacha i Rialtas Iosrael, Yoav Gallant agus Benny Gantz féachaint leis an margadh seo a chur i bhfeidhm.

Last Friday the President of America, Joe Biden, announced a resolution plan under which some of the hostages held by the Hamas extremists would be released.

Dé hAoine seo caite a d’fhógair Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden plean réitigh faoina scaoilfí saor cuid de na gialla atá á gcoinneáil ag treallchogaithe Hamas.

Then, it is intended that talks would be held for a complete end to the hostilities and the release of the rest of the hostages held by Hamas from 7 October 2023.

Ansin, tá sé i gceist go ngabhfaí i mbun cainteanna le deireadh iomlán a chur leis an chogaíocht agus go scaoilfí saor an chuid eile de na gialla atá á gcoinneáil ag Hamas ón 7Deireadh Fómhair 2023.

Although Israel sees weaknesses in this plan, Benjamin Netanyahu’s Government says it is willing to accept the deal.

Ainneoin go bhfeiceann Iosrael laigeachtaí sa bplean seo, deir Rialtas Benjamin Netanyahu go bhfuil sé sásta glacadh leis an mhargadh.

However, he also says that his aim is always to destroy Hamas and that no deal will change that.

Deir sé freisin áfach go bhfuil sé mar aidhm aige i gcónaí Hamas a scriosadh agus nach n-athróidh aon socrú é sin.

Hamas has indicated that it wants a permanent settlement to end the fighting in order to be willing to release hostages.

Tá sé tugtha le fios ag Hamas gur socrú buan atá uaidh le deireadh a chur leis an gcogaíocht le go mbeidh sé sásta gialla a scaoileadh saor.

Gaza ceasefire under discussion

Sos comhraic do Gaza á phlé

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2b74nas5

Contact: irishlingos@gmail.com

Drug testing of drivers after accidents.

Tástáil drugaí le déanamh ar thiománaithe tar éis timpistí.

From this little Friday, it will be mandatory to drug test drivers involved in serious road accidents.

Ón Aoine beag seo, beidh sé éigeantach tástáil drugaí a dhéanamh ar thiománaithe atá bainteach le tubaistí tromchúiseacha bóthair.

Currently, drivers only have to be tested for alcohol in those circumstances, although it used to be the option of Gardai to drug test them as well.

Faoi láthair, ní chaithfear ach tástáil alcóil a dhéanamh ar thiománaithe sna cúinsí sin, cé go mbíodh sé mar rogha ag Gardaí tástáil drugaí a dhéanamh orthu freisin.

Research that has been carried out on road accidents in the State shows that more people than ever are driving under the influence of drugs and it is in this evidence that the law has been amended by the Minister of State in the Department of Transport, Jack Chambers.

Léiríonn taighde atá déanta ar thubaistí bóthair sa Stát go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag tiomáint faoi thionchar drugaí agus is ina fhianaise sin atá an dlí leasaithe ag an Aire Stáit sa Roinn Iompair, Jack Chambers.

Jack Chambers said today that intoxication caused by alcohol or drugs is one of the four main causes of road accidents in the State.

Dúirt Jack Chambers inniu go bhfuil meisce de bharr alcóil nó drugaí ar cheann de na ceithre phríomhchúis atá le tubaistí bóthair sa Stát.

Gardai have already bought 10,000 drug testing kits under the idea of their new charge.

Tá 10,000 foireann tástála drugaí ceannaithe ag na Gardaí cheana féin faoi thuairim a gcúraim nua.

The test takes about eight minutes from start to finish, but according to the new law, people are not allowed to wait longer than half an hour.

Thart ar ocht nóiméad ó thús go deireadh a thógann sé an tástáil a dhéanamh ach níl cead daoine a choinneáil ag fanacht níos faide ná leathuair an chloig de réir an dlí nua.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/273dzh5p

Contact: irishlingos@gmail.com

Rafah: over scores killed by Israel in area

Rafah: os cionn scóir maraithe ag Iosrael i gceantar 'sábháilte'.

It is reported that over a score of people were killed when Israeli military forces fired missiles at a newly established refugee camp west of the city of Rafah in southern Gaza.

Tuairiscítear gur maraíodh os cionn scór daoine nuair a scaoil fórsaí míleata Iosrael diúracáin le campa teifeach nuabhunaithe siar ó chathair Rafah i ndeisceart Gaza.

The Hamas health ministry in Gaza says twelve of those killed were women.

Deir aireacht sláinte Hamas in Gaza gur mná ab ea dháréag den dream a maraíodh.

The camp was based in an area by the sea that the Israelis said was safe.

Is i gceantar cois farraige a dúirt na hIosraelaigh a bhí sábháilte a bhí an campa bunaithe.

In fact, it was the Israelis themselves who ordered the refugees to evacuate there.

Go deimhin, ba iad na hIosraelaigh féin a d’ordaigh do na teifigh aslonnú ann.

Various agencies – including the United Nations – have said many times that no place in the area is safe as long as the Israeli forces are being bombarded with artillery from tanks and missiles from the air.

Tá sé ráite go minic ag gníomhaireachtaí éagsúla – na Náisiúin Aontaithe ina measc – nach bhfuil aon áit sa limistéar sábháilte a fhad is atá fórsaí Iosrael á thuairgneáil le hairtléire ó thancanna agus le diúracáin ón aer.

It is also reported that Israeli tanks have reached the center of Rafah for the first time since they began their major assault on the city at the beginning of this month.

Tuairiscítear freisin go bhfuil lár Rafah bainte amach ag tancanna na nIosraelach den chéad uair ó chuir siad tús lena mórionsaí ar an gcathair i dtús na míosa seo.

Taoiseach Simon Harris said today that the excuse the Israelis give every time they make a speech in Gaza is insulting.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris inniu gur táir agus gur colúil an leithscéal a thugann na hIosraelaigh gach uair a dhéanann siad sléacht in Gaza.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2cffshs5

Contact: irishlingos@gmail.com

Court ordering d

Cúirt ag ordú d'Iosrael deireadh a chur le hionsaí ar Rafah.

The International Court of Justice has ordered Israel to immediately end the major attack by the military forces of that country on the city of Rafah in the south of Gaza.

Tá ordú tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta d’Iosrael deireadh a chur láithreach bonn leis an mórionsaí atá fórsaí míleata na tíre sin a dhéanamh ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza.

The order relates to the case brought by the South African Government against the Israelis for the alleged genocide they are committing against the Palestinians of Gaza.

Baineann an t-ordú leis an gcás atá tugtha ag Rialtas na hAfraice Theas in aghaidh na nIosraelach faoin gcinedhíothú a mhaítear atá siad a dhéanamh ar Phalaistínigh Gaza.

In the ruling announced by the International Court of Justice today, it is said that things have deteriorated in Gaza since the court already ordered Israel to improve the living conditions of the community there.

Sa rialú a d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta inniu, deirtear go bhfuil cúrsaí imithe chun donais in Gaza ó d’ordaigh an chúirt cheana d’Iosrael cúinsí maireachtala an phobail ansin a fheabhsú.

The ruling highlights the current lack of food, water, hygiene facilities and medicine in the enclave and states that the court is of the opinion that the Israelis are not properly addressing the humanitarian crisis.

Soilsítear sa rialú an easpa bia, uisce, saoráidí sláinteachais agus cógas leighis atá san iamhchríoch faoi láthair agus deirtear go bhfuil an chúirt den tuairim nach bhfuil na hIosraelaigh ag tabhairt aghaidh mar is ceart ar an ngéarchéim dhaonnúil.

Fifteen judges from different countries sit in the International Court of Justice, also known as the World Court.

Cúig bhreitheamh déag ó thíortha éagsúla a shuíonn sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, dá ngairtear an Chúirt Dhomhanda leis.

Thirteen of them accepted the ruling.

Trí dhuine dhéag acu a ghlac leis an rialú.

The two who opposed him are from Uganda and Israel.

Is as Uganda agus Iosrael féin an bheirt a chuir ina aghaidh.

The International Court of Justice has no practical authority, however, as there is no system of structures to implement rulings.

Ní aon údarás praiticiúil ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, ámh, mar nach bhfuil aon chóras na struchtúr ann lena rialuithe a chur i bhfeidhm.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dqchb9x

Contact: irishlingos@gmail.com

Ireland to formally recognize the state of Palestine from 28 May.

Éire le stát na Palaistíne a aithint go foirmiúil ón 28 Bealtaine.

Taoiseach Simon Harris announced today that Ireland was to formally recognize Palestine as a state from 28 May.

D’fhógair an Taoiseach Simon Harris inniu go raibh Éire leis an bPalaistín a aithint go foirmiúil mar stát ón 28 Bealtaine.

Palestine includes the Palestinian territories of the West Bank and Gaza which have been separated from each other and dominated by Israel since 1967.

Cuimsíonn an Phalaistín críocha na bPalaistíneach sa Bhruach Thiar agus in Gaza atá dealaithe óna chéile agus a bhfuil forlámhas ag Iosrael orthu ó 1967.

Palestinian East Jerusalem has also been under Israeli control ever since.

Tá Iarúsailéim Thoir na bPalaistíneach faoi smacht na nIosraelach ó shin freisin.

The Taoiseach indicated that Ireland, Norway and Spain were together to recognize Palestine from next Tuesday and that the three countries would take whatever action was required to implement that decision.

Thug an Taoiseach le fios go raibh Éire, an Iorua agus an Spáinn in éineacht le aitheantas a thabhairt don Phalaistín ón Máirt seo chugainn agus go ndéanfadh na trí thír astu féin pé beart a theastódh leis an gcinneadh sin a chur i bhfeidhm.

He said he was hopeful that other countries would follow the example of the three countries in the coming weeks.

Dúirt sé go raibh sé dóchasach go leanfadh tíortha eile eiseamláir na dtrí thír sna seachtainí amach romhainn.

Simon Harris made the historic announcement this morning at Government Houses alongside two other Coalition leaders, Micheál Martin and Éamon Ryan.

Is ag Tithe an Rialtais in éindí le beirt cheannairí eile an Chomhrialtais, Micheál Martin agus Éamon Ryan, a rinne Simon Harris an fógra stairiúil ar maidin inniu.

With Irish history as his authority, the Taoiseach said that this is an important day for both Ireland and Palestine.

Agus stair na hÉireann mar údarás aige, dúirt an Taoiseach gur lá tábhachtach é seo d’Éirinn agus don Phalaistín araon.

On 21 January 1919, he said, Ireland asked the countries of the world to formally recognize our independence, our national identity, our historical struggle (against slavery), our right to self-determination and our right to justice.

Ar an 21 Eanáir 1919, arsa sé, d’iarr Éire ar thíortha an domhain aitheantas foirimiúil a thabhairt dár neamhspleáchasna, dár bhféiniúlacht náisiúnta, dár gcomhrac stairiúil (in aghaidh na daoirse), dár gceart chun féinchinntiúcháin agus dár gceart chun ceartais.

It is in those same terms, said the Taoiseach, that Ireland is supporting Palestine’s application for international recognition.

Is sna téarmaí céanna sin, a dúirt an Taoiseach, atá Éire ag tacú le hiarratas na Palaistíne ar aitheantas idirnáisiúnta.

Simon Harris said that Ireland also recognizes the state of Israel and he again condemned “the barbaric acts committed by Hamas in October (last)”.

Dúirt Simon Harris go n-aithníonn Éire stát Iosrael chomh maith agus cháin sé arís “na gníomhartha barbartha a rinne Hamas i mí Dheireadh Fómhair (seo caite)”.

However, he said, Hamas is not the same as the Palestinian people and said that both states must exist – Israel and Palestine – in order for there to be any hope of ending the intergenerational violence.

Ar a shon sin, arsa sé, ní hionann Hamas agus muintir na Palaistíne agus dúirt go gcaithfeadh an dá stát a bheith ann – Iosrael agus an Phalaistín – le go mbeadh aon dóchas ann go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean idirghlúineach.

He said that Ireland would stand with people who are willing to resort to politics for the love of peace.

Dúirt sé go seasfadh Éire le daoine atá toilteanach dul i muinín na polaitíochta de ghrá na síochána.

Giving hope to Palestine in this time of despair, that is the basis of today’s announcement, said the Taoiseach.

Dóchas a thabhairt don Phalaistín in am seo an éadóchais, sin é is bun le fógra an lae inniu, arsa an Taoiseach.

Shortly before the Taoiseach made the announcement, the Government of Israel recalled the country’s ambassador to Ireland in protest against the decision to recognize Palestine.

Go gairid sula ndearna an Taoiseach an fógra, d’aisghair Rialtas Iosrael ambasadóir na tíre in Éirinn mar agóid in aghaidh an chinnidh aitheantas a thabhairt don Phalaistín.

The Israelis say the decision will embolden extremists and fuel unrest in the Middle East.

Deir na hIosraelaigh go dtabharfaidh an cinneadh misneach d’antoiscigh agus go gcuirfidh sé leis an gcorraíl sa Mheánoirthear.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/26pwb4ph

Contact: irishlingos@gmail.com

Another 90 tents have been put up by the side of the Grand Canal.

90 puball eile curtha suas le taobh na Canálach Móire.

International asylum seekers have set up over 90 tents by the side of the Grand Canal between Baggot Street Bridge and Wilton Place in central Dublin.

Tá os cionn 90 puball curtha suas ag iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le taobh na Canálach Móire idir Droichead Shráid Bhagóid agus Plás Wilton i lár Bhaile Átha Cliath.

Tents have been being put up in the area for a few weeks by men from abroad who have applied for asylum in Ireland but the State cannot afford to provide them with accommodation.

Tá pubaill á gcur suas sa cheantar le cúpla seachtain ag fir ó thar lear a bhfuil iarrtas ar thearmann in Éirinn déanta acu ach nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Stát lóistín a chur ar fáil dóibh.

Applications for asylum are made at the International Protection Office on Lower Mount Street, a few hundred meters north of the Grand Canal.

Is san Oifig um Chosaint Idirnáisúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach, cúpla céad méadar ó thuaidh ón gCanáil Mhór, a dhéantar iarratas ar thearmann.

Tents had been erected outside the office and in other places along the canal closer to the office for a few weeks, but the authorities cleared them out of their way and barriers were erected in those places to prevent them from being erected again.

Bhí pubaill curtha suas lasmuigh den oifig agus in ionaid eile le hais na canálach níos gaire don oifig le cúpla seachtain, ach ghlan na húdaráis as a mbealach iad agus cuireadh bacainní suas sna háiteanna sin le nach bhféadfaí iad a chur suas arís.

It seems, however, that the men and their tents are being pushed back further.

Dealraíonn sé nach bhfuil ann, áfach, ach go bhfuil na fir agus a bpubaill á mbrú siar tuilleadh.

Taoiseach Simon Harris said today that he wants to tackle the issue compassionately, but also sensibly.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris inniu gur mian leis dul i ngleic leis an gceist go trócaireach, ach go ciallmhar freisin.

Speaking on RTÉ, he indicated that the asylum system in Ireland was not in line with what is in place in other member states of the European Union and said that this had to be corrected.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug sé le fios nach raibh an córas tearmainn in Éirinn ag teacht lena bhfuil i bhfeidhm i mballstáit eile an Aontaigh Eorpaigh agus dúirt go gcaithfí é sin a chur ina cheart.

The current system has the capacity to accept 3,500 people a year, said Simon Harris.

Tá sé d’acmhainn ag an gcóras atá ann faoi láthair glacadh le 3,500 duine sa bhliain, arsa Simon Harris.

It is believed, however, that between 26,000 and 30,000 asylum seekers could come to this country this year.

Táthar á thuairimiú, ámh, go bhféadfadh idir 26,000 agus 30,000 iarrthóir tearmainn teacht chun na tíre seo i mbliana.

The issue was discussed at a heated meeting of the Fianna Fáil parliamentary party last night, where Finance Minister Michael McGrath said the situation had gotten out of hand.

Pléadh an cheist i gcruinniú teasaí de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil aréir, áit a ndúirt an tAire Airgeadais Michael McGrath go raibh an scéal imithe ó smacht.

Some people in the meeting criticized the Government’s approach, especially the way the issue is being put before the public.

Cháin roinnt daoine sa chruinniú cur chuige an Rialtais, go háirithe an chaoi a bhfuil an cheist á cur os comhair an phobail.

It is reported that the Government is considering establishing a large residential center for asylum seekers on a site in north-west County Dublin where a prison was once to be built.

Tuairiscítear go bhfuil an Rialtas ag cuimhneamh ar mhórionad cónaithe d’iarrthóirí tearmainn a bhunú ar shuíomh in iarthuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath a raibh príosún le tógáil air tráth.

The site is over 160 acres at BallynaSceach Hall in Kilsalachian which already has a number of facilities.

Tá os cionn 160 acra sa suíomh i Halla Bhaile na Sceach i gCill Shalacháin a bhfuil roinnt saoráidí ann cheana féin.

It is estimated that it would take about four weeks to customize the place as a residence.

Meastar go nglacfadh sé thart ar cheithre seachtaine an áit a shainchóiriú mar ionad cónaithe.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/yo8hqsc6

Contact: irishlingos@gmail.com

Permission to buy tobacco to be raised from 18 to 21 years.

Cead tobac a cheannach le hardú ó 18 go 21 bliain.

The age at which people can buy cigarettes and other tobacco products is to be raised from eighteen to 21, according to new legislation to be proposed to the Cabinet this week by Health Minister Stephen Donnelly.

Tá an aois ag ar féidir le daoine toitíní agus táirgí eile tobac a cheannach le hardú ó ocht mbliana déag go 21 bliain, de réir reachtaíocht nua atá le moladh don Chomhaireacht an tseachtain seo ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly.

For people who are currently between the ages of eighteen and 21, the bill will be drafted in such a way that they will still be allowed to buy tobacco.

Maidir le daoine atá idir ocht mbliana déag agus 21 faoi láthair, dréachtófar an bille sa chaoi is go mbeidh cead acusan tobac a cheannach go fóill.

Minister Donnelly said that the legislation is really aimed at young people between the ages of fifteen and seventeen.

Dúirt an tAire Donnelly gur ar dhaoine óga idir chúig bliana déag agus seacht mbliana déag atá an reachtaíocht dírithe i ndáiríre.

It’s easy for people in that age group to buy tobacco at the moment, he said, but if the minimum age is raised to 21 it will make them a lot of trouble.

Is furasta do dhaoine san aoisghrúpa sin tobac a cheannach faoi láthair, arsa sé, ach má ardófar an aois íosta go 21 déanfaidh sé ciotaí an-mhór dóibh.

A report from the Royal College of Physicians of Ireland states that more than any other time people take their first puff of tobacco between the ages of fifteen and seventeen.

Deirtear i dtuarascáil ó Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann gur idir chúig bliana déag agus seacht mbliana déag thar aon am eile is mó a bhaineann daoine an chéad gal tástála as tobac.

If the minimum age were raised to 21, the number of teenagers who smoke could be reduced by 25%, according to the authors of the report.

Dá n-ardófaí an aois íosta go 21 d’fhéadfaí an líon déagóirí a chaitheann tobac a laghdú 25 faoin gcéad , dar le húdair na tuarascála.

It is estimated that around 4,500 people die in the State every year due to smoking.

Áirítear go bhfaigheann thart ar 4,500 duine bás sa Stát gach bliain mar gheall ar thobac a chaitheamh.

They are most affected by heart disease, lung disease and cancer.

Galar croí, galar scamhóg agus ailse is mó a bhaineann dóibh.

As well as raising the minimum age, the sale of tobacco products and vaping products from machines in commercial premises is to be banned.

Chomh maith leis an aois íosta a ardú, táthar le cosc a chur ar tháirgí tobac agus ar tháirgí vápála a dhíol ó mheaisíní in áitribh thráchtála.

The Government also intends to ban disposable vaping cigarettes and place restrictions on the advertising of vaping products.

Tá rún ag an Rialtas freisin cosc a chur ar ghaltoitíní aon uaire agus srianta a chur ar an gcaoi a bhfógraítear táirgí vápála.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2y5fmrd5

Contact: irishlingos@gmail.com

More tents put up along the Grand Canal.

Tuilleadh puball curtha suas le hais na Canálach Móire.

It is now counted that 100 tents have been put up by international asylum seekers along the Grand Canal in the center of Dublin since the beginning of last weekend.

Áirítear anois gur 100 puball atá curtha suas ag iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta le hais na Canálach Móire i lár Bhaile Átha Cliath ó thús an deireadh seachtaine seo caite.

The number of tents between Mount Street Bridge and Huband Bridge has been increasing since last Friday, two days after the authorities cleared tents that had been set up outside the International Protection Office a few hundred meters up the road. way.

Tá líon na bpuball idir Droichead Shráid an Mhóta agus Droichead Huband ag dul i méid ón Aoine seo caite, dhá lá tar éis do na húdaráis pubaill a bhí curtha suas taobh amuigh den Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta cúpla céad méadar suas an bóthar a ghlanadh as an mbealach.

The asylum seekers who were living in those tents on Lower Mount Street were transferred to an indoor center in the West of the City and to specially equipped tents on a site in Knock Slinne in the south west of County Dublin.

Aistríodh na hiarrthóirí tearmainn a bhí ina gcónaí sna pubaill sin ar Shráid an Mhóta Íochtarach go dtí ionad faoi dhíon in Iarthar na Cathrach agus go dtí pubaill shainchóirithe ar shuíomh i gCnoc Slinne in iardheisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

However, 1,710 men who entered the State since last Christmas and sought asylum in Ireland are still waiting to receive accommodation from the State.

Mar sin féin, tá 1,710 fear a tháinig isteach sa Stát ón Nollaig seo caite agus a d’iarr tearmann in Éirinn, tá siad fós ag fanacht le lóistín a fháil ón Stát.

Among them are 150 men who came to Ireland for a week.

Tá 150 fear a tháinig go hÉirinn le seachtain ina measc.

Yesterday, Taoiseach Simon Harris revealed that various agencies were coming together to tackle the situation.

Inné, thug an Taoiseach Simon Harris le fios go raibh gníomhaireachtaí éagsúla ag teacht le chéile le dul i ngleic leis an scéal.

He said that people would not be allowed to stay in tents alongside the Grand Canal as they had done for months on Lower Mount Street.

Dúirt sé nach ligfí do dhaoine fanacht i bpubaill taobh leis an gCanáil Mhór mar a rinne siad ar feadh na míonna ar Shráid an Mhóta Íochtarach.

Local people want the Government to locate the Office of International Protection outside Dublin city centre.

Tá daoine áitiúla ag iarraidh ar an Rialtas an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta a lonnú taobh amuigh de lár Bhaile Átha Cliath.

According to them, it is clear that the office cannot handle the large number of people who are coming to the place, despite the appropriate facilities.

Dar leo gur léir nach féidir leis an oifig an líon mór daoine atá ag teacht chun na háite a láimhseáil, de cheal na saoráidí cuí.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/3yoklgps

Contact: irishlingos@gmail.com

Over 400 participants in the Ennis road race

Os cionn 400 páirteach i rás bóthair Inis 'Iron' Meáin.

News Over 400 people took it from the tires today in Ennis Meáin in the Galway bay, in the road race known as Ennis Iron Meáin.

Nuacht Thug os cionn 400 duine as na boinn é inniu in Inis Meáin i gcuan na Gaillimhe, sa rás bóthair ar a dtugtar Inis Iron Meáin.

This is the twentieth year the race has been running and the twelve kilometer race course attracts runners from all over.

Seo an fichiú bliain an rás ar bun agus meallann cúrsa an ráis dhá chiliméadar déag reathaithe as gach uile chearn.

The race was originally organized to raise money for the island’s secondary school, Saint John’s College.

Eagraíodh an rás ar dtús chun airgead a bhailiú do mheánscoil an oileáin, Coláiste Naomh Eoin.

The organizers of the event claim that Inis Iron Meáin is the first ever road race of its kind on the Irish islands and that other communities have since emulated them with similar races.

Maíonn lucht eagraithe na hócáide gurb é Inis Iron Meáin an chéad rás bóthair dá chineál ariamh ar oileáin na hÉireann agus go ndearna pobail eile aithris orthu ó shin le rásaí dá macasamhail.

The organizing committee of the race always manages to attract well-known people to be at the head of the course.

Éiríonn le coiste eagraithe an ráis daoine aitheanta a mhealladh i gcónaí le bheith ar cheann an chúrsa.

Today it was Galway Mayor Eddie Hoare who hit the starting bell outside Naomh Eoin’s Secondary School on the island in the company of Galway Rose Deirdre Ní Cheoinín.

Inniu ba é Méara Chathair na Gaillimhe Eddie Hoare a bhuail an bonnán tosaithe taobh amuigh de Mheánscoil Naomh Eoin ar an oileán i gcuideachta Rós na Gaillimhe Deirdre Ní Cheoinín.

Connacht full-back Tiernan O’Halloran, who announced this week that he was retiring from the game professionally, was among the more than 400 runners who made it out.

Bhí lánchúlaí fhoireann Chonnacht Tiernan O’Halloran, a d’fhógair an tseachtain seo go raibh sé ag éirí as an gcluiche go gairmiúil, i measc an bhreis is 400 reathaí a thug as na boinn é.

People were present from as far afield as Sweden and Austria.

Bhí daoine i láthair as áiteanna chomh fada i gcéin leis an tSualainn agus an Ostair.

A number of Irish people returned from abroad for the Bank Holiday weekend to join their families.

D’fhill roinnt Éireannach ó thar lear don deireadh seachtaine Saoire Bainc le bheith páirteach lena dteaghlach.

Among them was Colin Frost from Castlebar but who lives in London and came back to Ennismean for the third year in a row.

Orthu sin bhí Colin Frost as Caisleán an Bharraigh ach atá ina chónaí i Londain agus tháinig arais go hInis Meáin den triú bliain as a chéile.

His father and brother were involved today as well.

Bhí a athair agus dheartháir páirteach inniu chomh maith.

Méabh Kealy, who is still in primary school, was one of the youngest competitors who took part in the 5 kilometer race today.

Bhí Méabh Kealy, atá go fóill sa bhunscoil ar dhuine de na h- iomaitheoirí ab óige a ghlac páirt sa rás 5 ciliméadar inniu.

Ennis Meáin is particularly important to her family because it is where her parents Eithne and Gerry met – at the Ennis Iron Meáin road race! Méabh told Nuacht RTÉ today that her parents return to the island every year since then to take part and that she loves that she can now run out with them! The brothers Ciarán, Colm and Alan Breathnach from Ballymun were in Dublin today as well.

Tá tábhacht ar leith ag baint le hInis Meáin dá teaghlach mar gur ann a casadh a tuismitheoirí Eithne agus Gerry ar a chéile – ag rás bóthair Inis Iron Meáin! Dúirt Méabh le Nuacht RTÉ inniu go bhfilleann a tuismitheoirí ar an oileán gach bliain ó shin i leith le bheith páirteach agus gur breá léi go mbíonn sise anois ábalta rith amach ina dteannta! Bhí na deartháireacha Ciarán, Colm agus Alan Breathnach as Baile Munna i mBaile Átha Cliath ansin inniu chomh maith.

They have been coming to Ennismean for a long time and this is the first race they run every year.

Tá siad ag teacht go hInis Meáin le fada agus is é seo an chéad rás a ritheann siad gach bliain.

Alan can claim to be the oldest of the three and despite that he managed to run a faster race time than his two brothers! Runners are very popular with the 10 kilometer and 12 kilometer races which take them through some of the most scenic and picturesque places on the island – from the uninhabited south of the island, through the area known as ‘Carcar’ ‘ and down a steep slope along the quay at An Chóra.

Tá sé le maíomh ag Alan gurb é is sine den triúr agus ainneoin sin gur éirigh leis am rás a rith níos gaiste ná a bheirt dheartháir! Tá tóir mhór ag reathaithe ar na rásaí 10 ciliméadar agus 12 ciliméadar a thugann tríd chuid de na háiteanna is sciamhaí agus is suaithinsí ar an oileáin iad – ó dheisceart an oileáin áit nach bhfuil cónaí ar bith, fríd an cheantar ar a dtugtar an ‘Carcair’ agus síos fána ghéar fhad leis an ché ag An Chóra.

From there the competitors of the 12 kilometer race must follow the signs down to the dunes and on to Tra Leitre and Cairn Gannimh, and from there up through the island’s beautiful meadows and parks along their stone walls.

As sin caithfidh iomaitheoirí an rása 12 ciliméadar na comharthaí a leanacht síos chuig na dumhcha agus ar aghaidh go Trá Leitreach agus Ceann Gainnimh, agus as sin aníos fríd bhuailí agus pháirceanna gleoite an oileáin fána gcuid ballaí cloch.

The principal of Coláiste Naomh Eoin, Mairéad Ní Fátharta, says that people often ask why the English word ‘iron’ is in the name of the race.

Deir príomhoide Choláiste Naomh Eoin, Mairéad Ní Fhátharta gur minic a fhiafraíonn daoine cad chuige a bhfuil an focal Béarla ‘iron’ in ainm an rása.

“It’s an extremely tough race that takes place over a great variety of terrain.

“Is rás thar a bheith dian é a ghabhann thar an-éagsúlacht talaimh.

If you ask me why the word ‘iron’ is in the name, I promise you won’t have to ask again by the time you’ve run the race!” The winner of this year’s 12km race was Rodhlann Mossap from Dublin. – in 43:21; John Leahy was next with a time of 44:23 and Mike O’Connor was third with a time of 46:51.

Má chuireann tú ceist orm cén fáth a bhfuil an focal ‘iarann’ san ainm, geallaim nach mbeidh ort a fhiafraí arís faoin am a mbeidh an rás rite agat!” Ba é Rodhlann Mossap as Baile Átha Cliath a bhuaigh rás 12 cileaméadar na bliana seo – taobh istigh de 43:21; bhí John Leahy ina dhiaidh le am de 44:23 agus Mike O’Connor sa tríú háit le ham de 46:51.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/ykavbpbt

Contact: irishlingos@gmail.com

Mount Street refugees moved, camp cleared out of the way.

Dídeanaithe Shráid an Mhóta bogtha, campa glanta as an mbealach.

International asylum seekers who were living in small tents in the center of Dublin have been transferred to an indoor center in the West of the City and to specially equipped tents on a site in Knock Slinne in the south west of the county.

Tá iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta a bhí ag cur fúthu i bpubaill bheaga i lár Bhaile Átha Cliath aistrithe go dtí ionad faoi dhíon in Iarthar na Cathrach agus go dtí pubaill shainchóirithe ar shuíomh i gCnoc Slinne in iardheisceart an chontae.

The asylum seekers had set up a subcamp outside the International Protection Office on Lower Mount Street but they had no facilities at all.

Bhí foschampa bunaithe ag na hiarrthóirí tearmainn taobh amuigh den Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach ach ní raibh saoráidí dá laghad acu ann.

The living conditions in the camp were getting worse all the time and all kinds of dirt was accumulating in the place.

Bhí na coinníollacha maireachtála sa champa ag dul chun donachta an t-am ar fad agus bhí gach cineál salachair á charnadh san áit.

On the path in front of the building, around it and behind it, the refugees had pitched their tents.

Ar an gcosán os comhair an fhoirgnimh, thart timpeall air agus taobh thiar de a bhí na pubaill curtha suas ag na dídeanaithe.

This morning, workers moved the tents out of the way, the street was cleared and the refugees were taken on buses to the residential centers in West City and Knock Slinne.

Ar maidin inniu, chuir oibrithe na pubaill as an mbealach, glanadh an tsráid agus tugadh na dídeanaithe ar bhusanna go dtí na hionaid chónaithe in Iarthar na Cathrach agus i gCnoc Slinne.

In that end, a temporary fence and plastic bollards were put up so that a camp cannot be established there again.

Ina cheann sin, cuireadh fál sealadach agus mullaird phlaisteacha suas ionas nach féidir campa a bhunú ann arís.

The Department of Integration, the Department of Justice, the Garda Síochána, Dublin City Council, the Office of Public Works and the Health Service Executive, these different agencies were responsible for the different parts of the work.

An Roinn Lánpháirtíochta, an Roinn Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poilbí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, is iad na gníomhaireachtaí éagsúla sin a bhí freagrach as na codanna éagsúla den obair.

The authorities have already tried to move asylum seekers from Mount Street.

Rinne na húdaráis iarracht cheana iarrthóirí tearmainn a bhogadh ó Shráid an Mhóta.

150 of them were taken to the site in Knockslinne in March but some returned to the camp on Mount Street the same day.

Tugadh 150 acu go dtí an suíomh i gCnoc Slinne i mí an Mhárta ach d’fhill cuid acu ar an gcampa ar Shráid an Mhóta an lá céanna.

Despite all facilities being available there, they said that Slinne Hill was too remote.

In ainneoin gach saoráid a bheith ar fáil ann, dúirt siad go raibh Cnoc Slinne ró-iargúlta.

Integration Minister Roderic O’Gorman also confirmed today that asylum seekers are now living in the River Lodge, or Fighter’s House, in Ballykennedigh in Co Wicklow.

Dhearbhaigh an tAire Lánpháirtíochta Roderic O’Gorman inniu freisin go bhfuil iarrthóirí tearmainn ina gcónaí anois i Lóiste na hAbhann, nó Teach Trodair, i mBaile an Chinnéidigh i gCo Chill Mhantáin.

Clashes took place outside that center during a protest last week.

Tharla scliúchais taobh amuigh den ionad sin le linn agóid a bhí ann an tseachtain seo caite.

RTÉ News and Current Affairs Tents being cleared out of the way on Lower Mount Street this morning

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Pubaill á nglanadh as an mbealach ar Shráid an Mhóta Íochtarach ar maidin inniu

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dovgenf

Contact: irishlingos@gmail.com

Meeting between McEntee and Cleverley postponed.

Cruinniú idir McEntee agus Cleverley curtha ar athlá.

A planned meeting between Justice Minister Helen McEntee and British Home Affairs Secretary James Cleverly has been postponed.

Tá cruinniú a bhí beartaithe idir an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine James Cleverly curtha ar athlá.

The two were to discuss the controversy about asylum seekers coming to Ireland from Britain but it is said that James Cleverly is busy with other affairs today.

Bhí an bheirt leis an gconspóid faoi iarrthóirí tearmainn ag teacht go hÉirinn ón mBreatain a phlé ach deirtear go bhfuil James Cleverly gafa ag gnóthaí eile inniu.

The Department of Justice has confirmed that the two will discuss the matter again soon.

Tá sé dearbhaithe ag an an Roinn Dlí agus Cirt go bpléifidh an bheirt an scéal arís go luath.

The story relates to the concern of the Irish Government that more immigrants have been coming into the State from Northern Ireland for some time because they fear that they will be deported from the United Kingdom.

Baineann an scéal leis an imní atá ar Rialtas na hÉireann go bhfuil níos mó inimirceach ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann le tamall mar go bhfuil faitíos orthu go ndíbreofar as an Ríocht Aontaithe iad.

Legislation was passed in Britain last week under which asylum seekers can be deported from the country and sent to Rwanda in eastern Africa.

Ritheadh reachtaíocht sa Bhreatain an tseachtain seo caite faoinar féidir iarrthóirí tearmainn a dhíbirt as an tír agus a gcur go Ruanda in oirthear na hAfraice.

The aim of the legislation is to prevent migrants from arriving in Britain in small boats from France.

Is é is aidhm don reachtaíocht imircigh a chur ó theacht chun na Breataine i mbáid bheaga ón bhFrainc.

Minister McEntee revealed last week that there had been an increase of over 80% in the number of migrants coming into the State from Northern Ireland and the British Prime Minister claimed that this showed that the new legislation although it had not yet been implemented.

Thug an tAire McEntee le fios an tseachtain seo caite go raibh ardú os cionn 80 faoin gcéad tagtha ar an líon imirceach a bhí ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann agus mhaigh Príomh-Aire na Breataine gur léirigh sé sin go raibh rath cheana féin ar an reachtaíocht nua cé nach raibh sé curtha i bhfeidhm fós.

In light of this crime in British immigration policy, the Irish Government is considering introducing legislation that would allow asylum seekers who have landed in Britain to be sent back there.

I bhfianaise an choir seo i bpolasaí inimirce na Breataine, tá Rialtas na hÉireann ag breathnú ar reachtaíocht a thabhairt isteach faoina gceadófaí iarrthóirí tearmainn a tháinig i dtír sa Bhreatain a chur ar ais ann.

Yesterday, Taoiseach Simon Harris said that Ireland would not provide a loophole for other countries struggling with the issue of immigration.

Inné, dúirt an Taoiseach Simon Harris nach gcuirfeadh Éire bealach éalaithe ar fáil do thíortha eile atá ag streachailt le ceist na hinimirce.

It is understood that Helen McEntee and James Cleverly are to discuss the Common Travel Area between Ireland and the United Kingdom with a view to “strengthening” it.

Tuigtear go bhfuil Helen McEntee agus James Cleverly chun an Comhlimistéár Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a phlé le súil é a “neartú”.

According to that agreement, citizens of Ireland and the United Kingdom are allowed to travel without restriction between the two countries.

De réir an chomhaontaithe sin, tá cead ag saoránaigh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe taisteal gan srian idir an dá thír.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/26lsnkv7

Contact: irishlingos@gmail.com

Egypt worries that Palestinians will be pushed across the border.

Imní ar an Éigipt go mbrúfar Palaistínigh trasna na teorann.

The Egyptian Government says it has no intention of allowing the Palestinian Israelis living in the southern Gaza city of Rafah to be pushed across the border when the Israeli Army makes a major invasion of the city as they have promised.

Deir Rialtas na hÉigipte nach bhfuil aon rún acu ligean do na hIosraelaigh Palaistínigh atá ag cur fúthu i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza a bhrú trasna na teorann nuair a dhéanfas Arm Iosrael mórionradh ar an gcathair mar atá geallta acu.

The Israelis have said many times that they have vowed to launch an all-out invasion of Rafah and have been retaliating against it for several weeks.

Tá sé ráite go minic ag na hIosraelaigh go bhfuil siad mionnaithe ionradh uileghabhálach a dhéanamh ar Rafah agus tá iad ag déanamh téisclime lena aghaidh sin le roinnt seachtainí.

International leaders have asked the Israelis just as often not to go ahead with the invasion because of the damage that will certainly be done to the public.

Tá iarrtha chomh minic céanna ag ceannairí idirnáisiúnta ar na hIosraelaigh gan dul ar aghaidh leis an ionradh mar gheall ar an ár is cinnte a thabharfar ar an bpobal ansin dá bhíthin.

Not to mention the million people who lived in Rafah before the Israelis started waging war on Gaza last autumn, their refugee sauce has also been wedged into it since then.

Gan trácht ar an milliún duine a bhí ina gcónaí in Rafah sular thosaigh na hIosraelaigh ag fearadh cogadh ar Gaza an fómhar seo caite, tá a n-anlann teifeach dingthe isteach ann ó shin freisin.

Despite what the Egyptians said today, they also indicated that they would have to cooperate with the Israeli military forces in terms of security since Rafah is located on the border with Egypt.

In ainneoin a ndúirt na hÉigiptigh inniu, thug siad le fios chomh maith go mbeadh orthu dul i gcomhar le fórsaí míleata Iosrael maidir le cúrsaí slándála ó tá Rafah suite ar an teorainn leis an Éigipt.

It cannot be said, they said, that they will support the invasion.

Ní hin le rá, a dúirt siad, go mbeidh siad ag tacú leis an ionradh.

As per the Israeli plan to do so, it is reported that they have bought 40,000 tents with room for twelve in each, with the hope of housing civilians who will be evacuated from Rafah before the invasion.

Mar leis an téisclim atá na hIosraelaigh a dhéanamh, tuairiscítear go bhfuil 40,000 puball a bhfuil áit i ngach ceann acu do dháréag ceannaithe acu le súil sibhialtaigh a aslonnófar ó Rafah roimh an ionradh a chur a chónaí iontu.

It seems that some of the tents have already been erected in the city of Khan Younis, five kilometers north of Rafah.

Is cosúil go bhfuil cuid de na pubaill curtha suas cheana féin i gcathair Khan Younis, cuig chiliméadar ó thuaidh ó Rafah.

If this is the case, the Israelis are determined to get as many civilians as possible out of Rafah before the invasion, it is estimated that they will not have made all their preparations for at least a month.

Más amhlaidh atá na hIosraelaigh meáite ar an oiread sibhialtach agus is féidir a thabhairt amach as Rafah roimh an ionradh, meastar nach mbeidh gach uile úmachan déanta acu go ceann míosa ar a laghad.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/28hzobfb

Contact: irishlingos@gmail.com

Israelis have started a new campaign of force in northern Gaza.

Iosraelaigh tosaithe ar fheachtas úr fornirt i dtuaiscart Gaza.

It appears that Israeli military forces have begun a fresh campaign of violence in Gaza after they heavily bombarded various parts of the Palestinian enclave yesterday.

Dealraíonn sé go bhfuil fórsaí míleata Iosrael tosaithe ar fheachtas úr foréigin in Gaza tar éis dóibh áiteanna éagsúla ar fud na hiamhchríche Palaistíní a bhombardú go trom inné.

In that, the Israeli Army ordered civilians in four places in the city of Beit Lahiya in northern Gaza to leave their homes again because they were “in a dangerous war zone”.

Ina cheann sin, d’ordaigh Arm Iosrael do shibhialtaigh i gceithre áit i gcathair Beit Lahiya i dtuaisceart Gaza imeacht as a n-áitribh an athuair mar go raibh siad “i gceantar cogaíochta contúirteach”.

The Israelis had previously pulled troops out of northern Gaza after, they said, defeating Hamas militants.

Bhí saighdiúirí tarraingthe amach as tuaisceart Gaza ag na hIosraelaigh roimhe seo tar éis dóibh, a dúirt siad, an ruaig a chur ar lucht airm Hamas.

In a statement, the Israeli Army said it intended to “confront – with the utmost force – terrorist infrastructure and insurgent gangs” in the area.

I ráiteas, dúirt Arm Iosrael go raibh rún acu “aghaidh a thabhairt – le teann fornirt – ar bhonneagar sceimhlitheoireachta agus ar bhuíonta ceannairceach” sa cheantar.

The statement also claimed that “the Israeli Army abides by international law and does its best to mitigate the harm caused to civilians (in war)”.

Maíodh sa ráiteas freisin “go gcloíonn Arm Iosrael leis an dlí idirnáisiúnta agus go ndéanann siad a ndícheall leis an díobháil a dhéantar do shibhialtaigh (i gcogadh) a mhaolú”.

In addition to the fresh campaign in northern Gaza, Israeli forces reportedly fired missiles from jet planes and shells from tanks at centers in central and southern Gaza yesterday.

Chomh maith leis an bhfeachtas úr i dtuaisceart Gaza, tuairiscítear gur scaoil fórsaí Iosrael diúracáin ó scairdeitleáin agus sliogáin ó thancanna le hionaid i lár agus i ndeisceart Gaza inné.

According to people in those places the bombardment lasted almost twenty-four hours.

Dar le daoine sna háiteanna sin gur mhair an bombardú beagnach ceithre huaire is fiche.

It is also reported that no one was injured when the Palestinian Islamic Jihad group fired a rocket salvo from northern Gaza at two towns in southern Israel.

Tuairiscítear freisin nár gortaíodh aon duine nuair a scaoil an grúpa Jiohád Ioslamach na Palaistíne sailbhe roicéad as tuaisceart Gaza le dhá bhaile i ndeisceart Iosrael.

Since the failure of talks held by international diplomats in Qatar and Egypt there is no more talk of a ceasefire in Gaza.

Ó theip ar chainteanna a reáchtáil taidhleoirí idirnáisiúinta i gCatar agus san Éigipt níl aon chaint níos mó ar shos comhraic in Gaza.

It is indeed believed that the Israelis are preparing for a major invasion of the city of Rafah in the southern Gaza Strip after international leaders have asked them not to go ahead with it.

Creidtear go deimhin go bhfuil na hIosraelaigh ag téisclim i gcomhair mórionradh a dhéanamh ar chathair Rafah i bhfíordheisceart Gaza tar éis go bhfuil iarrtha ag ceannairí idirnáisiúnta orthu gan dul ar aghaidh leis.

Over 34,000 people have been killed and 77,000 people have been injured in Gaza since the Israelis started waging war on the place six and a half months ago.

Áirítear os cionn 34,000 duine a bheith maraithe agus 77,000 duine a bheith gortaithe in Gaza ó thosaigh na hIosraelaigh ag cur cogadh ar an áit sé mhí go leith ó shin.

That is without taking into account the bodies hidden by the debris of the buildings demolished by the bombing.

É sin gan na coirp atá folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh a leagadh de bharr na buamála a chur san áireamh.

RTÉ News and Current Affairs Palestinian refugees being deported again by Israeli forces, Beit Lahiya, 20 April 2024

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Dídeanaithe Palaistíneacha á ndíbirt an athuair ag fórsaí Iosrael, Beit Lahiya, 20 Aibreán 2024

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2xjb8gg2

Contact: irishlingos@gmail.com

“Intimidation of politicians harms democracy”.

“Déanann imeaglú ar pholaiteoirí dochar don daonlathas”.

Threats and intimidation aimed at elected representatives are damaging to democracy, said the Minister for Integration, Roderic O’Gorman today, after a group of protestors gathered outside his home last night.

Déanann bagairtí agus imeaglú atá dírithe ar ionadaithe tofa dochar don daonlathas, a dúirt an tAire Lánpháirtíochta, Roderic O’Gorman inniu, i ndiaidh do ghrúpa daoine a bhí i mbun agóide a bhailiú taobh amuigh dá theach cónaithe aréir.

They were wearing face coverings and carrying anti-immigration signs.

Bhí clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu agus bhí comharthaí frith- inimirce á n-iompar acu.

The Gardaí from Blancheir attended the scene, of which no one was arrested.

D’fhreastail na Gardaí ó Bhaile Bhlainséir ar an láthair, acu níor gabhadh aon duine.

“I want to thank the Gardai”, Minister O’Gorman said today.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Gardaí”, a dúirt an tAire O’Gorman inniu.

“We have a strong tradition of democracy in this country.

“Tá traidisiún láidir daonlathais againn sa tír seo.

Representatives are accountable to the public they serve.

Tá ionadaithe freagrach don phobal a bhfreastalaíonn siad air.

It’s easy to contact us and give us feedback.

Tá sé furasta teagmháil a dhéanamh linn agus tuairimí a chur in iúl dúinn.

There are debates and disagreements between us, sometimes.

Bíonn díospóireachtaí eadarainn agus easaontas, uaireanta.

But respect is always shown.

Ach léirítear meas i gcónaí.

We place a high value on respect in this country; it is particularly valued by politicians.

Tá luach ard againn ar mheas sa tír seo; tá luach ar leith ag polaiteoirí air.

But intimidation of elected representatives will damage that relationship between representatives and their communities.

Ach déanfaidh imeaglú ar ionadaithe tofa dochar don chaidreamh sin idir ionadaithe agus a bpobail.

And democracy will be damaged as a result.”

Agus déanfar dochar don daonlathas dá bharr.”

The Taoiseach, Simon Harris, indicated earlier today that he feels “uneasy” about the incident in front of Roderic O’Gorman’s house yesterday.

Thug an Taoiseach, Simon Harris, le fios níos luaithe inniu go mbraitheann sé “míshuaimneach” faoin eachtra os comhair theach Roderic O’Gorman inné.

He said it was a frightening incident, one that would demoralize an elected representative.

Dúirt sé gur eachtra scanrúil a bhí ann, a chuirfeadh drochmhisneach ar ionadaí tofa.

Justice Minister Helen McEntee said she had spoken to the Garda Commissioner about the “appalling” incident.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, gur labhair sí le Coimisinéir na nGardaí faoin eachtra “uafásach”.

In a statement on social media, she said the minister’s “privacy and property rights” had been violated, “in a way that would shock anyone.”

I ráiteas ar na meáin shóisialta, dúirt sí go ndearnadh “sárú ar chearta príobháideachais agus maoine” an aire, “ar shlí a gcuirfeadh samhnas ar dhuine.”

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29nmgwao

Contact: irishlingos@gmail.com

Over 200 food businesses closed since the start of the year – new report.

Os cionn 200 gnóthas bia dúnta ó thús na bliana – tuarascáil nua.

Over 200 restaurants, cafes and other food businesses have closed in the State since the start of the year, says a new report commissioned by the Irish Restaurant Association.

Tá os cionn 200 bialann, caife agus gnóthas eile bia dúnta sa Stát ó thus na bliana, a deirtear i dtuarascáil nua a choimisiúnaigh Cumann Bhialanna na hÉireann.

The report claims that the country’s economy could lose up to €288 million every year as a result of these businesses going out of business.

Maítear sa tuarascáil go bhféadfadh geilleagar na tíre suas le €288 milliún a chailleadh gach bliain de bharr na gnóthais sin a bheith imithe i mbá.

Every time a food business closes, the State loses up to €1.36 million a year when everything is taken into account, according to the report.

Gach uair a dhúnann gnóthas bia, cailleann an Stát suas €1.36 milliún sa bhliain nuair a chuirtear gach rud san áireamh, de réir na tuarascála.

In that one, it is said, 22 people lose their job on average.

Ina cheann sin, a deirtear, cailleann 22 duine a bpost ar an meán.

According to the analysis carried out by researchers, €576,554 in gross wages and €115,310 in tax are lost in each case on average.

De réir na hanailíse a rinne lucht taighde, cailltear €576,554 in ollphá agus €115,310 i gcáin i ngach cás ar an meán.

On top of that, it is said, €105,000 is lost in value added tax, €11,874 in commercial rates and €4,583 in water charges.

Ar a mhuin sin, a deirtear, cailltear €105,000 i gcáin bhreisluacha, €11,874 i rátaí tráchtála agus €4,583 i dtáillí uisce.

Around €440,000 in social welfare payments will also have to be paid to the former employees if they do not find another job in the meantime.

Caithfear thart ar €440,000 in íocaíochtaí leasa shóisialta a íoc leis na hiarfhostaithe freisin mura bhfaighidh siad post eile idir dhá linn.

In relation to that aspect of the story, the report also claims that civil servants in Dublin do not understand that it is not so easy to find another job outside the capital.

I dtaca leis an ngné sin den scéal de, maítear sa tuarascáil chomh maith nach dtuigeann státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath nach bhfuil sé chomh héasca sin post eile a fháil taobh amuigh den phríomhchathair.

The Irish Restaurant Association is petitioning the Government to come to the aid of food businesses and lower value added tax to 9% again.

Tá Cumann Bhialanna na hÉireann ag achainí ar an Rialtas teacht i gcabhair ar ghnóthais bhia agus cáin bhreisluacha a ísilú go dtí 9 faoin gcéad arís.

However, according to the Department of Finance, that would cost the State €545 million a year.

Dar leis an Roinn Airgeadais, áfach, go gcosnódh sé sin €545 milliún sa bhliain ar an Stát.

On the contrary, the association believes that the Department of Finance’s saving approach makes no sense when everything is lost when a food business closes.

Os a choinne sin, creideann an cumann nach bhfuil aon chiall le dearacadh coigilteach sin na Roinne Airgeadais nuair a chuirtear san áireamh gach rud a chailltear nuair a dhúnann gnóthas bia.

The association is also unhappy with certain policies that have been introduced or are yet to be introduced by the Government regarding workers’ rights.

Tá an cumann míshásta freisin le beartais áirithe atá tugtha isteach nó fós le tabhairt isteach ag an Rialtas maidir le cearta oibrithe.

The newly elected Taoiseach Simon Harris has said that he is sympathetic to business people in that respect and it is understood that he intends to postpone changes to sick pay given the difficulty they are having to keep their businesses going .

Tá sé ráite ag an Taoiseach nuathofa Simon Harris go bhfuil sé báúil le lucht gnó sa mhéid sin agus tuigtear go bhfuil sé ar intinn aige athruithe ar phá breoiteachta a chur ar atráth i bhfianaise a dheacra atá sé ag dul orthu a ngnóthais a choinneáil ag imeacht.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ar55r8m

Contact: irishlingos@gmail.com

Israel to sue for revenge for Iran’s attacks.

Iosrael le díoltas a agairt as ionsaithe na hIaráine.

Israel’s military leaders met last night after the attacks that came from Iran during the night.

Tháinig ceannairí míleata Iosrael le chéile aréir i ndiaidh na n-ionsaithe a tháinig ón Iaráin i rith na hoíche.

The Government of Israel has threatened to sue for retaliation for the missiles fired at the country.

Tá sé bagartha ag Rialtas Iosrael go n- agrófar díoltas as na diúracáin a scaoileadh leis an tír.

The defense equipment of the Israeli forces with the help of Britain and the United States succeeded in deflecting most of the missiles before they reached their targets.

D’éirigh leis an trealamh cosanta atá ag fórsaí Iosrael le cúnamh ón Bhreatain agus na Stáit Aontaithe formhór na ndiúracán a chur ó mhaith sular bhain siad spriocanna amach.

However, some managed to go head-to-head and cause damage.

Mar sin féin d’éirigh le roinnt díobh dul go ceann cúrsa agus damáiste a dhéanamh.

It is known that at least 30 people have been injured as a result of the attacks, including a 10-year-old girl.

Tá a fhios go bhfuil suas le 30 duine ar a laghad a gortaíodh de bharr na n-ionsaithe, cailín 10 mbliana d’aois ina measc.

Iran says any further attack on Israel will be much more severe if Israel or the United States act against it.

Deir an Iaráin go mbeidh aon ionsaí eile a dhéanfar ar Iosrael i bhfad níos déine más rud é go ngníomhaíonn Iosrael nó na Stáit Aontaithe ina coinne.

‘Last night was revenge for an attack by Israel on the Iranian consulate in Damascus in Syria two weeks ago’ says the Leader of Iran, Ayatollah Ali Khamenei.

‘Díoltas a bhí san oíche aréir as ionsaí a rinne Iosrael ar chonsalacht na hIaráine i Damascus sa tSiria coicís ó shin’ a deir Ceannaire na hIaráine,Ayatollah Ali Khamenei.

Israel has not officially claimed responsibility for the attack on April 1 but is strongly believed to be responsible.

Níor ghlac Iosrael aon fhreagracht oifigiúil as an ionsaí sin ar an 1 Aibreán ach creidtear go láidir gurb é a bhí freagrach.

The President of America, Joe Biden, says that that country is standing by its promise to Israel.

Deir Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go bhfuil an tír sin ag seasamh lena geallúint d’Iosrael.

The United Kingdom and France are also offering assistance to Israel to give it more protection against missile attacks.

Tá cúnamh á thairiscint ag an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc d’Iosrael freisin le breis cosanta a thabhairt di ar ionsaithe diúracáin.

The major countries of the world are meeting today and the United Nations Security Council will meet this afternoon to discuss the crisis.

Tá tíortha móra an domhain i mbun cruinnithe inniu agus tiocfaidh Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe le chéile tráthnóna leis an ghéarchéim a phlé.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29fafkmd

Contact: irishlingos@gmail.com

€3 billion a year supported by the Wild Atlantic Way.

€3 bhilliún sa bhliain á chothú ag Slí an Atlantaigh Fhiáin.

Over €3 billion is brought in a year between Donegal and Cork due to the Wild Atlantic Way, the major tourist route established ten years ago, according to a new report published by Fáilte Ireland.

Tugtar isteach os cionn €3 bhilliún sa bhliain idir Dún na nGall agus Corcaigh mar gheall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an mhórchonair turasóireachta a bunaíodh deich mbliana ó shin, de réir tuarascáil nua atá foilsithe ag Fáilte Éireann.

That is said to be a 60% increase in tourism arrivals in the west of the country since 2014.

Deirtear gur méadú 60 faoin gcéad é sin ar an teacht isteach ón turasóireacht in iarthar na tíre ó 2014.

As well as the additional influx, says Fáilte Ireland, 35,000 new jobs have been created in the west over the course of those ten years as a result of the project’s success so far.

Chomh maith leis an teacht isteach breise, a deir Fáilte Éireann, cuireadh 35,000 post nua ar fáil san iarthar i gcaitheamh na ndeich mbliana sin de bharr chomh rathúil agus a bhí an tionscadal go dtí seo.

The Wild Atlantic Way is 2,500 kilometers long and runs from Enniswein in Co. Donegal to Kinsale in Co. Cork.

2,500 ciliméadar ar a fhad atá Slí an Atlantaigh Fhiáin a théann ó Inis Eoghain i gCo Dhún na nGall go Cionn tSáile i gCo Chorcaí.

Some of the country’s most important heritage sites are included along the way – including Grianán Ailigh, Achidhéde, Dún Angusa and Blascaod Mór.

Áirítear cuid de na láithreáin oidhreachta is tábháchtaí sa tír feadh na slí – Grianán Ailigh, Achaidh Chéide, Dún Aonghasa agus an Blascaod Mór ina measc.

The new report is being launched by Fáilte Ireland at the Meithal tourism ‘fair’ which is being held in Kilarne in Co Kerry today and tomorrow.

Tá an tuarascáil nua á seoladh ag Fáilte Éireann ag ‘aonach’ turasóireachta Meitheal atá ar siúl i gCill Airne i gCo Chiarraí inniu agus amárach.

Meithal is an annual event that gives tourism businesses the opportunity to present what they have to offer to international bodies.

Mórócáid bhliantúil is ea Meitheal a thugann deis do ghnóthais turasóireachta a bhfuil á thairiscint acu a chur i láthair comhlachtaí idirnáisiúnta.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2cvbjnhn

Contact: irishlingos@gmail.com

Simon Harris to be elected Taoiseach in the Dáil today.

Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach sa Dáil inniu.

Fine Gael leader Simon Harris is to be elected Taoiseach in Dáil Éireann today.

Tá ceannaire Fhine Gael Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach i nDáil Éireann inniu.

Simon Harris is 37 years old and will be the youngest ever Taoiseach.

Tá Simon Harris 37 bliain d’aois agus beidh sé ar an Taoiseach is óige riamh.

He will replace Leo Varadkar who unexpectedly announced his resignation three weeks ago.

Tiocfaidh sé in áit Leo Varadkar a d’fhógair gan choinne trí seachtaine ó shin go raibh sé le n-éirí as.

Yesterday evening, Leo Varadkar formally offered President Michael D Higgins to resign.

Tráthnóna inné, thairg Leo Varadkar go foirimiúil don Uachtarán Michael D Higgins éirí as oifig.

In the Dáil this morning, Minister for Social Protection and deputy leader of Fine Gael Heather Humphreys will recommend Simon Harris for the Taoiseach and Minister of State Peter Burke will support his motion.

Sa Dáil ar maidin inniu, molfaidh an tAire Coimirce Sóisialaí agus leascheannaire Fhine Gael Heather Humphreys, molfaidh sí Simon Harris don Taoiseacht agus tacóidh an tAire Stáit Peter Burke lena rún.

It is understood that up to 87 Dáil MPs will vote for Simon Harris, including a large number of Independent MPs.

Tuigtear go vótálfaidh suas le 87 Teachta Dála ar son Simon Harris, cuid mhór Teachtaí Neamhspleácha ina measc.

Independent Deputies Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry and Marc MacSharry have already indicated that they will vote for him.

Na Teachtaí Neamhspleácha Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry agus Marc MacSharry, tá sé tugtha le fios acu cheana féin go vótálfaidh siad ar a shon.

After the vote, Simon Harris will go to Áras an Uachtaráin, where he will be formally appointed Taoiseach.

Tar éis an vóta, rachaidh Simon Harris go dtí Áras an Uachtaráin, áit a gceapfar go foirmiúil é ina Thaoiseach.

It is expected that he will replace several Fine Gael Ministers in the Cabinet afterwards.

Meastar go n-athróidh sé roinnt Airí Fhine Gael sa Chomhaireacht ina dhiaidh sin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/25ghr2pc

Contact: irishlingos@gmail.com

Meg Connery: liquid revealed at her grave in Knocán Jaróm.

Meg Connery: leacht nochtaithe ag a huaigh i gCnócán Iaróm.

She lived poor at the end of her life.

Bhí sí beo bocht ag deireadh a saoil.

She had no children and her brothers and sisters left for America.

Ní raibh leanaí aici agus d’imigh a deartháireacha agus deirfiúracha go Meirceá.

Meg and her husband, Con, were buried in a grave without liquid in Cnoncán Iaróm Cemetery in Crois Araild in the fifties.

Cuireadh Meg agus a fear céile, Con, in uaigh gan leacht i Reilg Chnoncán Iaróm i gCrois Araild sna caogaidí.

But today, her name was up again.

Ach inniu, bhí a hainm in airde arís.

Her cousins and cousins came together from Meerceá in Knoncán Jaróm to reveal a liquid at her grave.

Tháinig a garneachtanna agus garnianna tagtha le chéile ó Mheirceá i gCnoncán Iaróm chun leacht a nochtadh ag a huaigh.

The money was collected by the Meg Connery Memorial Committee, which has been working for several years to draw attention to the important work she did.

Bhí an t-airgead bailithe ag Coiste Cuimhneacháin Meg Connery, atá tar éis a bheith i mbun oibre le roinnt blianta anuas chun aird a tharraingt ar an obair thábhachtach a rinne sí.

“She was a brave and courageous woman”, Micheál Casey from the Memorial Committee told us today.

“Bean chróga mhisniúil a bhí inti”, a dúirt Micheál Casey ón gCoiste Cuimhneacháin linn inniu.

“She was tiny.

“Bhí sí beag bídeach.

But she stood strong.

Ach sheas sí an fód go láidir.

She went on hunger strike twice.

Chuaigh sí ar stailc ocrais faoi dhó.

She spent many periods in prison.

Chaith sí go leor tréimhsí sa phríosún.

Reports from that period show that her nose was broken while in prison.”

Léiríonn tuairiscí ón tréimhse sin gur briseadh a srón agus í istigh sa phríosún.”

Micheline Sheehy Skeffington, granddaughter of Hanna Sheehy Skeffington, was present at the event today.

Bhí Micheline Sheehy Skeffington, gariníon le Hanna Sheehy Skeffington, i láthair ag an ócáid inniu.

Together with Meg Connery, Lisa Schneckenburger, composed a song specially to commemorate the occasion.

Chum garneacht le Meg Connery, Lisa Schneckenburger, amhrán go speisialta chun comóradh a dhéanamh ar an ócáid.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2b8gqr2e

Contact: irishlingos@gmail.com

ASTI meeting in Wexford.

ASTI le chéile i Loch Garman.

Artificial intelligence, online gravitas and teacher shortages; these are all being discussed and more at the Association of Middle Teachers Ireland (ASTI) trade union meeting which started in Wexford this morning.

Intleacht shaorga,tromaíocht ar líne agus ganntan múinteoirí;tá siad sin uilig á bplé agus tuilleadh ag cruinniú cheardchumann Chumann na Meánmhúinteoirí Éire (ASTI) ar cuireadh tús leis i Loch Garman ar maidin inniu.

Education Minister Norma Foley was present at the organization’s big annual event.

Bhí an tAire Oideachais Norma Foley i láthair ag ócáid mhór bhliantúil na heagraíochta.

She launched a new road safety scheme aimed at intermediate year students.

Sheol sise scéim nua sábháilteachta bóithre a bheidh dírithe ar dhaltaí idirbhliana.

This is a pilot scheme and will come into effect next school year.

Scéim phíolótach í seo agus tiocfaidh sí i bhfeidhm an scoilbhliain seo chugainn.

Minister Foley also addressed the scene promising to look into the teacher shortage crisis.

Thug an tAire Foley aitheasc freisin ar an láthair ag gealladh go mbreathnófaí ar an ghéarchéim maidir le ganntan múinteoirí.

It is said that more than 80 resolutions will be discussed at this conference which will last for another 2 days.

Deirtear go bpléifear breis is 80 rún ag an gcomhdháil seo a mhairfidh 2 lá eile.

As with the TUI union, the ASTI is not blind to the shortage of teachers and the large migration abroad in search of better remuneration.

Ach an oiread le ceardchumann an TUI níl an ASTI dall ach oiread ar an ghanntan múinteoirí agus an imirce mhór thar lear ag lorg luach saothair níos fearr.

Artificial intelligence and the impact it could have on the High Certificate in the case of proposals and other work related to specific subjects during the school year is also a big issue.

Is mór i gceist freisin intleacht shaorga agus an tionchar a d’fhéadfadh sé imirt ar an Ardteistiméaracht i gcás thograí agus obair eile bainteach le cúrsaí ábhair ar leith i rith na scoilbhliana.

Another resolution being discussed relates to online bullying and harassment and the need to introduce stricter legislation in this regard.

Rún eile atá á phlé baineann sé le bulaíocht agus cur isteach ar líne agus an gá atá anois ann le reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach ina thaobh.

In a survey by the ASTI almost 20% of those questioned indicated that they had suffered from comments online.

I suirbhé de chuid an ASTI léirigh beagnach 20 faoin gcéad díobh siúd a ceistíodh gur fhulaing siad ó ráitis ar líne.

Of course, matters of pay, standards and working conditions in general were also dragged down.

Ar ndóigh, tarraingíodh anuas freisin cúrsaí pá, caighdeáin agus coinníolacha oibre go ginearálta.

Artificial intelligence is a subject of the ASTI in Wexford

Intleacht shaorga ina hábhar don ASTI i Loch Garman

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bnr4n2e

Contact: irishlingos@gmail.com

Gaza and Ukraine on the tip of his beak by the Pope in the Urbi et Orbi.

Gaza agus an Úcráin ar bharr a ghoib ag an bPápa san Urbi et Orbi.

Pope Francis did not gloss over the Gaza and Ukraine crisis in his annual Urbi et Orbi Easter message today.

Níor scaoil an Pápa Proinsias géarchéim Gaza ná na hÚcráine thairis ina theachtaireacht bhliantúil Cásca Urbi et Orbi inniu.

In an address given by the Pope to thousands of people gathered in Peter’s Square in Rome and broadcast around the world, he asked for a ceasefire in Gaza and for Hamas to release all its hostages.

In aitheasc a thug an Pápa do na mílte duine a bhí bailithe i gCearnóg Pheadair sa Róimh agus a craoladh ar fud an domhain d’iarr sé sos cogaidh i Gaza agus go scaoilfeadh Hamas saor na gialla ar fad atá aige.

He also asked that Russia and Ukraine release any prisoners of war they have because of the war that has been going on there for over 2 years now.

D’iarr sé freisin go scaoilfeadh an Rúis agus an Úcráin saor aon phríosúnach cogaidh atá acu a bhuíochas don chogadh atá ar bun ansin le breis is 2 bhliain anois.

Before that the Pope celebrated Mass on Easter Sunday.

Roimhe sin cheiliúraigh an Pápa Aifreann Dhomhnach Cásca.

The Pope came to the event in a wheelchair.

Is i gcathaoir rotha a tháinig an Pápa chuig an ócáid.

He is now 87 years old.

87 bliain d’aois atá sé anois.

Concerns have been expressed for some time about his health.

Tá imní léirithe le tamall faoina shláinte.

and how much longer he will be the main guide of the up to 1.3 billion Catholics in the world.

agus cé chomh fada eile a bheidh sé ina phríomhthreoraí ag an suas le 1.3 billiún Caitliceach ar fud an domhain.

Be that as it is reported that the Pope gave his 10 minute message in the Italian language without too much difficulty today.

Bíodh sin mar atá tuairiscítear gur thug an Pápa a theachtaireacht 10 nóiméad uaidh i dteanga na hIodáilise gan aon ró- dheacracht inniu.

It was shown that he was not sad either during the two hour ceremony or indeed afterwards when meeting people and blessing them.

Léiríodh nach raibh mairg air ach oiread i gcaitheamh an tsearmanais dhá uair a chloig ná go deimhin ina dhiaidh sin ag casadh le daoine agus á mbeannú.

It is said that he will also participate this evening in the Way of the Cross, an event that he was not present at on Good Friday thanks to health issues.

Deirtear go mbeidh sé páirteach freisin tráthnóna i dTuras Bhealach na Croise,ócáid nach raibh sé i láthair aici ar Aoine an Chéasta a bhuíochas do chúrsaí sláinte.

Pope Francis giving the Easter blessing

An Pápa Proinsias ag tabhairt beannacht na Cásca

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bcxbvst

Contact: irishlingos@gmail.com

The Government intends to lower speed limits on the country’s roads.

Rún ag an Rialtas teorainneacha luais ar bhóithre na tíre a ísliú.

The Government intends to lower speed limits on a large part of the country’s roads in the hope of significantly reducing the number of people killed in road accidents.

Tá sé i gceist ag an Rialtas teorainneacha luais ar chuid mhór de bhóithre na tíre a ísliú le súil an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú go suntasach.

128 people have been killed in road accidents in the State since the beginning of the year, which is 24 more than in the same period last year and 39 more than in the same period in 2019.

Tá 128 duine maraithe i dtionóiscí bóthair sa Stát ó thús na bliana, sin 24 níos mó ná san achar céanna anuraidh agus 39 níos mó ná san achar céanna in 2019.

Speed limits are currently being reviewed by Minister of State for Transport Jack Chambers and will present his recommendations to Cabinet shortly.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ar theorainneacha luais faoi láthair ag an Aire Stáit sa Roinn Iompair Jack Chambers agus cuirfidh sé a chuid moltaí faoi bhráid na Comhaireachta go gairid.

It is understood that the speed limit on second class national roads will be lowered from 100 kilometers per hour to 80 kilometers per hour.

Tuigtear go n-ísleofar an teorainn luais ar bhóithre náisiúnta den dara grád ó 100 ciliméadar san uair go dtí 80 ciliméadar san uair.

The speed limit on rural roads will also be lowered from 80 kilometers per hour to 60 kilometers per hour.

Ísleofar freisin an teorainn luais ar bhóithre tuaithe ó 80 ciliméadar san uair go dtí 60 ciliméadar san uair.

75% of fatal accidents occur on rural roads.

Is ar bhóithre tuaithe a tharlaíonn 75 faoin gcéad de thimpistí marfacha.

The speed limit will be lowered to between 30 and 50 kilometers per hour in towns, cities and residential areas.

Is go dtí idir 30 agus 50 ciliméadar san uair a ísleofar an teorainn luais i mbailte, i gcathracha agus i gceantair chónaithe.

Speaking on RTÉ, Jack Chambers said that it would take the local authorities a long time to implement the new speed limits and that it would be a lengthy process.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Jack Chambers go mbainfeadh sé tamall maith as na húdaráis áitiúla na teorainneacha nua luais a chur i bhfeidhm agus gur obair fhadálach í.

The new limits will be introduced gradually from now to the next two years, he said.

Is de réir a chéile as seo go ceann dhá bhliain a thabharfar isteach na teorainneacha nua, arsa sé.

However, it is not a time for negligence and in the meantime, said the Minister of State, more Gardaí will be on duty on the roads and more speed vans will be seen.

Mar sin féin, ní tráth faillí é agus idir an dá linn, a dúirt an tAire Stáit, beidh tuilleadh Gardaí ar dualgas ar na bóithre agus beidh tuilleadh veaineanna luais le feiceáil.

At the beginning of this week, Assistant Commissioner in the Garda Síochána, Paula Hilman, said that if there was a 5% reduction in the average speed of automobiles, there would be a 30% reduction in fatal accidents as a result, with the World Health Organization as her authority.

I dtús na seachtaine seo, dúirt Coimisnéir Cúnta sa Gharda Síochána, Paula Hilman, dá mbeadh laghdú 5 faoin gcéad ar mheánluas gluaisteán gurb amhlaidh a bheadh laghdú 30 faoin gcéad ar thimpistí marfacha dá dheasca, agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte mar údarás aici.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23ve3j6e

Contact: irishlingos@gmail.com Harris in Dubai for talks about the Kinahan cartel. Harris in Dubai le haghaidh comhráite faoi chairtéal Kinahan. Garda Commissioner Drew Harris is currently in Dubai, where he is holding talks with the emirate's police about the Kinahan crime cartel. Tá Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris in Dubai faoi láthair, áit a bhfuil sé i mbun comhráite le póilíní na héimíríochta faoi chairtéal coireachta Kinahan. It is believed that the leaders of the cartel - Christopher Kinahan and his two sons Daniel and Christopher Óg - are based in the United Arab Emirates and live in the city of Dubai. Creidtear go bhfuil ceannairí an chairtéil – Christopher Kinahan agus a bheirt mhac Daniel agus Christopher Óg – go bhfuil siad bunaithe in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus go bhfuil siad ina gcónaí i gcathair Dubai. It was reported in April last year that the Union had frozen the assets of the Kinahans after the United States imposed sanctions on seven of them. Tuairiscíodh san Aibreán anuraidh gur reoigh an tAontas sócmhainní lucht Kinahan tar éis do na Stáit Aontaithe smachtbhannaí a chur ar sheachtar acu. The Irish Examiner newspaper first reported that Commissioner Harris was in Dubai and officers from the Garda Síochána confirmed the situation this morning. Is ar nuachtán an Irish Examiner a tuairiscíodh i dtosach go raibh an Coimisinéir Harris in Dubai agus dheimhnigh oifigigh ón nGarda Síochána an scéal ar maidin inniu. Assistant Commissioner Justin Kelly of the Garda Síochána Organized Crime Bureau disagrees with Commissioner Harris. Tá an Coimisinéir Cúnta Justin Kelly ó Bhiúró Coireachta Eagraithe an Gharda Síochána in éindí leis an gCoimisinéir Harris. In a statement, Garda Síochana said that Commissioner Harris and other senior gardaí often work in conjunction with police in other countries to disrupt the activities of organized crime groups. I ráiteas, dúirt an Garda Síochana go mbíonn an Coimisinéir Harris agus Gardaí sinsearacha eile ag obair i gcomhar le póilíní i dtíortha eile go minic le dúil cur as do ghníomhaíochtaí grúpaí coireachta eagraithe. To this end, said the statement, Commissioner Harris was in different countries before, including the United States and Colombia. Chuige seo, a dúradh sa ráiteas, bhí an Coimisinéir Harris i dtíortha éagsúla roimhe seo, na Stáit Aontaithe agus an Cholóim ina measc. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/2bfwesz4

Contact: irishlingos@gmail.com

“25% of primary school students have been cyber bullied” – survey.

“Cibearbhulaíocht déanta ar 25 faoin gcéad de dhaltaí bunscoile” – suirbhé.

Over 25% of primary school pupils and 40% of secondary school pupils have been cyber bullied, according to a survey carried out by the online safety charity CyberSafeKids.

Tá cibearbhulaíocht déanta ar os cionn 25 faoin gcéad de dhaltaí bunscoile agus ar 40 faoin gcéad de dhaltaí scoile dara leibhéal, de réir suirbhé atá déanta ag an gcarthanas sábháilteachta ar líne CyberSafeKids.

Some of the children the charity spoke to said, for example, that pictures of them had been published online without permission, fake profiles had been created and they had been kept out of chat groups.

Dúirt roinnt de na páistí ar labhair an carthanas leo, cuir i gcás, gur foilsíodh pictiúir díobh ar líne gan chead, gur cruthaíodh próifílí bréige díobh agus gur coinníodh amach as grúpaí comhrá iad.

According to the research, this type of bullying is mostly done to girls, rather than boys.

Is ar chailíní is mó, seachas buachaillí, a dhéantar an cineál seo bulaíochta, de réir an taighde.

50% of primary school pupils let an adult – a parent or teacher – know, compared to 39% of second level pupils.

Lig 50 faoin gcéad de dhaltaí bunscoile an scéal le duine fásta – tuismitheoir nó múinteoir – le hais 39 faoin gcéad de dhaltaí dara leibhéal.

Between a quarter and a third of children, they did not let anyone know, however.

Níor lig idir an ceathrú cuid agus an tríú cuid de leanaí, níor lig siad an scéal do dhuine ar bith, ámh.

About 5,000 young people between the ages of eight and sixteen were asked between September 2022 and June 2023 about the opinion of the research.

Ceistíodh thart ar 5,000 duine óg idir ocht mbliana d’aois agus sé bliana déag idir Mheán Fómhair 2022 agus Mheitheamh 2023 faoi thuairim an taighde.

It shows that 93% of children between the ages of eight and twelve have their own smart device and that the most popular apps are YouTube, WhatsApp, TikTok, and Snapchat.

Léirítear ann go bhfuil a ngléas cliste féin ag 93 faoin gcéad de leanaí idir ocht mbliana agus dhá bhliain déag agus gurb iad YouTube, WhatsApp, TikTok, agus Snapchat na haipeanna is mó a bhfuil tóir acu orthu.

It is reported that online gaming is also very popular with young people and that 15% of them play games for adults, such as Call of Duty and Grand Theft Auto.

Tuairiscítear go bhfuil an-tóir ag na daoine óga ar chluichíocht ar líne freisin agus go n- imríonn 15 faoin gcéad acu cluichí le haghaidh daoine fásta, leithéidí Call of Duty agus Grand Theft Auto.

These games are mostly played by boys but it is more common for young girls to post videos of themselves online.

Buachaillí is mó a imríonn na cluichí seo ach is coitianta ag cailíní óga físeáin díobh féin a phostáil ar líne.

Almost 75% of children between the ages of twelve and sixteen said they can go online whenever they want.

Dúirt beagnach 75 faoin gcéad de pháistí idir dhá bhliain déag agus sé bliana déag gur féidir leo dul ar líne aon uair is mian leo.

Speaking on RTÉ, Alex Cooney from CyberSafeKids claimed that social media companies are not doing half enough to protect young people (from cyberbullying and hateful content).

Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh Alex Cooney ó CyberSafeKids nach bhfuil comhlachtaí meán sóisialta ag déanamh leath a ndóthain le daoine óga a chosaint (ar chibearbhuaíocht agus ar ábhar gránna).

She also indicated that she would be keeping an eye on the approach taken by the Online Safety Commissioner towards these companies.

Thug sí le fios freisin go mbeadh sí ag conneáil súil ar an gcur chuige a bheas ag an gCoimisinéir Sábháilteachta ar Líne i leith na gcomhlachtaí sin.

In response to this, Minister of State Ossian Smyth suggested that the resources now existed – between the Online Safety Commissioner and new legislation – to persuade social media companies to fulfill their obligations.

Mar fhreagra ar an méid sin, thug an tAire Stáit Ossian Smyth le tuiscint go raibh na hacmhainní ann anois – idir an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne agus reachtaíocht úr – le gur féidir cur ina luí ar chomhlachtaí meán sóisialta a ndualgais a chomhlíonadh.

He said that Ireland played a very important role in the regulation of these bodies since he says that they are based in this country.

Dúirt sé go raibh ról an-tábhachtach ag Éirinn i rialáil na gcomhlachtaí sin ó ráiníonn sé gur sa tír seo atá siad bunaithe.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

http://tinyurl.com/2bnluys8

Contact: irishlingos@gmail.com

125 people killed in road accidents since the beginning of the year.

125 duine maraithe i dtionóiscí bóthair ó thús na bliana.

125 people have been killed in road accidents in the State since the beginning of the year, which is 25 more than the same distance last year.

Maraíodh 125 duine i dtionóiscí bóthair sa Stát ó thús na bliana, sin 25 níos mó ná an t-achar céanna anuraidh.

Assistant Commissioner in the Garda Síochána Roads Policing Unit, Paula Hilman, said that eleven of the 125 had been killed in six days.

Dúirt Coimisnéir Cúnta in Aonad Póilíneachta Bóithre an Gharda Síochána, Paula Hilman, dúirt sí gur le sé lá a maraíodh aon duine dhéag den 125.

It was one of the most tragic weeks in a very long time, she said.

Ceann de na seachtainí ba thragóidí le tamall an-fhada a bhí ann, a dúirt sí.

Speaking on RTÉ, the Assistant Commissioner indicated that there were many reasons for road accidents, but that the main one was premature aging.

Ag labhairt di ar RTÉ, thug an Coimisnéir Cúnta le fios gurbh iomaí cúis a bhí le timpistí bóthair ach go raibh rólulathú ar an bpríomhcheann.

People who drive under the influence of drink and drugs, and people who are doing other things while they are driving also cause a lot of accidents, she said.

Daoine a bhíonn ag tiomáint faoi thionchar an óil agus drugaí, agus daoine a bhíonn ag déanamh rudaí eile fad is atá siad ag tiomáint is cúis le cuid mhór timpistí freisin, arsa sí.

In that case, she said, people who were not wearing a safety belt accounted for one in five people killed in several years.

Ina cheann sin, a dúirt sí, daoine nach raibh crios sábháilteachta á chaitheamh acu a bhí i nduine as gach cúigear a maraíodh le roinnt blianta.

Transport Minister Éamon Ryan is to discuss the situation with officials from the Department of Transport and the Road Safety Authority this week.

Tá an tAire Iompair Éamon Ryan leis an scéal a phlé le hoifigigh na Roinne Iompair agus leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre an tseachtain seo.

He suggested that lowering speed limits would be revisited.

Thug sé le tuiscint go mbeifí ag breathnú arís ar theorainneacha luais a ísliú.

Éamon Ryan also said that Minister of State Jack Chambers was to submit a memo about the issue to the Government within a week.

Dúirt Éamon Ryan chomh maith go raibh an tAire Stáit Jack Chambers le meamram faoin gceist a chur faoi bhráid an Rialtais as seo go ceann seachtaine.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bu3fd7b

Contact: irishlingos@gmail.com At least 74 people killed in a major fire in Johannesburg. 74 duine ar a laghad maraithe i ndóiteán mór in Johannesburg. At least 74 people were killed and more than half a hundred were destroyed in a major fire in a five-storey residential building in the city of Johannesburg in South Africa. Maraíodh 74 duine ar a laghad agus donaíodh barr ar leathchéad i ndóiteán mór i bhfoirgneamh cónaithe cúig stór i gcathair Johannesburg san Afraic Theas. It is reported that seven children were among those killed. Tuairiscítear go raibh seachtar páistí i measc na ndaoine a maraíodh. Firefighters have now almost extinguished the fire and are currently combing what remains of the building for the bodies of the dead. Tá an dóiteán nach mór múchta anois ag comhraiceoirí dóiteáin agus táthar ag cíoradh a bhfuil fanta den fhoirgneamh faoi láthair ar lorg choirp na marbh. One of the city's public safety committee opined that the fire may have been caused by a candle or candles being lit, but the authorities have not made any official statement about that yet. Thuairimigh duine de choiste sábháilteachta poiblí na cathrach go mb'fhéidir gur coinneal nó coinnle a lasadh ba chúis leis an tine ach níl aon ráiteas oifigiúil faoi sin déanta ag na húdaráis fós. The building is located in a poor area in the center of Johannesburg, where the business district of the city used to be, and the people who lived there seem to have been doing installation. Tá an foirgneamh suite i gceantar bocht i lár Johannesburg, san áit a mbíodh ceantar gnó na cathrach, agus is cosúil gur ag déanamh suiteoireachta a bhí na daoine a bhí ina gcónaí ann. It is said that the building caught fire quickly as there was a lot of flammable material in it. Deirtear go ndeachaigh an foirgneamh le thine go tapa ó bhí neart ábhair sho- lasta ann. It is also reported that people were living in the scores of shacks that had been built at the bottom of the building. Tuairiscítear freisin go raibh daoine ag cur fúthu sna scórtha brácaí a bhí tógtha ag bun an fhoirgnimh. It is also said that there was a security gate there and that it was locked when the building caught fire. Deirtear chomh maith go raibh geata slándála ann agus go raibh glas air nuair a chuaigh an foirgneamh trí thine. However, many of the bodies were found at that gate. Is ag an ngeata sin a fuarthas go leor de na coirp, áfach. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2crracyy

Contact: irishlingos@gmail.com

Fuel prices to be imposed from midnight.

Praghsanna breosla le daoirsiú ón meán oíche.

7 cents will be added to the price of diesel and 5 cents to the price of petrol from midnight tonight, when the increase in excise rates introduced by the Government will come into effect.

Cuirfear 7 cent le praghas díosail agus 5 cent le praghas peitril ón meán oíche anocht, tráth a thiocfas feidhm leis an ardú ar rátaí máil atá tugtha isteach ag an Rialtas.

One cent will be added to the price of agricultural land as well.

Cuirfear aon cent amháin le praghas agraidhíosail chomh maith.

Excise rates were already raised this year – at the end of May – and they are to be raised for the third time on 31 October.

Ardaíodh rátaí máil cheana i mbliana – i ndeireadh mhí na Bealtaine – agus tá siad le hardú den tríú huair ar an 31 Deireadh Fómhair.

In March 2022, with petrol and diesel prices skyrocketing, the Government decided to cut the excise duty charged on fuel.

I mí an Mhárta 2022, agus praghsanna peitril agus díosail ag daoirsiú go tréan, shocraigh an Rialtas ar an dleacht mháil a ghearrtar ar bhreosla a chiorrú.

Fuel prices were immediately freed in light of the Government’s decision but the Government now wants to bring back the excise rates that existed before March 2022.

Shaoirsigh praghsanna breosla láithreach i bhfianaise chinneadh an Rialtais ach teastaíonn ón Rialtas anois na rátaí máil a bhíodh ann roimh Mhárta 2022 a thabhairt ar ais.

The country’s fuel stations do not have to raise prices from midnight tonight.

Ní gá do stáisiúin bhreosla na tíre praghsanna a ardú on meán oíche anocht.

They can wait until they have sold their current supplies and start selling supplies on which the new excise duty has been charged.

Féadfaidh siad fanacht go mbeidh na soláthairtí atá acu faoi láthair díolta acu agus go dtosóidh siad ag díol soláthairtí a mbeidh an dleacht mháil nua gearrtha orthu.

Therefore, it is likely that prices will rise first in the country’s busiest fuel stations.

Mar sin, is dóigh gur túisce a ardófar praghsanna sna stáisiúin bhreosla is gnóthaí sa tír.

According to Tipperary Independent Dáil Mattie McGrath, the increase in excise rates should be canceled in view of the high costs facing families at the moment, especially as children go back to school.

Dar leis an Teachta Dála Neamhspleách i dTiobraid Árann Mattie McGrath gur chóir an t-ardú ar rátaí máil a chur ar ceal i bhfianaise na gcostas mór atá ar theaghlaigh faoi láthair, go háirithe agus leanaí ag dul ar ais ar scoil.

The United Farmers of Ireland recommends that the increase be suspended for the foreseeable future.

Molann Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann an t-ardú a chur ar fionraí go ceann i bhfad.

Finance Minister Michael McGrath indicated yesterday, however, that the decision cannot be reversed.

Thug an tAire Airgeadais Michael McGrath le fios inné, áfach, nach féidir dul siar ar an gcinneadh.

However, he said the next proposed increase would be reviewed before being introduced in early winter.

Mar sin féin, dúirt sé go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcéad ardú eile atá beartaithe sula dtabharfaí isteach é i dtús an gheimhridh.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2y2vvgzn

Contact: irishlingos@gmail.com

35 students in Gaelcholáiste in Dublin without a school bus.

35 dalta i nGaelcholáiste i mBaile Átha Cliath gan bus scoile.

Around 35 students at Coláiste Glór na Mara in Ballybriggan in north County Dublin have been left without a school bus to take them there.

Tá thart ar 35 dalta i gColáiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath fágtha gan aon bhus scoile lena dtabhairt ann.

The base of the pupils who go to the Gaelcholáiste live in Sord, but there is no school bus service between that area and Ballybriggin.

I Sord atá cónaí ar bhunáite na ndaltaí a théann chuig an nGaelcholáiste ach níl aon tseirbhís bhus scoile idir an ceantar sin agus Baile Brigín.

Bus Éireann says they are seeking offers from bus companies to provide the service but admit they are having difficulties recruiting drivers in around 2% of the country’s school areas.

Deir Bus Éireann go bhfuil tairiscintí á lorg acu ó chomhlachtaí bus chun an tseirbhís a chur ar fáil ach admhaíonn siad go bhfuil deacrachtaí acu tiománaithe a earcú in thart ar 2 faoin gcéad de limistéir scoile na tíre.

There are also two Gaelscoils in Swords, namely, Gaelscoil Bhriain Bóroimhe and Scoil an Duninnîn.

Tá dhá Ghaelscoil i Sord chomh maith, mar atá, Gaelscoil Bhriain Bóroimhe agus Scoil an Duinnínigh.

After the students have completed their primary schooling in these Gaelscoileanna, those who wish to continue learning through Irish have three options.

I ndiaidh do na daltaí a mbunscolaíocht a chríochnú sna Gaelscoileanna sin, tá trí rogha acu siúd ar mian leo leanúint ar aghaidh ag foghlaim trí Ghaeilge.

They can go to Gaelcholáiste Reachrann in Domhnach Míde, Scoil Chaitríona in Glasnaion or Coláiste Ghlór na Mara in Ballybrigín.

Is féidir leo dul chuig Gaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, Scoil Chaitríona i nGlas Naíon nó Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín.

Coláiste Glór na Mara was established in Ballybriggin in 2014 and because it is 20 kilometers away from Swords, the students are entitled to a school bus.

Bunaíodh Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín in 2014 agus de bhrí go bhfuil sé 20 ciliméadar ar shiúl ó Shord, tá na daltaí i dteideal bus scoile a fháil.

The Gaelic schools in Domhnach Míde and Glas Naíon are closer to Swords but since those two schools are located on the way into the city, many parents in Swords would prefer to send their children to Ballybrigín instead. being stuck in traffic going in the opposite direction every day.

Tá na Gaelcholáistí i nDomhnach Míde agus i nGlas Naíon níos cóngaraí do Shord ach ó tharla go bhfuil an dá scoil sin suite ar an mbealach isteach sa chathair, b’fhearr le go leor tuismitheoirí i Sord a leanaí a chur go Baile Brigín in áit a bheith sáinnithe sa trácht ag dul sa treo eile gach lá.

“Besides the traffic, there is another reason for their decision”, says Maedhbh Daltún, Principal of Coláiste Glór na Mara.

“Seachas an trácht, tá cúis eile lena gcinneadh”, a deir Maedhbh Daltún, Príomhoide Choláiste Ghlór na Mara.

“We are a multi-faith Gaelcholáiste.

“Is Gaelcholáiste ilchreidmheach muid.

Gaelcholáiste Reachrann is an interfaith school and Scoil Chaitríona is a Catholic school.

Is scoil idirchreidmheach í Gaelcholáiste Reachrann agus is Scoil Chaitliceach í Scoil Chaitríona.

Our ethos is very important to many parents.

Tá ár n- éiteas ana-thábhachtach do go leor tuismitheoirí.

“We have 500 students in the school here this year.

“Tá 500 dalta againn sa scoil anseo i mbliana.

35 of them are coming from Swords and from speaking to parents, I’m sure we would have more than that from Swords if there was a proper public transport service between Swords and Ballybriggin.”

Tá 35 acu ag teacht ó Shord agus ó bheith ag labhairt le tuismitheoirí, táim lánchinnte go mbeadh níos mó ná sin againn ó Shord dá mbeadh seirbhís iompair phoiblí cheart idir Sord agus Baile Brigín.”

Jo Fullam has two sons at Coláiste Glór na Mara.

Tá beirt mhac ag Jo Fullam i gColáiste Ghlór na Mara.

“It’s absurd”, she says.

“Tá sé áiféiseach”, a deir sí.

“Today, parents are voting for an ethics option in local schools.

“Sa lá atá inniu ann, bíonn tuismitheoirí ag vótáil ar son rogha éitis i scoileanna áitiúla.

“We were persuaded almost ten years ago to vote for a multi-faith Gaelcholáiste here because we were told that the new secondary school was to serve children from the full Irish primary schools in Swords, in some areas in County Meath and in the south of County Louth.

“Cuireadh ina luí orainne beagnach deich mbliana ó shin vótáil ar son Gaelcholáiste ilchreidmheach anseo mar dúradh linn go raibh an mheánscoil nua le freastal ar leanaí ó na bunscoileanna lán-Ghaeilge i Sord, i gceantair áirithe i gContae na Mí agus i ndeisceart Chontae Lú.

“But what’s the point of having the elegant Gaelcholáiste here in Ballybrigín if we can’t travel to it easily?

“Ach céard is fiú don Ghaelcholáiste galánta a bheith anseo i mBaile Brigín mura féidir linn taisteal chuici go héasca?

“We are spending a lot of money on fuel.

“Tá airgead mór á chaitheamh againn ar bhreosla.

Last year, we paid for a private bus but it became too expensive.

Anuraidh, d’íoc muid as bus príobháideach ach d’éirigh sé róchostasach.

And what about environmental conservation?” Bus Éireann says that they have obtained permission from the Department of Education to provide a bus service and that they are currently seeking tenders from private companies to run it.

Agus céard faoin gcaomhnú comhshaoil?” Deir Bus Éireann go bhfuil cead faighte acu ón Roinn Oideachais seirbhís bus a chur ar fáil agus go bhfuil siad ag lorg tariscintí faoi láthair ó chomhlachtaí príobháideacha chun é a reáchtáil.

The company also says, however, that difficulties have arisen in certain areas in terms of a shortage of drivers.

Deir an comhlacht freisin, áfach, go bhfuil deacrachtaí tagtha chun cinn i gceantair ar leith ó thaobh ganntanas tiománaithe de.

Bus Éireann is going to contact families whose children are of school age and who will not have access to public transport from the beginning of September.

Tá Bus Éireann chun teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh ina bhfuil a leanaí in aois scoile agus nach mbeidh fáil acu ar iompar poiblí ó thús mhí Mheán Fómhair.

In some cases, says Bus Éireann, an exceptional grant will be made available to them.

I gcásanna áirithe, a deir Bus Éireann, cuirfear deontas eisceachtúil ar fáil dóibh.

Those at Coláiste Glór na Mara in Ballybrigín say, however, that they have not heard any talk of a grant.

Deir lucht Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín, ámh, nár chuala siad aon chaint ar dheontas.

And even if they heard, wouldn’t it be just another temporary solution?

Agus fiú dá gcloisfídís, nach mbeadh ann ach réiteach sealadach eile?

they said.

arsa siad.

According to them, what is needed is a bus, rather than propaganda.

Dar leo gur bus atá de dhíth, seachas bolscaireacht.

RTÉ News and Current Affairs Coláiste Glór na Mara

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Coláiste Ghlór na Mara

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24sj892k

Contact: irishlingos@gmail.com More flights being cancelled, more flights delayed. Tuilleadh eitiltí á gcur ar ceal, moill fós ar eitiltí eile. More flights are being canceled and other flights in Ireland and across Europe are being delayed again today for the second day in a row. Tá tuilleadh eitiltí á gcur ar ceal agus tá moill ar eitiltí eile in Éirinn agus ar fud na hEorpa arís inniu den dara lá as a chéile. Hundreds of flights that normally enter British airspace are affected and thousands of passengers in different countries are affected. Is iad na céadta eitilt a théann isteach in aerspás na Breataine de ghnáth atá i gceist agus tá na mílte paisinéir i dtíortha éagsúla thíos leis. A technical fault in the British air traffic control system is the main cause of the situation and all flight trajectories had to be entered manually for several hours yesterday. Fabht teicniúil i gcóras rialaithe aerthráchta na Breataine is cionsiocair leis an scéal agus b'éigean gach ruthag eitilte a ionchur de láimh ar feadh roinnt uaireanta an chloig inné dá bhíthin. After the bug was fixed yesterday afternoon, air traffic controllers are still behind schedule. Tar éis gur réitíodh an fabht tráthnóna inné, tá rialtóirí aerthráchta ar gcúl lena gcuid oibre i gcónaí. Air traffic controllers in Ireland are working with their counterparts in France today in the hope of putting things right as soon as possible. Tá rialtóirí aerthráchta in Éirinn ag obair i gcomhar lena gcomhghleacaithe sa Fhrainc inniu le súil cúrsaí a chur ina gceart a luaithe is féidir. More planes than usual have been allowed to enter the airspace of the two countries to ease the workload of British air traffic controllers. Tá cead tugtha do níos mó eitleán ná mar is gnách dul isteach in aerspás an dá thír chun an bhroid oibre atá ar rialtóirí aerthráchta na Breataine a mhaolú beagán. Airlines have apologized to passengers for what happened but said there was no reason to blame. Tá a bpardún iarrtha ag aerlínte ar phaisinéirí faoinar tharla ach dúirt siad nach raibh aon neart acusan air. In a statement, Ryanair indicated that 20 of the company's planes were stranded in various airports yesterday afternoon and that this meant that crews had to put in more hours than allowed. I ráiteas, thug Ryanair le fios go raibh 20 eitleán de chuid an chomhlachta sáinnithe in aerfoirt éagsúla tráthnóna inné agus gur fhág sé sin go mb'éigean do chriúnna tuilleadh uaireanta an chloig a chur isteach ná mar atá ceadaithe. Aer Lingus said more flights were likely to be canceled today. Dúirt Aer Lingus gur dóíchí go gcuirfí tuilleadh eitiltí ar ceal inniu. Passengers are being advised to check airline websites for the latest news before heading to the airport. Táthar ag moladh do phaisinéirí suímh ghréasáin aerlínte a cheadú leis an scéal is deireanaí a fháil sula dtugann siad aghaidh ar an aerfort. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22ranphz

Contact: irishlingos@gmail.com Prigozhin was mourned by his comrades, Putin ignored. Prigozhin á chaoineadh ag a chomrádaithe, Putin neamhairdiúil. The authorities in Russia have said that the name of Yevgeny Prigozhin, the commander of the Wagner terrorist group, was on the list of passengers who were said to have been on board a plane that crashed in a rural area halfway between Moscow and St. Petersburg yesterday. Tá sé ráite ag na húdaráis sa Rúis go raibh ainm Yevgeny Prigozhin, ceannasaí an ghrúpa amhas Wagner, ar liosta na bpaisinéirí a deirtear a bhí ar bord eitleáin a thuairteáil i gceantar tuaithe leath bealaigh idir Moscó agus Cathair Pheadair inné. It has not yet been said whether it was an accident or whether the plane was brought to the ground on purpose. Ní dúradh fós cé acu ar timpiste a bhí ann nó ar cuireadh an t-eitleán go talamh d'aon ghnó. Either way, it is said, all ten people on the plane were killed. Pé acu é, a deirtear, is amhlaidh a maraíodh gach duine den deichniúr a bhí ar an eitléan. As well as Yevgeny Prigozhin, it appears that Wagner's deputy chief, Dmitry Utkin, was among them. Chomh maith le Yevgeny Prigozhin, dealraítear go raibh leascheann feadhna Wagner, Dmitry Utkin, ina measc. However, Russian President Vladimir Putin, who is a leftist friend of Yevgeny Prigozhin, has not said anything about the situation so far, or that they have recently fallen out. Níl dada ráite faoin scéal go nuige seo, áfach, ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin, ar chara cléibh leis é Yevgeny Prigozhin nó gur éirigh eatarthu le deireanas. Prigozhin was extremely unhappy with the support - or lack of support, in his opinion - that Wagner's supporters were getting from the Russian Army in eastern Ukraine and went to rebel against the Russian state at the beginning of the summer because of it. Bhí Prigozhin thar a bheith míshásta leis an tacaíocht – nó easpa tacaíochta, dar leis – a bhí lucht Wagner a fháil ó Arm na Rúise in oirthear na hÚcráine agus chuaigh sé chun ceannairce ar stát na Rúise i dtús an tsamhraidh dá bhíthin. He finally came to terms with his enemies but it is believed that his race was over by that time and that his overthrow was his ambition. Tháinig sé ar chomhréiteach lena naimhde ar deireadh ach tuairimítear go raibh a rás rite faoin am sin agus gur ina chuid uabhair a bhí a threascairt. Although he does not appear to have been on the run, he has since been reported at various times to be in Belarus and Africa. Cé nach cosúil go raibh sé ar a theitheadh, tuairíscíodh in amanna éagsúla ó shin é a bheith sa Bhealarúis agus san Afraic. Although it has not been officially confirmed that Prigozhin is lost, his supporters are mourning him. Ainneoin nach bhfuil sé deimhnithe go hoifigiúil go bhfuil Prigozhin caillte, tá a lucht tacaíochta á chaoineadh. In a post on social media Telegram, those associated with Wagner said that he was killed by (Russian) traitors. I bpostáil ar an meán sóisialta Telegram, dúirt dream atá bainteach le Wagner gur mharaigh fealltóirí (Rúiseacha) é. The plane crashed in a field in a rural area yesterday and it is being reported by the news agency Reuters that several bodies were taken from the scene this morning. I bpáirc i gceantar tuaithe a thuairteáil an t-eitleán inné agus tá sé á thuairisciú ag an ngníomhaireacht nuachta Reuters gur tugadh roinnt corp ón láthair ar maidin inniu. RTÉ News and Current Affairs Screenshot of Yevgeny Prigozhin in Africa, if true, recently published (Pic: Wagner/Dáileán Telegram Account) Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Snap scáileáin de Yevgeny Prigozhin san Afraic, más fíor, a foilsiodh le deireanas (Pic: Cuntas Telegram Wagner/ Dáileán)

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23nyws3x

Contact: irishlingos@gmail.com 2 houses set on fire by lightning. 2 theach curtha tré thine ag tintreach. 2 houses in Blanchardstown on the western edge of Dublin city have been burnt down by lightning. Tá 2 theach i mBaile Bhlainséir ar chiumhais thiar chathair Bhaile Átha Cliath tré lasadh de bharr na tintrí. The emergency services are on duty at the scene, including 3 units of the Fire Brigade. Tá na seirbhísí éigeandála i mbun dualgais ar an láthair, 3 aonad de chuid an Bhriogáid Dóiteáin ina measc. The Weather Office has announced a warning from late afternoon that there is a risk of lightning and thunder in many places in the country. Tá foláireamh fógartha ó ard tráthnóna ag Oifig na hAimsire go bhfuil baol ón tintreach agus toirneach in áiteacha go leor sa tír. A yellow alert has been published which will be in force until 9 o'clock tonight for all of Leinster as well as Monaghan, Cavan, Leitrim, Limerick, Tipperary, Cork and Waterford. Tá foláireamh buí foilsithe a bheidh i bhfeidhm go dtí an 9 a' chlog anocht do Chúige Laighean go léir chomh maith le Muineachán, an Cabhán, Liatroim, Luimneach, Tiobraid Árainn, Corcaigh agus Port Láirge. They have warned that there will be thunderstorms spreading across the country and the danger of freezing temperatures. Tá fainic curtha acu go mbeidh múraíl thoirniúla ag leathadh trasna na tíre agus contúirt fuarlaigh dá mbarr.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ap96zwm

Contact: irishlingos@gmail.com Only two naval ships at the coast of Ireland. Gan ach dhá long chabhlaigh ag coimhéad imeallbhord na hÉireann. It has come to light that only two naval ships out of eight on patrol around the Irish seaboard are currently undermanned. Tá sé tagtha chun solais nach bhfuil ach dhá long chabhlaigh as ocht gcinn ar patról thart ar bhorda na hÉireann faoi láthair de cheal foirne. In a statement, the Naval Service confirmed that at the moment only those two ships are operating and that the third one is on standby. I ráiteas, dhearbhaigh an tSeirbhís Chabhlaigh nach bhfuil ag feidhmiú i láthair na huaire ach an dá long úd agus go bhfuil an tríú ceann ar fuireachas. The statement confirmed that this is how things will be from now until the end of the year because there are not enough human resources. Deimhníodh sa ráiteas gur mar sin a bheas cúrsaí as seo go deireadh na bliana mar nach bhfuil dóthain acmhainní daonna ann. It was pointed out that many people have left the Naval Service and that management is trying to recruit people with the appropriate credentials to replace them. Tugadh le fios go bhfuil go leor daoine tar éis imeacht as an tSeirbhís Chabhlaigh agus go bhfuil sé ag dul rite leis an mbainistíocht daoine a bhfuil na dintiúir chuí acu a earcú ina n-áit. So far this year, it was said, only 37 newcomers have joined the service. Go nuige seo i mbliana, a dúradh, níor tháinig isteach sa tseirbhís ach 37 núíosach. To make matters worse, only 28 people were recruited last year, it was said. Dá dhonacht an scéal sin, níor earcaíodh ach 28 duine anuraidh, a dúradh. Independent Dáil MP Cathal Berry, who served as a witness, said it is incredible and highly unusual that only a quarter of the Naval Service's fleet is operational, especially since Ireland is a maritime country. Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Cathal Berry, a chaith seal ina fhianóglach, go bhfuil sé dochreidte agus thar a bheith neamhghnách nach bhfuil ach an ceathrú cuid de loingeas na Seirbhíse Cabhlaigh ag feidhmiú, go háirithe ós tír mhuirí í Éire. According to the Bear the low pay in the Naval Service is the cause of the evil. Dar leis an mBéarach gurb é an pá íseal sa tSeirbhís Chabhlaigh údar an oilc. Speaking on RTÉ, he also drew attention to the lack of employment rights in the service and said that the workers are not even allowed to go under the protection of the Labor Court. Ag labhairt dó ar RTÉ, tharraing sé aird chomh maith ar an easpa cearta fostaíochta sa tseirbhís agus dúirt nach bhfuil cead ag na hoibrithe dul ar choimirce na Cúirte Oibreachais, fiú. He is very worried, he said, that smugglers will try to ride the tide and have a full code or the rest of the Naval Service fleet will be put to sea again. Tá an-imní air, arsa sé, go bhféachfaidh lucht smuigleála leis an taoide a fhreastal agus go mbeidh lánscód acu nó go gcuirfear an chuid eile de loingeas na Seirbhíse Cabhlaigh chun farraige an athuair. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2asksx7t

Contact: irishlingos@gmail.com An Indian spacecraft landed on the moon without tripping. Spásárthach ón India tuirlingthe gan tuisliú ar an ngealach. An Indian spacecraft has landed safely near the moon's south pole, according to the Indian Space Institute. Tá spásárthach ón India tar éis tuirlingt gan tuisliú gar do mhol theas na gealaí, de réir Institiuid Spástaighde na hIndia. This is the first time any spacecraft from any country in the world has landed close to the south hub. Seo é an chéad uair ag aon spásárthach ó aon tír ar domhan tuirlingt gar don mhol theas. It is also the first time – only the second attempt – by India to send a spacecraft to the moon. Is é an chéad uair é freisin – ach an dara hiarracht – ag an India spásárthach a chur chun na gealaí. The spacecraft, called Chandrayaan-3, landed near the south hub at around 6pm Indian time (12.30 Irish time). Is thart ar 6 a chlog tráthnóna am na hIndia (12.30 am na hÉireann) a thuirling an spásárthach, dá ngairtear Chandrayaan-3, gar don mhol theas. Although it is a great feather in the wing of the astronauts of that country, their competing spouses in other countries will also enjoy and benefit from the achievement for a long time. Bíodh is gur cleite mór i sciathán spáseolaithe na tíre sin atá ann, bainfidh a gcéilí iomaíochta i dtíortha eile sásamh agus fónamh as an éacht freisin i bhfad na haimsire. The surface of the moon's south pole is extremely rough and rugged, and previous attempts by astronauts from other countries to land a craft there have failed. Tá dromchla mhol theas na gealaí fíorgharbh agus aimhréidh, agus theip ar iarrachtaí spáseolaithe ó thíortha eile roimhe seo árthach a chur ann. In fact, a Russian spacecraft failed to land there just last week. Go deimhin, theip ar spásárthach ón Rúis tuirlingt ann an tseachtain seo caite féin. It is believed that the ice sheet at the southern hub may be of great use in the future. Creidtear go mb'fhéidir go bhféadfaí an-leas a bhaint san am atá le teacht as an leac oighir ag an mol theas. For example, drinking water or oxygen for international astronauts could be made from the ice sheet, or fuel from it. Cuir i gcás, d'fhéadfaí uisce óil nó ocsaigin le haghaidh spásairí idirnáisiúnta a dhéanamh as an leac oighir, é sin nó breosla a dhéanamh as. Until today, only spacecraft from three countries, the United States, the Soviet Union and China, had landed on the moon. Go nuige inniu, ní raibh tuirlingthe ar an ngealach ach spásárthaí ó thrí thír, mar atá, na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach agus an tSín. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27nw5q7m

Contact: irishlingos@gmail.com 2,000 pubs closed since 2005, 108 last year. 2,000 teach tábhairne dúnta ó 2005, 108 anuraidh. Almost 2,000 pubs have closed in the State since 2005, says a new report from the drinks industry's umbrella organisation. Tá beagnach 2,000 teach tábhairne dúnta sa Stát ó 2005, a deirtear i dtuarascáil úr ó scátheagraíocht ionadaíochta thionscal na dí. That's 22.5% of all pubs in the State, according to the organisation. Sin 22.5 faoin gcéad de thithe tábhairne uile an Stáit, de réir na heagraíochta. The report also indicates that 450 pubs have closed since the start of the Covid-19 pandemic – 108 of them last year – and that they are based in rural houses. Tugtar le fios sa tuarascáil freisin gur dhún 450 tábhairne ó thús na paindéime covid 19 – 108 acu anuraidh – agus gur tithe faoin tuath a mbunáite. It highlights the top three counties in which pubs have closed in terms of percentage over the past eighteen years. Soilsítear ann na trí chontae ba mhó ar dhún tithe tábhairne iontu ó thaobh céatadáin de le hocht mbliana déag. 32% of pubs in Limerick, 29.9% in Cork and 29.9% in Laois have closed since 2005. Dhún 32 faoin gcéad de thithe tábhairne i Luimneach, 29.9 faoin gcéad i gCorcaigh agus 29.9 faoin gcéad i Laois ó 2005. In addition, only 3.4% of pubs in Dublin closed. Lena ais sin, níor dhún ach 3.4 faoin gcéad de thithe tábhairne i mBaile Átha Cliath. The drinks industry is petitioning the Government to give more support to small local pubs and, above all, to drastically reduce the excise duty on alcohol. Tá tionscal na dí ag achainí ar an Rialtas tuilleadh tacaíochta a thabhairt do thábhairní beaga áitiúla agus, thar aon ní eile, an dleacht mháil a ghearrtar ar alcól a laghdú gan spás. It should be taken into account, they say, that rural communities suffer greatly economically and socially when local pubs close. Ba chóir a chur san áireamh, a deir siad, go mbíonn pobail tuaithe thíos leis go mór go heacnamaíoch agus go sóisialta nuair a dhúnann tithe tábhairne áitiúla. The situation affects many people - including employers, workers and suppliers - not to mention the tourism sector, says the drinks industry. Téann an scéal i gcion ar a lán daoine – idir fhostóirí, oibrithe agus sholáthraithe – gan trácht ar lucht earnáil na turasóireachta, a deir tionscal na dí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23xha3fa

Contact: irishlingos@gmail.com "Tri-atlan organizers beware". "Fainic curtha roimh ré ar lucht eagraithe trí-atlain". Triathlon Ireland has confirmed that the organization's officials had told the organizers of the half-Ironman triathlon in Co Cork last weekend that they were not prepared to give their blessing to the event. Tá sé dearbhaithe ag Trí-Atlan Éireann go raibh sé ráite roimh ré ag oifigigh na heagraíochta le lucht reáchtála an trí-atlain leath-Ironman i gCo Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite nach raibh siad sásta a mbeannacht a thabhairt don imeacht. Two men died while taking part in the swimming round of the triathlon at Castle Cria beach in Youghall yesterday. Fuair beirt fhear bás agus iad ag glacadh páirt sa bhabhta snámha den trí-atlan ag trá an Chaisleáin Chria in Eochaill arú inné. They were Ivan Chittenden, aged 64, from Toronto in Canada and Brendan Wall, aged 45, who was originally from Ballyslane in Co Meath but had lived near Birmingham in England for many years. B'in iad Ivan Chittenden, 64 bliain d'aois, as Toronto i gCeanada agus Brendan Wall, 45 bliain, arbh as Baile Shláine i gCo na Mí ó dhúchas é ach a raibh cónaí air in aice le Birmingham i Sasana le blianta fada. Tri-Atlan Éireann has revealed that the organization's technical officials refused to give their blessing to the swimming round before it started after they assessed the safety of the water. Tá sé tugtha le fios ag Trí-Atlan Éireann gur dhiúltaigh oifigigh theicniúla na heagraíochta a mbeannacht a thabhairt don bhabhta snámha sular cuireadh tús leis tar éis dóibh measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an uisce. The bad weather in the area at the time, especially the fermentation in the sea, was the reason for the decision of the officials, it was said. An aimsir mhór a bhí sa cheantar ag an am, go háirithe an coipeadh san fharraige, ba chúis le cinneadh na n-oifigeach, a dúradh. Trí-Atlan Éireann is a national organization responsible for governing triathlon competitions in this country and the competition in Cork was organized by the Ironman Éireann organisation. Is eagraíocht náisiúnta é Trí-Atlan Éireann atá freagrach as comórtais trí-atlain sa tír seo a rialú agus ba é an eagraíocht Ironman Éireann a d'eagraigh an comórtas i gCorcaigh. In a statement issued yesterday, Ironman Ireland said the organization was deeply saddened by the death of the two. I ráiteas a eisíodh arú inné, dúirt Ironman Éireann go raibh an-bhrón ar an eagraíocht faoi bhás na beirte. The statement also claimed that the organizers had shortened the triathlon swimming course in Youghal due to the bad weather. Maíodh sa ráiteas freisin go raibh cúrsa snámha an trí-atlain in Eochaill ciorraithe ag an lucht reáchtála mar gheall ar an drochaimsir. Finance Minister Michael McGrath, who is from Cork, said that the death of the two men was a terrible tragedy and asked for comprehensive answers to the questions being asked about the running of the triathlon. Dúirt an tAire Airgeadais Michael McGrath, arb as Corcaigh é, gur tragóid uafásach a bhí i mbás na beirte fear agus d'iarr sé freagraí cuimsitheacha a thabhairt ar na ceisteanna atá á gcur faoi reáchtáil an trí-atlain. Michael McGrath suggested that Cork County Council - which sponsored the competition - and Irish Water Safety would be involved in the investigation to be set up into what happened. Thug Michael McGrath le tuiscint go mbeadh Comhairle Contae Chorcaí – a d'urraigh an comórtas – agus Sábháilteacht Uisce na hÉireann bainteach leis an bhfiosrúchán atá le cur ar bun faoinar tharla. Gardai have already said they are not conducting a criminal investigation. Tá sé ráite ag na Gardaí cheana féin nach bhfuil fiosrúchán coiriúil ar bun acu. They confirmed, however, that they were to send a file to the coroner after looking at the results of the post-mortem ...

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24yd589z

Contact: irishlingos@gmail.com St. Anne's to be broken in Dublin. An Naomh Éanna le briseadh i mBaile Átha Cliath. The Naomh Éanna, the well-known boat that spent thirty years taking passengers between Galway and Arran, is to be broken up in Dublin. Tá an Naomh Éanna, an bád aitheanta a chaith tríocha bliain ag tabhairt paisinéirí idir Gaillimh agus Árainn, le briseadh i mBaile Átha Cliath. It is understood that this will be done from now on for the next two months. Tuigtear go ndéanfar sin as seo go ceann dhá mhí. She is currently moored at the Grand Canal Dock - just a skeleton - and many campaigns have been set up for free over the years with the hope of preserving the vessel and bringing it back to Galway. Is ag Dug na Canálach Móire atá sí feistithe faoi láthair – gan í ach ina creatlach – agus is iomaí feachtas a bunaíodh in aisce le blianta fada le súil an t-árthach a chaomhnú agus a thabhairt ar ais go Gaillimh. The St. Anna spent more than thirty years sailing back and forth from the Aran Islands until her service ended in 1986. Chaith an Naomh Éanna breis agus tríocha bliain ag imeacht siar agus aniar ó Oileáin Árann go dtí gur cuireadh deireadh lena seirbhís i 1986. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25p4aj9z

Contact: irishlingos@gmail.com Nurse Lucy Letby convicted of murdering seven children. An bhanaltra Lucy Letby ciontaithe i seachtar leanaí a dhúnmharú. In a court in Manchester, nurse Lucy Letby was found guilty of murdering seven infants and attempting to murder six other infants in a hospital in the city of Chester in north-west England. I gcúirt i Manchain, fuarthas ciontach an bhanaltra Lucy Letby i seachtar naíonán a dhúnmharú agus in iarracht a dhéanamh seisear naíonán eile a dhúnmharú in ospidéal i gcathair Chester in iarthuaisceart Shasana. The prosecution claimed in the trial that Lucy Letby was a cold-hearted person who abused the illness of the children in her care to hide her actions. Mhaígh an t-ionchúiseamh sa triail gur dhuine fuarchúiseach í Lucy Letby a bhain mí-úsáid as breoiteacht na mbunóc a bhí faoina cúram lena gníomhartha a cheilt. The trial was told that there was a significant rise in 2015 and again in 2016 in the number of sick babies who were getting even sicker, unexpectedly, in the ward for new born children. Dúradh sa triail go raibh ardú suntasach in 2015 agus arís in 2016 ar an líon naíonán tinn a bhí ag éirí níos tinne fós, gan choinne, sa bharda le haghaidh leanaí nuabheirthe. It emerged that Lucy Letby was the only member of the medical staff on duty in the ward whenever a baby became very ill. Tháinig sé chun solais gurbh í Lucy Letby an t-aon duine den fhoireann leighis a bhí ar dualgas sa bharda gach aon uair a d'éirigh naíonán an-tinn ar fad. There was no natural reason for the children to go to hell, the prosecution claimed. Ní raibh aon chúis nádúrtha leis na leanaí a dhul in ainseal, a mhaígh an t-ionchúiseamh. It was claimed that the nurse had many ways to harm and kill the children. Maíodh gur iomaí slí a bhí ag an mbanaltra leis na leanaí a dhonú agus a mharú. She injected air into their bloodstream and stomach, poisoned them with insulin, gave them far too much milk and attacked them in other ways as well, it was said. D'instealladh sí aer ina sruth fola agus ina mboilg, nimhíodh sí iad le hinslin, thugadh sí i bhfad an iomarca bainne dóibh agus d'ionsaíodh sí iad ar shlite eile chomh maith, a dúradh. The trial of 33-year-old Lucy Letby began in October last year and she pleaded not guilty to all the offenses she was charged with. Cuireadh tús le triail Lucy Letby, atá 33 bliain d'aois, i mí Dheireadh Fómhair anuraidh agus phléadáil sí neamhchiontach sna cionta ar fad a bhí curtha ina leith. The notes found in her home did not help her case, however. Níor chuidigh na nótaí a fuarthas ina teach lena cás, áfach. In one of the notes she had written on a leaflet, she revealed that she killed the babies on purpose because, in her opinion, she was not a good enough person to take care of them. I gceann de na nótaí a bhí scríofa ar bhileoigín aici, thug sí le fios gur mharaigh sí na naíonáin d'aon ghnó mar, dar léi, nár dhuine sách maith í chun aire a thabhairt dóibh. She wrote that she was a bad person and did not deserve this worldly life. Scríobh sí gur dhuine olc a bhí inti agus nach raibh an bheatha shaolta seo tuillte aici. Lucy Letby will be sentenced next Monday. Gearrfar pianbhreith ar Lucy Letby Dé Luain seo chugainn. The British Government has ordered an independent inquiry into the case. Tá fiosrúchán neamhspleách faoin gcás ordaithe ag Rialtas na Breataine. RTÉ News and Current Affairs Lucy Letby Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Lucy Letby

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/222ap964

Contact: irishlingos@gmail.com Industrial activity suspended by fire workers. Gníomhaíocht thionsclaíoch curtha ar fionraí ag oibrithe dóiteáin. Part-time firefighters have announced they have suspended industrial action from midday today in light of discussions at the Workplace Relations Commission yesterday. Tá sé fógartha ag comhraiceoirí dóiteáin páirtaimseartha go bhfuil an ghníomhaíocht thionsclaíoch atá ar bun acu curtha ar fionraí acu ón meán lae inniu i bhfianaise ar tháinig amach as comhráite sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre inné. Dissatisfaction of firefighters with their pay and working conditions is at the heart of the dispute. Míshásamh na gcomhraiceoirí dóiteáin lena gcuid pá agus a gcoinníollacha oibre is siocair leis an aighneas. In a video message sent to the workers last night, Karan O'Loughlin from the SIPTU union indicated that some progress had been made regarding pay matters in the talks - albeit slowly and carefully, as she said. I dteachtaireacht físeáin a seoladh chuig na hoibrithe aréir, thug Karan O'Loughlin ón gceardchumann SIPTU le fios go ndearnadh dul chun cinn áirithe maidir le cúrsaí pá sna comhráite – bíodh is gur go mall agus go léanmhar a rinneadh sin, mar a dúirt sí. She suggested suspending industrial action so that the next step could be taken and the issue addressed in conversations to be held about pay in the public service as a whole. Mhol sí an ghníomhaíocht thionsclaíoch a chur ar fionraí ionas go bhféadfaí an chéad chéim eile a ghlacadh agus aghaidh a thabhairt ar an gceist i gcomhráite atá le reáchtáil faoi phá sa tseirbhís phoiblí trí chéile. Part-time firefighters are on call from the beginning of the year and are paid a booking fee on top of a regular salary. Tá comhraiceoirí dóiteáin páirtaimseartha ar glao-dhualgas ó cheann ceann na bliana agus is táille áirithíochta thar ghnáth-thuarastal a íoctar leo. There are about 2,000 of them and they have been picketing regularly for ten weeks at 200 fire stations throughout the country in an attempt to resolve the dispute between them and the Department of Local Government. Tá thart ar 2,000 acu ann agus tá picéid curtha go tráthrialta le deich seachtaine acu ar 200 stáisiún dóiteáin ar fud na tíre de cheal réitigh ar an aighneas idir iad agus an Roinn Rialtais Áitiúil. They voted overwhelmingly last month against Labor Court settlement proposals that would have increased the annual booking fee by between 24% and 32.7%. Vótáil siad le móramh mór an mhí seo caite in aghaidh mholtaí réitigh na Cúirte Oibreachais faoina n-ardófaí an táille áirithíochta bhliantúil idir 24 faoin gcéad and 32.7 faoin gcéad . Although it would be a significant percentage increase, the workers pointed out that it was not enough since they are paid a very low fee in the first place. Cé gur ardú suntasach céatadánach a bheadh ann, thug na hoibrithe le fios nár leor é ós táille an-íseal a íoctar leo ar an gcéad dul síos. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2aklk7gc

Contact: irishlingos@gmail.com Increase in the number of people in the EU illegally. Méadú ar líon na ndaoine san AE go mídhleathach. The number of people who are in European Union (EU) countries illegally or who try to cross an entry threshold has increased significantly. Tá méadú suntasach tagtha ar an líon duine atá i dtíortha an Aontais Eorpaigh (AE) go mídhleathach nó a dhéanann iarracht dul thar tairseach isteach. This is reflected in the latest figures from the EU Border Agency. Léirítear sin sna figiúirí is deireanaí ó Áisíneacht Teorann an AE. According to the data that has been published, there has been a 13% increase so far this year in the number of people who cross borders into EU countries without the appropriate license compared to the same period last year. De réir na sonraí atá foilsithe, tá ardú 13 faoin gcéad go dtí seo i mbliana ar an méid daoine a thrasnaíonn thar teorainn isteach go tíortha an Aontais gan an ceadúnas cuí i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. That is despite the strong efforts that EU countries have made in recent years to combat illegal immigrants. Sin ainneoin na dtréaniarrachtaí atá déanta ag tíortha an AE le blianta anuas chun dul i ngleic le himircigh mhídhleathacha.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bf7urks

Contact: irishlingos@gmail.com At least 55 dead in Hawaii. 55 ar a laghad marbh i Hawaii. It is estimated that at least 55 people are now dead as a result of the forest fires on one of the islands of Hawaii in the Pacific Ocean. Áirítear go bhfuil ar a laghad 55 duine marbh anois de bharr na dtinte foraoise ar cheann d'oileáin Hawaii san Aigéan Ciúin. 3 days ago the fires started on the west coast of the island of Maui. 3 lá o shin a thosaigh na tinte ar chósta thiar oileán Maui. The coastal town of Lahaina has been devastated by the blaze. Tá an baile cois cósta Lahaina scriosta ag an loscadh. Thousands of people have now been left homeless as a result of the disaster and up to 14,000 tourists have been evacuated from the island. Tá na mílte duine anois fágtha gan dídean de thoradh na tubaiste agus suas le 14,000 turasóir aslonnaithe ón oileán. Rescue workers are doing their best to find bodies and missing people but the bad weather is not helping their efforts. Tá oibrithe tarrthála ar a ndícheall féachaint le teacht ar choirp agus ar dhaoine atá ar iarraidh ach níl an droch-aimsir ag cuidiú lena gcuid iarrachtaí. The President of the United States, Joe Biden, declared this burning a major disaster yesterday and financial aid has now been promised to the region. D'fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe,Joe Biden an loscadh seo ina mórthubaiste inné agus tá cúnamh airgid geallta don réigiún anois. Authorities in Maui say it will take billions of dollars and many years to repair the damage there. Deir na húdaráis i Maui go dtógfaidh sé na billiúin dollar agus cuid mhaith blianta leis an damáiste atá déanta ansin a chur ina cheart. The Hawaiian islands are about 2,000 miles west of the west coast of the United States. Tá oileáin Hawaii thart ar 2,000 míle siar ó chósta thiar na Stát Aontaithe. Hawaii has been an American state since 1959. Stát de chuid Mheiriceá is ea Hawaii ó 1959. Burning after destroying Maui Loscadh i ndiaidh Maui a scriosadh

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dmjaa4s

Contact: irishlingos@gmail.com Beware of individual fishing. Fainic faoin iascach aonair. The Marine Casualty Investigation Board says that the Minister of Transport should send out a Marine Notice, reminding fishermen that there is a considerable risk involved in fishing alone. Deir an Bord Imscrúdú Taismí Muirí gur cheart don Aire Iompair Fógra Muirí a chur amach, ag meabhrú d'iascairí go bhfuil baol nach beag ag baint le bheith ag iascach id' aonar. This is one of the recommendations made by the Board in their report on an accident that happened to a fisherman in Daing Bay in October last year. Tá sé seo ar cheann de na moltaí atá déanta ag an mBord ina dtuairisc fé thionóisc a tharla d’iascaire i mBá an Daingin i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. The skipper of the boat An Crabán Óir was seriously injured while fishing for lobster in the Bay. Bhain drochghortaithe do scipéir an bháid An Portán Óir agus é ag iascach gliomach sa Bhá. The man's leg got stuck in a rope, and he was unable to free himself. Chuaigh cos an fhir i bhfostú i dtéadán, agus ní raibh sé in ann é fhéin a scaoileadh. The emergency services went to his aid four hours later, when friends told the skipper that he had not returned to the pier, as planned. Chuaigh na seirbhísí éigeandála i gcabhair air ceithre uair an chloig ina dhiaidh sin, nuair a thug cairde leis an scipéir nach raibh sé tagtha ar ais chun na céibhe, mar a bhí beartaithe. The friends had been informed of the course and length of the sea voyage and were watching his return to the quay. Bhí na cairde curtha ar an eolas faoi chúrsa agus faoi fhad an turas farraige agus bhí siad ag faire ar a fhilleadh chun na céibhe. This is a significant measure says its report, which led to the emergency services being informed early. Beart suntasach é seo a deir a tuarascáíl, a d'fhág gur cuireadh na seirbhísí éigeandála ar an eolas go luath. He suffered serious injuries to his legs and spent 5 nights in hospital. Bhain gortuithe tromchúiseacha dá chosa agus chaith 5 oíche san oispidéal. The report recommends that the department re-issue a Marine Notice reminding fishermen of the danger associated with solo sea trips, especially for those dealing with lobster pots and the possibility of entanglement in their ropes. Molann an tuarascáil go n-eiseodh an roinn Fógra Muirí arís ag meabhrú do lucht iascaigh an baol a bhaineann le turais farraige aonair, go háirithe dóibhsan a bhíonn ag plé le potaí gliomaigh agus an seans go dtiocfar i bhfastó ina dtéada. It is recommended in the report as well, that every fisherman should carry a well-known knife when fishing. Moltar sa tuairisc chomh maith, go mbeadh scian clúaithe ar iompar ag gach iascaire agus iad ag iascach. via Nuacht an Descirt, RTÉ Raidió na Gaeltachta via Nuacht an Deiscirt, RTÉ Raidió na Gaeltachta

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28fq78mk

Contact: irishlingos@gmail.com 41 migrants drowned in the Mediterranean Sea, four rescued. 41 imirceach báite sa Mheánmhuir, ceathrar tugtha slán. 41 migrants are reported to have drowned when their boat capsized off the Mediterranean island of Lampedusa. Tuairiscítear gur báthadh 41 imirceach nuair a chuaigh a mbád síos amach ó oileán Lampedusa sa Mheánmhuir. The island belongs to Italy but is closer to Tunisia. Is leis an Iodáil an t-oileán ach is gaire don Túinéis é. It is understood that the boat sailed from the port of Sfax in eastern Tunisia and was heading for Lampedusa, or somewhere else in Italy, when it went down. Tuigtear gur ó chalafort Sfax in oirthear na Túinéise a sheol an bád agus gur ag tabhairt aghaidh ar Lampedusa, nó áit éigin eile san Iodáil, a bhí sí nuair a chuaigh sí síos. It is said that four people survived - three men and a woman - who are from the Ivory Coast and Guinea in West Africa. Deirtear gur tháinig ceathrar slán – triúr fear agus bean – arb as an an gCósta Eabhair agus as an nGuine in iarthar na hAfraice iad. The four were rescued by a cargo ship and later placed in the care of the Italian Coast Guard. Lastlong a tharrtháil an ceathrar agus cuireadh iad faoi chúram Gharda Cósta na hIodáile ina dhiaidh sin. It is not yet clear if the story has anything to do with reports that were there last Sunday about two boats that were said to have gone down in the same area. Níl sé soiléir fós an bhfuil aon bhaint ag an scéal le tuairiscí a bhí ann Dé Domhnaigh seo caite faoi dhá bhád a dúradh a chuaigh síos sa limistéar céanna. There was yet another report on Sunday that over half a hundred migrants drowned off Sfax. Bhí tuairisc eile fós ann ar an Domhnach gur báthadh os cionn leathchéad imirceach amach ó Sfax. According to figures provided by the Italian Government, around 93,700 migrants have arrived by boat to Italy so far this year, compared to 44,700 in the same period last year. De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag Rialtas na hIodáile, tá thart ar 93,700 imirceach tagtha ar bháid chun na hIodáile go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le 44,700 san achar céanna anuraidh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29m3c4bd

Contact: irishlingos@gmail.com Demonstration by farmers in the Shannon area. Léirsiú ag feirmeoirí i gceantar na Sionainne. Farmers are demonstrating in County Uighur to call attention to the rising water level in the river Shannon. Tá léirsiú ag feirmeoirí i gContaeUíbh Fhailí ag iarraidh go dtarraingeofaí aird ar leibhéal an uisce in abhainn na Sionainne a bheith ag ardú. Flooding causes problems in the farming area between Athlone and Port Omna. Cothaíonn tuilte fadhbanna sa cheantar feirmeoireachta idir Áth Luain agus Port Omna. Up to 200 farmers have gathered at Bangor Bridge. Suas le 200 feirmeoir atá bailithe le chéile ag Droichead Bheannchair. This protest is aimed at Irish Water, Irish Inland Water and other organisations. Tá an agóid seo dírithe ar Uisce Éireann, ar Uiscí Intíre Éireann agus ar eagraíochtaí eile. The farmers say that July this year in particular was extremely wet and thousands of hectares in that area have been flooded as a result. Deir na feirmeoirí go raibh mí Iúil go speisialta i mbliana thar a bheith fliuch agus go bhfuil na mílte heictéar sa gceantar sin báite dá bharr. This leaves them short of food for their animals and 'there is not as much grass or silage available due to so much of the land being under water' say the farmers. Fágann sin gann iad ar bhia dá gcuid ainmhíthe agus 'níl an oiread céanna féir ná sadhlais ar fáil de bharr an oiread sin den talamh a bheith faoi uisce' a deir na feirmeoirí. In a statement from the United Farmers of Ireland (IFA) organization, it says that 'so far there has been no sound action to solve this problem of flooding'. I ráiteas ón eagraíocht Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA), deir sé 'nach bhfuil aon ghníomh fónta ann go dtí seo le fadhb seo na dtuilte a réiteach'. The President of the IFA, Tim Cullinan says that the Office of Public Works has been made aware of the problem but 'not enough has been done'. Deir Uachtarán an IFA, Tim Cullinan gur cuireadh Oifig na nOibreacha Poiblí ar an eolas faoin bhfadhb ach 'nach leor a bhfuil déanta'. He says that a 'separate agency is now needed to manage the river Shannon together to ensure that it does not become a crisis again'. Deir seisean go dteastaíonn 'áisíneacht ar leith anois le bainistiú a dhéanamh ar abhainn na Sionainne tré chéile lena chinntiú nach dtagann a léithid de ghéarchéim arís'. The protest in Bangor An agóid i mBeannachar

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ar7lcxt

Contact: irishlingos@gmail.com A source from Ukraine saying that a drone attack in the Black Sea was successful. Foinse ón Úcráin ag rá gur éirigh le hionsaí dróin sa Mhuir Dhubh. A Russian warship was heavily damaged in a drone bombing attack in the Black Sea. Rinneadh cuid mhór damáiste do long cogaidh de chuid na Rúíse in ionsaí buamála dróin a tharla sa Mhuir Dhubh. That's according to information provided by sources in Ukraine. Sin de réir na faisnéise atá curtha ar fáil ag foinsí san Úcráin. The attack is said to have taken place last night near the port of Novorossiysk, one of Russia's main commercial ports. Maítear gur tharla an t-ionsaí aréir in aice le calafort Novorossiysk, ceann de na príomhchalafoirt tráchtála atá ag an Rúis. However, the Ukrainian authorities in Kyiv have not yet confirmed the attack. Níl an t- ionsaí dearbhaithe go fóill áfach ag údaráis na hÚcráine i Kyiv. The Russian Department of Defense has not made any reference to the attack either. Níl aon tagairt don ionsaí déanta ach oiread ag Roinn Cosanta na Rúise. At the end of this month the bloody war between Russia and Ukraine will have been going on for a year and a half. Ag deireadh na míosa seo beidh an cogadh fuilteach idir an Rúis agus an Úcráin ar bun le bliain go leith. Russia launched a cross-border raid into Ukraine on 24 February 2022. Thug an Rúis ruathar thar teorainn isteach faoin Úcráin ar an 24 Feabhra 2022.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/278h7ha8

Contact: irishlingos@gmail.com Ryanair criticized for restriction order at Dublin Airport. Ryanair cáinteach ar ordú srianta in Aerfort Bhaile Átha Cliath. The order made by Fingal County Council in relation to restricting the number of overnight flights at Dublin Airport has been strongly criticized by Ryanair airline. Tá an t-ordú atá déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall maidir le srian a chur ar lion na n-eitiltí thar oíche ag Aerfort Bhaile Átha Cliath cáinte go láidir ag aerlíne Ryanair. Ryanair says this reading of the decision is 'foolish'. Deir Ryanair go bhfuil a léithid seo de chinneadh 'amaideach'. He also says that he will have to cancel a large number of his flights from Dublin Airport from next month in view of the order. Deir sé freisin go gcaithfidh sé cuid mhór dá chuid eitiltí a chur ar ceal ó Aerfort Bhaile Átha Cliath ón mhí seo chugainn ar aghaidh i bhfianaise an ordaithe. He has asked Transport Minister Eamon Ryan to look closely at this decision and implement some form of reform. Tá iarrtha aige ar an Aire Iompair Eamon Ryan breathnú go géar ar an gcinneadh seo agus leasú de chineál éigin a chur i bhfeidhm. However, Taoiseach Leo Varadkar says that Fingal County Council has no choice but to apply the law if he sees that planning restrictions relating to a new runway have been breached at the airport. Deir an Taoiseach Leo Varadkar áfach nach bhfuil aon rogha ag Comhairle Contae Fhine Gall ach an dlí a chur i bhfeidhm má fheictear dó go bhfuil srianta pleanála a bhaineann le rúidbhealach nua sáraithe ag an aerfort. The new runway on the north side of the airport was opened in August last year - at a cost of €320m funded by the airport authority. Mí Lúnasa anuraidh a hosclaíodh an rúidbhealach nua ar an taobh ó thuaidh den aerfort - ar chostas €320m maoinithe ag údarás an aerfoirt. However, many of the locals were opposing it 'due to the noise it would cause' they said. Bhí go leor de mhuintir na háite ag cur ina aghaidh áfach 'de bharr an torainn a bhainfeadh leis' a dúirt siad. As a result, the planning permission granted was restricted; that there would not be more than 65 flights on average during a quarter on the runway between 11 o'clock at night and 7 in the morning. Dá bharr sin a cuireadh srian leis an gcead pleanála a tugadh; nach mbeadh níos mó ná 65 eitilt ar an meán i gcaitheamh ráithe ar an rúidbhealach idir a 11 a chlog san oíche agus a 7 ar maidin. Ryanair wants this order to be amended so that it applies to the hours between midnight and 6 in the morning. Tá Ryanair ag iarraidh go leasófaí an t- ordú seo le go mbainfeadh sé le huaireanta a' chloig idir meánoiche agus a 6 ar maidin. Airport authorities have also criticized the council's decision, particularly as they say it was made during the 'peak summer aviation period'. Cháin údaráis an aerfoirt cinneadh na comhairle freisin, go háirithe a deir siad agus é déanta le linn 'bhuaic-thréimhse eitlíochta an tsamhraidh'. Dublin Airport Aerfort Bhaile Átha Cliath

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28trd78e

Contact: irishlingos@gmail.com Welcome home but still unclear about the Foreman. Fáilte abhaile ach doiléire go fóill faoin Saoiste. Relatives and supporters were delighted today as they welcomed the Irish team home at Dublin airport after their campaign at the Women's Soccer World Cup. Bhí ríméad ar ghaolta agus ar lucht tacaíochta inniu agus iad ag cur fáilte abhaile roimh fhoireann na hÉireann ag aerfort Bhaile Átha Cliath tar éis a bhfeachtas ag Corn an Domhain i Sacar na mBan. Children and friends, family and fans gathered at the Airport to give them a warm welcome. Bhailigh clann agus cairde, muintir agus lucht leanúna ag an Aerfort le fáilte chroíúil a chur rompu. No arrangement has been made regarding Vera Pauw's contract talks yet but before the team left Australia the manager confirmed that she would be present with her team at the special event to be held on O'Connell Street tomorrow evening. Níl aon socrú déanta faoi chainteanna ar chonradh Vera Pauw go fóill ach sular fhág an fhoireann an Astráil dheimhnigh an bainisteoir go mbeadh sí i láthair lena foireann ag an ócáid speisialta atá le bheith ar Shráid Uí Chonaill tráthnóna amárach. The player from Killathin in Connemara Niamh Fahey says that the team was very grateful for the support they received when they were over the waves. Deir an t-imreoir as Cill Aithnín i gConamara Niamh Fahey go raibh an fhoireann thar a bheith buíoch as an tacaíocht a fuair siad agus iad thar toinn. When asked about Vera Pauw's future she said it was up to the Football Association of Ireland to answer that question. Nuair a ceistíodh í faoi thodchaí Vera Pauw dúirt sí gur faoi Chumann Peile na hÉireann an cheist sin a fhreagairt. The FAI later confirmed that they would be "undertaking a comprehensive review of this over the next few weeks, as they always do after every major tournament". Dheimhnigh an FAI ar ball go mbeadh siad "ag tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach as seo go ceann roinnt seachtaine, mar a dhéantar i gconaí tar éis gach mórchomórtas". Captain Katie McCabe did not speak to the media after she landed. Níor labhair an captaen Katie McCabe leis na meáin tar éis di tuirlingt.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2255pser

Contact: irishlingos@gmail.com Discontent in Tri-Lee over Hitler's poster of the Tánaiste. Míshásamh i dTrí Lí faoi phóstaer Hitler den Tánaiste. People in Tralee in Co Kerry are criticizing the posters hanging in the area where Tánaiste Micheál Martin has been put in the likeness of Adolf Hitler. Tá daoine i dTrá Lí i gCo Chiarraí ag cáineadh na bpóstaer atá crochta sa gceantar ina bhfuil an Tánaiste Micheál Martin curtha i gcosúlacht Adolf Hitler. As it happens, French President Emmanuel Macron has sued an advertising company because of a similar poster that was hanging in that country. Mar a tharlaíonn tá Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron tar éis an dlí a chur ar chuideachta fógraíochta mar gheall ar phóstaer den chineál céanna a bhí crochta sa tír sin. People in Tralee were shocked today when it was noticed that posters of the dictator Adolf Hitler - the leader of Nazi Germany in the 1930s and 40s - were hanging in the town centre. Baineadh geit as daoine i dTrá Lí inniu nuair a tugadh faoi ndeara go raibh póstaeir crochta i lár an bhaile agus íomhá den deachtóir Adolf Hitler - ceannaire na Naitsithe na nGearmáin sna 1930í agus 40í - le feiceáil orthu. At least 4 posters were noticed - at the roundabout on Claise Road on the way to University Hospital Kerry and another roundabout on the Yellow Road. Tugadh faoi deara 4 phóstaer ar a laghad - ag an timpeallán ar Bhóthar na Claise ar an mbealach chuig Ospidéal na hOllscoile Ciarraí agus ar thimpeallán eile ar an mBóthar Buí. But when a funny eye is cast on them it is clear that it is an image of the Tánaiste with the likeness of Hitler put on it. Ach nuair a chaitear súil ghrinn orthu is léir gur íomhá don Tánaiste atá ann agus cuma Hitler curtha air. Such posters have been seen for some time in Italy, Poland and France where President Macron took a case to court about it. Tá a leithéid de phóstaeir feicthe le tamall san Iodáil, sa bPolainn agus sa bhFrainc áit gur thug an tUachtarán Macron cás os comhair cúirte faoi. The person who made the poster was fined €10,000. Gearradh €10,000 de phionós ar an té a rinne an póstaer. Micheál Martin was not available today to talk about the matter. Ní raibh Micheál Martin ar fáil inniu le labhairt faoin ábhar. But members of Fianna Fáil in Kerry, and especially in Tralee, are outraged by the insult. Ach tá baill d'Fhianna Fáil i gCiarraí, agus go háirithe i dTrá Lí, ar buille faoin masla. The right wing in Munster has not had a good reputation recently - incidents such as the attack on the Library in Tralee during Pride, the Gay Community Festival, and the ongoing protest in front of the Library in Cork City. Ní hé an dea-cháil atá tarraingthe ag an Eite Dheis i gCúige Mumhan le gairid - eachtraí ar nós an ionsaithe a déanadh ar an Leabharlann i dTrá Lí le linn Bród, Féile an Phobail Aeraigh, agus an agóid leanúnach atá ar siúl os comhair na Leabharlainne i gCathair Chorcaí. It has been reported that people involved in the Right Wing movement in England were present at the protest in Cork last Saturday. Tá sé tuairiscthe go raibh daoine atá páirteach i ngluaiseacht na hEite Deise i Sasana i láthair ag an agóid i gCorcaigh Dé Sathairn seo caite. A parent who spoke to Nuacht TG4 in the afternoon said that he and other parents he said are very worried about the rising bullying. Dúirt tusimitheoir a labhair le Nuacht TG4 tráthnóna go bhfuil sé féin agus tuismitheoirí eile a dúirt sé an-imníoch faoin roscaireacht atá ag borradh. Marian O'Flaherty will have more on that story on Nuacht TG4 at 1900. Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O’Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24ac8syb

Contact: irishlingos@gmail.com Concerns have been expressed about the number of people killed on the country's roads. Imní léirithe faoin líon atá maraithe ar bhóithre na tíre. The Road Safety Authority (RSA) has expressed concern about the number of people who have been killed on the country's roads so far this year. Tá imní léirithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) maidir leis an méid daoine atá maraithe ar bhóithre na tíre go dtí seo i mbliana. The figure in question is 100, the highest number said to be in 6 years. 100 an figiúir atá i gceist, an líon is airde deirtear le 6 bliana. 23 of those belong to the 16-25 age group, a figure that is almost identical to the years 2021 and 2022 combined. San aoisghrúpa 16- 25 bliain d'aois a bhaineann 23 díobh sin, figiúir atá beagnach ar aon dul leis na blianta 2021 agus 2022 curtha le chéile. It also shows that almost half of these fatal accidents happened at night, when the roads are quieter. Léiríonn sé freisin gur tharla beagnach leath de na timpistí marfacha seo istoíche, tráth a bhfuil na bóithre níos ciúine. Almost one third of the accidents occurred in the counties of Cork, Mayo and Galway. Ba i gcontaetha Chorcaí,Mhaigh Eo agus na Gaillimhe a tharla beagnach aon trian de na timpistí. The RSA now says any progress made over the years in road safety could be undone. Deir an RSA anois go bhféadfadh aon dul chun cinn atá déanta leis na blianta maidir le sábháilteacht ar bhóithre a bheith curtha ar neamhní.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27rqoa57

Contact: irishlingos@gmail.com 890 to let go at Accenture. 890 le ligean chun siúil ag Accenture. The company Accenture has announced that they are going to let 890 people walk away from their jobs. Tá an chuideachta Accenture tar éis fógairt go bhfuil siad chun 890 duine a ligean chun siúil as a gcuid postanna. That's 14% of the 6,500 they employ in the country. Sin 14 faoin gcéad den 6,500 atá fostaithe acu sa tír. In March Accenture announced that they were going to get rid of 2.5% of their global workforce. Mí an Mhárta d'fhógair Accenture go raibh siad chun fáil réidh le 2.5 faoin gcéad den líon atá fostaithe go domhanda acu. Already this year the company has let 1,300 people walk in Ireland - 400 of them on a competition programme. Cheana féin i mbliana tá 1,300 duine ligthe chun siúil ag an gcuideachta in Éirinn - 400 díobh ar chlár iomaíochta. The services company has been badly hit by the cutback made in the past year by major technology companies such as Meta (Facebook as it used to be) which has let go of a third of its workforce. Tá an chuideachta seirbhísí buailte go dona ag an ngearradh siar atá déanta le bliain anuas ag mórchuideachtaí teicneolaíochta ar nós Meta (Facebook mar a bhíodh) atá tar éis ⅓ú cuid dá meitheal a ligean chun bealaigh. Accenture has thousands of employees but they are outsourced – outsourced to work on contract – to tech giants like Meta and Microsoft. Tá na mílte fostaí ag Accenture ach iad ag feidhmiú mar a bheadh seachfhoinsithe – curtha amach ag obair ar chonradh – le ollchuideachtaí teicneolaíochta cosúil le Meta agus Microsoft. Accenture also provides services to banks, government organizations and major industrial and pharmaceutical companies around the globe. Cuireann Accenture seirbhísí ar fáil freisin do bhancanna, eagrais stáit agus mórchuideachtaí tionsclaíochta agus cógaisíochtaí ar fud na cruinne. Today the Irish workforce was informed of the job cuts. Inniu a cuireadh foireann oibre na hÉireann ar an eolas faoin gciorrú ar phostanna. Accenture says it does not intend to discuss the cutback publicly until discussions with the workforce about a redundancy program have been completed. Deir Accenture nach bhfuil sé i gceist acu an gearradh siar a phlé go poiblí go mbeidh comhráití críochnaithe leis an meitheal faoi chlár iomarcaíochta. They say that they are still focused on serving their customers and that they are always serious about their business in Ireland. Deir siad go bhfuil siad dírithe go fóill ar fhreastal ar a gcuid custaiméirí agus go bhfuil siad lán-dáiríre i gcónaí faoina ngnó in Éirinn. 6,500 are currently employed in Ireland by Accenture. 6,500 atá fostaithe in Éirinn faoi láthair ag Accenture.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ba3k6j5

Contact: irishlingos@gmail.com NATO membership for Ukraine to discuss with America. Ballraíocht i NATO don Úcráin le plé le Meiriceá. America and Ukraine will discuss that country's membership in NATO next week, says the Chief of Staff of the Ukrainian Army. Pléifidh Meiriceá agus an Úcráin ballraíocht na tíre sin i NATO as seo go ceann seachtaine, a deir Ceann Foirne Arm na hÚcráine. Andriy Yermak indicated that talks would begin this week between leaders in Kyiv and Washington about security guarantees. Thug Andriy Yermak le fios go dtosódh comhráití an tseachtain seo idir lucht ceannais i Kív agus i Washington faoi bharántais slándála. He also said that executives from different countries are to meet in Saudi Arabia to discuss President Zelensky's peace plan - but in which the Russian soldiers would be expelled. Dúirt sé freisin go bhfuil feidhmeannaigh as tíortha éagsúla le theacht le chéile san Araib Shádach leis an bplean síochána atá ag an Uachtarán Zelensky - ach a mbeadh saighdiúirí na Rúise díbeartha - a phlé. Andriy Yermak did not mention when that meeting would take place but he said that there would be 3 stages involved in the talks before there would be any mention of a summit. Níor luaigh Andriy Yermak cén uair a bheadh an cruinniú sin ag tarlú ach dúirt sé go mbeadh 3 chéim i gceist sna cainteanna sula mbeadh aon trácht ar chruinniú mullaigh. Yesterday it was reported that there was something like this on the barriers when the Wall Street Journal indicated that the first meeting would be held in the city of Jeddah next Saturday and Sunday. Arú inné a tuairiscíodh go raibh a leithéid ar na bacáin nuair a thug an Wall Street Journal le fios go mbeadh an chéad chruinniú ar bun i gcathair Jeddah Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo chugainn. At the beginning of this month, commitments from the world's powerful countries were confirmed at the G a 7 meeting at a NATO summit in Lithuania about the security guarantees from Ukraine. Tús na míosa seo a deimhníodh gealltanais ó thíortha cumhachtacha na cruinne ag teacht le chéile an G a 7 ag cruinniú mullaigh a bhí ag NATO sa Liotuáin faoi na barántais slándála atá ón Úcráin. "Obligations that will be firm, long-term that will be decided so that Ukraine will be able to overcome the threat of Russia, now and in the future" says the Chief of Staff of the armed forces in Ukraine "and will be decided clearly the structures and support systems that will be required". "Dualgais a bheidh daingean, fadtéarmach atá le socrú ionas go mbeidh an Úcráin in ann an lámh in uachtar a fháil ar bhagairt na Rúise, anois agus san am atá le theacht" a deir Ceann Foirne na bhfórsaí armtha san Úcráin "agus socrófar go soiléir na struchtúir agus córais tacaíochta a bheidh ag teastáil". The guarantees he says will last "until we have achieved membership in NATO." Mairfidh na barántais a deir sé "go mbeidh ballraíocht i NATO bainte amach againn." At the NATO meeting in Vilnius, Lithuania, continued support and more ammunition were promised for Ukraine, but it was said that no date would be set for the country's membership in the armed alliance as long as the war that has been going on for a year and a half continues. Ag cruinniú NATO i Vilnius na Liotuáine gealladh tacaíocht leanúnach agus breis armlóin don Úcráin, ach dúradh nach mbeadh aon dáta á réiteach do bhallraíocht na tíre san gcomhghuaillíocht armtha an fhad is a mhaireann an chogaíocht atá ar siúl anois le bliain go leith.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27es7tj2

Contact: irishlingos@gmail.com Quirke's request for retrial denied by the Supreme Court. Iarratas Quirke ar atriail diúltaithe ag an gCúirt Uachtarach. Co Tipperary farmer Patrick Quirke's application for a new trial has been rejected by the Supreme Court. Tá iarratas an fheirmeora as Co Thiobraid Árann, Patrick Quirke, é a chur ar a thriail as an nua diúltaithe ag an gCúirt Uachtarach. Patrick Quirke, 53, is serving a life sentence for the murder of Bobby Ryan, a well-known disc jockey who went missing for two years before his remains were found in an underground tank in Fánan Gavann in south Tipperary in 2013. Tá príosún saoil á chur isteach ag Patrick Quirke, 53 bliain, faoi dhúnmharú Bobby Ryan, dioscmharcach aitheanta a bhí ar iarraidh ar feadh dhá bhliain sula bhfuarthas a chuid taisí in umar faoi thalamh i bhFán an Ghabhann i ndeisceart Thiobraid Árann in 2013. Patrick Quirke hoped that the Supreme Court would accept his request for a retrial in light of the court's ruling in March that it was unlawful for the Garda Síochána to take his computer from his home and analyze it as part of the case against him. Bhí súil ag Patrick Quirke go nglacfadh an Chúirt Uachtarach lena iarratas ar atriail i bhfianaise rialú na cúirte i mí an Mhárta go raibh sé neamhdhleathach ag an nGarda Síochána a ríomhaire a thógáil óna theach agus a anailisú mar chuid den chás ina aghaidh. The court ruled at the time that Patrick Quirke's privacy rights were breached when the computer was analyzed because the computer was not mentioned in the search warrant served on him by the Gardaí. Rialaigh an chúirt ag an am gur sáraíodh cearta príobháideachais Patrick Quirke nuair a rinneadh anailís ar an ríomhaire mar nár luadh an ríomhaire sa bharántas cuardaigh a sheirbheáil na Gardaí air. The Central Criminal Court ruled in the trial of Patrick Quirke in 2019 that it was an oversight, rather than deliberate fraud, not to mention the computer in the search warrant and the Supreme Court made the same ruling today. Rialaigh an Phríomh-Chúirt Choiriúil i dtriail Patrick Quirke in 2019 gur dearmad a bhí ann, seachas feall d'aon ghnó, gan an ríomhaire a lua sa bharántas cuardaigh agus rinne an Chúirt Uachtarach an rialú céanna inniu. It was claimed in Patrick Quirke's trial that Bobby Ryan had an affair with a local woman, Mary Lowry, and that Patrick Quirke was jealous of him. Maíodh i dtriail Patrick Quirke go raibh caidreamh ag Bobby Ryan le bean áitiúil, Mary Lowry, agus go raibh éad ar Patrick Quirke leis. Patrick Quirke was said to have previously been in a relationship with Mary Lowry and wanted to re-establish that relationship. Dúradh go raibh caidreamh ag Patrick Quirke le Mary Lowry roimhe sin agus go raibh uaidh an caidreamh sin a bhunú an athuair. The tank where Bobby Ryan's remains were found was on Mary Lowry's land. Is ar thalamh Mary Lowry a bhí an t-umar a bhfuarthas taisí Bobby Ryan ann. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28fh38bc

Contact: irishlingos@gmail.com Two other teenagers arrested for the attack on Stephen Termini. Beirt déagóirí eile gafa faoin ionsaí ar Stephen Termini. Two more teenagers have been arrested this morning in relation to the recent attack on a tourist from the United States in the city of Dublin. Tá beirt déagóirí eile gafa ó mhaidin maidir leis an ionsaí a rinneadh i gcathair Bhaile Átha Cliath le gairid ar thurasóir óna Stáit Aontaithe. The two boys, one 15 and the other 16 years old, were brought before the Children's Court. Tugadh an bheirt bhuachaillí, duine 15 agus an duine eile 16 bliain d'aois os comhair Chúirt na Leanaí. They were remanded in custody. Cuireadh siar faoi choinneáil iad. He is being questioned at a garda station in north Dublin. Tá sé á cheistiú i stáisiún gardaí i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Last weekend another teenager was charged over the incident, a 14-year-old boy and he is still in custody. An deireadh seachtaine seo caite cúisíodh déagóir eile faoin eachtra, buachaill 14 bliain d'aois agus tá seisean fós ar a choimead. Stephen Termini, the 57-year-old man who was attacked is still receiving medical treatment in a hospital in Dublin. Tá Stephen Termini, an fear 57 bliain a hionsaíodh faoi chóir leighis i gcónaí in ospidéal i mBaile Átha Cliath. This brutal incident happened on Talbot Street in the capital more than a week ago. Tharla an eachtra bhrúidiúil seo ar Shráid Thalbóid sa phríomhchathair breis is seachtain ó shin.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26q5yv7u

Contact: irishlingos@gmail.com The singer Sinéad O An t-amhránaí Sinéad O'Connor tar éis bháis. The famous singer Sinéad O'Connor has died at the age of sixteen and two score. Tá an t-amhránaí cáiliúil Sinéad O'Connor tar éis bháis in aois a sé bliana déag agus dhá scór. It is not yet known what caused her death. Níl sé ráite fós cad ba thrúig bháis di. Sinéad O'Connor was born in Dublin in 1966 and raised in Glenna Caorach in the south of the county. I mBaile Átha Cliath a rugadh Sinéad O'Connor i 1966 agus i nGleann na gCaorach i ndeisceart an chontae a tógadh í. She first rose to fame with the song Mandinka in 1987 from her debut album The Lion and the Cobra and even more fame with Nothing Compares 2 U in 1990. Bhain sí clú agus cáil amach a chéaduair leis an amhrán Mandinka i 1987 óna céad albam The Lion and the Cobra agus níos mó clú fós le Nothing Compares 2 U i 1990. In a statement this evening, her family said they were deeply saddened by her death and asked people not to mourn as they cope with their loss. I ráiteas tráthnóna, dúirt a teaghlach gur mór an phúir a bás agus d'iarr siad ar dhaoine gan coiscriú a chur fúthu agus iad ag dul i ngleic lena mbris. Sinéad O'Connor recorded a total of ten studio albums during this time. Thaifead Sinéad O'Connor deich n-albam stiúideo ar fad lena linn. She was married several times and had four children. Bhí sí pósta roinnt babhtaí agus bhí ceathrar clainne uirthi. One of the family, her son Shane, was tragically lost last year. Cailleadh duine den chlann, a mac Shane, go tragóideach anuraidh. Sinéad O'Connor was a articulate woman who spoke out on various subjects. Bean dheisbhéalach ab ea Sinéad O'Connor a labhair amach faoi ábhair éagsúla. Taoiseach Leo Varadkar said he was sorry to hear the news of Sinéad O'Connor's death and offered his condolences to her family. Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mb'oth leis scéala báis Shinéad O'Connor a chloisteáil agus rinne sé comhbhrón lena teaghlach. She was a woman whose music was very popular around the world, he said. Ba bhean í a raibh an-tóir ar fud an domhain ar a cuid ceoil, a dúirt sé. "On the right hand of God was his soul!" he said. "Ar dheis Dé go raibh a hanam!" arsa sé. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ao7kbgz

Contact: irishlingos@gmail.com "Young people not getting a proper mental health service". "Gan fáil ag an aos óg ar sheirbhís cheart mheabhairshláinte". An independent report on mental health services for young people states that parents and guardians cannot be guaranteed that their children have access to the right service anywhere in the State. Deirtear i dtuarascáil neamhspleách ar sheirbhísí meabhairshláinte do dhaoine óga nach féidir gealltanas a thabhairt do thuisimitheoirí ná do chaomhnóirí go bhfuil fáil ag a gcuid páistí ar sheirbhís cheart in aon áit sa Stát. The authors of the report reviewed the mental health services provided by the Health Service Executive for children and young people last year and so far this year. Rinne údair na tuarascála athbhreithniú ar na seirbhísí meabhairshláinte a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil do leanaí agus ógánaigh anuraidh agus go dtí seo i mbliana. The report published by the Mental Health Commission today indicates that there is no certainty that a safe, effective and evidence-based service is currently available for young people in Ireland. Tugtar le fios sa tuarascáil a d'fhoilsigh an Coimisiún Meabhair-Shláinte inniu nach bhfuil aon chinnteacht ann go bhfuil seirbhís atá sábháilte, éífeachtach agus fianaisebhunaithe, go bhfuil a leithéid ar fáil do dhaoine óga in Éirinn faoi láthair. It claims that the governance of the service is not good enough in places, that there is not enough staff, that people may be at risk and that they are not resourceful enough in times of need because of all that. Maítear ann nach bhfuil rialachas na seirbhíse sách maith in áiteanna, nach bhfuil dóthain foirne ann, gur féidir go bhfuil daoine i mbaol agus nach bhfuiltear sách seiftiúil in am an ghátair dá bhíthin sin ar fad. In fact, the report indicates that only half of the required staff are working in some locations. Go deimhin, tugtar le fios sa tuarascáil nach bhfuil ach leath na foirne a theastaíonn ag obair i roinnt áiteanna. In that head, it is said that some teams are not monitoring mental health medications according to international standards and, to top it off, that there are no national standards. Ina cheann sin, deirtear nach bhfuil foirne áirithe ag déanamh monatóireacht ar chógais leighis mheabhairshláinte de réir caighdeán idirnáisiúnta agus, mar bharr an donas, nach bhfuil aon chaighdeáin náisiúnta ann. The main author of the report Dr Susan Finnerty said in light of what she has seen that the administration of the service should be handed over to the Mental Health Commission immediately in order to force the State and the Health Service Executive to reform the service for the better. Dúirt príomhúdar na tuarascála an Dr Susan Finnerty i bhfianaise a bhfuil feicthe aici gur chóir riar na seirbhíse a thabhairt ar láimh don Choimisiún Meabhair-Shláinte láithreach le dúil iachall a chur ar an Stát agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an tseirbhís a leasú chun feabhais. In his annual report published two months ago, the Ombudsman for Children, Dr Niall Muldoon, said it was high time to reform the mental health service for young people. Ina thuarascáil bhliantúil a foilsíodh dhá mhí ó shin, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, ar Dr Niall Muldoon, go raibh sé thar am an tseirbhís mheabhairshláinte do dhaoine óga a leasú. We all know, he said, that the service is extremely dysfunctional and that it is harming the most vulnerable children and adults in the country. Tá a fhios againn ar fad, arsa sé, go bhfuil an tseirbhís thar a bheith mífheidhmiúil agus go bhfuil sé ag loiceadh ar na leanaí agus na haosánaigh is leochailí sa tír. More on this story: National audit of mental health services for promising young people Harm caused to 46 children who were in mental health care RTÉ News and Current Affairs

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dfr6zn4

Contact: irishlingos@gmail.com People being moved out of Corfu and falsified by dowry there. Daoine á n-aistriú amach as Corfú agus falscaithe ag spré ann. There should be 2,500 people moved out of the island of Corfu in the north-west of Greece as they flee before the counterfeiters who have been spreading there for a few days. Tá chóir a bheith 2,500 duine aistrithe amach as oileán Chorfú in iarthuaisceart na Gréige agus iad ag teitheadh roimh na falscaithe atá ag spré san áit le cúpla lá. The fire services say that the north side of the island was a fire for a long time and that around 2,500 people have been moved out of their place as a result. Deir na seirbhísí dóiteáin go raibh an taobh ó thuaidh den oileán ina chaor ar feadh scaithimh agus go bhfuil thart ar 2,500 duine aistrithe amach as an áit acu dá bharr. People are being evacuated on Coast Guard boats and any other boats available. Is ar bháid an Gharda Cósta agus aon bháid eile atá ar fáil atáthar ag aslonnú daoine. The authorities have revealed that after the fire has not destroyed any houses or hotels so far, they have ordered people in twelve villages to leave immediately. Tá sé tugtha le fios ag na húdaráis tar éis nach bhfuil aon aon tithe ná óstáin scriosta ag an dó go dtí seo go bhfuil ordú tugtha acu do dhaoine in dhá shráidbhaile dhéag imeacht astu gan mhoill. However, the crisis is not only in north-west Greece. Ní in iarthuaisceart na Gréige amháin atá an ghéarchéim, áfach. People are also being evacuated from the island of Evia in the south-east of the country, where large forest fires devastated this time last year. Tá daoine á n-aistriú amach as oileán Eivia in oirdheisceart na tíre chomh maith, áit a ndearna tinte móra foraoise léirscrios an t-am seo anuraidh. Scores of thousands have fled for a week from the island of Rhodes in the south-east of the Aegean Sea and more people are waiting to leave, tourists from their base. Tá na scórtha míle tar éis teitheadh le seachtain ó oileán Ródas in oirdheisceart na Mara Aeigéiche agus tá tuilleadh daoine ag fanacht le himeacht, tuarasóirí a mbunáite. Hundreds of foreigners are sleeping in Rhodes international airport hoping to get on any plane they can as soon as they can. Tá na céadta eachtrannach ag codladh in aerfort idirnáisiúnta Ródas agus súil acu dul ar aon eitleán is féidir leo a luaithe is féidir leo. Thousands of people from northern Europe - Irish among them - visit Rhodes during the summer but flights to the place have still been canceled by a number of travel agencies. Triallann na mílte duine ó thuaisceart na hEorpa – Éireannaigh ina measc – ar Ródas i gcaitheamh an tsamhraidh ach tá eitiltí chun na háite curtha ar ceal go fóill ag roinnt mhaith gníomhaireachtaí taistil. However, Aer Lingus and Ryanair say they are always offering flights to the island. Ar a shon sin, deir Aer Lingus agus Ryanair go bhfuil siad ag cur eitiltí ar fáil chun an oileáin i gcónaí. RTÉ News and Current Affairs Part of the destruction wrought by the falsifiers in Rhodes Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Cuid den scrios atá déanta ag na falscaithe i Ródas

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29n5wnyd

Contact: irishlingos@gmail.com Man sentenced to 13 years in prison for manslaughter. Príosún 13 bliain gearrtha ar fhear faoi dhúnorgain. At the Central Criminal Court in Cork, a 43-year-old man who killed his mother's lover in Skibarin almost six years ago was sentenced to fourteen years' imprisonment - the last of which was suspended. Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i gCorcaigh, gearradh téarma príosúin ceithre bliana déag – an ceann deireanach ar fionraí – ar fhear 43 bliain d'aois a mharaigh leannán a mháthar sa Sciobairín beagnach sé bliana ó shin. Jonathan Ustic, 51, was killed when Andrew Nash attacked him at the first man's home in September 2017. Maraíodh Jonathan Ustic, 51 bliain d'aois, nuair a d'ionsaigh Andrew Nash é i dteach cónaithe an chéad fhir i mí Mheán Fómhair 2017. Andrew Nash, from Thurles in Co Tipperary, pleaded guilty to manslaughter and told the court today that he was remorseful, ashamed and heartbroken over the killing. Phléadáil Andrew Nash, as Durlas i gCo Thiobraid Árainn, ciontach i ndúnorgain agus dúirt sé sa chúirt inniu go raibh aiféala, náire an domhain agus ithe croí air faoin marú. He was initially charged with murder but was ultimately charged with manslaughter. Cúisíodh i ndúnmharú é ar an gcéad dul síos ach ba dúnorgain a cuireadh ina leith ar deireadh. He was said to have attacked Jonathan Ustic – who is originally from Corin – because he believed he was abusing his mother. Dúradh gur ionsaigh sé Jonathan Ustic – ar de bhunadh an Choirn é – mar gur chreid sé go raibh sé ag tabhairt drochíde dá mháthair. It was also revealed that Andrew Nash had been convicted in the courts 42 times before and that his bad behavior was due to being too drunk. Tugadh le fios chomh maith gur ciontaíodh Andrew Nash sna cúirteanna 42 uair cheana agus gurbh é a bheith róthugtha don ól ba chionsiocair lena dhrochiompar. In a victim impact statement, Jonathan Ustic's daughter Paige Edens said her grief over her father's killing was indescribable. I ráiteas tionchair íospartaigh, dúirt iníon Jonathan Ustic Paige Edens nach raibh aon insint ar an mbrón a bhí uirthi faoi mharú a hathar. RTÉ News and Current Affairs Andrew Nash (centre) Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Andrew Nash (sa lár)

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2otqvzwa

Contact: irishlingos@gmail.com Gardaí alerted to an unusual underground collision. Fógra tugtha ag Gardaí maidir le bruth faoi thír neamhghnách. Gardai are asking landowners and tourists in north Donegal to be aware of an unusual underwater rash on beaches in the area. Tá na Gardaí ag iarraidh ar úinéírí talún agus ar fhámairí i dtuaisceart Dhún na nGall a bheith san airdeall ar bhruth faoi thír neamhghnách ar thránna sa cheantar. The application relates to two parcels of drugs found yesterday morning, one in Ballythirnan Bay in Fánaid and another shortly afterwards on Tramore in Dunfinnacht. Baineann an t-iarratas le dhá bheart drugaí a fuarthas ar maidin inné, ceann acu i mBá Bhaile Thiarnáin i bhFánaid agus ceann eile go gairid ina dhiaidh sin ar an Trá Mhór i nDún Fionnachaidh. The drugs were covered in thick plastic to protect them from the water and the measures were tied with strings. Bhí folach tiubh plaisteach ar na drugaí lena ndíonadh ar an uisce agus bhí na bearta ceangailte le sreangáin. The drugs are now to be examined by the Irish Forensic Laboratory but it is already believed to be cocaine. Tá na drugaí le scrúdú ag Saotharlann Fóiréinseolaíochta na hÉireann anois ach táthar den bharúil cheana fein gur cócaon atá i gceist. In fact, the cocoon is currently estimated to be worth €2 million. Meastar faoi láthair, go deimhin, luach €2 mhilliún euro a bheith sa chócaon. The Gardaí and other State agencies are searching the northern outskirts of Donegal again today for fear of any other leads. Tá imeallbhord thuaisceart Dhún na nGall á chuardach ag na Gardaí agus ag gníomhaireachtaí eile Stáit arís inniu ar fhaitíos go mbeadh aon bhearta eile tagtha i dtír. It is said, however, that they have not received anything significant so far. Deirtear, ámh, nach bhfuil dada suaithinseach faighte acu go trásta. Gardai at Milford station are leading the investigation. Is iad na Gardaí i stáisiún Bhaile na nGallóglach atá i gceannas an fhiosrúcháin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2p4lrhby

Contact: irishlingos@gmail.com A tourist from America very ill after d Turasóir as Meiriceá an-dona tinn tar éis d'ógánaigh é a ionsaí. An American tourist is seriously ill in hospital after being attacked by a group of youths on Store Street in central Dublin last night. Tá turasóir as Meiriceá go han-dona tinn san ospidéal tar éis do scata ógánach é a ionsaí ar Shráid an Stórais i lár Bhaile Átha Cliath aréir. The 57-year-old man was stopping at a boarding house on Talbod Street and had just left the place when the youths attacked him. Bhí an fear 57 bliain d'aois ag stopadh i dteach lóistín ar Shráid Thalbóid agus bhí sé díreach tar éis an áit a fhágáil nuair a thug na hógánaigh fogha faoi. They punched and kicked the man, causing serious injuries to his face and head as a result of the beating. Thug siad doirne agus buillí coise don fhear, agus bhain drochghortuithe dá éadán agus dá chloigeann de bharr an bhasctha. Emergency services were called and the man was taken to Beaumont Hospital, where he was placed in the intensive care unit. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála agus tugadh an fear go hOspidéal Beaumont, mar ar cuireadh san aonad dianchúraim é. It is said that he is in a stable condition but that he will have a difficult day because of what happened to him last night. Deirtear go bhfuil bail sheasmhach air ach go mbeidh máchail air lena lá de bharr ar bhain dó aréir. It is understood that the man is from Washington DC and that he often visits Ireland. Tuigtear gurb as Washington DC an fear agus go dtugann sé cuairt ar Éirinn go minic. Gardai are at Store Street station appealing for people who were in the area between 10am and 11am last night to come and speak to them. Tá na Gardaí i stáisiún Shráid an Stórais ag achainí ar dhaoine a bhí sa cheantar sin idir 10 a chlog agus 11 a chlog aréir teacht chun cainte leo. They are examining images from security cameras as part of their investigation. Tá íomhánna ó cheamaraí slándála á scrúdú acu mar chuid dá bhfiosrúchán. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2zk483un

Contact: irishlingos@gmail.com Ukraine: the Taoiseach paid a surprise visit to Chív. An Úcráin: cuairt gan choinne tugtha ag an Taoiseach ar Chív. The Taoiseach Leo Varadkar has paid an unexpected visit to the capital of Ukraine, Kiev, where he had talks with the President of the country Volodymyr Zelensky. Tá cuairt gan choinne tugtha ag an Taoiseach Leo Varadkar ar phríomhchathair na hÚcráine, Cív, mar a raibh comhráite aige le hUachtarán na tíre Volodymyr Zelensky. President Zelensky indicated that he had "fruitful" talks with the Taoiseach and said he thanked him for Ireland's welcome to 87,000 refugees from Ukraine. Thug an tUachtarán Zelensky le fios gur cainteanna "torthúla" a bhí aige leis an Taoiseach agus dúirt gur ghabh sé buíochas leis as an bhfáilte atá curtha ag Éirinn roimh 87,000 dídeanaí ón Úcráin. Leo Varadkar praised Volodymyr Zelensky's "brilliant leadership" since the Russian Army invaded Ukraine a year and a half ago. Mhol Leo Varadkar "ceannasaíocht iontach" Volodymyr Zelensky ó rinne Arm na Rúise ionradh ar an Úcráin bliain go leith ó shin. Before the meeting between the two men, the Taoiseach went to the town of Bucha north-west of Chiv, where Russian soldiers killed around 500 civilians in March last year. Roimh an gcruinniú idir an bheirt fhear, chuaigh an Taoiseach go dtí baile Bucha siar ó thuaidh ó Chív, áit ar mharaigh saighdiúirí Rúiseacha thart ar 500 sibhialtach i mí an Mhárta anuraidh. He spoke there with the relatives of some of the dead and said that he saw with his own eyes the horror for which the Russians were responsible. Labhair sé ann le gaolta cuid de na mairbh agus dúirt go bhfaca sé lena shúile cinn an t-uafás a raibh na Rúisigh freagrach as. He also claimed that it was necessary to ensure that Ukraine would win the war in order to convince other countries that are thinking of invading neighboring countries that the benefit was not worth the trouble. Mhaígh sé freisin nár mhór a chinntiú go mbeadh an bua ag an Úcráin sa chogadh lena chur ina luí gaidhte ar thíortha eile atá ag cuimhneamh ar ionradh a dhéanamh ar thíortha comharsanachta nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid. In connection with the war, the authorities in Odesa in the south of Ukraine say that Russian forces carried out an air raid on the port for the second night in a row last night. I dtaca leis an gcogadh de, deir na húdaráis in Odesa i ndeisceart na hÚcráine gur thug fórsaí Rúiseacha ruathar aeir ar an gcalafort den dara hoíche as a chéile aréir. It is reported that another port in the region was also hit. Tuairiscítear gur tugadh amas ar chalafort eile sa réigiún chomh maith. It is assumed that these attacks are related to Russia's decision to withdraw from an agreement to send grain from Ukrainian ports to poor countries in Africa and Asia. Glactar leis go bhfuil baint ag na hionsaithe seo le cinneadh na Rúise tarraingt amach as comhaontú maidir le grán a sheoladh ó chalafoirt na hÚcráine chuig tíortha bochta san Afraic agus san Áise. The Russians promised that they would take revenge on the Ukrainians for an attack on an important bridge in Crimea yesterday. Gheall na Rúisigh go n-imreoidís díoltas ar na hÚcránaigh as ionsaí a rinneadh ar dhroichead tábhachtach sa Chrimé arú inné. The Russians are not only targeting the south of the country. Ní ar dheisceart na tíre amháin atá na Rúisigh ag díriú a gcuid ruathar. It is reported that Ukrainian forces in Kyiv managed to launch several missiles well before reaching a target. Tuairiscítear gur éirigh le fórsaí Úcránacha i gCív roinnt diúracán a chur ó mhaith sular bhain amach sprioc amach. However, several missiles managed to hit a port and cause damage in places on the key of the city. Ar a shon sin, d'éirigh le roinnt diúracán port a bhualadh agus damáiste a dhéanamh in áiteanna ar eochair na cathrach.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2mqnoq5c

Contact: irishlingos@gmail.com Backhand for the domestic violence court case against Ryan Giggs. Droim láimhe don chás cúirte foréigean baile i gcoinne Ryan Giggs. The trial of Ryan Giggs (49) due to be repeated before the end of the month on charges of domestic violence has been thrown into the air after the prosecution withdrew. Tá an triail a bhí le cur an athuair ar Ryan Giggs (49) roimh dheireadh na míosa ar chúisimh faoi fhoréigean baile caite in aer tar éis don ionchúiseamh tarraingt siar. The former Manchester United and Wales national team footballer was due to go on trial again on July 31 over allegations of abusive and coercive behavior against his ex-partner Kate Greville (39) between August 2017 and November 2020 . Bhí an tiar-pheileadóir le Manchester United agus foireann náisiúnta na Breataine Bige le cur ar a thriail arís an 31ú Iúil faoi líomhaintí faoi iompar urlámhach agus comhéigneach in aghaidh a iar-pháirtí Kate Greville (39) idir mí Lúnasa 2017 agus mí na Samhna 2020. He was also accused of "losing control of himself" and pulling her head. Bhí sé curtha ina leith freisin gur "chaill sé smacht air féin" agus gur tharraing sé iarraidh uirthi lena chloigeann. He was also accused of attacking Kate Greville's sister, Emma, with his elbow at his home in Manchester on 1 November 2020. Cuireadh ina leith chomh maith gur ionsaigh sé deirfiúr le Kate Greville, Emma, lena uillinn ina theach cónaithe i Manchain, an 1ú Samhain 2020. Ryan Giggs denied all the allegations. Shéan Ryan Giggs na líomhaintí ar fad. He was already put on trial - a court case that lasted over a month last Summer - but the jury failed to reach a verdict. Cuireadh ar a thriail cheana é - cás cúirte a mhair os cionn míosa an Samhradh seo caite - ach theip ar an ngiúiré a theacht ar bhreithiúnas. A retrial was planned in two weeks' time but counsel for the State informed the Judge today that Kate Greville was unable to testify again because "the first trial took as much from her as from her sister". Bhí ath-triail beartaithe faoi cheann coicíse ach thug abhcóide ar son an Stáit le fios inniu don Bhreitheamh nach raibh ar chumas Kate Greville fianaise a thabhairt arís mar gur "bhain an chéad triail an oiread aisti féin agus as a deirfiúr". The Judge then found Ryan Giggs not guilty of the charges. Thug an Breitheamh ansin breithiúnas neamhchiontach ar Ryan Giggs i leith na gcúiseamh. After the court case, Giggs' representation indicated that he is interested in returning to soccer management and coaching. Tar éis an chás cúirte thug uiríoll Giggs le fios go bhfuil spéis aige tabhairt arís faoin mbainistiú agus cóitseáil sacair.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2o6mjg5e

Contact: irishlingos@gmail.com The Tánaiste's 5-day visit to South Africa and Mozambique. Cuairt 5 lá an Tánaiste ar an Afraic Theas agus Mósaimbíc. Tánaiste Micheál Martin has started his 5 day visit to South Africa and Mozambique. Ta tús curtha ag an Tánaiste Micheál Martin lena chuairt 5 lá ar an Afraic Theas agus Mósaimbíc. The Tánaiste will meet with government representatives in both countries as well as development organizations and Irish companies doing business in that region of Africa. Buailfidh an Tánaiste le hionadaithe rialtais sa dá thír mar aon le heagraíochtaí forbartha agus comhlachtaí as Éirinn atá i mbun gnó sa réigiún sin den Afraic. Up to 35,000 Irish citizens are living in South Africa and trade between the two countries is worth €3.6 billion, making South Africa the country's largest economic partner in Africa. Tá suas le 35,000 saoránach de chuid na hÉireann ag cur fúthu san Africa Theas agus luach €3.6 billiún luaite leis an tráchtáil idir an dá thír, rud a fhágann go bhfuil an Afraic Theas ar an bpairtnéir eacnamaíochta is mó atá ag an tír san Afraic. During his visit the Tánaiste will meet with Irish companies operating in South Africa employing over 12,500 people. Le linn a chuairte casfaidh an Tánaiste le comhlachtaí Éireannacha atá ag feidhmiú san Afraic Theas agus iad ag fostú breis is 12,500 duine. Today the Tánaiste will open the Kirby Group's new headquarters. Inniu osclóidh an Tánaiste príomháras nua an Kirby Group. South Africa played a significant diplomatic role in the efforts to bring about the Good Friday Agreement. Bhí rol suntasach taidhleoireachta ag an Afraic Theas sna hiarrachtaí a bhí ann Comhaontú Aoine an Chéasta a thabhairt ar an saol. The Tánaiste will acknowledge that helping hand when he officially opens an exhibition about the historic agreement at the University of the Western Cape. Tabharfaidh an Tánaiste aitheantas don láimh chúnta sin nuair a dhéanfaidh sé taispeántas faoin gcomhaontú stairiúil a oscailt go hoifigiúil san University of the Western Cape. Mr Martin will also give a lecture there focusing on the close connection between Ireland and South Africa. Tabharfaidh an tUasal Martin léacht ann chomh maith ag díriú ar an dlúthcheangal atá idir Éirinn agus an Afraic Theas. Tomorrow the Tánaiste will be among those celebrating Mandela Day in the company of community development organizations in Pretoria and Johannesburg. Amárach beidh an Tánaiste ina measc siúd a bheidh ag ceiliúradh Lá Mandela agus é i gcomhluadar eagraíochtaí forbartha pobail i Pretoria agus Johannesburg. He will also attend a meeting with the South African Minister of Foreign Affairs. Freastalóidh sé ar chruinniú freisin le Aire Gnóthaí Eachtrach na hAfraice Theas. The Tánaiste will also meet President Ramaphosa, a man who was brought to Ireland in 2000 to conduct a secret examination of the IRA's ammunition during the process of disarmament. Buailfidh an Tánaiste chomh maith leis an Uachtarán Ramaphosa, fear a tugadh go hÉirinn sa mbliain 2000 le scrúdú faoi rún a dhéanamh ar armlón an IRA le linn an phróisis a bhí ann le airm a chuir ó mhaith. Seán Mac an Sítigh will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900. Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Seán Mac an tSíthigh ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2fbrmm9x

Contact: irishlingos@gmail.com The trial of a man accused of murdering a woman begins in 1981. Tús le triail fir atá cúisithe i mbean a dhúnmharú i 1981. The trial of a 74-year-old man accused of murdering a woman in Cork 42 years ago began in the Central Criminal Court today. Cuireadh tús sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu le triail fir 74 bliain d'aois atá cúisithe i mbean a dhúnmharú i gCorcaigh 42 bliain ó shin. That is Noel Long, of White Mall in the Passage, who is accused of murdering Nora Sheehan sometime between 6 and 12 June 1981 at an unknown location. Sin é Noel Long, as an Meall Bán sa Phasáiste, a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Nora Sheehan uair éigin idir 6 agus 12 Meitheamh 1981 in áit anaithnid. Nora Sheehan was 54 years old and had three children. Bhí Nora Sheehan 54 bliain d'aois agus bhí triúr clainne aici. She was from Ballyfeithán in Cork city. B'as Baile Féitheán i gcathair Chorcaí di. She was missing for a week before her body was found in Pollnalong Wood near Ennis, Co Cork. Bhí sí ar iarraidh ar feadh seachtaine sula bhfuarthas a corp i gCoill Pholl na Long in aice le hInis Eonáin, Co Chorcaí. Noel Long has pleaded not guilty to murder. Tá Noel Long ag pléadáil neamhchiontach sa dúnmharú. Nora Sheehan had mental health difficulties and when she was psychotic she used to stop cars on the road. Bhí deacrachtaí meabhairshláinte ag Nora Sheehan agus nuair a bhíodh speabhraídí uirthí bhíodh sé de nós aici carranna a stopadh ar an mbóthar. The court was told that the State's case is based on DNA tests carried out in 2021, as well as material found in Noel Long's car when he was stopped by the Gardai on 16 June 1981. Dúradh sa chúirt go bhfuil cás an Stáit bunaithe ar thástálacha DNA a rinneadh in 2021, chomh maith le hábhar a fuarthas i gcarr Noel Long nuair a stop na Gardaí é ar an 16 Meitheamh 1981. Semen was found on Nora Sheehan's body and DNA tests confirmed it was said to be from Noel Long. Fuarthas seamhan ar chorp Nora Sheehan agus dheimhnigh na tástálacha DNA gur ó Noel Long a tháinig sé, a dúradh. RTÉ News and Current Affairs Nora Sheehan Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Nora Sheehan

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2q4xrumt

Contact: irishlingos@gmail.com RnaG staff pay, Irish programs mentioned by the Oireachtas committee. Pá fhoireann RnaG, cláir Ghaeilge luaite ag coiste Oireachtais. The North West Reporter The pay of RTÉ Raidió na Gaeltachta's staff and the review being carried out was mentioned when executives from RTÉ appeared before the Public Accounts Committee today. Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Luadh pá fhoireann oibre RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an t-athbhreithniú atáthar a dhéanamh air nuair a tháinig feidhmeannaigh ó RTÉ os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí inniu. Marc Ó Cathasaigh from the Green Alliance asked the Chief Director of RTÉ Kevin Bakhurst about the review being carried out by the company Willis Tower Watson on the salaries of workers in RTÉ Raidió na Gaeltachta compared to the salaries of their English colleagues. Chur Marc Ó Cathasaigh ón gComhaontas Glas ceist ar Phríomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst faoin athbhreithniú atá ar bun ag an chomhlacht Willis Tower Watson ar thuarastail oibrithe in RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcomparáid le tuarastail a gcomhghleacaithe Béarla. Kevin Bakhurst indicated that he had spoken to RTÉ's head of Human Resources about the issue and said that he believed the review had been going on for too long and that he wished to speed things up. Thug Kevin Bakhurst le fios gur labhair sé le ceannaire Acmhainní Daonna RTÉ faoin cheist agus dúirt gur chreid sé go raibh an t-athbhreithniú ar bun rófhada agus gur mhian leis dlús a chur le cúrsaí. He said that he would like the review to be published soon because the team had been waiting for it for several years and he wanted to talk to them about it. Dúirt sé gur mhaith leis go bhfoilseofaí an t-athbhreithniú go luath mar go raibh an fhoireann ag fanacht leis le roinnt blianta agus go raibh sé féin ag iarraidh labhairt leo faoi. He also claimed that opportunities for advancement, pay and working conditions would be part of the review of RTÉ as a whole that he has announced. Mhaígh sé fosta go mbeadh deiseanna dul chun cinn, pá agus dálaí oibre mar chuid den athbhreithniú ar RTÉ trí chéile atá fógartha aige. Marc Ó Cathasaigh also said that despite the existence of TG4, RTÉ should not neglect the provision of Irish language programmes. Dúirt Marc Ó Cathasaigh chomh maith ainneoin TG4 bheith ann nár cheart do RTÉ faillí a dhéanamh i soláthar clár Gaeilge. RTÉ board chairman Siún Ní Raghallaigh was also present at the hearing today and she claimed that the organization had made progress in relation to the Irish language but that there was still more to do. Bhí cathaoirleach bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh i láthair ag an éisteacht inniu fosta agus mhaígh sí go raibh dul chun cinn déanta ag an eagraíocht maidir leis an Ghaeilge ach go raibh níos mó le déanamh go fóill. According to her there should be more collaboration between RTÉ and TG4 in relation to Irish language programmes. Dar léi gur cheart go mbeadh níos mó comhoibrithe idir RTÉ agus TG4 i dtaca le cláir Ghaeilge de. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2g5gttte

Contact: irishlingos@gmail.com Notice issued by Irish Water regarding strike action. Fógra eisithe ag Uisce Éireann maidir le stailc. Irish Water has indicated that the water supply may be disrupted in various parts of the country due to a strike underway by workers in several local authorities. Tá sé tugtha le fios ag Uisce Éireann go mb'fhéidir go gcuirfí isteach ar an soláthar uisce in áiteanna éagsúla sa tír mar gheall ar stailc atá ar bun ag oibrithe i roinnt údarás áitiúil. The workers from the Unite trade union are demanding to retain their status as public servants when they are transferred to Irish Water. Tá na hoibrithe ón gceardchumann Unite ag éileamh a stádas mar sheirbhísigh phoiblí a choinneáil nuair a aistreofar iad go hUisce Éireann. The workers are not satisfied with what the Workplace Relations Commission proposed last year about the issue and they want to engage in discussions again with the other interested parties. Níl na hoibrithe sásta le cuid dar mhol an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre anuraidh faoin gceist agus tá siad ag iarraidh dul i mbun comhráite arís leis na páirtithe leasmhara eile. According to them, however, the Local Government Management Agency is not willing to talk to them at the moment and that the strike is the best option. Dar leo, áfach, nach bhfuil an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil sásta labhairt leo faoi láthair agus gurb in é is siocair leis an stailc. Irish Water says the company has issued a water withdrawal notice - just in case - in some areas of Waterford and Tipperary due to the strike. Deir Uisce Éireann go bhfuil fógra beirithe uisce eisithe ag an gcomhlacht – ar eagla na heagla – i gceantair áirithe i bPort Láirge agus i dTiobraid Árann mar gheall ar an stailc. In that case, says the company, there could be a delay in repair work in some other places, such as South Dublin; Carlow; Cork City; Co Cork; Kerry; Dun Laoghaire-Rathdown; Fingal; Galway City; Wexford; and Louth. Ina cheann sin, a deir an comhlacht, d'fhéadfadh moill a bheith ar obair dheisiúcháin i roinnt áiteanna eile, mar atá, Baile Átha Cliath Theas; Ceatharlach; Cathair Chorcaí; Co Chorcaí; Ciarraí; Dún Laoghaire-Ráth an Dúin; Fine Gall; Cathair na Gaillimhe; Loch Garman; agus Lú. The company says it has consulted hospitals and nursing centers in those areas. Deir an comhlacht go bhfuil comhairle curtha acu ar ospidéil agus ar ionaid altranais sna ceantair sin. The workers will be on strike again tomorrow but they will be available to deal with emergencies. Beidh na hoibrithe ar stailc arís amárach ach beidh siad ar fáil le dul i ngleic le héigeandálacha. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2hwfg78b

Contact: irishlingos@gmail.com Cost of New Children's Hospital Costas Ospidéal Nua na Leanaí 'os cionn €2bn'. The cost of the New Children's Hospital may end up being over €2bn. Is féidir go mbeidh costas an Ospidéil Nua Leanaí os cionn €2bn sa deireadh. That's what David Gunning, Chief Officer of the National Pediatric Hospital Development Board, (NPHDB) told the Oireachtas Joint Health Committee this morning, when he warned that the cost could be even higher and there could be further delays to the proposal if -the contractor will change manners. Sin é a d'inis David Gunning, Príomhoifigeach Bhord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh, (NPHDB) do Comhchoiste Sláínte an Oireachtais ar maidin, nuair a thug sé foláireamh go bhféadfadh an costas bheith níos airde fós agus tuilleadh moille bheith ar an togra mura n-athróidh an conraitheoir béasa. The committee also heard that less than 1% of the rooms that were supposed to be finished by now, have been finished. Chuala an coiste freisin go bhfuil níos lú ná 1 faoin gcéad de na seomraí a bhí ceaptha bheith críochnaithe faoi seo, críochnaithe. The increase in cost relates to a claim made by the contractor, BAM, for an additional fund of €756m. Baineann an t-ardú sa chostas le héileamh atá déanta ag an gconraitheoir, BAM, ar chiste breise €756m. Out of a total of 2,175 claims, €573m relates to 16 of those claims. As 2,175 éileamh san iomlán, baineann €573m le 16 de na héilimh sin. Said that those 16 claims from BAM seek compensation for a delay of 2,376 days that BAM is imposing on the Development Board of the National Pediatric Hospital. Dúirt go bhfuil na 16 éileamh sin ó BAM ag lorg cúiteamh as moill 2,376 lá atá BAM ag leagan ar Bhord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh. The proposal was to be completed by August 2022. Bhí an togra le bheith tugtha i gcrích faoi Lúnasa 2022. These latest bills would see the cost of the building itself at up to €2.2bn, excluding the cost of commissioning the hospital. D'fheicfeadh na billí deireanacha seo costas an fhoirgnimh féin ag teach suas le €2.2bn, gan costas choimisiúnaithe an ospidéil le cur san áireamh. If these demands are accepted, they will be added to the €1.43bn budget, of which €1.35bn has been spent so far. Má ghlactar leis an héilimh seo, cuirfear iad leis an mbubbhuiséad €1.43bn, as a bhfuil €1.35bn caite go dtí seo. BAM now says the new center will not be completed until mid-2024. Deir BAM anois nach mbeidh an t-ionad nua críochnaithe go dtí lár 2024. David Gunning said his team of experts are inspecting '4 air-conditioned grills in 11 of the 12 theatres' after reports they did not meet standards. Dúirt David Gunning go bhfuil dá fhoireann saineolaithe ag iniúchadh '4 ghril aerádaithe in11 de na 12 obrádlann' tar éis tuairiscí nar bhain siad caighdeáin amach.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26xyk6pg

Contact: irishlingos@gmail.com Ryan Tubridy: the face of the national scandal Ryan Tubridy: éadan an scanaill náisiúnta'. Ryan Tubridy has strongly criticized the way RTÉ management handled the controversy surrounding his payments. Tá cáineadh láidir déanta ag Ryan Tubridy ar an gcaoi ar láimhseáil bainistiocht RTÉ an chonspóid a bhaineann le híocaíochtaí leis. What he wants to do is 'put things right' and 'get back on the air doing the job he loves' He and his agent Noel Kelly appeared before the Public Accounts Committee this morning. Is é ba mhaith leis a dhéanamh 'an scéal a chur ina cheart' agus 'filleadh ar an aer leis an bpost is ansa leis a dhéanamh' Tháinig sé féin agus a ghníomhaire Noel Kelly os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí ar maidin. He is 'particularly disappointed' with the decision and the narrative that was made of him in the RTÉ statement on June 22 in which his name was linked to this whole 'fiasco'. Tá 'díomá ar leith' air leis an gcinneadh agus an insint a rinneadh air i ráiteas RTÉ ar an 22 Meitheamh inar ceanglaíodh a ainm leis an 'fiasco' seo ar fad. His name, he says, was mentioned 15 times in total and nobody contacted him about it, and he became 'the face of the national scandal'. Luadh a aimn, a deir sé, 15 uaire ar fad agus ní dheachaigh aon duine i dteagmháil leis faoi, agus rinneadh 'éadan an scanaill náisiúnta' de. He said he was very sorry for any role he played in the controversy about payments but that could have been avoided if RTÉ had made information that was completely transparent and open available. Dúirt sé go raibh an-bhrón air faoi aon ról a bhí aige sa chonspóid faoi íocaíochtaí ach go bhféadfaí sin a sheachaint dá ndéanfadh RTÉ eolas a bhí trédhearcadh agus oscailte go hiomlán a chur ar fáil. He also denied that there was any connection between this controversy and his decision to leave the Late Late Show. Shéan sé freisin go raibh aon cheangal idir an chonspóid seo agus a chinneadh an Late Late Show a fhágáil. He made the decision a year ago when he was 'burned out by Covid' and communicated his decision to his family and agent. Rinne sé an cinneadh bliain ó shin nuair a bhí sé 'dóite amach ag Covid' agus chuir a chinneadh in iúl dá mhuintir agus dá ghníomhaire. Ryan Tubridy says he took a 20% cut in his pay in 2020, a cut worth half a million euros over a 5-year period. Deir Ryan Tubridy gur thóg sé ciorrú 20 faoin gcéad ina phá i 2020, ciorrú ar fiú leathmhillíún euro é thar thréímhse 5 bhliana. Ryan Tubridy said he didn't accept the €120,000 loyalty payment, not even 'one sensation' of it and he didn't hide it because there was 'nothing to hide'. Dúirt Ryan Tubridy nár ghlac leis an íocaíocht dílseachta €120,000, gan oiread agus 'ceint amháin' de agus nár cheil sé é mar nach raibh 'aon rud le ceilt'. He did not accept that he had been overpaid, but that RTÉ had misreported the figure. Níor ghlac sé leis go ndearnadh ró-íocaíocht leis, ach go ndearna RTÉ mí-thuairisciú ar an bhfigiúr. He also had no knowledge, he said, that RTÉ was hiding payments to him, and this is an acknowledgment from RTÉ that there is no decision against him in the Grant Thornton report. Ní raibh aon eolas aige ach oiread, a dúirt sé, go raibh RTÉ ag cur íocaíochtaí chuige i bhfolach, agus is aitheantas air seo ó RTÉ é nach bhfuil aon cinneadh ina aghaidh i dtuairisc Grant Thornton. It is neither true nor believable, he says, that there was a secret arrangement with Renault and that he tried to hide it. Níl se fíor ná inchreidte, a deir sé, go raibh socrú rúnda le Renault agus go ndearna sé iarracht é a cheilt. He had a separate commercial arrangement with Renault, which required him to make a public presentation for the company. Bhí socrú tráchtála ar leith aige le Renault, agus ba é ba bhun leis go ndéanfadh sé cur i láthair poiblí don ...

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22w5zcar

Contact: irishlingos@gmail.com The Media Commission is "very concerned" about the RTÉ controversy. "An-imní" ar Choimisiún na Meán faoi chonspóid RTÉ. The executive chairman of the Media Commission, Jeremy Godfrey, has indicated that he is very concerned about the controversy surrounding certain payments and governance matters in RTÉ. Tá sé tugtha le fios ag cathaoirleach feidhmiúcháin Choimisiún na Meán Jeremy Godfrey go bhfuil an-imní air faoin gconspóid a bhaineann le híocaíochtaí áirithe agus cúrsaí rialachais in RTÉ. Since it emerged a fortnight ago that presenter Ryan Tubridy was given payments that were not publicly announced as they should have been, there has been a bee carta's nest in the organisation. Ó tháinig sé chun solais corradh le coicís ó shin gur tugadh íocaíochtaí don láithreoir Ryan Tubridy nár fógraíodh go poiblí mar ba chóir, tá nead beach carta san eagraíocht. The Media Commission was established four months ago and oversees broadcasting and video-on-demand services in the State. Bunaíodh Coimisiún na Meán ceithre mhí ó shin agus is é a dhéanann maoirseacht ar chúrsaí craolacháin agus ar sheirbhísí físeán ar éileamh sa Stát. Before that, the Broadcasting Authority of Ireland was responsible for these matters. Roimhe sin, ba é Údarás Craolacháin na hÉireann a bhí freagrach as na cúrsaí sin. Speaking on RTÉ radio this morning, Jeremy Godfrey declared that the Media Commission has a specific statutory duty to keep track from year to year of the commitments made by RTÉ and how they are fulfilled, if they are fulfilled. Ag labhairt dó ar raidió RTÉ ar maidin inniu, dhearbhaigh Jeremy Godfrey go bhfuil dualgas reachtúil faoi leith ar Choimisiún na Meán súil a choinneáil ó bhliain go bliain ar na gealltanais a thugann RTÉ agus cé mar a chomhlíontar iad, má chomhlíontar. Public participation in the decisions made by RTÉ is one of those commitments, says Jeremy Godfrey, and another is to strengthen and secure public service broadcasting. Rannpháirtíocht an phobail sna cinntí a dhéanann RTÉ is ea ceann de na gealltanais sin, arsa Jeremy Godfrey, agus ceann eile acu is ea an chraoltóireacht seirbhíse poiblí a neartú agus a dhaingniú. As part of that last commitment, he said, RTÉ must be open, accountable in the affairs of the organization and be both effective and efficient in those affairs. Mar chuid den ghealltanas deireanach sin, ar sé, ní mór do RTÉ a bheith oscailte, cuntas a thabhairt i ngnóthaí na heagraíochta agus a bheith éifeachtach agus éifeachtúil araon sna gnóthaí sin. However, he claimed that all those things have been cast in doubt by what has been revealed recently. Mhaígh sé, áfach, go bhfuil amhras caite ar na rudaí sin ar fad ag a bhfuil nochta le gairid. Jeremy Godfrey also confirmed that the Media Commission will be reviewing RTÉ's effectiveness every year from now on. Dhearbhaigh Jeremy Godfrey chomh maith go mbeidh Coimisiún na Meán ag déanamh athbhreithniú gach bliain feasta ar éifeachtacht RTÉ. He said that the Commission will submit recommendations to the Minister of Media according to the annual reviews. Dúirt sé go gcuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid an Aire Meán de réir a mbeidh sna hathbhreithnithe bliantúla. If RTÉ fails, he said, the Commission will have to recommend to the Minister to look at the television license (from which RTÉ is funded) or the public will trust the organization again. Má loiceann ar RTÉ, arsa sé, beidh ar an gCoimisiún moladh don Aire breathnú ar an gceadúnas teilfíse (as a maoinítear RTÉ) nó go mbeidh muinín ag an bpobal arís as an eagraíocht. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xm92rb3

Contact: irishlingos@gmail.com Workers in the Meath zinc mine in protest. Oibrithe i mianach since na Mí i mbun agóide. Workers at the Tara Mines zinc mine in Navan, Co Meath, have been protesting outside the site since last night over the owners' decision to close the mine indefinitely - it is not known how long - and put 650 employees out of work between two pools. Tá oibrithe i mianach since Tara Mines san Uaimh, Co na Mí, i mbun agóide taobh amuigh den áit ó aréir faoi chinneadh na n-úinéirí an mianach a dhúnadh go ceann scaithimh – ní fios cá fhad – agus 650 fostaí a leagan as obair idir dhá linn. The owners say they regret the decision but have no other choice but to close the mine. Deir na húinéirí go mb'oth leo an cinneadh ach nach bhfuil an dara rogha acu ach an mianach a dhúnadh. They say the mine is losing money, the zinc market is extremely volatile at the moment and prices have recently fallen dramatically. Deir siad go bhfuil an mianach ag cailleadh airgid as éadan, go bhfuil an margadh since thar a bheith luaineach faoi láthair agus go bhfuil praghsanna tite go tubaisteach le gairid. Talks between the company's owners and the workers' representatives took place in the Workplace Relations Commission yesterday and there will be more talks tomorrow. Bhí cainteanna idir úinéirí an chomhlachta agus ionadaithe na n-oibrithe ar siúl sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre inné agus beidh tuilleadh cainteanna ann amárach. The workers do not trust the owners, however, and are very concerned about the future of the mine in the long run. Níl muinín ag na hoibrithe as na húinéirí, áfach, agus tá imní mhór orthu faoina bhfuil i ndán don mhianach i bhfad na haimsire. In fact, they are demanding that the owners publish the company's profits so that they can see for themselves the success or failure of the mine. Go deimhin, tá siad ag éileamh ar na húinéirí brabaigh an chomhlachta a fhoilsiú le go bhfeicfidh siad féin cén rath nó mírath atá ar an mianach. The workers are also very unhappy that the owners have not said when the mine will reopen, if at all. Tá na hoibrithe fíor-mhíshásta freisin nach bhfuil sé ráite ag na húinéirí cén uair a osclófar an mianach arís, má osclófar. An emergency resolution will be submitted to the Conference of Trade Unions at a meeting in Co Kilkenny today in which the Government will be required to intervene in the situation without delay and save the mine from idleness. Cuirfear rún éigeandála faoi bhráid Chomhdháil na gCeardchumann i gcruinniú i gCo Chill Chainnigh inniu ina n-éileofar ar an Rialtas idirghabháil a dhéanamh sa scéal gan mhoill agus an mianach a shábháil ar dhíomhaointeas. The mine in Navan was opened in 1977 and is the largest zinc mine in Europe. Osclaíodh an mianach san Uaimh i 1977 agus tá sé ar an mianach since is mó san Eoraip. Regardless of the name, the mine is in Bóthar Mín west of the town of Nauhamh, approximately twenty kilometers from Thameer. Ainneoin an ainm, is sa Bhóthar Mín siar ó bhaile na hUaimhe atá an mianach, tuairim is fiche ciliméadar ó Theamhair. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/247bmfpm

Contact: irishlingos@gmail.com Marty Morrissey apologizes for borrowing a car. Leithscéal gafa ag Marty Morrissey as carr a thógáil ar iasacht. RTÉ Gaelic sports commentator Marty Morrissey has confirmed that he is the staff member in the organization who had a car on loan for five years without obtaining permission from RTÉ. Tá sé dearbhaithe ag an tráchtaire cluichí Gaelacha le RTÉ Marty Morrissey gurb eisean an ball foirne san eagraíocht a raibh gluaisteán ar iasacht aige ar feadh cúig bliana gan cead a bheith faighte aige ó RTÉ. RTÉ executive Adrian Lynch mentioned the matter at a Media Committee hearing yesterday but did not name the person involved. Luaigh feidhmeannach RTÉ Adrian Lynch an scéal ag éisteacht den Choiste um Meáin inné ach níor thug sé ainm an té a bhí i gceist. In a statement he issued this evening, Marty Morrissey said that it was and apologized for his indiscretion. I ráiteas a d'eisigh sé tráthnóna, dúirt Marty Morrissey gurb é a bhí ann agus ghabh sé leithscéal faoina mhístuaim. He claimed that he made an informal arrangement with Renault to borrow a car from the company after being the man of the house at several events they held in 2017. Mhaígh sé go ndearna sé socrú neamhfhoirmiúil de mhaoil an bhaige le Renault carr a thógáil ar iasacht ón gcomhlacht tar éis dó bheith ina fhear an tí ag roinnt ócáidí a reáchtáil siad in 2017. He confirmed that he had received permission from RTÉ to take part in those events and said that he had not been paid for them and, in fact, had not asked for any payment. Dheimhnigh sé go raibh cead faighte aige ó RTÉ páirt a ghlacadh sna hócáidí sin agus dúirt nár íocadh é astu agus, go deimhin, nár iarr sé aon íocaíocht. Instead, said Marty Morrissey, Renault offered to lend him a car and he accepted that offer. Ina áit sin, arsa Marty Morrissey, thairg Renault carr a thabhairt ar iasacht dó agus ghlac sé leis an tairiscint sin. He said he returned the car to Renault two weeks ago a few days after the controversy over certain payments made to presenter Ryan Tubridy came to light. Dúirt sé gur thug sé an gluaisteán ar ais do Renault coicís ó shin cúpla lá tar éis don chonspóid faoi íocaíochtaí áirithe a tugadh don láithreoir Ryan Tubridy teacht chun solais. The Muirgheasach also revealed that Renault has never asked him to do any publicity for the company on television, radio or any digital platforms. Thug an Muirgheasach le fios freisin nár iarr Renault riamh air aon bholscaireacht a dhéanamh ar son an chomhlachta ar an teilifís, ar an raidió ná ar aon ardáin dhigiteacha. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cursaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29qos2xh

Contact: irishlingos@gmail.com Gardai found €10 million worth of counterfeit cigarettes. Luach €10 milliún de thoitiní gódhéanta faighte ag Gardaí. Gardaí and customs officers have seized €10 million worth of counterfeit cigarettes in south-west Dublin. Tá luach €10 milliún de thoitiní gódhéanta faighte ag na Gardaí agus oifigigh chustaim in iardheisceart Bhaile Átha Cliath. Gardaí say they found the cigarettes when they searched a yard in Rathcoole last night. Deir na Gardaí go bhfuair siad na toitíní nuair a chuardaigh siad clós i Ráth Cúil aréir. The cigarettes were in a lorry container and were ready for distribution. Bhí na toitiní i gcoimeádán leoraí agus bhí siad réidh lena ndáileadh. It is believed that the large amount of tobacco that had been brought into the country in the past few days belonged to an organized group of drug dealers. Meastar gur le buíon eagraithe mangairí drugaí an lear mór tobac a bhí tugtha isteach sa tír le cúpla lá. Gardai from Clondalkin, Ballyronan and Rathcoole stations took part in the search and were assisted by customs officers from the Revenue Commissioners. Gardaí ó stáisiúin Chluain Dolcáin, Bhaile Rónáin agus Ráth Cúil a ghlac páirt sa chuardach agus chuidigh oifigigh chustaim ó na Coimisinéirí Ioncaim leo. Gardaí say they have not yet made any arrests but their investigation is only at the beginning. Deir na Gardaí nach bhfuil aon duine gafa acu fós ach nach bhfuil a bhfiosrúchán ach ina thús. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bpxlrrr

Contact: irishlingos@gmail.com Gardai found €10 million worth of counterfeit cigarettes. Luach €10 milliún de thoitiní gódhéanta faighte ag Gardaí. Gardaí and customs officers have seized €10 million worth of counterfeit cigarettes in south-west Dublin. Tá luach €10 milliún de thoitiní gódhéanta faighte ag na Gardaí agus oifigigh chustaim in iardheisceart Bhaile Átha Cliath. Gardaí say they found the cigarettes when they searched a yard in Rathcoole last night. Deir na Gardaí go bhfuair siad na toitíní nuair a chuardaigh siad clós i Ráth Cúil aréir. The cigarettes were in a lorry container and were ready for distribution. Bhí na toitiní i gcoimeádán leoraí agus bhí siad réidh lena ndáileadh. It is believed that the large amount of tobacco that had been brought into the country in the past few days belonged to an organized group of drug dealers. Meastar gur le buíon eagraithe mangairí drugaí an lear mór tobac a bhí tugtha isteach sa tír le cúpla lá. Gardai from Clondalkin, Ballyronan and Rathcoole stations took part in the search and were assisted by customs officers from the Revenue Commissioners. Gardaí ó stáisiúin Chluain Dolcáin, Bhaile Rónáin agus Ráth Cúil a ghlac páirt sa chuardach agus chuidigh oifigigh chustaim ó na Coimisinéirí Ioncaim leo. Gardaí say they have not yet made any arrests but their investigation is only at the beginning. Deir na Gardaí nach bhfuil aon duine gafa acu fós ach nach bhfuil a bhfiosrúchán ach ina thús. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xpyp3um

Contact: irishlingos@gmail.com 3rd permanent ambulance site to be built in Connemara. An 3ú buan-áit otharchairr le tógáil i gConamara. The people of Connemara have welcomed the Health Service Executive's decision to make a planning application to build a permanent ambulance station in Srai Salach. Tá fáilte curtha ag muintir Chonamara roimh chinneadh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte iarratas pleanála a dhéanamh le buan-ionad otharchairr a thógáil sa Sraith Salach. A 3rd ambulance base is badly needed in the region say community representatives, to be added to the center west of Clochán and the one south of Chatrú Rua. Tá an 3ú bunáit otharchairr ag teastáil go géar sa réigiún a deir ionadaithe pobail, le cur leis an ionad atá thiar ar an gClochán agus an ceann atá ó dheas ar an gCeathrú Rua. A community campaign has been gathering strength in the Straith Salach area for 2 years - people demanding essential basic services. Tá feachtas pobail ag bailiú nirt i gceantar Shraith Salach le 2 bhliain - daoine ag éileamh bunsheirbhísí riachtanacha. An ambulance service to serve the community of North Connemara was at the heart of the campaign and their work is now bearing fruit. Bhí seirbhís otharchairr le freastal ar phobal Thuaisceart Chonamara i gcroílár an fheachtais agus tá toradh anois ar a gcuid saothair. The Health Service Executive has announced that they are preparing a planning application to be submitted in the next few weeks to locate an ambulance base in Srai Salach. Tá sé fógartha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil iarratas pleanála á ullmhú acu agus le cur isteach as seo go ceann roinnt seachtainí le bunáit otharchairr a lonnú sa Sraith Salach. Dála Deputy Éamon Ó Cuív says the 3rd ambulance base was badly needed. Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh an 3ú bunáit otharchairr ag teastáil go géar. In the event that an ambulance has gone to Galway City from Clochán, the Red Quarter service is relied upon to serve the entire region says Deputy Ó Cuív. Sa gcás go mbíonn otharcharr imithe go Cathair na Gaillimhe ón gClochán, bítear ag brath ar sheirbhís na Ceathrún Ruaidhe le freastal ar an réigiún ar fad a deir an Teachta Ó Cuív. "Now with another permanent center to be located in the Dirty League both existing services will be supported". "Anois agus ionad buan eile le lonnú sa Sraith Salach beidh tacaíocht ag an dá sheirbhís atá ann faoi láthair". It was expected that the base would be built by the beginning of this year but "the planning process was delayed" says the HSE. Bhíothas ag súil go mbeadh an bhunáit tógtha faoi thús na bliana seo ach "cuireadh moill ar an bpróiseas pleanála" a deir an HSE. The health authorities indicated this afternoon that "environmental matters need to be properly assessed before continuing with the process." Thug na húdaráis sláinte le fios tráthnóna go raibh "gá cúrsaí timpeallachta a mheas i gceart sula leanfaí ar aghaidh leis an bpróiseas." A building belonging to the Executive - Straith Salach Health Center - has been operating for a long time but is in urgent need of maintenance. Tá foirgneamh de chuid na Feidhmeannachta - Ionad Sláinte Shraith Salach - ag feidhmiú le fada ach tá obair chothabhála le déanamh go géar air. The planning application will be forwarded in a few weeks and the Health Service Executive says that all information relating to the maintenance work to be carried out on the building will be published in conjunction with that process. Cuirfear an t-iarratas pleanála ar aghaidh i gceann cúpla seachtain agus deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfoilseofar gach eolas a bhaineann leis an obair chothabhála a bheidh le déanamh ar an bhfoirgneamh le theacht leis an bpróiseas sin. Donncha Ó Murchú will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2abrkvjk

Contact: irishlingos@gmail.com Farmers are worried as the price of milk is lowered by supermarkets. Imní ar fheirmeoirí agus praghas bainne á ísliú ag ollmhargaí. The price war between supermarkets is intensifying with many of the big stores announcing that they are lowering the price of own brand milk. Tá an choimhlint praghsála idir ollmhargaí ag géarú agus cuid mhaith de na siopaí móra ag fógairt go bhfuil siad ag ísliú an phraghais ar bhainne féinbhranda. Lidl was the first to undertake the strategy last Friday when they lowered the price of 2 liters of their own milk from €2.19 to €2.09. Lidl is túisce a thug faoin straitéis Dé hAoine seo caite nuair a d'ísligh siad an praghas ar 2 lítear dá gcuid bainne féin ó €2.19 go €2.09. Aldi have since announced that they will be taking a 10 cent reduction themselves. Tá Aldi tar éis a fhógairt ó shin go mbeidh 10 cent de laghdú á dhéanamh acu féin. Today SuperValu and Tesco will reduce the milk they say, again from €2.19 to €2.09. Inniu a laghdóidh SuperValu agus Tesco an bainne a deir siad, arís ó €2.19 go €2.09. Farmers Association president Tim Cullinan says dairy farmers are very concerned about the continued decline. Deir uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí Tim Cullinan go bhfuil an-imní ar lucht déiríochta faoin laghdú leanúnach. "We all understand the pressure inflation is putting on consumers. "Tuigeann muid ar fad an brú atá boilsciú ag cur ar thomhaltóirí. But we have seen it time and time again – when shops reduce the price, it is the farmers who end up paying for it. Ach tá sé feicthe arís is arís eile againn – nuair a laghdaíonn siopaí an praghas, is iad na feirmeoirí a íocann sa deireadh as. "We now have only a few thousand farmers left in the country producing milk-in- liquid from the end of the year - production which is very expensive." "Níl fanta againn anois sa tír ach cúpla míle feirmeoir ag táirgeadh bainne-ina-leacht ó cheann ceann na bliana – táirgeadh atá an-chostasach." There are now dairy farmers who he says are considering different milk production "and in the future, if the new trend continues, we won't be producing milk-in-liquid and there won't be fresh milk from Ireland in the shops at all. " Tá feirmeoirí déiríochta anois ann a deir sé atá ag breithniú tabhairt faoi tháirgeadh éagsúil bainne "agus amach anseo, má leanann an claonadh nua, ní bheidh muid ag táirgeadh bainne-ina-leacht agus ní bheidh bainne úr as Éirinn sna siopaí in aon chor."

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xvv3a9m

Contact: irishlingos@gmail.com 12,441 people in emergency accommodation last month. 12,441 duine i lóistín éigeandála an mhí seo caite. The number of homeless people has risen again. Tá ardú tagtha arís ar líon na ndaoine gan dídean. There were 12,400 in emergency accommodation last month, a record number. Bhí 12,400 i lóistín éigeandála an mhí seo caite, an líon ab airde riamh. Figures from the Housing Department show that 12,441 people were in emergency accommodation in May, including 3,699 children. Léiríonn na figiúirí ón Róinn Tithíochta go raibh 12,441 duine in lóistín éigeandála i mí na Bealtaine, 3,699 leanbh san áireamh. There was an increase of 182 people in the number of people in emergency accommodation in April, the month the ban on eviction of tenants was lifted. Ardú 182 duine a bhí ann ar líon na ndaoine i lóistín éigeandála i mí Aibreáin, an mhí a cuireadh an cosc ar dhíshealbhú tionóntaí ar ceal. Housing Minister Darragh O'Brien indicated that it is a cause for disappointment that there has been another increase in the number of homeless people, but, he said, there had been a much larger increase in the previous two months. Thug an tAire Tithíochta Darragh O'Brien le fios gur cúis díomá atá ann go bhfuil ardú eile tagtha ar líon na ndaoine gan dídean, ach, a dúirt sé, bhí ardú i bhfad ní ba mhó i gceist sa dá mhí roimhe sin. "I still believe we took the right decision to cancel the ban on eviction. "Creidim go fóill gur ghlac muid an cinneadh ceart an cosc ar dhíshealbhú a chur ar ceal. It was a difficult decision, but it was predicted at the time that tenants would face evictions. Cinneadh deacair a bhí ann, ach bhíothas ag tuar ag an am go mbeadh rabharta díshealbhuithe i ndán do thionóntaí. But that didn't happen in the end." Ach níor tharla sé sin sa deireadh." Minister O'Brien indicated that around 200 houses have been bought by local authorities and the tenants are still living in them since the beginning of the year. Thug an tAire O'Brien le fios go bhfuil thart ar 200 teach ceannaithe ag údaráis áitiúla agus na tionóntaí fós ina gcónaí iontu ó thus na bliana. "That scheme is going well", he said. "Tá ag éirí go maith leis an scéim sin", a dúirt sé. But he says there is still a lot of work to be done. Ach deir sé go bhfuil go leor oibre fós le déanamh. There is a shortage of houses available because not enough of them have been built in the last decade, he said. Tá ganntanas tithe ar fáil ó tharla nár tógadh go leor acu le deich mbliana anuas, a dúirt sé. Figures from the Housing Department show that 12,441 people were in emergency accommodation in May, including 3,699 children. Léiríonn na figiúirí ón Róinn Tithíochta go raibh 12,441 duine in lóistín éigeandála i mí na Bealtaine, 3,699 leanbh san áireamh.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22totcgq

Contact: irishlingos@gmail.com "The hottest June on record". "An Meitheamh ba theo riamh ar na taifid". The Met Office has said that higher temperatures and more thunderstorms are expected due to climate change. Tá sé ráite ag Oifig na hAimsire go bhfuil súil le teochtaí níos airde agus le tuilleadh stoirmeacha toirní, de bharr athrú aeráide. This warning has been given, in light of preliminary results produced by the Weather Office in relation to this month which has just passed, which show that June was the hottest ever in this country since weather records began, 83 a year ago. Tá an foláireamh seo tugtha, i bhfianaise réamhthorthaí atá curtha i dtoll a chéile ag Oifig na hAimsire maidir leis an mí seo atá díreach imithe tharainn, a léiríonn gurbh é an Meitheamh ba theo riamh sa tír seo ó cuireadh tús leis na taifid aimsire, 83 bliain ó shin. The World Weather Organization has issued a warning that the European continent is warming twice as fast as the other continents. Tá foláireamh eisithe ag an Eagras Aimsire Domhanda go bhfuil Mór-roinn na hEorpa ag éirí níos teo dhá oiread níos tapúla ná na hílchríocha eile. The Weather Office says here that that impact is already being felt in Ireland. Deir Oifig na hAimsire anseo go bhfuil an tionchar sin le brath in Éirinn cheana féin. The average temperature in June was 16 degrees Celsius. 16 céim Celsius a bhí ann mar theocht, ar an meán, i mí an Mheithimh. The average temperature has never been so high during June in Ireland. Ní raibh an meán teocht riamh chomh hard sin le linn mhí an Mheithimh in Éirinn. The highest temperature recorded so far this year - 28 C - was recorded in Carlow. Rinneadh taifead den teocht ab airde go dtí seo i mbliana - 28 C - i gCeatharlach. "Despite the drop in temperatures over the last few days", said climate expert, Paul Moore, from the Met Office today, "we are still of the opinion that this will prove to be the hottest June on record, when as the fixed data become available." "In ainneoin an laghdaithe atá tagtha ar theochtaí le cúpla lá anuas", a dúirt an saineolaí aeráide, Paul Moore, ó Oifig na hAimsire inniu, "táimid fós den tuairim go léireofar gurbh í seo an Meitheamh ba theo riamh ar na taifid, nuair a bheas na sonraí seasta ar fáil." The average temperature in June was 16 degrees Celsius. 16 céim Celsius a bhí ann mar theocht, ar an meán, i mí an Mheithimh. The average temperature has never been so high during June in Ireland. Ní raibh an meán teocht riamh chomh hard sin le linn mhí an Mheithimh in Éirinn.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28stvtsh

Contact: irishlingos@gmail.com Health risk from 20% of house sewage tanks. Baol sláinte ó 20 faoin gcéad de dhabhachanna séarachais tithe. Half of the septic tanks inspected by local authorities last year failed according to the Environmental Protection Agency (EPA). Theip ar leath na ndabhachanna séarachais a ndearna údaráis áitiúla cigirceachta orthu anuraidh de réir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an EPA). Over 1,100 locations examined in 2022. Breis is 1,100 láthair a scrúdaíodh i 2022. 560 of them failed. Theip ar 560 acu. There was a risk to human health and the environment in 230 of them - 21% of the total. Bhí baol do shláinte an duine agus don timpeallacht i 230 acu - 21 faoin gcéad den iomlán. Structural defects and lack of maintenance were the two main reasons for the number of inspection failures. Fabhtanna struchtúir agus easpa cothabhála an dá phríomhchúis a bhí leis an líon a theip an chigireacht. Families with a faulty system can receive €5,000 in grants, depending on specific conditions. Tá €5,000 de dheontas le fáil ag teaghlaigh le caoi ar chóras lochtach, ag brath ar choinníollacha ar leith. The EPA says in the new report that local authorities must carry out more inspections in order to protect human health and the well-being of the environment. Deir an EPA sa tuarascáil nua go gcaithfidh údaráis áitiúla tabhairt faoi bhreis chigireachta ar mhaithe le sláinte an duine agus folláine na timpeallachta a chosaint. They are particularly concerned as they say that the number of faulty tanks that have not been repaired in the last 2 years has increased by 5 since 2016. Údar ar leith imní dóibh a deir siad go bhfuil an líon dabhachanna lochtacha nár cuireadh caoi orthu le 2 bhliain anuas tar éis méadú faoi 5 ó 2016. By the end of last year, 550 families had been informed of a faulty bath for 2 years or more and no action had been taken. Faoi dheireadh na bliana seo caite bhí 550 teaghlach curtha ar an eolas faoi dhabhach fabhtach le 2 bhliain nó tuilleadh agus gan caoi curtha fós air. The Agency also says that there are specific authorities in the country that are not acting as they should about notifications about failure of tanks. Deir an Ghníomhaireacht freisin go bhfuil údaráis ar leith sa tír nach bhfuil i mbun gnímh mar ba cheart faoi fhógraí faoi theipeadh dabhachanna. Roscommon, Waterford, Leitrim and Tipperary have the lowest rates of treatment failures within 2 years of the notice being issued to a household. I Ros Comáin, Port Láirge, Liatroim agus i dTiobraid Árann atá na rátaí is ísle de theipeanna a raibh caoi curtha orthu i n-imeacht 2 bhliain ón bhfógra a bheith eisithe chuig teaghlach. Legal proceedings have been initiated in the case of 47 families in the last 10 years - 11 of those last year. Tá imeachtaí dlí tionscnaithe i gcás 47 teaghlach le 10 mbliana anuas - 11 acu sin anuraidh. 90% of those cases since 2013 involved families in Wexford, Kerry and Mayo. Bhain 90 faoin gcéad de na cásanna sin ó 2013 le teaghlaigh i Loch Garman, i gCiarraí agus i Maigh Eo. Almost 500,000 families in the country are in the hands of a septic tank. Beagnach 500,000 teaghlach sa tír atá i dtuilleamaí dabhach séarachais.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xnq7tqr

Contact: irishlingos@gmail.com Welcome to new legislation. Fáilte curtha roimh reachtaíocht nua. Cyclists have welcomed new legislation which will impose new restrictions on electric bikes and scooters and struggle bikes from next year. Tá fáilte curtha ag lucht rothar roimh reachtaíocht nua a chuirfidh srianta nua i bhfeidhm ar rothair agus ar scútair leictreacha agus ar rothair streachailte ón mbliain seo chugainn. The Department of Transport says that the new Act is urgently needed in terms of safety on the country's roads. Deir an Roinn Iompair go bhfuil géarghá leis an Acht nua ó thaobh sábháilteachta de ar bhóithre na tíre. Safety on the country's roads was the biggest stone on the Department of Transport's agenda when the Road Traffic and Roads Act was implemented today. Sábháilteacht ar bhóithre na tíre a bhí ar an gcloch is mó ar phaidrín na Roinne Iompair agus an tAcht um Thrácht ar Bhóithre agus um Bóithre á chur i bhfeidhm inniu. Special reference has been made to electric bicycles in the Act, which will be subject to separate rules at the beginning of next year. Tá tagairt ar leith déanta do rothair leictreacha san Acht, a mbainfidh rialacha ar leith leo ag tús na bliana seo chugainn. If an electric bike can travel faster than 25km per hour, it will have to be registered as a moped, and the driver will need a licence. Sa chás gur féidir le rothar leictreach taisteal níos tapúla ná 25km san uair, beidh sé le clárú mar mhóipéid, agus beidh ceadúnas ag teastáil ón té a thiomáinfeadh é. In addition, there will be tax and insurance to be sold. Ina theannta sin, beidh cáin agus árachas le díol air. Struggle bikes are also included in this new legislation, with stricter regulations relating to them. Tá rothair streachailte san áireamh sa reachtaíocht nua seo leis, agus rialacháin níos déine ag baint leo siúd. According to the legislation it will be possible for the Gardai to take possession of street bikes that are being driven illegally and arrest the owners. De réir na reachtaíochta go mbeidh sé ar chumas na nGardaí seilbh a ghlacadh ar rothair streachtailte a bhíonn á dtiomáint go mídhleathach agus na húinéirí a ghabháil. In the case of electric scooters, they are included in a new category of vehicle in the new Act, Personal Carriers with an engine. I gcás na scútar leictreach, áirítear i gcatagóir nua feithicle iad san Acht nua, Iompróirí Pearsanta le hinneall. Currently, electric scooters are not legal on Irish roads. Faoi láthair, níl scútair leictreacha dleathach ar bhóithre na hÉireann. But, according to the new Act, if a scooter meets the regulations that will be applied, that is, a speed limit of 25km per hour, a weight of 25kg and a power output of 500 WATT or less, they are expected to be legal. in accordance with the legislation by the end of the year. Ach, de réir an Achta nua, má bhíonn scútar ag teacht leis na rialacháin a chuirfear i bhfeidhm, is é sin, teorainn luais 25km san uair, meáchan 25kg agus aschur cumhachta 500 WATT nó níos lú, táthar ag súil go mbeidh siad dleathach de réir na reachtaíochta faoi dheireadh na bliana. Cyclists have welcomed the new legislation. Tá fáilte curtha ag rothaithe roimh an reachtaíocht nua. The Cyclist.ie site chairman, Neasa Belbigh, says that clarity was badly needed in relation to the rules for electric bikes and scooters. Deir Cathaoirleach an tsuímh Cyclist.ie, Neasa Bheilbigh, go raibh soiléireacht ag teastáil go géar maidir leis na rialacha a ghabhann le rothair agus le scútair leictreacha. Of particular importance are the restrictions that will be added to quad bikes and struggle bikes, she says. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na srianta a chuirfear ar chuadrothair agus ar rothair streachailte leis, a deir sí. People walking and cycling in the countryside needn't worry now that they have some prote...

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2gqrbjx7

Contact: irishlingos@gmail.com The clean towns but polluted cities – a new survey. Na bailte glan ach cathracha truaillithe – suirbhé nua. Most small towns and large towns in the country are clean but the majority of cities are polluted according to the latest assessment from IBAL (Irish Businesses Against Litter). Tá formhór bhailte beaga agus bhailte móra na tíre glan ach tá tromlach na gcathracha truaillithe de réir an mheasúnú is deireannaí ó IBAL (Gnóluchtaí na hÉireann in Aghaidh Bruscair). The survey was carried out under the auspices of An Taisce which shows that Maynooth was the cleanest of the 40 towns and cities examined, while Dundalk is "badly polluted". Faoi choimirce An Taisce a déanadh an suribhé a léiríonn gurbh í Maigh Nuad is glaine den 40 baile agus cathair a scrúdaíodh, agus go bhfuil Dún Dealgan "truaillithe go dona". There is an account for the first time of the pollution of cigarette devices, "extremely poisonous rubbish" which IBAL says not only because they are mostly made of plastic but because of the lithium battery in them. Tá cuntas an chéad uair ar thruailliú gléasanna galtoitín, "bruscar rí-nimhiúil" a deir IBAL ní hé amháin mar gur as plaisteach is mó atá siad déanta ach mar gheall ar an gcadhnra litiam iontu. These gadgets were found in 6% of the sites accounted for. Fritheadh na giuirléidí sin i 6 faoin gcéad de na suíomhanna a bhfuil cuntas déanta orthu. With the peak of the tourist season upon us it is said that 90% of the towns are clean, but that is not true for only 28% of metropolitan areas. Agus buaic shéasúr na tursaóireachta linn deirtear go bhfuil 90 faoin gcéad de na bailte glan, ach nach fíor sin ach i gcás 28 faoin gcéad de cheantair cathrach. Galway and Waterford are the only two cities that have been awarded "clean status". Is iad Gaillimh agus Port Láirge an t-aon dá chathair a bhfuil "stádas glan" bronnta orthu. On the other hand, Dundalk and Tralee are the only two towns that failed to achieve that status in the towns section. Ar an taobh eile den scéal, is iad Dún Dealgan agus Trá Lí an t- aon dá bhaile a theip an stádas sin a bhaint amach i rannóg na mbailte. The study shows that the core of the city is deteriorating, from "fairly littered" to "polluted". Léiríonn an staidéar go bhfuil croílár na hardcathrach ag gábhail in olcais, ó "réasúnta truaillithe le bruscar" go "truaillithe". It is good news that the number of "highly polluted" sites in the country has fallen in 2023, after they also decreased last year. Deascéala é go bhfuil líon na láithreacha "mór-thruaillithe" sa tír tar éis titim i 2023, tar éis dóibh laghdú freisin anuraidh. Cork City has improved, as has Drogheda. Tá Cathair Chorcaí feabhsaithe, mar atá Droichead Átha. In the case of that town in Co. Louth, a strong boost has been made, from "highly polluted" in 2022 to "normal European cleanliness level" now. I gcás an bhaile mór sin i gCo Lú tá treisiú tréan déanta, ó "mhór- thruaillithe" i 2022 go "gnáthleibhéal glaineachta Eorpach" anois.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2fz8vkrj

Contact: irishlingos@gmail.com The clean towns but polluted cities – a new survey. Na bailte glan ach cathracha truaillithe – suirbhé nua. Most small towns and large towns in the country are clean but the majority of cities are polluted according to the latest assessment from IBAL (Irish Businesses Against Litter). Tá formhór bhailte beaga agus bhailte móra na tíre glan ach tá tromlach na gcathracha truaillithe de réir an mheasúnú is deireannaí ó IBAL (Gnóluchtaí na hÉireann in Aghaidh Bruscair). The survey was carried out under the auspices of An Taisce which shows that Maynooth was the cleanest of the 40 towns and cities examined, while Dundalk is "badly polluted". Faoi choimirce An Taisce a déanadh an suribhé a léiríonn gurbh í Maigh Nuad is glaine den 40 baile agus cathair a scrúdaíodh, agus go bhfuil Dún Dealgan "truaillithe go dona". There is an account for the first time of the pollution of cigarette devices, "extremely poisonous rubbish" which IBAL says not only because they are mostly made of plastic but because of the lithium battery in them. Tá cuntas an chéad uair ar thruailliú gléasanna galtoitín, "bruscar rí-nimhiúil" a deir IBAL ní hé amháin mar gur as plaisteach is mó atá siad déanta ach mar gheall ar an gcadhnra litiam iontu. These gadgets were found in 6% of the sites accounted for. Fritheadh na giuirléidí sin i 6 faoin gcéad de na suíomhanna a bhfuil cuntas déanta orthu. With the peak of the tourist season upon us it is said that 90% of the towns are clean, but that is not true for only 28% of metropolitan areas. Agus buaic shéasúr na tursaóireachta linn deirtear go bhfuil 90 faoin gcéad de na bailte glan, ach nach fíor sin ach i gcás 28 faoin gcéad de cheantair cathrach. Galway and Waterford are the only two cities that have been awarded "clean status". Is iad Gaillimh agus Port Láirge an t-aon dá chathair a bhfuil "stádas glan" bronnta orthu. On the other hand, Dundalk and Tralee are the only two towns that failed to achieve that status in the towns section. Ar an taobh eile den scéal, is iad Dún Dealgan agus Trá Lí an t- aon dá bhaile a theip an stádas sin a bhaint amach i rannóg na mbailte. The study shows that the core of the city is deteriorating, from "fairly littered" to "polluted". Léiríonn an staidéar go bhfuil croílár na hardcathrach ag gábhail in olcais, ó "réasúnta truaillithe le bruscar" go "truaillithe". It is good news that the number of "highly polluted" sites in the country has fallen in 2023, after they also decreased last year. Deascéala é go bhfuil líon na láithreacha "mór-thruaillithe" sa tír tar éis titim i 2023, tar éis dóibh laghdú freisin anuraidh. Cork City has improved, as has Drogheda. Tá Cathair Chorcaí feabhsaithe, mar atá Droichead Átha. In the case of that town in Co. Louth, a strong boost has been made, from "highly polluted" in 2022 to "normal European cleanliness level" now. I gcás an bhaile mór sin i gCo Lú tá treisiú tréan déanta, ó "mhór- thruaillithe" i 2022 go "gnáthleibhéal glaineachta Eorpach" anois.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2glwwxx5

Contact: irishlingos@gmail.com Peacekeeping missions: "let's look again at the Triple Green". Misin shíochánaíochta: "breathnóimis arís ar an nGlas Triarach". Tánaiste Micheál Martin said that Ireland should look again at the Triple Lock, as it is called, or the three fences that need to be thrown before soldiers from this country can be sent abroad. Dúirt an Tánaiste Micheál Martin gur chóir d'Éirinn breathnú arís ar an nGlas Triarach, mar a thugtar air, nó na trí chlaí is gá a chaitheamh sular féidir saighdiúrí as an tír seo a chur thar lear. Micheál Martin was speaking at the second session of the Consultative Forum on International Security Policy which is taking place in Galway today. Ag labhairt a bhí Micheál Martin ag an dara seisiún den Fhóram Comhairleach maidir le Polasaí Slándála Idirnáisiunta atá ar siúl i nGaillimh inniu. The first session was in Cork yesterday. Is i gCorcaigh inné a bhí an chéad seisiún. The Tánaiste indicated that the Government wished to ensure that this country would not be discouraged from participating in peacekeeping missions abroad. Thug an Tánaiste le fios gur mhian leis an Rialtas a chinntiú nach mbeadh aon laincis ar an tír seo páirt a ghlacadh i misin shíochánaíochta thar lear. That is, he said, as long as it would really be peacekeeping missions (and there would be no hidden objectives). Is é sin, arsa sé, fad is gur misin shíochánaíochta a bheadh i gceist i ndáiríre (agus nach mbeadh aon chuspóirí ceilte ann). According to the policy known as the Triple Lock, permission must be obtained from the Government, the Dáil and the United Nations before the Irish Defense Forces can be sent on duty in foreign countries. De réir an pholasaí a dtugtar an Glas Triarach air, caithfear cead a fháil ón Rialtas, ón Dáil agus ó na Náisiúin Aontaithe sular féidir Óglaigh na hÉireann a chur ar dualgas i dtíortha iasachta. The Tánaiste would like to relax this policy so that there is no need to consult more with the United Nations Security Council. Ba mhaith leis an Tánaiste an polasaí seo a mhaolú le nach gcaithfí dul i gcomhairle ní ba mhó le Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. He pointed out that the five permanent members of the Security Council are forever trying to get the best of each other and that Russia, as part of this conflict, has a habit of blocking international peacekeeping missions. Thug sé le fios go mbíonn na cúig bhall bhuana den Chomhairle Slándála go síoraí ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile agus go bhfuil sé de nós ag an Rúis, mar chuid den tsáraíocht seo, misin shíochánaíochta idirnáisiúnta a chosc. It is not worth it for us to pretend that this art is not up and it is so, says Micheál Martin, that a resolution has not been passed in the United Nations in connection with a peacekeeping mission since 2014. Ní fiú dúinne ligean orainn féin nach bhfuil an ealaín seo ar bun agus is amhlaidh atá sé, arsa Micheál Martin, nár ritheadh rún sna Náisiúin Aontaithe i dtaca le misean síochánaíochta ó 2014. As a reinforcement of this dysfunction, according to him, he drew attention to the plight of Syria and the difficulties involved in providing humanitarian aid to the four million people in need there. Mar sholaoid ar an mífheidhmiúlacht seo, dar leis, tharraing sé aird ar anchás na Siria agus ar na deacrachtaí a bhaineann le cabhair dhaonnúil a thabhairt do na ceithre mhilliún duine atá i ngátar ansin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2nabnr66

Contact: irishlingos@gmail.com 290 new jobs to be provided by an artificial intelligence company. 290 post nua le cur ar fáil ag comhlacht intleachta saorga. The technology company from the United States AMD is to provide 290 new jobs in Dublin and Cork for the next four years. Tá an comhlacht teicneolaíochta as na Stáit Aontaithe AMD le 290 post nua a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh as seo go ceann ceithre bliana. The new jobs are part of AMD's €120 million investment in Ireland. Cuid d'infheistíocht €120 milliún atá AMD a dhéanamh in Éirinn atá sna poist nua. The new recruits will work in the company's engineering, research and support departments. Is i rannóga innealtóireachta, taighde agus tacaíochta an chomhlachta a bheas na hearcaigh nua ag obair. The company has indicated that the development of artificial intelligence will be one of the major projects that will be undertaken in Ireland. Tá sé tugtha le fios ag an gcomhlacht go mbeidh forbairt na hintleachta saorga ar cheann de na tograí móra a mbeifear ag tabhairt faoi in Éirinn. The Minister for Enterprise, Trade and Employment Simon Coveney has welcomed the new jobs. Tá fáilte curtha ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Simon Coveney roimh na poist úra. He said that it is a significant investment that will greatly contribute to the technology sector in this country and will provide new opportunities for people already working in the sector and for graduates. Dúirt sé gur infheistíocht shuntasach atá ann a chuirfeas go mór leis an earnáil teicneolaíochta sa tír seo agus a chuirfeas deiseanna nua ar fáil do dhaoine atá ag obair san earnáil cheana féin agus do chéimithe. AMD bought the company Xilinx last year, a company that has been in this country since 1994. Cheannaigh AMD an comhlacht Xilinx anuraidh, comhlacht atá sa tír seo ó 1994. The Industrial Development Agency was said to be supporting the new investment. Dúradh go bhfuil an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail ag tacú leis an infheistíocht nua. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2p6unrha

Contact: irishlingos@gmail.com A "catastrophic explosion" involving the Titan mini-submarine. "Inpléascadh tubaisteach" a bhain do mhion-fhomhuireán an Titan. A "catastrophic explosion" involving the Titan mini-submarine was responsible for the death of the five people on board, according to the United States Coast Guard. "Inpléascadh tubaisteach" a bhain do mhion-fhomhuireán an Titan ba chionsiocair le bás an chúigir a bhí inti, dar le Garda Cósta na Stát Aontaithe. Yesterday evening, pieces of the submarine were found four kilometers underwater and half a kilometer from the Titanic's wreckage shoulder in the North Atlantic. Tráthnóna inné, aimsíodh píosaí den fhomhuireán ceithre chiliméadar faoin uisce agus leathchiliméadar ó ghualainn raiceáil an Titanic san Atlantach Thuaidh. The Titan was taking a trip under the raking when the communication between her and her helmsman was cut on top of the sea last Sunday. Bhí an Titan ag tabhairt turas faoin raiceáil nuair a gearradh an chumarsáid idir í agus lucht a stiúrtha ar bharr na farraige Dé Domhnaigh seo caite. According to Rear Admiral John Mauger of the United States Coast Guard it appears that the submarine's pressure chamber has exploded. Dar leis an Seachaimiréal John Mauger ó Gharda Cósta na Stát Aontaithe go ndealraíonn sé gur inphléasc cuasán brú an fhomhuireáin. It is still not possible to say, however, why the explosion happened or when exactly it happened, said Rear Admiral Mauger. Ní féidir a rá fós, áfach, cén fáth ar tharla an t-inpléascadh ná cén uair go baileach a tharla sé, a dúirt an Seachaimiréal Mauger. He confirmed, however, that sonar buoys had been in the water for three days before the wreckage of the submarine was found yesterday and that they had not detected any major noise or trouble during that time. Dhearbhaigh sé, mar sin féin, go raibh baoithe sonóra san uisce ar feadh trí lá sular aimsíodh smionagar an fhomhuireáin inné agus nach raibh aon torann mór ná troimpléasc braite acu i gcaitheamh an achair sin. On the contrary, it emerged yesterday evening that the United States Navy sonar plant detected a disturbance in the sea area close to the Titanic on Sunday. Os a choinne sin, tháinig sé chun solais tráthnóna inné gur bhraith gléasra sonóra Chabhlach na Stát Aontaithe troimpléasc sa limistéar farraige gar don Titanic ar an Domhnach. It is to be understood from all that, therefore, that the vessel seems to have exploded shortly after being lowered into the water by the steering ship. Tá sé le tuiscint ón méid sin ar fad, mar sin, gur cosúil gur inphléasc an t-árthach go gairid tar éis di a bheith ligthe síos san uisce ag an long stiúrtha. There is currently no word on finding the bodies of the five men who were in the submarine. Níl aon chaint faoi láthair ar choirp an chúigear fear a bhí san fhormhuireán a aimsiú. Those five are the toki from Britain Hamish Harding, 58 years; the Pakistani businessman Shahzada Dawood, 48, and his nineteen-year-old son Sulaiman; the French pilot Paul-Henry Nargeolet, 77 years; and the American Stockton Rush, 61 years, the founder of the OceanGate company that owns the vessel. Is iad an cúigear sin an toicí as an mBreatain Hamish Harding, 58 bliain; an fear gnó as an bPacastáin Shahzada Dawood, 48 bliain, agus a mhac Sulaiman a bhí naoi mbliana déag; an píolóta as an bhFrainc Paul-Henry Nargeolet, 77 bliain; agus an Meiriceánach Stockton Rush, 61 bliain, bunaitheoir an chomhlachta OceanGate ar leo an t-árthach. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2mlxv2bj

Contact: irishlingos@gmail.com "Sounds" heard and a search is underway for a mini-submarine. "Fuaimeanna" cloiste agus cuardach ag dul ar mhion-fhomhuireán. Rescuers searching for the Titan mini-submarine, which has been missing in the North Atlantic for three days, are reported to have heard "sounds" coming from the depths of the sea. Tuairiscítear "fuaimeanna" aníos as domhain na farraige a bheith cloiste ag lucht tarrthála atá i mbun cuardaigh ar mhion-fhomhuireán an Titan atá ar iarraidh san Atlanach Thuaidh le trí lá. It was not said what kind of sound it was - whether it was tapping, bass, or some other kind of dull sound. Ní dúradh cén sórt fuaime a bhí i gceist – ar cnagadh, dord, nó fuaim mhaol de chineál éigin eile a bhí ann. However, Rolling Stone magazine and CNN are reporting that it was a knock - at least at first - and that it was heard every half hour for a while. Mar sin féin, tá sé á thuairisciú ag an iris Rolling Stone agus ag CNN gur cnagadh a bhí ann – ar an gcéad dul síos ar a laghad – agus go raibh sé le cloisteáil gach leathuair an chloig ar feadh tamaill. According to Rolling Stone the sounds were detected by sonar buoys. Dar le Rolling Stone gur baoithe sonóra a bhraith na fuaimeanna. Four hours later, according to the reports, more noises were heard but it seems that it was not a knock then. Ceithre huaire an chloig ina dhiaidh sin, de réir na dtuairiscí, chualathas tuilleadh fuaimeanna ach dealraíonn sé nach cnagadh a bhí ann an uair sin. The United States Coast Guard has since confirmed that the search is being focused on a narrower area of the sea in light of the latest crime but the work has been said to have been unsuccessful so far. Tá sé dearbhaithe ó shin ag Garda Cósta na Stát Aontaithe go bhfuil an cuardach á dhíríú ar limistéar farraige níos cúinge i bhfianaise an choir is deireanaí ach dúradh nach raibh aon rath ar an obair go nuige seo. The Titan has the capacity to remain underwater for up to 96 hours. Tá sé d'acmhainn ag an Titan fanacht faoin uisce ar feadh suas le 96 uair an chloig. This means, unfortunately, that the oxygen in the vessel will be exhausted by tomorrow morning. Fágann sin, faraor, go mbeidh an t-ocsaigin san árthach ídithe faoi mhaidin amárach. There are five people in the small submarine that was taking a trip under the wreck of the Titanic when communication was cut between it and those who steered it on top of the sea. Cúigear atá san fhomhuireán beag a bhí ag tabhairt turas faoi raiceáil an Titanic nuair a gearradh an chumarsáid idir í agus lucht a stiúrtha ar bharr na farraige. The five are the British man Hamish Harding, 58 years; the Pakistani businessman Shahzada Dawood, 48, and his nineteen-year-old son Sulaiman; the French pilot Paul-Henry Nargeolet, 77 years; and the founder of the company that owns the vessel Stockton Rush, 61 years. Is iad an cúigear an toicí as an mBreatain Hamish Harding, 58 bliain; an fear gnó as an bPacastáin Shahzada Dawood, 48 bliain, agus a mhac Sulaiman atá naoi mbliana déag; an píolóta as an bhFrainc Paul-Henry Nargeolet, 77 bliain; agus bunaitheoir an chomhlachta ar leo an t- árthach Stockton Rush, 61 bliain. An area of 19,683 square kilometers has been searched so far by ships and planes from Canada and the United States, and they are currently being assisted by the crew of a commercial ship with its own mini-submarine. Tá limistéar 19,683 ciliméadar cearnach cuardaithe go dtí seo ag longa agus eitleáin as Ceanada agus as na Stáit Aontaithe, agus tá foireann loinge tráchtála a bhfuil mion-fhomhuireán dá gcuid féin acu ag cuidiú leo faoi láthair. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2b5k79g6

Contact: irishlingos@gmail.com A major search continues for a mini-submarine in the Atlantic. Mórchuardach fós ag dul ar mhion-fhomhuireán san Atlantach. A major search is still underway for a missing mini-submarine in the deep waters of the Atlantic over a thousand kilometers off the coast of North America. Tá mórchuardach fós ag dul ar mhion-fhomhuireán atá ar iarraidh in uiscí doimhne an Atlantaigh os cionn míle ciliméadar amach ó chósta Mheiriceá Thuaidh. It is understood that there are five people in the small submarine - the pilot and four passengers - who were taking a trip under the wreck of the Titanic when the communication between her and those who steered her on the top of the sea was cut yesterday. Tuigtear go bhfuil cúigear san fhomhuireán beag – an píolota agus ceathrar paisinéirí – a bhí ag tabhairt turas faoi raiceáil an Titanic nuair a gearradh an chumarsáid idir í agus lucht a stiúrtha ar bharr na farraige arú inné. It is not known what caused the communication to be cut. Ní fios cad ba chúis le gearradh na cumarsáide. It is said that rescuers are making every effort to find the submarine, which is 21 feet long, but that it is a great challenge to navigate the very wide area of the sea. Deirtear go bhfuil gach dícheall á dhéanamh ag lucht tarrthála teacht ar an bhfomhuireán, atá 21 troigh ar a fhad, ach gur mór an dúshlán é ós limistéar farraige an-fhairsing atá siad a chíorláil. Both planes and ships from Canada and the United States are involved in the search. Tá idir eitleáin agus longa as Ceanda agus as na Stáit Aontaithe páirteach sa chuardach. It is also said that it is not possible to be sure if the submarine - which is called the Titan - is still in deep waters or if it has come to the top of the sea without knowing. Deirtear freisin nach féidir a bheith cinnte de an bhfuil an fomhuireán – dá ngairtear an Titan – an bhfuil sí fós in uiscí doimhne nó an bhfuil sí tagtha go barr na farraige i ngan fhios. The US Coast Guard revealed yesterday that the vessel had the capacity to remain underwater for up to 96 hours. Thug Garda Cósta na Stát Aontaithe le fios inné go raibh sé d'acmhainn ag an árthach fanacht faoin uisce ar feadh suas le 96 uair an chloig. The five people in the submarine are British sailor Hamish Harding; Pakistani businessman Shahzada Dawood and his son Sulaiman; the French pilot Paul-Henry Nargeolet; and the founder of the company that owns the vessel Stockton Rush. Is iad an cúigear atá san fhomhuireán an toicí as an mBreatain Hamish Harding; an fear gnó as an bPacastáin Shahzada Dawood agus a mhac Sulaiman; an píolóta as an bhFrainc Paul-Henry Nargeolet; agus bunaitheoir an chomhlachta ar leis an t-árthach Stockton Rush. The Titan is a special submarine and a trip to the wreck of the Titanic costs almost a quarter of a million euros per person. Is fomhuireán ar leith í an Titan agus cosnaíonn turas uirthi go dtí raiceáil an Titanic beagnach ceathrú milliún euro an duine. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26h5gjet

Contact: irishlingos@gmail.com Apology from the President for a "trivial statement" about an expert. Leithscéal ón Uachtarán faoi "ráiteas fánach" faoi shaineolaí. President Michael D. Tá an tUachtarán Michael D. Higgins has apologized to Professor Louise Richardson for a "careless statement" he made which was published in a newspaper yesterday. Higgins tar éis leithscéal a ghabháil leis an Ollamh Louise Richardson faoi "ráiteas míchúramach" a rinne sé a foilsíodh i nuachtán inné. In the article the President said that Ireland was "running thin" during a dangerous period, at a time when the country's foreign policy is "going downstream." San alt dúirt an tUachtarán go raibh Éirinn "ag rith ar thanaí" le linn tréimhse chontúirteach, tráth a bhfuil polasaí eachtrach na tíre "ag imeacht le sruth." He also referred to the chairman of the Consultative Forum on International Security Policy - Professor Richardson - and said that she was someone "with a very large DBE - Dame of the British Empire" and that she was "grand" but that she would have to the ability of experts to come to the Forum. Thagair sé chomh maith do chathaoirleach an Fhóram Comhairliúcháin ar an bPolasaí Slándála Idirnáisiúnta – an tOll Richardson – agus dúirt sé gur duine í "with a very large DBE - Dame of the British Empire" agus go raibh sí "grand" ach go mbeadh ar a chumas féin a theacht ar lucht saineolais le bheith ar an bhFóram. Today the President's Office says "he meant no offense by that trivial statement." Inniu deir Oifig an Uachtaráin "nach raibh aon mhasla i gceist aige leis an ráiteas fánach sin." "The President apologizes" says a statement from the Office "for any offense he inadvertently gave to Professor Richardson with a careless statement. "Gabhann an tUachtarán leithscéal" a deir ráiteas ón Oifig "faoi aon mhasla a thug sé gan chuimhneamh don Ollamh Richardson le ráiteas míchúramach. As a political scientist and sociologist himself, the President is familiar with the work of Professor Richardson. Mar eolaí polaitiúil agus socheolaí é féin tá eolas ag an Uachtarán ar shaothar an Oll Richardson. He admires, as do others, the Professor's tenacity in attracting students from disadvantaged and other non-traditional backgrounds to Oxford University, which led to her being awarded the DBE." Tá meas aige, mar atá ag daoine eile, ar threallús an Ollaimh ag mealladh mac léinn faoi mhíbhuntáiste agus ó chúlraí eile neamhthraidisiúnta chuig Ollscoil Oxford, rud ba chúis leis an ngradam DBE a bronnadh uirthi." Government sources have indicated that Prof Richardson will continue to chair the Forum. Tá sé tugtha le fios ag foinsí Rialtais go leanfaidh an tOll Richardson i mbun cathaoirleachta ar an bhFóram. In the interview the President did yesterday with the Sunday Business Post he said he was concerned that the country was turning away from "positive neutrality, our established policy." San agallamh a rinne an tUachtarán inné leis an Sunday Business Post dúirt sé go raibh imní air go raibh an tír ag iompú ón "neodracht dearfach, an polasaí seanbhunaithe atá againn." He mentioned the panels on the Forum, among which he said "the admirals, the generals, the air force and the rest" as well as "the countries that used to be neutral but are now looking for NATO membership." Luaigh sé na painéil atá ar an bhFóram, ina measc a dúirt sé "na haimiréil, na ginearáil, an t-aerfhórsa agus an chuid eile" chomh maith "leis na tíortha a bhíodh neodrach ach atá anois ag lorg ballraíochta le NATO." Cathal Berry - Independent MP and former member of the Defense Forces - has said there should be a "respectful debate" about Irish neutrality. Tá Cathal Berry - Teachta Dála Neamhspleách agus iarchomhalta sna Fórsaí Cosanta - tar éis a rá gur cheart "díospóireacht mheasúil" a bheith ann faoi neodracht na hÉireann.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2y7tjuos

Contact: irishlingos@gmail.com Little has been said about the fact that there will be tax relief on large profits. Beag déanta den scéal go mbeidh faoiseamh cánach ar mhórgáistí. The Taoiseach, Leo Varadkar, has played down the fact that the government intends to temporarily introduce tax relief in the budget on the interest paid by homeowners on their mortgage. Tá an Taoiseach, Leo Varadkar, i ndiaidh beag a dhéanamh den scéal go bhfuil sé i gceist ag an rialtas faoiseamh cánach a thabhairt isteach go sealadach sa bhuiséad ar an ús a íocann úinéirí tí ar a mórgáiste. There was speculation that this would be done in order to help people, whose interest rates have gone up eight times in a row. Bhí tuairimíocht ann go ndéanfaí amhlaidh ar mhaithe le cuidiú le daoine, a bhfuil a rátaí úis imithe in airde ocht n-uaire as a chéile. The latest figures from the Central Bank of Ireland show that 2,000 householders had short-term mortgage arrears during the first quarter of this year. Léiríonn na figiúirí is deireanaí ó Bhanc Ceannais na hÉireann go raibh riaráistí mórgáiste gearrthréimhseacha ar 2,000 úinéir tí le linn na chéad ráithe i mbliana. Speaking in Jersey today, the Taoiseach pointed out that there are difficulties in canceling short-term policies after a while: "how short-term would they be?" he asked. Agus é ag caint i nGeirsí inniu, thug an Taoiseach le fios go mbíonn deacrachtaí le beartais ghearrthréimhseacha a chur ar ceal i ndiaidh tamaill: "cé chomh gearrthréimhseach is a bheadh siad?" a d'fhiafraigh sé. "We all had a long period", he said, "where very low rates were being charged. "Bhí tréimhse againn ar fad i bhfad", a dúirt sé, "ina raibh rátaí an-ísle go deo á ngearradh. Things are now settling back to where they've always been historically, which is between 3% and 5%." Tá cúrsaí anois ag socrú ar ais ag an bpointe ag a mbíodh siad i gcónaí go stairiúil, is é sin, idir 3 faoin gcéad agus 5 faoin gcéad ." He pointed out that the European Central Bank had raised interest rates several times in order to restore price stability. Thug sé le fios go raibh Banc Ceannais na hEorpa i ndiaidh rátaí úis a ardú arís agus arís eile ar mhaithe le cobhsaíocht praghsanna a thabhairt ar ais in athuair. "People have to be honest about that", said Leo Varadkar. "Caithfear a bheith macánta le daoine faoi sin", a dúirt Leo Varadkar. He indicated, however, that the government would consider introducing tax relief on interest rates in the budget, but that it would be a "complex" policy. Thug sé le fios, áfach, go ndéanfadh an rialtas machnamh ar fhaoiseamh cánach ar rátaí úis a thabhairt isteach sa mbuiséad, ach gur beartas "casta" a bheadh ann. Yesterday, Sinn Féin finance spokesman Pearse Doherty accused the government of having their "head in the sand". Inné, chuir urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty i leith an rialtais go raibh a "gcloigeann sa ngaineamh acu". He accused the government of not having any strategy and that things were now "out of control" for people with a large tracking profit. Chuir sé i leith an rialtais nach raibh straitéis ar bith acu agus go raibh cúrsaí anois "as smacht" i gcás daoine a bhfuil mórgáiste rianúcháin acu. Pearse Doherty told the Dáil a story about a single parent she had contacted. D'inis Pearse Doherty scéal don Dáil faoi thuismitheoir aonair a raibh teagmháil déanta aici leis. She informed him that her wholesale payments had increased by €700 and that she is now afraid that there will be arrears on her wholesale. Chuir sí in iúl dó go raibh ardú €700 tagtha ar a híocaíochtaí mórgáiste agus go bhfuil eagla uirthi anois go mbeidh riaráistí ar a mórgáiste.

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xr7xpmp

Contact: irishlingos@gmail.com This State's Air Corps assisting fire services in the north. Aerchór an Stáit seo ag cuidiú le seirbhísí dóiteáin ó thuaidh. This State's Air Corps is helping the Northern fire services put out a major blaze in Co Antrim. Tá Aerchór an Stáit seo ag cuidiú leis na seirbhísí dóiteáin sa Tuaisceart falscaí mhór i gCo Aontroma a mhúchadh. The Air Force is pouring thousands of liters of water on the large fire in Glenairamh in north Antrim. Tá an tAerchór ag doirteadh na mílte lítear uisce anuas ar an tine mhór i nGleann Aireamh i dtuaisceart Aontroma. The starting line of the fire is about a kilometer long. Thart ar chiliméadar ar a fhad atá líne thosaigh na tine. It was announced yesterday evening that the fire was out of control and approximately 80 firemen have been trying to put it out since then. Is tráthnóna inné a fógraiodh go raibh an tine imithe ó smacht agus tá tuairim is 80 oibrí dóiteáin ó ag iarraidh í a mhúchadh ó shin. Northern Fire Service senior officer Paul Harper said they had formally asked the Air Corps team to assist them given the size of the fire. Dúirt oifigeach sinsearach i Seirbhís Dóiteáin an Tuaiscirt Paul Harper go raibh iarrtha acu go foirimiúil ar fhoireann an Aerchóir cuidiú leo i bhfianaise chomh mór agus a bhí an tine. It is thought that the fire will continue to burn for the next few days. Ceaptar go mbeidh ag tine ag dó go ceann cúpla lá eile. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dfjnyfk

Contact: irishlingos@gmail.com Interest rates on loans raised again by the European Central Bank. Rátaí úis ar iasachtaí ardaithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach. The European Central Bank has raised interest rates on loans to their highest level in over 20 years. Tá rátaí úis ar iasachtaí ardaithe go dtí an leibhéal is airde le corradh agus 20 bliain ag an mBanc Ceannais Eorpach. It is a 0.25% increase, the eighth increase in interest rates since last July. Ardú 0.25 faoin gcéad atá i gceist, an t-ochtú hardú ar rátaí úis ón Iúil seo caite. This latest rise takes the prime lending rate to 4% - up from 0% a year ago - and will add hundreds of euros to the annual repayments of track and variable rate mortgage holders. Fágann an t-ardú is déanaí seo gur 4 faoin gcéad atá sa phríomhráta iasachta anois – le hais 0 faoin gcéad bliain ó shin – agus cuirfidh sé na céadta euro le haisíocaíochtaí bliantúla lucht morgáistí rianúcháin agus morgáistí rátaí athraitheacha. Part of the economic strategy of the European Union is the continuous increases in interest rates in order to lower the high rate of inflation in the euro area. Cuid de straitéis eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh atá sna harduithe leanúnacha ar rátaí úis le dúil ráta ard an bhoilscithe sa limistéar euro a ísliú. According to the theory, when interest rates are raised the demand for credit decreases; and when the demand for credit decreases the rate of inflation slows. De réir na teoirice, nuair a ardaítear rátaí úis laghdaíonn an t-éileamh ar chreidmheas; agus nuair a laghdaíonn an t- éileamh ar chreidmheas moillíonn ráta an bhoilscithe. They are looking to lower the rate of inflation in the euro zone to 2%, but God bless that is still not within reach. Is ag féachaint le ráta an bhoilscithe sa limistéar euro a ísliú go dtí 2 faoin gcéad atáthar, ach níltear i bhfoisceacht go mbeannaí Dia de sin fós. The rate of inflation in the euro area as a whole last month was 6.1%, 5.4% in Ireland. 6.1 faoin gcéad a bhí i ráta an bhoilscithe sa limistéar euro trí chéile an mhí seo caite, 5.4 faoin gcéad in Éirinn. It is believed, in fact, that it will not be as low as 2% for another three years at the earliest, if at all. Creidtear, go deimhin, nach mbeidh sé chomh híseal le 2 faoin gcéad go ceann trí bliana eile ar a luaithe, má bheidh. This makes it more likely that further increases in interest rates are in store for the euro countries and that the next one may be announced next month. Fágann sin gur dóichí go bhfuil tuilleadh arduithe fós ar rátaí úis i ndán do thíortha an euro agus go mb'fhéidir gur an mhí seo chugainn féin a fhógrófar an chéad cheann eile. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27nx6pqj

Contact: irishlingos@gmail.com 155 Irish summer courses are being held in the Gaeltacht this year. 155 cúrsa samhraidh Gaeilge á reáchtáil sa Ghaeltacht i mbliana. Iriseoir Ilméán Summer courses will take place in every Gaeltacht county this summer for the first time since 2019. Iriseoir Ilmheán Beidh cúrsaí samhraidh ar siúl i ngach contae Gaeltachta an samhradh seo den chéad uair ó 2019. There have been no courses in Meath or Cork Gaeltacht for four years. Ní raibh aon chúrsaí ar siúl i nGaeltacht na Mí ná i nGaeltacht Chorcaí le ceithre bliana. 155 summer courses for young people will be held at summer colleges in the Gaeltacht this year and three outside the Gaeltacht, which is an increase of around 10% from last year. Beidh 155 cúrsa samhraidh do dhaoine óga á réachtáil ag coláistí samhraidh sa Ghaeltacht i mbliana agus trí cinn taobh amuigh den Ghaeltacht, sin méadú thart ar 10 faoin gcéad ón bhliain seo caite. According to information received by 7LÁ, 87% of them are two-week or longer courses. De réir faisnéise atá faighte ag 7LÁ, is cúrsaí coicíse nó níos faide atá in 87 faoin gcéad díobh. Minister of State for the Gaeltacht Patrick O'Donovan told 7LÁ that he "is of the opinion that the various policies announced by the Department to boost the sector this year are working well." Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O'Donovan le 7LÁ go bhfuil sé "den tuairim go bhfuil na beartais éagsúla a d’fhógair an Roinn le borradh a chur faoin earnáil i mbliana ag oibriú go maith." Almost 100 families have asked the Department of the Gaeltacht to raise the number of students they keep to a maximum of sixteen per course. Tá iarrtha ag beagnach 100 teaghlach ar Roinn na Gaeltachta an líon scoláirí a choinníonn siad a ardú go dtí sé dhuine dhéag ar a mhéad in aghaidh an chúrsa. A maximum of twelve was previously allowed. Dháréag ar a mhéad a cheadaítí roimhe seo. The summer courses are held under the Scheme of Learners of Irish. Is faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a reáchtáiltear na cúrsaí samhraidh. As evidence of the boom in matters, the Department has confirmed that 30 new families have registered with the scheme so far this year. Mar sholaoid ar an mborradh atá faoi na cúrsaí, tá sé dearbhaithe ag an Roinn go bhfuil 30 teaghlach nua cláraithe leis an scéim go dtí seo i mbliana. It was also said that applications from seven other families are currently being processed. Dúradh fosta go bhfuil iarratais ó sheacht dteaghlach eile á bpróiseáil faoi láthair. It is understood that the Department will accept applications from other families during the summer. Tuigtear go nglacfaidh an Roinn le hiarratais ó theaghlaigh eile i gcaitheamh an tsamhraidh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2crkg3tv

Contact: irishlingos@gmail.com Thunderstorms promised in Leinster, eight other counties. Léidearnach thoirní geallta i gCúige Laighean, ocht gcontae eile. Met Éireann has issued a yellow weather warning with severe thunderstorms expected across Leinster and eight other counties. Tá foláireamh buí aimsire eisithe ag Met Éireann agus léidearnach thoirní geallta ar fud Chúige Laighean agus in ocht gcontae eile. The eight counties involved are Cavan, Donegal, Leitrim, Monaghan, Waterford, Roscommon, Sligo and Tipperary. Is iad na hocht gcontae atá i gceist an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán, Port Láirge, Ros Comáin, Sligeach agus Tiobraid Árann. The warning has been in place since midday and will end at 10 o'clock tonight. Tá an foláireamh i bhfeidhm ón meán lae agus tiocfaidh deireadh leis ag 10 a chlog anocht. The heavy rain is gradually spreading south-east across those areas, say the meteorologists. Is de réir a chéile atá an bháisteach throm ag leathadh soir ó dheas trasna na gceantar sin, a deir na meitéareolaithe. It is also said that there may be chills in some places and people are advised to be studious if it rains while driving. Deirtear freisin go mb'fhéidir go mbeadh fuarlaigh i roinnt áiteanna agus táthar ag moladh do dhaoine a bheith staidéarach má thagann an fhearthainn orthu agus iad ag tiomáint. Meteorologists to the north have issued a similar warning. Tá foláireamh den sórt céanna eisithe ag meitéareolaithe ó thuaidh. It is in Derry, Fermanagh and Tyrone that the loudest, they say. Is i nDoire, i bhFear Manach agus i dTír Eoghain is mó a bheas an chlagarnach, a deir siad. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25opc26x

Contact: irishlingos@gmail.com Irish Plan for Béal an Mhuirthead to be drafted. Plean Gaeilge le haghaidh Bhéal an Mhuirthead le dréachtú. Minister of State for the Gaeltacht Patrick O'Donovan has announced that an Irish language plan is planned for Béal an Mhuirthead, Co Mayo, as part of the language planning process. Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O'Donovan go bhfuil plean teanga Gaeilge beartaithe le haghaidh Bhéal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo, mar chuid den phróiseas pleanála teanga. To that end, said the Minister, Údarás na Gaeltachta will begin immediately to find and appoint an appropriate organization to formulate and implement the plan. Chuige sin, a dúirt an tAire, cuirfidh Údarás na Gaeltachta tús láithreach le heagraíocht chuí a aimsiú agus a cheapadh leis an bplean a chur i dtoll a chéile agus a chur i bhfeidhm. In a press release, Patrick O'Donovan indicated that the Department of the Gaeltacht would provide funding to support the costs involved in drafting the plan as well as an annual allocation of €100,000 for its implementation. I bpreasráiteas, thug Patrick O'Donovan le fios go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta maoiniú ar fáil leis na costais a bhainfeas le dreachtú an phlean a sheasamh chomh maith le hallúntas bliantúil de €100,000 lena fheidhmiú. A Language Planning Officer will be hired as part of the plan, it was said. Fóstófar Oifigeach Pleanála Teanga mar chuid den phlean, a dúradh. Organizations wishing to take on the task have until the end of this month to apply. Tá go dtí deireadh na míosa seo ag eagraíochtaí ar mian leo an cúram a thógáil orthu féin cur isteach air. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2c3zxmd6

Contact: irishlingos@gmail.com Goods stolen from 55% d Earraí goidte ó 55 faoin gcéad d'fheirmeoirí na tíre – suirbhé nua. The results of a survey published today indicate that goods have been stolen from more than half of the country's farmers in recent years. Tugtar le fios i dtorthaí suirbhé a foilsíodh inniu gur goideadh earraí ó bhreis agus leath d'fheirmeoirí na tíre ar na blianta déanacha. 79% of those farmers sent a report to the Gardaí, according to the survey, but the rest thought it was not worth it. Chuir 79 faoin gcéad de na feirmeoirí sin scéal chuig na Gardaí, de réir an tsuirbhé, ach cheap an chuid eile nárbh fhiú. The stolen material was only recovered in 11% of cases, it is said. Ní bhfuarthas ar ais an t-ábhar a goideadh ach in 11 faoin gcéad de chásanna, a deirtear. 1,333 farmers took part in the survey carried out by criminologists from Dublin University of Technology in collaboration with the United Farmers of Ireland between July and November last year. 1,333 feirmeoir a ghlac páirt sa suirbhé a rinne coireolaithe ó Ollscoil Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann idir mí Iúil agus mí na Samhna anuraidh. 55% of them indicated that equipment, machinery, tools and fuel were the most stolen items from them. Thug 55 faoin gcéad acu le fios gur trealamh, innealra, uirlisí agus breosla na hábhair ba mhó a goideadh uathu. Eleven of them said guns were stolen from them. Dúirt aon duine dhéag acu gur goideadh gunnaí uathu. According to their establishment, stricter laws are urgently needed to combat theft from farms and they believe that the courts are too soft on offenders. Dar lena mbunáite go bhfuil géarghá le dlíthe níos déine le dul i ngleic le gadaíocht ó fheirmeacha agus creideann siad go bhfuil na cúirteanna róbhog le ciontóirí. 42% of the farmers wanted a special unit to be established in the Garda Síochana to address the problem. Ba mhian le 42 faoin gcéad de na feirmeoirí go mbunófaí aonad speisialta sa Gharda Síochana chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb. The researchers themselves recommend making grants available to farmers to implement security policies on their farms. Molann na taighdeoirí iad féin deontais a chur ar fáil d'fheirmeoirí le beartais slándála a chur i bhfeidhm ar a bhfeirmeacha. It was said that only one third of farmers have alarms in their homes, and that only 5% have alarms in their sheds and barns. Dúradh nach bhfuil aláraim ina dtithe ach ag aon trian d'fheirmeoirí, agus nach bhfuil aláraim ina gcuid bothán agus scioból ach ag 5 faoin gcéad acu. Very few of them, it was said, have security cameras. Is fíorbheagán acu, a dúradh, a bhfuil ceamaraí slándála acu. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28hg3vjc

Contact: irishlingos@gmail.com Number of cancer cases in 2021 lower than expected. Líon cásanna ailse in 2021 níos ísle ná mar a bhí súil leis. The National Cancer Registry has revealed that cancer diagnosis services have been disrupted during 2021 due to the Covid-19 pandemic. Tá sé tugtha le fios ag an gClárlann Náisiúnta Ailse gur cuireadh as do sheirbhísí diagnóisithe ailse le linn na bliana 2021 mar gheall ar an bpaindéim covid 19. According to preliminary figures provided by the Registry, the number of cancer cases diagnosed in 2021 was 6% lower than expected. De réir réamhfhigiúirí atá curtha ar fáil ag an gClárlann, bhí an líon cásanna ailse a diagnóisíodh in 2021 6 faoin gcéad níos ísle ná mar a bhí súil leis. Above all other types of cancer, the number of cases of pancreatic cancer and kidney cancer were not diagnosed as expected due to the restrictions on services during 2021, it was said. Thar aon chineálacha eile ailse, níor diagóisníodh an líon cásanna d'ailse phaincréasach agus ailse dhuánach agus a bheifí ag súil leis mar gheall ar na srianta a bhí ar sheirbhísí i gcaitheamh 2021, a dúradh. It was also revealed that 1,665 cases of cancer were diagnosed in 2021. Tugadh le fios chomh maith gur 1,665 cás ailse a diagnóisíodh in 2021. For 2020, the number of cases of colorectal cancer, breast cancer and cervical cancer was not diagnosed as expected, it was said. Maidir le 2020, níor diagnóisíodh an líon cásanna d'ailse cholaireicteach, ailse brollaigh agus ailse ceirbheacs agus a bheifí ag súil leis, a dúradh. Rachel Morrough from the Irish Cancer Society said that the information provided today shows that cancer testing services can be increased in a condition and that the disease can be diagnosed in time and in exceptional circumstances such as a pandemic. Dúirt Rachel Morrough ó Chumann Ailse na hÉireann go léiríonn an fhaisnéis a cuireadh ar fáil inniu gur mithid cur le seirbhísí tástála ailse i riocht agus gur féidir an galar a dhiagnóisiú in am agus i gcúinsí eisceachtúla cosúil le paindéim. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2a8l2brr

Contact: irishlingos@gmail.com Dam failure in Ukraine: "42,000 people at risk". Bearnú damba san Úcráin: "42,000 duine i mbaol". It is estimated that around 42,000 people in Ukraine are at risk from the explosion of water that has leaked into them since a dam on the Dnieper River in the south of the country was breached early yesterday morning. Meastar thart ar 42,000 duine san Úcráin a bheith i mbaol ón maidhm uisce atá sceite isteach orthu ó bearnaíodh damba ar Abhainn na Dnípire i ndeisceart na tíre go moch ar maidin inné. It is believed that bombs pierced the dam next to the city of Nova Kakhovka on the east bank of the Dnieper which is held by Russian forces. Glactar leis gur le buamaí a polladh an damba taobh le cathair Nova Kakhovka ar bhruach thoir na Dnípire atá ina seilbh ag fórsaí Rúiseacha. The Russians and Ukrainians are blaming each other for the bombing, however. Tá na Rúisigh agus na hÚcránaigh ag cur an mhilleáin ar a chéile faoin mbuamáil, áfach. There has been a lot of speculation for some time about a counter-attack being planned by the Ukrainians in the area and it is said that the water may have been leaked to take away the walk. Tá neart údramála ann le tamall faoi fhrithionsaí a bheith á bheartú ag na hÚcránaigh sa cheantar agus deirtear go mb'fhéidir gur sceitheadh an t-uisce leis an siúl a bhaint díobh. On the other hand, it is said that it may have been an attempt to send the Russians running clockwise to distract them from the counter-attack. Ar an láimh eile de, deirtear go mb'fhéidir gur iarracht a bhí ann na Rúisigh a chur ag rith deiseal agus treiseal lena n-aire a tharraingt ón bhfrithionsaí. It is the same situation, however, for the hundreds of thousands of people in the region whose needs are left unmet, whether in the area controlled by the Russians or in the area held by Ukrainian forces. Is é an cás céanna é, ámh, do na céadta míle duine sa réigiún atá fágtha gan riar a riachtanais, bídís sa cheantar a bhfuil smacht ag na Rúisigh air nó sa cheantar atá ina seilbh ag fórsaí na hÚcráine. The United Nations says there is no fresh water to drink, food supplies have been destroyed, livestock has been lost and thousands of people have abandoned their towns since the land was flooded. Deir na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil aon fhíoruisce le n-ól ann, go bhfuil soláthairtí bia millte, go bhfuil beostoc caillte agus go bhfuil na mílte duine tar éis a mbailte a thréigean ó báthadh an talamh. In that one, according to a news agency in Russia, at least seven people are missing. Ina cheann sin, dar le gníomhaireacht nuachta sa Rúis go bhfuil seachtar ar a laghad ar iarraidh. In the city of Kherson, located 60 kilometers downriver from the dam, citizens are wading through knee-high water – and even higher in places – as they try to save their remains. I gcathair Kherson, atá suite 60 ciliméadar síos an abhainn ón damba, tá saoránaigh ag maoscal tríd an uisce atá chomh hard lena nglúine – agus níos airde fós in áiteanna – agus iad ag féachaint lena n- iarmhais a shábháil. It is estimated that the flood will begin to subside today, but its footprint will of course last for a long time. Meastar go dtosóidh an tuile ag trá inniu, ach mairfidh a lorg go ceann i bhfad dar ndóigh. RTÉ News and Current Affairs People in the city of Kherson waiting for a funeral, 7 June 2023 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Daoine i gcathair Kherson ag fanacht le hiomlacht, 7 Meitheamh 2023

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ne6efuc

Contact: irishlingos@gmail.com

New rules regarding the use of nursing homes for refugees.

Rialacha nua i dtaca le tithe altranais a úsáid do theifigh.

The Government has ended the restriction on using private nursing homes to provide accommodation for refugees.

Tá deireadh curtha ag an Rialtas leis an srian a bhí ann tithe altranais príobháideacha a úsáid le cóiríocht a chuir ar fáil do theifigh.

Under the new rules set out by the Government, nursing homes must be closed for 2 years before asylum seekers or people fleeing the war in Ukraine can be placed in them.

Faoina rialacha nua atá leagtha amach ag an Rialtas, ní mór do thithe altranais a bheith dúnta 2 bhliain sular féidir lucht iarrtha tearmainn nó daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin a chur iontu.

It appears that private nursing homes were being closed and reopened to accommodate refugees.

Is cosúil go raibh tithe altranais príobháideacha á ndúnadh agus á n-oscailt arís le lóistín a chur ar fáil do theifigh.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2juokusr

Contact: irishlingos@gmail.com

EPA saying climate targets will not be met.

EPA ag rá nach mbainfear amach spriocanna aeráide.

‘This country will not meet or risk meeting its goals by 2030 in terms of reversing climate change unless significant changes are implemented’ says the Environmental Protection Agency (EPA).

‘Ní bhainfidh an tír seo amach a cuid spriocanna ná baol air faoi 2030 i dtaca le hathrú na haeráide a chur ar gcúl mura gcuirtear athruithe suntasacha i bhfeidhm’ a deir an Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil (EPA).

‘If the policies and policies in relation to combating climate change are fully implemented as currently laid down, there would be a 29% reduction in greenhouse gas emissions by the year 2030’ says the organisation.

‘Má chuirtear na polasaithe agus na beartais i dtaca le dul i ngleic leis an athrú aeráide i bhfeidhm go hiomlán mar atá leagtha síos faoi láthair,is 29 faoin gcéad de laghdú a thiocfadh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030’ a deir an eagraíocht.

51% is the legal target.

51 faoin gcéad an sprioc atá ann de réir dlí.

The EPA says that all sectors must make comprehensive and rapid reductions in their emissions and greenhouse gases.

Deir an EPA go gcaithfidh gach earnáil laghdú cuimsitheach a dhéanamh go tapa maidir lena gcuid astaíochtaí agus gásanna nimhneacha.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zj22jvn

Contact: irishlingos@gmail.com

Man from Spidéal in court over cocaine shipment.

Fear ón Spidéal os comhair cúirte faoi lastas cocaoin.

A man from An Spidéal in County Galway was brought before the Galway District Court today charged with a cocaine shipment, worth €106,000, found in a house in Spidéal.

Tugadh fear as An Spidéal i gContae na Gaillimhe os comhair Chúirt Dúiche na Gaillimhe inniu agus é cúisithe maidir le lastas cócaoin, luach €106,000 a fuarthas i dteach sa Spidéal.

Judge Brendan O’Reilly said he was willing to let Niall Conneely out on bail but there would be certain conditions.

Dúirt an Breitheamh Brendan O’Reilly go raibh sé sásta Niall Conneely a ligean amach ar bannaí ach go mbeadh coinníollacha áirithe i gceist.

Niall Conneely, whose home address is Sídhéán ar an Spidéal, was present at a special sitting of the court today.

Bhí Niall Conneely, a bhfuil Sídheán ar an Spidéal, mar sheoladh baile aige, i láthair ag suí speisialta de chuid na cúirte inniu.

He was arrested yesterday when a cocaine shipment worth €106,000 was found in a residence in the town.

Gabhadh inné é nuair a fuarthas lastas cócaoin ar luach €106,000 i dteach cónaithe ar an mbaile.

Detective Constable Peter Naughton, who arrested and charged Niall Conneely yesterday, said that he was willing to accept the bail terms proposed by Solicitor Brian Gilmartin, bails to the value of €20,000, but that certain conditions had to be attached to them .

Dúirt an Bleachtaire Peter Naughton, a ghabh agus a chúisigh Niall Conneely inné, go raibh sé sásta glacadh le téarmaí na mbannaí a bhí á moladh ag an Aturnae Brian Gilmartin, bannaí ar luach €20,000, ach go gcaithfeadh coinníollacha áirithe a bheith ag baint leo.

Judge Brendan O’Reilly accepted the recommended bail terms.

Ghlac an Breitheamh Brendan O’Reilly le téarmaí na mbannaí a bhí á moladh.

The following conditions will apply to the arrangement.

Bainfidh na coinníollacha seo a leanas leis an socrú.

Niall Conneely will have to give the guards a contact number and be willing to answer the phone at any time during the day or night.

Beidh ar Niall Conneely uimhir theagmhála a thabhairt do na gardaí agus a bheith sásta an guthán a fhreagairt am ar bith i gcaitheamh an lae nó istoíche.

He will have to sign in at the Garda Station in Beach Road every Monday, Wednesday and Saturday from now on.

Beidh air síniú isteach ag Stáisiún na nGardaí i mBóthar na Trá gach Luan, Céadaoin agus Satharn as seo amach.

He was asked to hand over his passport to the Gardaí and not to interfere with travel documents.

Iarradh air a phas a thabhairt do na Gardaí agus gan cur isteach ar cháipéisí taistil.

In addition, Niall Conneely will have to remain clean of intoxicants, remain at his home address and inform the Gardai if there is any change in that address.

Ina theannta sin, beidh ar Niall Conneely fanacht glan ó ábhar meisciúil, fanacht ina sheoladh baile agus na Gardaí a chur ar an eolas má thagann aon athrú ar an seoladh sin.

Judge Brendan O’Reilly recommended that Niall Conneely pay the court a sum of €10,000 in cash, but he was willing to reduce that sum to €5000 at the request of Solicitor Brian Gilmartin, who said he would not be able to afford it. by Niall Conneely to pay the full amount by next week.

Mhol an Breitheamh Brendan O’Reilly go ndéanfadh Niall Conneely suim €10,000 a íoc leis an gcúirt in airgead tirim, ach bhí sé sásta an tsuim sin a laghdú go €5000 ar iarratas ón Aturnae Brian Gilmartin, a dúirt nach mbeadh sé d’acmhainn ag Niall Conneely an méid iomlán a íoc faoin tseachtain seo chugainn.

Niall Conneelly will appear before the District Court again in Galway on June 7.

Beidh Niall Conneelly os comhair na Cúirte Dúiche arís sa Ghaillimh ar an 7 Meitheamh.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2kwyplkr

Contact: irishlingos@gmail.com

A man arrested after the raid carried out by gardaí yesterday in DAC.

Fear gafa i ndiaidh na ruathar a rinne gardaí inné i mBÁC.

A man in his forties has been arrested by gardaí in connection with raids on homes and businesses in some areas of County Dublin yesterday.

Tá fear sna daicheadaí gafa ag na gardaí maidir le ruathair a thug siad faoi thithe cónaithe agus gnólachtaí i gceantair áirithe i gContaeBhaile Átha Cliath inné.

The raids were part of an information campaign currently being carried out by gardaí regarding criminal gangs in that county.

Bhain na ruathair le feachtas faisnéise atá ag gardaí faoi láthair maidir le buíonta coirpeach sa chontae sin.

Among the areas which came under the shadow of this inquiry yesterday were Leamhcan, Finglas, Castle of Cnucha and Ballyronan.

I measc na gceantar a tháinig faoi scáth an fhiosrúcháin seo inné bhí Leamhcán,Fionnghlas,Caisleán Cnucha agus Baile Uí Rónáin.

Guards managed to recover a significant amount of drugs as well as €200,000 in cash, ammunition, stolen motorbikes, mobile phones and laptops.

D’éirigh le gardaí theacht ar lear suntasach drugaí chomh maith le €200,000 in airgead tirim,armlóin,gluaisrothair a bhí goidte,fóin póca agus ríomhairí glúine.

Money taken by the guards during the raid yesterday

Airgead a thóg na gardaí le linn na ruathar inné

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2pfsww4a

Contact: irishlingos@gmail.com

“Garda Síochána Ombudsman needs staff, resources”.

“Foireann, acmhainní de dhíth ar Ombudsman an Gharda Síochána”.

The head of the Garda Síochána Ombudsman Commission, Judge Rory MacCabe, has revealed that the organization does not have sufficient staff or other resources to properly investigate allegations of Garda misconduct.

Tá sé tugtha le fios ag ceannasaí Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána an Breitheamh Rory MacCabe nach bhfuil dóthain foirne ná acmhainní eile ag an eagraíocht le líomhaintí faoi mhí-iompar Gardaí a fhiosrú i gceart.

The Commission is due to cease this year and a brand new institution called the Police Ombudsman Office is to be established in its place.

Tá an Coimisiún le scor amach sa bhliain agus tá foras úrnua dá ngairfear Oifig Ombudsman na bPóilíní le bunú ina áit.

Currently, the Commission has an annual budget of €16.67 million and employs 170 people.

Faoi láthair, tá buiséad bliantúil de €16.67 milliún ag an gCoimisiún agus tá 170 duine fostaithe ann.

According to Judge MacCabe, however, both the budget and the number of staff should be doubled when the Police Ombudsman Office is established.

Dar leis an mBreitheamh MacCabe, áfach, nár mhór an buiséad agus an líon foirne araon a dhúbailt nuair a bhunófar Oifig Ombudsman na bPóilíní.

The judge also criticized the legislation under which the new office will be established.

Cháin an breitheamh freisin an reachtaíocht faoin mbunófar an oifig nua.

He said the legislation is inconsistent with the principle of civilian oversight set out in the Commission’s report on the Future of Policing in Ireland in 2018.

Dúirt sé nach dtagann an reachtaíocht le prionsabal na maoirseachta sibhialta a leagadh amach i dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn in 2018.

If the legislation is not amended, said Judge MacCabe, the Minister of Justice will be too involved in the affairs of the new office.

Mura ndéanfar leasú ar an reachtaíocht, arsa an Breitheamh MacCabe, beidh baint rómhór ag an Aire Dlí agus Cirt le gnóthaí na hoifige nua.

He indicated in fact that he believed the new office would be weaker than the current Commission.

Thug sé le fios go deimhin gur chreid sé go mbeadh an oifig nua níos laige ná mar atá an Coimisiún faoi láthair.

Attention beyond the general public is being focused on the work of the Commission at the moment due to several controversies that have arisen recently.

Tá aird thar an gcoitiantacht á díríú ar obair an Choimisiúin i láthair na huaire mar gheall ar roinnt conspóidí a tháinig chun cinn le gairid.

One of them is the decision to charge a Garda in relation to a road rage incident in which three criminals were killed.

Ceann acu is ea an cinneadh Garda a chúiseamh maidir le brúscán bóthair inar maraíodh triúr coirpeach.

The latest figures show that the Garda Síochána Ombudsman Commission received 1,826 complaints from the public last year.

Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuair Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána 1,826 gearán ón bpobal anuraidh.

The basis of the allegations related to the misconduct of Gardai when arresting people; to do mischief in people; and the ineffectiveness of their work.

Bhain bunáite na líomhaintí le mí-iompar Gardaí agus daoine á ngabháil acu; neamart a dhéanamh i ndaoine; agus mí-éifeacht a gcuid oibre.

The Commission found that more than half of the complaints were well founded.

Chinn an Coimisiún go raibh bun le breis agus leath na ngearán.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2lmlcxzk

Contact: irishlingos@gmail.com

“There is no basis for waiting three days before having an abortion”.

“Gan aon bhun le fanacht trí lá sula ndéantar ginmhilleadh”.

Major amendments should be made to the legislation regarding abortion, according to the person who chaired the recent review of abortion services in this country.

Ba chóir leasuithe móra a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le ginmhilleadh, dar leis an té a bhí ina cathaoirleach ar an athbhreithniú a rinneadh le gairid ar sheirbhísí ginmhillte sa tír seo.

Among these reforms, Dr Marie O’Shea recommends getting rid of the obligation to wait three days before having an abortion.

I measc na leasuithe sin, molann an Dr Marie O’Shea fáil réidh leis an oibleagáid fanacht trí lá sula ndéantar ginmhilleadh.

Dr O’Shea gave an account of the contents of the review to members of the Oireachtas Committee for Health today.

Thug an Dr O’Shea cuntas ar a bhfuil san athbhreithniú do chomhaltaí den Choiste Oireachtais um Shláinte inniu.

She told them that the Government must show strong leadership and courage to implement the changes needed.

Dúirt sí leo nár mhór don Rialtas ceannasaíocht láidir agus misneach a léiriú leis na hathruithe a theastaíonn a chur i bhfeidhm.

When the review was presented to the Government last month, Taoiseach Leo Varadkar indicated that the operational changes recommended in it would be implemented immediately.

Nuair a cuireadh an t-athbhreithniú faoi bhráid an Rialtais an mhí seo caite, thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios go gcuirfí i bhfeidhm láithreach na hathruithe oibríochtúla a mholtar ann.

He said, however, that the amendments to the legislation proposed there would have to be submitted to the Oireachtas Committee for Health and the Health Service Executive.

Dúirt sé, áfach, go gcaithfí na leasuithe ar an reachtaíocht a mholtar ann a chur faoi bhráid Choiste Oireachtais um Shláinte agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Speaking at a hearing of that committee today, Dr O’Shea said that women who are entitled to an abortion in this country are going abroad to get it.

Ag labhairt di ag éisteacht den choiste sin inniu, dúirt an Dr O’Shea go bhfuil mná atá i dteideal ginmhilleadh a fháil sa tír seo ag dul thar lear lena fháil.

It is because abortion services are often not available within twelve weeks – the legal time limit – that these women have to go to other countries, she said.

Is de bhrí nach bhfuil fáil go minic ar sheirbhísí ginmhillte taobh istigh de dhá sheachtain déag – an teorainn ama dhlíthiúil – a chaithfeas na mná sin dul chuig tíortha eile, arsa sí.

Dr O’Shea also drew attention to the dysfunctionality, in her view, of the obligation to wait three days before an abortion is performed.

Tharraing an Dr O’Shea aird freisin ar an mífheidhmiúlacht, dar léi, a bhaineann leis an oibleagáid fanacht trí lá sula ndéantar ginmhilleadh.

There is no medical or legal basis for that obligation, she said, and there is no evidence that women benefit from it.

Níl bun leighis ná dlíthiúil leis an oibleagáid sin, a dúirt sí, agus níl aon fhianaise ann go mbaineann mná aon tairbhe as.

Also, because abortion services are not available 365 days a year, she says, it often turns the three-day wait into a four- or five-day stay.

Chomh maith leis sin, mar gheall nach bhfuil fáil ar sheirbhísí ginmhillte 365 lá sa bhliain, ar sí, fágann sé go mbíonn an fanacht trí lá ina fhanacht ceithre lá nó cúig lá go minic.

The review recommends that more abortion services be made available throughout the country in general.

Moltar san athbhreithniú níos mó seirbhísí ginmhillte a chur ar fáil ar fud na tíre go ginearálta.

It is said that there are places in the country that are not well served and women in those places have to travel a long way to access abortion services.

Deirtear go bhfuil áiteanna sa tír nach ndéantar freastal maith orthu agus go gcaithfidh mná sna háiteanna sin turas fada a dhéanamh le teacht ar sheirbhísí ginmhillte.

Currently, 422 centers in the community and eleven of the nineteen maternity hospitals provide abortion services.

Faoi láthair, is 422 ionad sa phobal agus aon cheann déag de na naoi n-ospidéal máithreachais déag a chuireann seirbhísí ginmhillte ar fáil.

The review also calls for the number of family doctors in the country to be increased to 6,000 so that more information is available to women about abortion services.

Iarrtar san athbhreithniú freisin an líon dochtúirí teaghlaigh sa tír a mhéadú go 6,000 le go mbeadh tuilleadh eolais ar fáil ag mná faoi sheirbhísí ginmhillte.

In that one, it is recommended to allow abortion after twelve weeks in certain circumstances and not to threaten doctors with the law in the future.

Ina cheann sin, moltar ginmhilleadh a cheadú tar éis dhá sheachtain déag i gcúinsí áirithe agus gan an dlí a bhagairt ar dhochtúirí feasta.

It also calls for a legal ban on health care workers giving misleading information to women and says that nurses and midwives should be more involved in providing an abortion service.

Iarrtar freisin cosc dlíthiúil a chur ar oibrithe cúraim sláinte eolas míthreorach a thabhairt do mhná agus deirtear gur cheart baint níos mó a bheith ag altraí agus mná cabhrach le seirbhís ginmhillte a chur ar fáil.

Marie O’Shea is a barrister and former consultant obstetrician.

Is abhcóide agus iarchnáimhseoir comhairleach í Marie O’Shea.

RTÉ News and Current Affairs Abortion services under discussion by politicians

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Seirbhísí ginmhillte faoi chaibidil ag polaiteoirí

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2epp2s3h

Contact: irishlingos@gmail.com

500 new jobs to be provided by a wind energy company.

500 post nua le cur ar fáil ag comhlacht fuinnimh gaoithe.

The body is Gavin

Tá an comhlacht Gavin & Doherty Geosolutions (GDG) le 500 post nua le cur ar fáil as seo go ceann cúig bliana.

The main business of the company is to advise organizations and provide them with services regarding wind energy in the open sea.

Is é príomhghnó an chomhlachta comhairle a chur ar eagraíochtaí agus seirbhísí a chur ar fáil dóibh maidir le fuinneamh gaoithe san fharraige amuigh.

GDG is to establish a new engineering hub to meet the current national and international demand for wind energy services, which requires highly skilled workers.

Tá GDG le mol nua innealtóireachta a bhunú le freastal ar an móréileamh náisiúnta agus idirnáisiúnta a deirtear atá ar sheirbhísí fuinnimh gaoithe faoi láthair agus teastaíonn oibrithe ardscileanna lena aghaidh.

People who are qualified in engineering analysis, numerical modeling and design in the sea are wanted – both new graduates and those who already have a sense of these fields.

Daoine atá cáilithe in anailís innealtóireachta, i samhaltú uimhriúil agus i ndearadh san fharraige atá uathu – idir chéimithe núíosacha agus dream a bhfuil ciall do na réimsí sin acu cheana féin.

GDG is headquartered in Dublin and the company also has offices in Belfast and Cork.

Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú GDG agus tá oifigí ag an gcomhlacht i mBéal Feirste agus i gCorcaigh freisin.

The company pointed out that the wind energy business is booming because of the legal obligation that countries around the world have to reduce carbon emissions.

Thug an comhlacht le fios go borradh faoin ngnó fuinnimh gaoithe mar gheall ar an oibleagáid dhlíthiúil atá ar thíortha ar fud an domhain astaíochtaí carbóin a laghdú.

Minister for Enterprise, Trade and Employment Simon Coveney welcomed the news that the company is to provide 500 new jobs.

Chuir an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Simon Coveney fáilte roimh an scéála go bhfuil an comhlacht le 500 post nua a chur ar fáil.

He said the new engineering hub would help this country become carbon neutral by the year 2050, as planned by the Government.

Dúirt sé go gcuideodh an mol nua innealtóireachta leis an tír seo a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoin mbliain 2050, mar atá beartaithe ag an Rialtas.

The Industrial Development Agency is providing financial support for the new proposal.

Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail ag cur tacaíocht airgeadais ar fáil don togra nua.

In a study carried out by GDG and published last month, it was said that the Government should invest in the country’s ports without delay to provide a way for the development of wind energy in the open sea.

I staidéar a rinne GDG agus a foilsíodh an mhí seo caite, dúradh nár mhór don Rialtas infheistiú i gcalafoirt na tíre gan mhoill le caoi a sholáthar d’fhorbairt fuinnimh gaoithe san fharraige amuigh.

Either that or overseas ports could give Ireland an advantage, the study claimed.

É sin nó d’fhéadfadh calafoirt thar lear buntáiste a bhreith ar Éirinn, a maíodh sa staidéar.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2g9krlz3

Contact: irishlingos@gmail.com

Census 2022: 20,261 daily speakers of Irish in the Gaeltacht.

Daonáireamh 2022: 20,261 cainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht.

There were 20,261 daily speakers of Irish in the Gaeltacht last year, according to information from the 2022 Census published by the Central Statistics Office today.

Bhí 20,261 cainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht anuraidh, de réir faisnéise ó Dhaonáireamh 2022 a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu.

That’s a 1.6% decrease from the 2016 Census.

Sin laghdú 1.6 faoin gcéad ó Dhaonáireamh 2016.

People who spoke Irish outside the education system were involved.

Daoine a labhair Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a bhí i gceist.

The situation was not the same in every Gaeltacht area.

Ní mar a chéile a bhí an scéal i ngach ceantar Gaeltachta.

It is said that the number of daily Irish speakers rose by almost 9% in the Rinne Gaeltacht and 4% in the Kerry Gaeltacht.

Deirtear gur ardaigh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge beagnach 9 faoin gcéad i nGaeltacht na Rinne agus 4 faoin gcéad i nGaeltacht Chiarraí.

In relation to the State as a whole, it is said that almost 1.9 million people over the age of three spoke Irish in 2022, which is a 6% increase from 2016.

I dtaca leis an Stát trí chéile de, deirtear go raibh Gaeilge ag beagnach 1.9 milliún duine os cionn trí bliana d’aois in 2022, ar ardú 6 faoin gcéad é ó 2016.

One in ten respondents reported that they had “very good Irish” and one third of them reported that they had “good Irish”.

Thuairiscigh duine as gach deichniúr acusan go raibh “Gaeilge an-mhaith acu” agus thuairiscigh aon trian díobh agus go raibh “Gaeilge mhaith” acu.

It is also said that over 620,000 people reported that they spoke Irish daily in the education system or outside of it.

Deirtear chomh maith gur thuairiscigh os cionn 620,000 duine gur labhair siad Gaeilge go laethúil sa chóras oideachais nó taobh amuigh de.

70,000 of them said they spoke it daily outside the education system, which is a 2% decrease compared to the 2016 Census.

70,000 acu a dúirt gur labhair siad í go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, ar laghdú 2 faoin gcéad é sin i gcomparáid le Daonáireamh 2016.

The figures published today contain significant information, according to sociolinguist Professor Conchúr Ó Giollagáin from the University of the Gaeltacht and the Islands in Scotland.

Tá faisnéis shuntasach sna figiúirí a foilsíodh inniu, dar leis an sochtheangeolaí an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin ó Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán in Albain.

“Regarding the reduction in the number of daily Irish speakers outside the education system in the Gaeltacht, it will be important to further refine the detailed statistics when they come out, but nevertheless it is another indication of how unstable the Gaeltacht is contemporary.

“Maidir leis an laghdú ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla taobh amuigh den chóras oideachais sa nGaeltacht, beidh sé tábhachtach scagadh breise a dhéanamh ar na mionstaitisticí nuair a thagann siad amach, ach mar sin féin is léiriú eile é ar a mhísheasmhaí agus atá an Ghaeltacht chomhaimseartha.

“At the level of Language Planning Areas in the Gaeltacht, a mixed account is given in the case of the areas in Category A but a very significant drop in the case of some of the areas in Category B.

“Ag leibhéal na Limistéar Pleanála Teanga sa nGaeltacht, tugtar cuntas measctha i gcás na gceantar i gCatagóir A ach titim thar a bheith suntasach i gcás cuid de na ceantair i gCatagóir B.

“It seems that the new question about people’s ability to speak Irish reflects the effect of the education system and is not really a reflection of fluent Irish speaking.

“Is dóigh go léiríonn an cheist nua faoin gcumas Gaeilge atá daoine éifeacht an chórais oideachais agus nach léiriú é i ndáiríre ar labhairt líofa na Gaeilge.

For example, in the case of three- and four-year-old boys, 7.5% of this age group are reported to have very good Irish.

Mar shampla, i gcás na ngasúr trí bliana agus ceithre bliana d’aois, tuairiscítear Gaeilge an-mhaith a bheith ag 7.5 faoin gcéad den aoisghrúpa seo.

This figure can be compared to the number of pupils who are at school in the Gaeltacht or Gaelscoil.

Tá an figiúr seo inchurtha le líon na ndaltaí atá ar scoil sa Ghaeltacht nó i nGaelscoil.

“The number of people who claim to have an ability in Irish has been relatively stable since 2011, around 40% of the State’s population.

“Tá líon na ndaoine a mhaíonn go bhfuil cumas sa nGaeilge acu réasúnta seasmhach ó 2011 ar aghaidh, thart ar 40 faoin gcéad de dhaonra an Stáit.

But it is well understood that 40% of the population could not be talented in Irish and it is clear that some of these people are talking about the symbolic importance that Irish has for them.”

Ach tuigtear go maith nach bhféadfadh 40 faoin gcéad den daonra a bheith cumasach sa nGaeilge agus is léir go bhfuil cuid de na daoine seo ag caint ar an tábhacht shiombalach atá ag an nGaeilge dóibh.”

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2px3uezo

Contact: irishlingos@gmail.com

Farmer dissatisfaction – gaps in Connemara Greenway.

Míshásamh feirmeora – bearnaí i mBealach Glas Chonamara.

There are separate sections of the Green Way between Sraith Salach and Clochán in Co Galway that have not yet been completed and a farmer in the area tells Nuacht TG4 with RTÉ that he is not happy that the Green Way would be on his land.

Tá píosaí ar leith den Bhealach Glas idir Sraith Salach agus an Clochán i gCo na Gaillimhe nach bhfuil críochnaithe fós agus deir feirmeoir san áit le Nuacht TG4 le RTÉ nach bhfuil sé sásta go mbeadh an Bealach Glas ar a chuid talún.

Once built it is set to be a 72 kilometer greenway between Galway City and the north west coast of Connemara.

Nuair a bheidh sé tógtha tá sé i gcesit slí ghlas 72 ciliméadar a bheith idir Cathair na Gaillimhe agus cósta thiar-thuaidh Chonamara.

It has been many years since the County Council received planning permission for the route from Clochan to Uchter Ard – approximately 32 kilometres.

Blianta fada ó shin ó fuair Comhairle an Chontae cead pleanála don bhealach as an gClochán go hUachtar Ard – thart ar 32 ciliméadar.

But recently it has been discovered that not everyone is happy.

Ach le gairid tá sé faighte amach nach chuile dhuine atá sásta.

Gaps have been left on the Way, with no cycle and pedestrian paths built on separate patches of land.

Tá bearnaí fágtha ar an mBealach, gan slí rothaithe agus coisithe tógtha ar phaistí ar leith talún.

The owner of one of those patches of land tells the Newsroom that he loves the greenways, but that the particular road where he is, would make up half of the holding on which his cattle are.

Deir an té ar leis ceann de na paistí talún sin le Seomra na Nuachta gur breá leis na slite glasa, ach go ndéanfadh an ród ar leith san áit a bhfuil seisean dhá leith den ghabhaltas ar a bhfuil a chuid eallaigh.

He says he sought the cooperation of the County Council to find a solution but to no avail.

Deir sé gur lorg sé comhoibriú ón gComhairle Contae le theacht ar réiteach ach nach ndearna sé aon mhaith.

Darren Ó Dubhgáin will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Darren Ó Dubhgáin ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ryra9nh

Contact: irishlingos@gmail.com

The results of the Leaving Certificate will be published on Friday 25 August.

Dé hAoine 25 Lúnasa a fhoilseofar torthaí na hArdteistiméireachta.

Education Minister Norma Foley announced today that the results of the Leaving Certificate will be published on Friday 25 August.

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley inniu gur Dé hAoine 25 Lúnasa a fhoilseofar torthaí na hArdteistiméireachta.

The Minister said that it is a significant situation that the results are available so early this year compared to the years of the pandemic when their publication was delayed.

Dúirt an tAire gur cor suntasach é na torthaí a bheith ar fáil chomh luath sin i mbliana le hais bhlianta na paindéime nuair a cuireadh moill ar a bhfoilsiú.

It is said that the lack of teachers to mark the exams was the main reason for the delay.

Deirtear gur easpa múinteoirí leis na scrúduithe a mharcáil ba phríomhchúis leis an moill.

Despite the pandemic being over, it will be taken into account when marking the papers that the teaching of the students who are taking the Advanced Certificate this year was interrupted when they were in the fifth year.

Ainneoin an phaindéim a bheith thart, cuirfear san áireamh agus na páipéir á marcáil gur cuireadh isteach ar theagasc na scoláirí atá ag déanamh na hArdteiste i mbliana nuair a bhí siad sa chúigiú bliain.

The aim of this measure is that there will be no imbalance in terms of points between them and students who have taken the exams in other years and who are looking for places in third level colleges this year.

Is é is aidhm leis an mbeart seo nach mbeidh éagothroime ó thaobh pointí de idir iad agus scoláirí a rinne na scrúduithe blianta eile agus atá ag tóraíocht áiteanna i gcoláistí tríú leibhéal i mbliana.

It was also announced today that students who are not feeling well will be allowed to take the exams after everyone else has taken them.

Fógraíodh inniu chomh maith go mbeidh cead ag scoláirí nach bhfuil dóigh mhaith orthu na scrúduithe a dhéanamh tar éis do gach duine eile iad a dhéanamh.

Students who are seriously ill or who have had a family member die are concerned.

Scoláirí atá go dona tinn nó ar bhásaigh duine muinteartha leo atá i gceist.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hv4hrvj

Contact: irishlingos@gmail.com

HSE apologizes for lack of relief services.

Leithscéal gafa ag FSS faoi easpa seirbhísí faoisimh.

The head of the Health Service Executive has apologized for the lack of relief services for people with disabilities in Co Cork.

Tá leithscéal gafa ag ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin easpa seirbhísí faoisimh do dhaoine faoi mhíchumas i gCo Chorcaí.

Bernard Gloster claimed that he understands how much the situation hurts the families of the victims.

Mhaígh Bernard Gloster go dtuigeann sé cé chomh mór agus a ghoilleann an scéal ar theaghlaigh na ndaoine atá thíos leis.

The HSE has indicated that the organization does not have the capacity to provide ten respite beds for children in Co Cork as proposed by Minister of State Anne Rabbitte.

Tá sé tugtha le fios ag FSS nach bhfuil sé d’acmhainn ag an eagraíocht deich leaba faoisimh a chur ar fáil arís do leanaí i gCo Chorcaí mar atá molta ag Aire Stáit Anne Rabbitte.

According to the organization, a shortage of staff is the main cause of the evil.

Ganntanas foirne is cionsiocair leis an olc, dar leis an eagraíocht.

Bernard Gloster pointed out that there was no difficulty in recruiting workers temporarily from employment agencies but that it was necessary to ensure that they had the appropriate credentials.

Thug Bernard Gloster le fios nach raibh deacracht ar bith ag baint le hoibrithe a earcú go sealadach ó ghníomhaireachtaí fostaíochta ach go gcaithfí a chinntiú go raibh na dintiúir chuí acu.

He nevertheless promised that he would do his utmost to make the relief beds in Cork available again.

Gheall sé mar sin féin go ndéanfadh sé a sheacht ndícheall is trí fichid leis na leapacha faoisimh i gCorcaigh a chur ar fáil arís.

As a result of the crisis, 48 children with disabilities in a special school in Carrig Uí Leighin are in dire straits due to lack of relief services.

Mar sholaoid ar an ngéarchéim, tá 48 páiste faoi mhíchumas i scoil speisialta i gCarraig Uí Leighin i gcruachás de cheal seirbhísí faoisimh.

Since the school opened almost two years ago, no respite services have been provided to them and they are not on any list against them.

Ó d’oscail an scoil beagnach dhá bhliain ó shin, níor cuireadh aon seirbhísí faoisimh ar fáil dóibh agus níl siad ar aon liosta lena n-aghaidh.

In Dáil Éireann, Pearse Doherty from Sinn Féin said it is a national crisis.

I nDáil Éireann, dúirt Pearse Doherty ó Shinn Féin gur géarchéim náisiúnta atá ann.

He pointed out that there is a relief center in Co Donegal which has not been operating for three years.

Thug sé le fios go bhfuil ionad faoisimh i gCo Dhún na nGall nach bhfuil ag feidhmiú le trí bliana.

Tánaiste Micheál Martin confirmed that he had discussed the situation with parents in Carrig Uí Leighin and said that he understands the situation very well.

Dhearbhaigh an Tánaiste Micheál Martin go raibh an scéal pléite aige le tuisimitheoirí i gCarraig Uí Leighin agus dúirt go dtuigeann sé an scéal go rímhaith.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ls4shhv

Contact: irishlingos@gmail.com

Over 12,000 people living in emergency accommodation.

Os cionn 12,000 duine ag cur fúthu i lóistín éigeandála.

12,259 people were in emergency accommodation in April, which is the largest number ever recorded in the State, according to the latest information from the Housing Department.

12,259 duine a bhí ag baint fúthu i lóistín éigeandála i mí Aibreáin, arb é an líon is mó a taifeadadh riamh sa Stát é, de réir na faisnéise is deireanaí ón Roinn Tithíochta.

The Government lifted the ban on eviction of tenants on 1 April.

Chuir an Rialtas deireadh leis an gcosc a bhí ar dhíshealbhú tionóntaí ar an 1 Aibreán.

The 12,259 people who were in emergency accommodation last month include 8,665 adults and 3,594 children.

Cuimsíonn an 12,259 duine a bhí i lóistín éigeandála an mhí seo caite 8,665 duine fásta agus 3,594 leanbh.

11,988 people who were living in emergency accommodation the previous month.

11,988 duine a bhí ina gcónaí i lóistín éigeandála an mhí roimhe sin.

Wayne Stanley from the Clan Simon charity said it was important that the public did not become overwhelmed by the scale of the crisis and the figures rising every month.

Dúirt Wayne Stanley ón gcarthanas Clann Shíomóin go raibh sé tábhachtach nach n-éireodh an pobal clóite le hollmhéid na géarchéime agus leis na figiúirí a bheith ag ardú gach uile mhí.

He reminded the public that the people who rely on support organizations are extremely disturbed by the predicament they are in, as he said.

Mheabhraigh sé don phobal go bhfuil na daoine atá i gcleith le heagraíochtaí tacaíochta thar a bheith suaite ag an gcruachás a bhfuil siad ann, mar a dúirt sé.

Wayne Stanley also suggested setting up a new social infrastructure for those people so that they don’t have to spend too much time in their emergency accommodation.

Mhol Wayne Stanley freisin bonneagar úr sóisialta a chur ar bun le haghaidh na ndaoine sin ionas nach mbeidh orthu an iomarca ama a chaitheamh ina lóistín éigeandála.

The charity Threshold indicated that the situation is getting worse because the wizard landlords are leaving the sector.

Thug an carthanas Threshold le fios gur i ndonas atá an scéal ag dul de bhrí go bhfuil an draoi tiarnaí talún ag imeacht as an earnáil.

Another charity, Depaul, said the latest figures were “hugely disappointing” and “another shocking milestone”.

Dúirt carthanas eile, Depaul, gur “údar mór díomá” agus “cloch mhíle uafásach eile” atá sna figiúirí is deireanaí.

According to the chief executive of the organization David Carroll the poverty among people in emergency accommodation and the hard struggle they have with life, is like a pandemic.

Dar le príomhfheidhmeannach na heagraíochta David Carroll go bhfuil an bhochtaineacht i measc daoine i lóistín éigeandála agus an streachailt chrua atá acu leis an saol, go bhfuil sé cosúil le paindéim.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hkffeje

Contact: irishlingos@gmail.com

Alert given to the Government about accommodation for refugees.

Foláireamh tugtha don Rialtas faoi lóistín do dhídeanaithe.

The human rights organization Council of Europe has drawn attention to the lack of accommodation in this country for asylum seekers from abroad.

Tá aird tarraingthe ag an eagraíocht chearta daonna Comhairle na hEorpa ar an easpa cóiríochta sa tír seo le haghaidh iarrthóirí tearmainn ón gcoigcríoch.

The Commissioner of the Council of Europe Dunja Mijatovic has said that the situation as it is in Ireland at the moment may be in violation of the European Convention on Human Rights.

Tá sé ráite ag Coimisinéir Chomhairle na hEorpa Dunja Mijatovic go mb’fhéidir go bhfuil an scéal mar atá sé in Éirinn faoi láthair ag sárú an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine.

If refugees are unprotected from the cold and the rain and if they are hungry and in need, she said, it can be understood from their plight that they are being denied their human rights.

Má tá dídeanaithe gan chosaint ar an bhfuacht agus ar an mbáisteach agus má tá siad ocrach agus in éigean, arsa sí, tá sé le tuiscint óna gcruachás go bhfuil a gcearta daonna á séanadh orthu.

Dunja Mijatovic has asked the Government to establish a more sustainable system to ensure that accommodation is consistently available in Ireland for refugees.

Tá iarrtha ag Dunja Mijatovic ar an Rialtas córas níos inbhuanaithe a bhunú lena chinntiú go mbeidh lóistín ar fáil go seasta in Éirinn do dhídeanaithe.

According to her, the needs of refugees should be linked to the Government’s general policies in relation to social housing.

Ba cheart, dar léi, riachtanais dídeanaithe a nascadh le polasaithe ginearálta an Rialtais i dtaca le tithíocht shóisialta de.

She believes, she said, that this would alleviate the public’s concern in Ireland about the issue of refugees.

Creideann sí, a dúirt sí, go maolódh sé sin an imní atá ar an bpobal in Éirinn faoi cheist na ndídeanaithe.

In the response given by the Taoiseach to Dunja Mijatovic, he said that the people of Ireland had welcomed refugees.

Sa fhreagra a thug an Taoiseach ar Dunja Mijatovic, dúirt sé go raibh fáilte mhór curtha roimh dhídeanaithe ag muintir na hÉireann.

He also claimed that those who want to foster an interest are a small minority.

Mhaígh sé chomh maith gur mionlach beag atá sa dream atá ag iarraidh imreas a chothú.

Leo Varadkar accepted that accommodation matters are not good at the moment but said that everyone in the Government is doing their best to remedy the situation.

Ghlac Leo Varadkar leis nach bhfuil cúrsaí cóiríochta go maith faoi láthair ach dúirt sé go bhfuil gach duine sa Rialtas ag déanamh a ndíchill leis an scéal a leigheas.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2jqphomd

Contact: irishlingos@gmail.com

Meta to let go of around 490 employees in Ireland.

Meta le thart ar 490 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil.

American technology giant Meta is to let go of around 490 employees in Ireland.

Tá an t-ollchomhlacht teicneolaíochta Meiriceánach Meta le thart ar 490 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil.

Meta’s international headquarters are in Dublin and there are currently 2,600 people working for the company in this country.

Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú idirnáisiúnta Meta agus ballaíocht ar 2,600 duine atá ag obair don chomhlacht sa tír seo faoi láthair.

Full-time employees working in the finance, sales, marketing, analytics, operations and engineering departments will be laid off.

Fostaithe lánaimseartha atá ag obair sna rannóga airgeadais, díolachán, margaíochta, anailísíochta, oibríochtaí agus innealtóireachta bunáite an dreama a leagfar as obair.

It is estimated that a redundancy process will be launched shortly and that the employees affected will be consulted.

Meastar go gcuirfear próiseas iomarcaíochta sa siúl gan mhoill agus go rachfar i gcomhairle leis na fostaithe a bheas thíos leis.

In addition to Meta’s full-time employees, approximately 6,000 other people in Ireland provide contract support services to the company.

Chomh maith le fostaithe lánaimseartha Meta, cuireann tuairim is 6,000 duine eile in Éirinn seirbhísí tacaíochta ar fáil ar conradh don chomhlacht.

Meta owns the globally popular digital platforms Facebook, Instagram and WhatsApp.

Is le Meta na hardáin dhigiteacha Facebook, Instagram agus WhatsApp a bhfuil tóir ábhalmhór orthu ar fud an domhain.

Last November, the company let 11,000 employees go to different countries around the world, including 300 in this country.

I mí na Samhna seo caite, lig an comhlacht 11,000 fostaí chun siúil i dtíortha éagsúla ar fud an domhain, 300 sa tír seo ina measc.

It was claimed at the time that the cuts were caused by the unsustainable overgrowth of the international technology sector over several years.

Maíodh ag an am gurbh é an rófhás neamh- inmharthana a tháinig le roinnt blianta ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta ba chúis leis na ciorruithe.

In March this year, Meta announced that another 10,000 employees around the world were to be let go as well and it is understood that the news received by the workers in Ireland today is related to that announcement.

I mí an Mhárta i mbliana, thug Meta fios go rabhthas le 10,000 fostaí eile ar fud an domhain a ligean chun siúil chomh maith agus tuigtear go mbaineann an scéala a fuair na hoibrithe in Éirinn inniu, go mbaineann sé leis an bhfógra úd.

Chief executive Mark Zuckerberg said in March that the company would have to prioritize the efficiency of the company above all else.

Dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg i mí an Mhárta go gcaithfeadh an comhlacht tús áite a thabhairt feasta d’éifeachtúlacht an chomhlachta thar aon ní eile.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ekz6t6l

Contact: irishlingos@gmail.com

Cork Harbor considering refugee accommodation at sea.

Cuan Chorcaí ag breithniú lóistín dídeanaithe ar muir.

The Cork Harbor Company has confirmed that they are in talks with the Government to develop a “hotel on water” on the sea to provide accommodation for asylum seekers.

Tá sé deimhnithe ag Cuideachta Chuan Chorcaí go bhfuil cainteanna ar bun acu leis an Rialtas chun “óstán ar uisce” a fhorbairt ar an bhfarraige le lóistín a chur ar fáil do lucht lorgtha dídine.

It was revealed a week ago that the Government was considering providing accommodation that would float on water – on barges and ships – to tackle the housing crisis for asylum seekers.

Tugadh le fios le seachtain go raibh an Rialtas ag smaoineamh ar lóistín a chur ar fáil a bheadh ag snámh ar uisce – ar bháirsí agus longa – chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta d’iarrthóirí tearmainn.

But Dr Piaras McEnrí – a lecturer at University College Cork and a member of the asylum initiative in that city – says that a permanent arrangement is often made of a temporary arrangement and that such an arrangement would not be appropriate.

Ach deir an Dr Piaras Mac Éinrí – léachtóir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus ball den tionscnamh tearmainn sa gcathair sin – gur minic go ndéantar socrú buan de shocrú sealadach agus nach mbeadh a leithéid de shocrú feiliúnach.

We understand that the International Refugee Service is researching the arrangements made in other countries and that they are focusing on what has been done in Dorset, Britain, where it is planned to house 500 refugees on one large barge .

Tuigtear dúinne go bhfuil an tSeirbhís Idirnáisiúnta Soláthair Dídeanaigh i mbun taighde ar na socruithe atá déanta i dtíortha eile agus go bhfuil siad ag díriú ar an méid atá déanta i Dorset na Breataine, áit a bhfuil sé beartaithe 500 teifeach a lonnú ar aon bháirse mhór amháin.

Activists for asylum seekers say they are concerned that it will not be a temporary solution there, or in places closer to home.

Deir gníomhnaithe ar son iarrathóirí tearmainn go bhfuil imní orthu nach réiteach sealadach a bheidh i gceist ansiúd, ná in áiteanna níos gaire de bhaile.

Minister Simon Harris has said that €50 million of funding will be made available to each county in the country to develop accommodation for asylum seekers.

Tá sé ráite ag an Aire Simon Harris go mbeidh €50 milliún de mhaoiniú á chur ar fáil do gach contae sa tír le lóistín a fhorbairt do lucht lorgtha dídine.

We understand that the ongoing discussions between Cork Harbor and the State are still preliminary talks.

Tuigtear dúinn gur réamhchainteanna atá i gceist go fóill sna comhráití atá ar bun idir Cuan Chorcaí agus an Stát.

Marian O’Flaherty will have more on that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O’Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.

A holiday ship landing in Cork Harbour.

Long saoire ag teacht i dtír i gCuan Chorcaí.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2f8md52h

Contact: irishlingos@gmail.com

Health warning and calorie counts on drink labels in 2026.

Rabhadh sláinte agus líon calraí ar lipéid óil i 2026.

There is now a legal basis under new regulations approved by the Minister of Health under which a drink product must have a label indicating the number of calories and alcohol in it according to the gram of weight.

Tá bunús dlí anois faoi rialacháin nua atá ceadaithe ag an Aire Sláinte faoina gcaithfidh lipéad a bheith ar tháirge óil ag léiriú an lear calraí agus alcóil ann de réir an ghraim meáchain.

Under its regulations there will also be a warning on each label about the danger associated with drinking for a woman expecting a child, and for everyone in terms of the risk of cancer and liver disease.

Faoina rialacháin beidh rabhadh ar gach lipéad freisin faoin gcontúirt a bhaineann leis an ólachán do bhean ag súil le páiste, agus do chách ó thaobh baol ailse agus galar ae.

Minister Stephen Donnelly says that the public will now have a better understanding of the dangers of drinking due to labelling.

Deir an tAire Stephen Donnelly gur fearr an tuiscint a bheidh ag an bpobal feasta ar an gcontúirt a bhaineann leis an ól de bharr an lipéadú.

The Health Minister says that there are already health notices on food products and that the regulations on alcoholic beverages will now be in line with that.

Deir an tAire Sláinte go bhfuil fógraí sláinte cheana féin ar tháirgí bia agus go mbeidh na rialacháin faoin deoch meisciúil anois ar aon dul leis sin.

“I welcome that we were the first country in the world to put comprehensive health labeling on drinking products” said the Minister “and I hope that other countries will follow this pioneering step.”

“Cuirim fáilte roimhe gurbh muid an chéad tír ar domhan le lipéadú cuimsitheach sláinte a chur ar tháirgí óil” a dúirt an tAire “agus tá súil agam go leanfaidh tíortha eile an chéim cheannródaíoch seo.”

But he confirmed that the new law will not come into effect for the next 3 years, the month of May 2026, to give business people a chance to prepare for it.

Ach dheimhnigh sé nach dtiocfaidh an dlí nua i bhfeidhm go ceann 3 bliana, mí na Bealtaine 2026, le deis a thabhairt do lucht gnó ullmhú chuige.

Alcohol Action Ireland has welcomed the regulations and the organization says that drinking is estimated to be the cause of 7% of breast cancer cases in women in the country.

Tá fáilte curtha ag Alcohol Action Ireland roimh na rialacháin agus deir an eagraíocht go meastar gurbh é an t-ól is cúis le 7 faoin gcéad de na cásanna ailse brollaigh ar mhná na tíre.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2fhlch3t

Contact: irishlingos@gmail.com

There is still a barrier to the entrance to the former station in San Inse in County Clare.

Bac fós ar an tslí isteach go hiaróstán san Inse i gContae an Chláir.

The entrance to the former station in San Inse in County Clare is still blocked by protesters for the 5th day in a row today.

Tá bac fós ar an tslí isteach go hiaróstán san Inse i gContae an Chláir agus lucht agóidíochta ann don 5ú lá as a chéile inniu.

The entrance to the Magowna House hotel has been blocked by local people since it emerged that asylum seekers were to be housed there.

Tá an slí isteach go hóstán Magowna House blocáilte ag daoine áitiúla ó tháinig sé chun solais go raibh iarrthóirí tearmainn le lonnú ann.

29 foreign men seeking international protection have been housed there since the beginning of the week.

Tá 29 fear ón iasacht atá sa tóir ar chosaint idirnáisiúnta lonnaithe ann ó thús na seachtaine.

The locals say that the place is not suitable for them and that there is a lack of infrastructure and services in the place.

Deir muintir na háite nach bhfuil an áit oiriúnach dóibh agus go bhfuil easpa infrastruchtúir agus seirbhísí san áit.

Last night, Minister of State for Integration Joe O’Brien who visited the former station urged local people to end the protest.

Aréir, d’impigh an tAire Stáit sa Roinn Lánpháirtíochta Joe O’Brien a thug cuairt ar an iaróstán ar dhaoine áitiúla deireadh a chur leis an agóid.

Minister O’Brien promised that he would return to County Clare to meet the locals again within a month.

Gheall an tAire O Brien go bhfillfeadh sé ar Chontae an Chláir chun bualadh le muintir na háite arís faoi cheann míosa.

He also promised that no more asylum seekers would be admitted to the hotel during this period.

Gheall sé chomh maith nach gcuirfí tuilleadh iarrathóirí tearmainn isteach san óstán le linn na tréimhse seo.

There is still a barrier to the entrance to the former station in San Inse in County Clare

Bac fós ar an tslí isteach go hiaróstán san Inse i gContae an Chláir

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zzpoeey

Contact: irishlingos@gmail.com

Two teenagers arrested in relation to an attack on another teenager in Navan.

Beirt déagóirí gafa maidir le hionsaí ar dhéagóir eile san Uaimh.

Gardai arrested three teenagers today in relation to an attack on another teenager, aged 14, in Navan in County Meath at the start of the week.

Ghabh na Gardaí triúr déagóirí inniu maidir le hionsaí a déanadh ar dhéagóir eile, 14 bliain d’aois, san Uaimh i gContae na Mí ag tús na seachtaine.

Those teenagers have now been released by Gardai, with no reason given, and a file to be resolved in accordance with the Children’s Act 2001.

Tá na déagóirí sin scaoilte saor anois ag Gardaí, gan aon chúis curtha ina leith, agus comhad le réiteach de réir Acht na Leanaí 2001.

Gardaí have arrested two other teenagers in connection with their investigation this afternoon.

Tá beirt déagóirí eile gafa ag Gardaí i dtaca lena bhfiosrúchán tráthnóna.

The attack took place in Navan on Monday evening.

Tharla an t-ionsaí san Uaimh tráthnóna Dé Luain.

The attack was recorded and the video uploaded on social media.

Taifeadadh an t-ionsaí agus cuireadh an físeán in airde ar na meáin shóisialta.

Gardai say the young boy was treated for serious facial injuries as a result of the attack.

Deir na Gardaí gur cuireadh cóir leighis ar an mbuachaill óg do ghortaithe tromchúiseacha éadain a bhain do mar thoradh ar an ionsaí.

Gardai have said the attack was a hate crime.

Tá sé ráite ag Gardaí gur coir fuatha a bhí san ionsaí.

Education Minister Norma Foley said she was in contact with the school and it was expected that the person who was attacked would return to the school in the coming days.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sí i dteagmháil leis an scoil agus go rabhthas ag súil go bhfillfeadh an té a ionsaíodh ar an scoil sna laethanta atá le teacht.

The Minister for Education and the Gardaí are urging people not to share the video further on social media.

Tá an tAire Oideachais agus na Gardaí ag impí ar dhaoine gan an físeán a roinnt a thuilleadh ar na meáin shóisialta.

Two teenagers arrested in connection with an attack on another teenager in Navan at the beginning of the week, three others released

Beirt déagóirí gafa maidir le hionsaí a déanadh ar dhéagóir eile san Uaimh ag tús na seachtaine, triúr eile scaoilte saor

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zz6mjm9

Contact: irishlingos@gmail.com

57 children hospitalized after contracting chicken pox.

57 páiste curtha in ospidéal tar éis do dheilgneach teacht orthu.

There has been a significant increase this year in the number of children who had to be hospitalized after contracting chicken pox, according to the Health Service Executive.

Tá ardú suntasach i mbliana ar an líon páistí a mb’éigean a gcur in ospidéal tar éis do dheilgneach teacht orthu, de réir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

57 young people have been hospitalized so far this year.

57 duine óg a cuireadh in ospidéal go dtí seo i mbliana.

Three-quarters of them were under the age of fifteen, and half were four years or younger.

Daoine faoi bhun cúig bliana déag ab ea trí cheathrú acu, agus ceithre bliana nó níos óige a bhí a leath acu.

It is a significant difference from the same period last year, when fifteen people were hospitalized after contracting chicken pox.

Is suntasach an difríocht é ón tréimhse chéanna anuraidh, tráth a cuireadh cúig dhuine dhéag in ospidéal tar éis do dheilgneach teacht orthu.

An average of 34 people were hospitalized in the same period between the years 2012 and 2019.

34 duine ar an meán a cuireadh in ospidéal sa tréimhse chéanna idir na blianta 2012 and 2019.

In a statement, the HSE said that the number of cases of infectious diseases – including chicken pox – has increased since the lifting of Covid-19 restrictions.

I ráiteas, dúirt FSS go bhfuil an líon cásanna de ghalair thógálacha ardaithe – deilgneach ina measc – ó cuireadh deireadh le srianta covid 19.

Normally, it was said, the number of cases of these diseases is lower in the summer but the situation has changed since the pandemic.

Go hiondúil, a dúradh, bíonn an líon cásanna de na galair seo níos ísle sa samhradh ach tá cor sa scéal ó bhí an phaindéim ann.

The spread of infectious diseases has changed since then and the number of cases may still be relatively high until the end of the year, it was said.

Tá claochlú tagtha ar ghréasáin scaipthe galar tógálach ó shin agus d’fhéadfadh sé go mbeadh an líon cásanna réasúnta ard go ceann scaithimh fós, a dúradh.

The Health Information and Quality Authority has carried out a public consultation process regarding the routine provision of the measles vaccine for children.

Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí curtha sa siúl ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte maidir leis an vacsaín in aghaidh na deilgní a chur ar fáil de réir gnáthaimh do leanaí.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2m428z9j

Contact: irishlingos@gmail.com

Vodafone to let 11,000 employees go.

Vodafone le 11,000 fostaí a ligean chun siúil.

The telecommunications giant Vodafone has announced that 11,000 employees are to be let go for the next three years.

Tá sé fógartha ag an ollchomhlacht teileachumarsáide Vodafone go bhfuiltear le 11,000 fostaí a ligean chun siúil as seo go ceann trí bliana.

It is currently understood that none of the 1,200 people employed by the company in Ireland will be among those who will be laid off.

Tuigtear faoi láthair nach mbeidh aon duine den 1,200 duine atá fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn i measc na ndaoine a leagfar as obair.

The new chief executive of Vodafone Margherita Della Valle said that the decision to eliminate so many jobs was made with the desire to simplify the company’s affairs and with the hope of putting the company in the center of the fair again.

Dúirt príomhfheidhmeannach nua Vodafone Margherita Della Valle go ndearnadh an cinneadh deireadh a chur leis an oiread sin post le fonn gnóthaí an chomhlachta a shimpliú agus le súil an comhlacht a chur i lár an aonaigh arís.

Investors are said to believe that Vodafone is an overly conservative company that plows forward, if at all.

Deirtear go gcreideann infheisteoirí gur comhlacht róchaomhach é Vodafone a threabhann chun cinn go liopasta, más chun cinn féin é.

It is estimated that there will be a drop of €1.5 billion in Vodafone’s free cash flow this year, that is the money the company will have left at the end of the year after paying all the bills.

Meastar go mbeidh titim €1.5 billiún i saorshreabhadh airgid Vodafone i mbliana, sin an t-airgead a bheas fanta ag an gcomhlacht i ndeireadh na bliana tar éis na billí ar fad a íoc.

Vodafone has approximately 100,000 employees in various countries in Europe and Africa.

Tá thart ar 100,000 fostaithe ag Vodafone i dtíortha éagsula san Eoraip agus san Afraic.

Already this year, the company has let go of 1,000 employees in Italy and it is being reported that another 1,300 jobs may be cut in Germany.

Cheana féin i mbliana, tá 1,000 fostaí ligthe chun siúil ag an gcomhlacht san Iodáil agus táthar á thuairisciú go mb’fhéidir go gcuirfí deireadh le 1,300 post eile sa Ghearmáin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2e9vv6ad

Contact: irishlingos@gmail.com

Four other Russian vessels have been sighted off the coast.

Ceithre shoitheach eile de chuid na Rúise feicthe amach ón chósta.

The Defense Forces of Ireland have confirmed that four more Russian vessels, including a warship, have been seen off the coast of Ireland.

Tá sé dearbhaithe ag Óglaigh na hÉireann go bhfacthas ceithre shoitheach eile de chuid na Rúise, long chogaidh ina measc, amach ó chósta na hÉireann.

This is the latest situation since commercial and military vessels began to enter Irish waters.

Seo an cor is déanaí ó thosaigh soithigh tráchtála agus míleata ag teacht isteach in uiscí na hÉireann.

The ship Admiral Grigorovich, a Russian frigate, is among those that entered Ireland’s exclusive economic zone earlier this week.

Tá an long Admiral Grigorovich, frigéad Rúiseach, ina measc siúd a tháinig isteach i limistéar eisiach eacnamaíoch na hÉireann níos luaithe an tseachtain seo.

Images taken by the Irish Navy show an oil tanker named Kama putting more fuel into the warship.

Léiríonn íomhánna a ghlac Cabhlach na hÉireann taincéar ola darbh ainm Kama, ag cur tuilleadh breosla sa long chogaidh.

The Defense Forces said that “the Air Corps and the Navy monitored the vessels with air and sea patrols and that the vessels have since left the exclusive zone.”

Dúirt Óglaigh na hÉireann go ndearna “an tAer Chór agus an Cabhlach maoirseoireacht ar na soithigh le patróil aeir agus muirí agus gur imigh na soithigh as an limistéar eisiach ó shin.”

It is understood that the vessels were off the southern coast.

Tuigtear gur amach ó chósta an deiscirt a bhí na soithigh.

In April the Air Corps sighted three Russian ships off the West and South West coasts.

I mí Aibreáin chonaic an tAer Chór trí long Rúiseach amach ó chóstaí an Iarthair agus an Iardheiscirt.

They were in Irish seas off the Galway and Kerry coasts.

Bhí siad i bhfarraigí na hÉireann amach ó chóstaí na Gaillimhe agus Chiarraí.

It is understood that the British Royal Navy was keeping an eye on the vessels seen this week.

Tuigtear go raibh Cabhlach Ríoga na Breataine ag coimeád súil ar na soithigh a chonacthas an tseachtain seo.

A spokesman for the Department of Defense in London refused to say anything other than that “our national security will always be a priority” and to that end they have spent £65 million on two maritime patrol vessels since the incident with the Nord Stream submarine gas cable in September last year.

Dhiúltaigh urlabhraí na Roinne Cosanta i Londain aon rud a rá seachas “go mbeidh tosaíocht i gcónaí ag ár slándáil náisiúnta” agus gur chuige sin atá £65 milliún caite acu ar dhá long faire muirí ó tharla an eachtra leis an gcábla gáis fomhuirí Nord Stream i Meán Fómhair anuraidh.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ktmmfeo

Contact: irishlingos@gmail.com

A member of a criminal gang has been sentenced to a 15-year prison term.

Téarma Príosúin 15 bliain gearrtha ar bhall do bhuíon coirpeach.

A senior member of a criminal gang from Limerick has been sentenced to 15 years in prison by a court in the United Kingdom.

Tá téarma príosúin 15 bliain gearrtha ar bhall sinsearach do bhuíon coirpeach ó Luimneach ag cúirt sa Ríocht Aontaithe.

Ger Dundon was sentenced to 15 years for his role in a conspiracy to kidnap two men 3 years ago and demand €340,000 from them.

Gearradh 15 bliain ar Ger Dundon as ról a bheith aige i gcomhcheilg chun beirt fhear a fhuadach 3 bliana ó shin agus €340,000 a éileamh uathu.

Ger Dundon changed his name to Darren McClean after traveling to the UK after being released from prison in Ireland.

D’athraigh Ger Dundon a ainm go Darren McClean i ndiaidh do taisteal go dtí an Ríocht Aontaithe nuair a scaoileadh amach as an bpríosún in Éirinn é.

He threatened to kill both men.

Bhagair sé go maródh sé an bheirt fhear.

38-year-old Dundon denied the charges but was convicted in a UK court today.

Shéan Dundon atá 38 bliain d’aois na cúiseanna a bhí curtha ina leith ach ciontaíodh é i gcúirt sa Ríocht Aontaithe inniu.

Ger Dundon is a senior member of the McCarthy Dundon criminal gang who had a dispute with the Keane-Collopy criminal gang over control of the drug market in Limerick.

Is ball sinsearach é Ger Dundon do bhuíon coirpeach McCarthy Dundon a raibh aighneas idir iad agus buíon coirpeach Keane-Collopy maidir le smacht a bheith acu ar an margadh drugaí i Luimneach.

A senior member of a criminal gang from Limerick has been sentenced to 15 years in prison by a court in the United Kingdom for his role in a conspiracy to kidnap two men

Téarma príosúin 15 bliain gearrtha ar bhall sinsearach do bhuíon coirpeach ó Luimneach ag cúirt sa Ríocht Aontaithe as ról a bheith aige i gcomhcheilg chun beirt fhear a fhuadach

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2mt7edo5

Contact: irishlingos@gmail.com

5,000 badgers exterminated last year, but “it’s not a sound solution”.

5,000 broc ciondíothaithe anuraidh, ach “ní réiteach fónta é”.

About 5,000 badgers were culled in the State last year and over 7,000 more were vaccinated as part of the Department of Agriculture’s campaign to combat the spread of tuberculosis in the national cow herd.

Ciondíothaíodh thart ar 5,000 broc sa Stát anuraidh agus vacsaínaíodh os cionn 7,000 eile mar chuid d’fheachtas na Roinne Talmhaíochta le dul i ngleic le scaipeadh na heitinne sa tréad náisiúnta bó.

However, the Department says that the eradication of crime will gradually be phased out as it is not a sound solution to the problem in the long term.

Deir an Roinn, áfach, go n- éireofar as an gciondíothú de réir a chéile mar nach réiteach fónta ar an bhfadhb é i bhfad na haimsire.

At a hearing of the Public Accounts Committee today, June Fanning from the Department said that it is difficult to count the number of badgers in Ireland accurately – or guess – because they are secretive nocturnal animals.

Ag éisteacht den Choiste um Chuntais Phoiblí inniu, dúirt June Fanning ón Roinn go bhfuil sé deacair an líon broc in Éirinn a chomhaireamh go cruinn – ná buille faoi thuairim a thabhairt – mar gur ainmhithe rúnda oíchí iad.

However, says June Fanning, a recent study by researchers from University College Dublin revealed that there are around 90,000 of them.

Mar sin féin, arsa June Fanning, tugadh le fios i staidéar a rinne taighdeoirí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le gairid go bhfuil thart ar 90,000 acu ann.

She also said that the number of cases of tuberculosis in the national cow herd had risen slightly for some time.

Dúirt sí chomh maith go raibh an líon cásanna eitinne sa tréad náisiúnta bó ardaithe beagán le tamall.

There were about 20,000 cases a year for a few years, she said.

Thart ar 20,000 cás sa bhliain a bhí ann le cúpla bliain, arsa sí.

There are many reasons for the spread of bovine TB, said June Fanning – the significant increase in the national herd since 2015, herd growth in general and the fragmentation of farms among them.

Is iomaí cúis atá le scaipeadh na heitinne bólachta, a dúirt June Fanning – méadú suntasach an tréada náisiúnta ó 2015, méadú tréad go ginearálta agus ilroinnt feirmeacha ina measc.

The twist in the story is that the badger is a protected species, she said.

Casadh sa scéal is ea gur speiceas cosanta é an broc, ar sí.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2n4ae9ca

Contact: irishlingos@gmail.com

“Nursing centers at risk of closure due to additional funding”.

“Ionaid altranais i mbaol a ndúnta cheal maoinithe breise”.

There is a risk that more nursing centers in the State will close due to lack of additional funding, according to a senior spokesperson from the sector.

Tá an baol ann go ndúnfaidh tuilleadh ionad altranais sa Stát de cheal maoinithe breise, dar le hurlabhraí sinsearach ón earnáil.

Tadhg Daly is the chief executive of the representative organization Nursing Centers of Ireland and he said today that residents in private centers should receive the same funding as residents in public centers.

Is é Tadhg Daly príomhfheidhmeannach na eagraíochta ionadaíochta Ionaid Altranais na hÉireann agus dúirt sé inniu gur chóir go bhfaigheadh cónaitheoirí in ionaid phríobháideacha an maoiniú céanna agus a fhaigheann cónaitheoirí in ionaid phoiblí.

Speaking on RTÉ, Tadhg Daly indicated that the latest figures from the Health Service Executive show that there is a “significant gap” between the two schemes in terms of funding.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug Tadhg Daly le fios go léiríonn na figiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil “bearna shuntasach” idir an dá dhream ó thaobh maoinithe de.

He claimed that this gap is an injustice because each and every nursing center – whether public or private – must be of equal quality.

Mhaígh sé gur éagóir atá sa bhearna seo mar go gcaithfidh gach uile ionad altranais –bídís poiblí nó príobháideach – a bheith ar chomhchaighdeán.

Without the appropriate reforms in the financing system, said Tadhg Daly, the private sector will not survive.

D’uireasa na leasuithe cuí sa chóras maoinithe, arsa Tadhg Daly, ní thiocfaidh an earnáil phríobháideach slán.

Suppose, he added, nursing center owners will not be able to afford to give their employees pay rises and more carers and nurses will leave the sector as a result.

Cuir i gcás, ar sé, ní bheidh sé d’acmhainn ag úinéirí ionad altranais arduithe pá a thabhairt dá bhfostaithe agus fágfaidh tuilleadh cúramóirí agus altraí an earnáil dá bharr sin.

Those in the private sector are only asking for justice, said Tadhg Daly, and he appealed to the Government to address the issue soon.

Níl lucht na hearnála príobháidí ag sireadh ach cóir, a dúirt Tadhg Daly, agus d’achainigh sé ar an Rialtas aghaidh a thabhairt ar an gceist gan mhoill.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hybh3ej

Contact: irishlingos@gmail.com

Plan to evacuate 80 Ukrainians from Sydney city suspended.

Plean 80 Úcránach a aslonnú ó Chathair Saidhbhín ar fionraí.

A plan to evacuate around 80 refugees from the Ukraine from a former camp in Catherbin, Co Kerry, was suspended today after local residents opposed it.

Cuireadh ar fionraí inniu plean atá ann thart ar 80 dídeanaí ón Úcráin a aslonnú ó iaróstán i gCathair Saidhbhín, Co Chiarraí, tar éis do mhuintir na háite cur ina aghaidh.

It was intended to transfer 40 of the Ukrainians to Tralee, the other 40 to be transferred to other places in Sydney and asylum seekers from other countries would be placed in the former station in their place.

Bhí sé i gceist 40 de na hÚcránaigh a aistriú go Trá Lí, an 40 eile a aistriú go háiteanna eile i gCathair Saidhbhín agus iarrthóirí tearmainn ó thíortha eile a chur san iaróstán ina n-áit.

About 200 Ukrainians are living in the former station which is now called the Skelge Accommodation Centre.

Tá thart ar 200 Úcránach ag cur fúthu san iaróstán a dtugtar Ionad Cóiríochta na Sceilge air anois.

When the 80 were told last Friday that they were to be evacuated, local representatives, business people and people from the community came together to oppose the plan.

Nuair a dúradh leis an 80 Dé hAoine seo caite go raibh siad le haslonnú, tháinig ionadaithe áitiúla, an lucht gnó agus daoine ón bpobal le chéile chun cur in aghaidh an phlean.

They asked Integration Minister Roderic O’Gorman and the local Dáil Deputy, Education Minister Norma Foley, not to go ahead with the plan.

D’iarr siad ar an Aire Lánpháirtíochta Roderic O’Gorman agus ar an Teachta Dála áitiúil, an tAire Oideachais Norma Foley, gan dul ar aghaidh leis an bplean.

Those two politicians confirmed today that the plan was put on hold so that all the groups involved in the situation would sit on it.

Dhearbhaigh an bheirt pholaiteoirí sin inniu gur cuireadh an plean ar fionraí le go ndéanfadh na grúpaí ar fad atá bainteach leis an scéal, go ndéanfaidís suíochán air.

It is understood that around ten children who are going to school in the City of Sidhbin were among those who had to be moved after they have become overwhelmed with the place.

Tuigtear go raibh thart ar dheichniúr páistí atá ag dul ar scoil i gCathair Saidhbhín i measc na ndaoine a bhí le haistriú tar éis go bhfuil siad éirithe clóite leis an áit.

It is estimated that there are over 400 Ukrainians living in Sydney.

Áirítear go bhfuil os cionn 400 Úcránach ag baint fúthu i gCathair Saidhbhín.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hbd328s

Contact: irishlingos@gmail.com

Humanitarian aid in Sudan to be coordinated by the United Nations.

Cabhair dhaonnúil sa tSúdáin le comhordú ag na Náisiúin Aontaithe.

The two warring military gangs in Sudan are accusing each other of violating the ceasefire that has been in place since midnight.

Tá an dá dhrong mhíleata atá in árach a chéile sa tSúdáin ag cur i leith a chéile go bhfuil siad ag sárú an tsosa chomhraic atá in ainm a bheith i bhfeidhm ón meán oíche.

At least 528 people have been killed and 4,600 people have been injured as a result of the fighting between the two factions for more than two weeks.

Áirítear 528 duine ar a laghad a bheith maraithe agus 4,600 duine a bheith gortaithe de bharr na cogaíochta idir an dá dhream le breis agus coicís.

However, the United Nations believes that many more people have actually been killed.

Creideann na Náisiúin Aontaithe, áfach, go bhfuil i bhfad níos mó daoine maraithe i ndáiríre.

One of the two factions – paramilitaries loyal to the country’s deputy leader Mohamed Hamdan Dagalo – has said they will abide by the ceasefire, but the other loyal to the country’s leader – General Abdel Fattah al-Burhan – says they do not believe they promise the enemy.

Tá sé ráite ag ceann den dá dhream – paraimíleataigh atá dílis do leascheannaire na tíre Mohamed Hamdan Dagalo – go gcloífidh siad leis an sos comhraic, ach deir an dream eile atá dílis do cheannaire na tíre – an Ginearál Abdel Fattah al-Burhan – nach gcreideann siad gealltanais an namhad.

Disagreement between the two over the transfer of power to a civilian government is a contributing factor to the war.

Easaontas idir an bheirt úd faoi aistriú na cumhachta go rialtas sibhialtach is cionsiocair leis an gcogaíocht.

The well-known diplomat Martin Griffiths has been sent to Sudan by the United Nations to try to coordinate relief matters in the country.

Tá an taidhleoir aitheanta Martin Griffiths curtha chun na Súdáine ag na Náisiúin Aontaithe go bhféachfaidh sé le cúrsaí fóirithinte sa tír a chomhordú.

As a reminder of the lack of organization and the challenge before it, eight tons of relief supplies sent from Jordan to Port Sudan on the Red Sea are still not distributed to the victims.

Mar sholaoid ar an easpa eagair agus ar an dúshlán atá roimhe, tá ocht dtonna de sholáthairtí fóirithinte a seoladh ón Iordáin go Port na Súdáine ar an Muir Rua fós gan dáileadh ar lucht an chaill.

Fifteen million people in Sudan were dependent on humanitarian aid, especially food, before the fighting started and millions more have now been left destitute as a result.

Bhí cúig mhilliún déag duine sa tSúdáin ag brath ar chabhair dhaonnúil, go háirithe bia, sular thosaigh an comhrac agus tá na milliúin eile fágtha ar an gcaolchuid anois dá bharr.

In that one, thousands of people are fleeing in all directions.

Ina cheann sin, tá na mílte daoine ag teitheadh i ngach aon treo baill.

Some of them are facing Chad and the Central African Republic in the west, while others are heading south towards South Sudan and Ethiopia.

Tá cuid acu ag tabhairt aghaidh ar Shead agus ar Phoblacht na hAfraice Láir san iarthar, agus cuid eile ag triall ó dheas ar an tSúdáin Theas agus an Aetóip.

There is no escape, however, for the base of the people who fled their towns and have to fend for themselves inside Sudan.

Níl aon éalú, áfach, ag bunáite na ndaoine a theith óna mbailte agus a chaithfeas seiftiú dóibh féin taobh istigh den tSudáin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dtycu2r

Contact: irishlingos@gmail.com

A “forbidding story” of almost 12,000 people being truly homeless.

“Scéal coscrach” beagnach 12,000 duine a bheith gan dídean cheart.

11,988 people were counted as homeless and living in emergency accommodation last month, according to the latest information from the Department of Housing.

Áiríodh 11,988 duine a bheith gan baile dá gcuid féin agus a bheith ag cur fúthu i gcóiríocht éigeandála an mhí seo caite, de réir na faisnéise is deireanaí ón Roinn Tithíochta.

That’s a 2.1% increase from the previous month and the highest number ever recorded.

Sin ardú 2.1 faoin gcéad ón mí roimhe sin agus an líon is airde a taifeadadh riamh.

The 11,988 people include 8,516 adults and 3,472 children.

Cuimsíonn an 11,988 duine 8,516 duine fásta agus 3,472 páiste.

The figures relate to the four weeks before the Government lifted the ban on eviction of tenants and people are worried that the next figures to be published will be even worse.

Baineann na figiúirí leis na ceithre seachtaine sular chuir an Rialtas deireadh leis an gcosc a bhí ar thionóntaí a dhíshealbhú agus tá imní ar dhaoine ina fhianaise sin go mbeidh na chéad fhigiúirí eile a fhoilseofar níos measa fós.

Wayne Stanley from the Clan Simon charity said that the new figures were a sobering story and he believes that even more people would have been homeless in March had it not been for the ban on eviction at the time.

Dúirt Wayne Stanley ón gcarthanas Clann Shíomóin gur scéal coscrach a bhí sna figiúirí nua agus dar leis go mbeadh níos mó daoine fós gan dídean i mí an Mhárta murach an cosc a bhí ar dhíshealbhú ag an am.

Since the ban on eviction was lifted at the beginning of this month, he said, the Government has even more duties to come to the aid of people who do not have a home of their own.

Ó cuireadh deireadh leis an gcosc ar dhíshealbhú i dtús na míosa seo, ar sé, tá níos mó dualgais fós ar an Rialtas teacht i gcabhair ar dhaoine nach bhfuil baile dá gcuid féin acu.

Two other charities, Depaul and Focus Ireland, said that the only solution to the situation was to provide new accommodation for people without delay and, in addition, to build more houses in the long run.

Dúirt dhá charthanas eile, Depaul agus Focus Ireland, nach raibh de réiteach ar an scéal ach cóiríocht úr a chur ar fáil do dhaoine gan mhoill agus, chomh maith leis sin, tuilleadh tithe a thógáil i bhfad na haimsire.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2nlyolrt

Contact: irishlingos@gmail.com

Michelle O

Michelle O'Neill le freastal ar chorónú Rí Séarlas na Breataine.

Sinn Féin deputy leader Michelle O’Neill has accepted an invitation to attend the coronation of King Charles of Great Britain in London a week from next Saturday.

Tá glactha ag leascheannaire Shinn Féin Michelle O’Neill le cuireadh freastal ar chorónú Rí Séarlas na Breataine i Londain seachtain ón Satharn seo chugainn.

According to Michelle O’Neill, her decision to attend the ceremony in Westminster Abbey shows that she wants to foster good relations (between nationalists and unionists), and that it also shows that she is committed to peace and reconciliation.

Dar le Michelle O’Neill go léiríonn a cinneadh freastal ar an searmanas in Westminster Abbey gur mian léi dea-chaidreamh (idir náisiúnaithe agus aontachtaithe) a chothú, agus go léiríonn sé freisin go bhfuil sí tugtha don tsíocháin agus don athmhuintearas.

She wants, she said, to be a representative of the whole community in the north.

Is mian léi, arsa sí, a bheith ina hionadaí ag an bpobal uile ó thuaidh.

In fact, she attended the funeral of the British Queen in London last September.

Go deimhin, d’fhreastail sí ar shochraid Bhanríon na Breataine i Londain Meán Fómhair seo caite.

Michelle O’Neill would be First Minister in the North if Stormont were re- established.

Bheadh Michelle O’Neill ina Céad-Aire sa Tuaisceart dá mbunófaí forais Stormont arís.

Those institutions have been suspended for a year, however, since the DUP pulled out of Stormont due to that party’s dissatisfaction with the trade agreement between the British Government and the European Union.

Tá na forais sin ar fionraí le bliain, áfach, ó tharraing an DUP amach as Stormont de bharr mhíshástacht an pháirtí sin leis an gcomhaontú trádála idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach.

Michelle O’Neill said that although she is an Irish republican she understands that “there are many people on this island for whom the coronation is a very important event”.

Dúirt Michelle O’Neill cé gur poblachtach Éireannach í go dtuigeann sí “go bhfuil a lán daoine ar an oileán seo ar ócáid fíorthábhachtach dóibh é an corónú”.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/255cxov5

Contact: irishlingos@gmail.com

War in Sudan: “At least 50,000 children severely malnourished”.

Cogadh sa tSúdáin: “50,000 leanbh ar a laghad fíor-mhíchothaithe”.

The World Health Organization says only 16% of health facilities are functioning in Sudan’s capital, Khartoum, due to the destruction caused by the war between two military gangs in the country.

Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach bhfuil ach 16 faoin gcéad de shaoráidí sláinte ag feidhmiú i bpríomhchathair na Súdáine, Cartúm, mar gheall ar an scrios atá déanta ag an gcogaíocht idir dhá dhrong mhíleata sa tír.

On top of that, diseases are spreading, food and water are scarce and it is only possible that more people will die under those circumstances, it is said.

Ar a mhuin sin, tá galair á scaipeadh, tá bia agus uisce gann agus ní féidir ach go bhfaighidh tuilleadh daoine bás faoi réir na gcúinsí sin, a deirtear.

In fact, it is reported that around 50,000 children who are severely malnourished have been treated medically so far and there is no thought that this will be the end.

Go deimhin, tuairiscítear go bhfuil cóireáil leighis curtha go dtí seo ar thart ar 50,000 leanbh atá fíor-mhíchothaithe agus gan aon cheapadh gurb in é a dheireadh.

A three-day ceasefire that was put in place at the beginning of the week will end this afternoon, and although there is talk of extending it, it is not clear whether the two sides agree on that.

Tiocfaidh deireadh tráthnóna le sos comhraic trí lá a cuireadh i bhfeidhm i dtús na seachtaine, agus cé go bhfuil caint ar shíneadh a chur leis níl sé soiléir an bhfuil an dá thaobh ar aon intinn faoi sin.

In any case, the ceasefire was breached in places and there were clashes yesterday in the suburbs of Khartoum, in the neighboring city of Omdurman and in the Darfur region close to the border with Chad in western Sudan.

Ar aon chuma, sáraíodh an sos comhraic in áiteanna agus bhí caismirtí inné i mbruachbhailte Chartúm, i gcathair chomharsanachta Omdurman agus i réigiún Darfur gar don teorainn le Sead in iarthar na Súdáine.

Many people are fleeing the war and the United Nations estimates that 270,000 refugees could seek refuge in Chad and South Sudan.

Tá an draoi daoine ag teitheadh ón gcogaíocht agus measann na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh 270,000 dídeanaí tearmann a lorg i Sead agus sa tSúdáin Theas.

According to the latest figures, 88 Irish citizens and their families have so far been evacuated from Sudan with the assistance of various countries in the European Union.

De réir na bhfigiúrí is deireanaí, tá 88 saoránach Éireannach agus a dteaghlaigh aslonnaithe go dtí seo ón tSúdáin le cúnamh ó thíortha éagsúla san Aontas Eorpach.

Since the conflict began on April 15, it is estimated that over 500 people have been killed, that almost 4,200 have been killed and that millions have been left in need.

Ó thosaigh an choimhlint ar an 15 Aibreán, áirítear gur maraíodh os cionn 500 duine, gur donaíodh beagnach 4,200 agus go bhfuil na milliúin fágtha ar an ngannchuid.

It is said that matters have now gathered from head to head for the fifteen million people in Sudan who were already dependent on humanitarian aid.

Deirtear go bhfuil cúrsaí bailithe ó mhaoil go mullach anois do na cúig mhilliún déag duine sa tSúdáin a bhí ag brath ar chabhair dhaonnúil cheana féin.

Disagreement between the leader of Sudan, General Abdel Fattah al-Burhan, and the deputy leader, Mohamed Hamdan Dagalo, is the cause of the fighting.

Easaontas idir cheannaire na Súdáine, an Ginearál Abdel Fattah al-Burhan, agus an leascheannaire, Mohamed Hamdan Dagalo, is cionsiocair leis an gcomhrac.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/298a3y6d

Contact: irishlingos@gmail.com

A “long” telephone conversation between Xi Jinping and Volodymyr Zelenskiy.

Comhrá “fada” teileafóin ag Xi Jinping agus Volodymyr Zelenskiy.

Chinese President Xi Jinping and Ukrainian President Volodymyr Zelenskiy had a telephone conversation today, the first time the two men have spoken since Russia invaded Ukraine a year and a half ago.

Bhí comhrá teileafóin inniu ag Uachtarán na Síne Xi Jinping agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskiy, an chéad uair a labhair an bheirt fhear le chéile ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin bliain agus blogh de bhliain ó shin.

Volodymyr Zelenskiy is said to have wanted to have a conversation with Xi Jinping for quite some time.

Deirtear go raibh Volodymyr Zelenskiy ag iarraidh comhrá a bheith aige le Xi Jinping le tamall maith.

Afterwards, the Ukrainian man said that it was a long and beneficial conversation and that it would accelerate the development of relations between the two countries.

Ina dhiaidh, dúirt fear na hÚcráine gur comhrá fada agus tairbheach a bhí ann agus go gcuirfeadh sé dlús leis an gcaidreamh idir an dá thír a chothú.

He also announced that he had appointed a new ambassador to China.

D’fhógair sé freisin go raibh ambasadóir nua sa tSín ceaptha aige.

President Xi is reported to have told Volodymyr Zelenskiy that he would soon send special representatives to Ukraine with the aim of “initiating talks between all those who seek peace”.

Tuairiscítear go ndúirt an tUachtarán Xi le Volodymyr Zelenskiy go gcuirfeadh sé ionadaithe speisialta chun na hÚcráine gan mhoill agus é i gcuspóir acu “cainteanna a thionscnamh idir gach aon dream atá ag lorg síochána”.

Xi Jinping has never condemned Russia’s invasion of Ukraine, however, and visited Moscow last month, where he held talks with Russian President Vladimir Putin.

Níor cháin Xi Jinping ionradh na Rúise ar an Úcráin riamh, áfach, agus thug sé cuairt ar Mhoscó an mhí seo caite, mar a raibh cainteanna aige le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin.

The previous month, he proposed a peace plan that was somewhat welcomed by the Ukrainian Government but rejected by Western countries.

An mhí roimhe sin, mhol sé plean síochána ar chuir Rialtas na hÚcráine fáilte áirithe roimhe ach ar dhiúltaigh tíortha an Iarthair dó.

RTÉ News and Current Affairs President of China, Xi Jinping

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Uachtarán na Síne, Xi Jinping

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2dg57rdy

Contact: irishlingos@gmail.com

Ceasefire in force in Sudan, foreigners being evacuated.

Sos comhraic i bhfeidhm sa tSúdáin, eachtrannaigh á n-aslonnú.

The two warring military gangs in Sudan have imposed a 72-hour ceasefire this morning.

Tá sos comhraic 72 uair an chloig curtha i bhfeidhm ar maidin ag an dá dhrong mhíleata atá in adharca a chéile sa tSúdáin.

It makes it a shame to take citizens from other countries out of the country without going through the motions.

Fágann sé go bhfuil ionú anois ann saoránaigh ó thíortha eile a thabhairt amach as an tír gan cúrsa na slat a rith.

Diplomats from the United States and Saudi Arabia reportedly convinced both sides to implement the ceasefire.

Tuairiscítear gur taidhleoirí ó na Stáit Aontaithe agus ón Araib Shádach a chuir ina luí ar an dá thaobh an sos comhraic a chur i bhfeidhm.

However, there is always the risk that the ceasefire will not be adhered to, especially since some of the two parties have already breached such temporary arrangements.

Tá an baol ann i gcónaí, áfach, nach gcloífear leis an sos comhraic, go háirithe ó sháraigh ceann éigin den dá dhream socruithe sealadacha dá shórt cheana.

About 430 people have been killed in ten days in the clashes between one faction loyal to the Sudanese military leader and another loyal to the deputy leader.

Áirítear thart ar 430 duine a bheith maraithe le deich lá sna caismirtí idir dhream amháin atá dílis do cheannaire míleata na Súdáine agus dhream eile atá dílis don leascheannaire.

They are General Abdel Fattah al-Burhan, to whom the army base is loyal, and Mohamed Hamdan Dagalo, who commands a large paramilitary force.

Sin iad an Ginearál Abdel Fattah al-Burhan, a bhfuil bunáite an airm dílis dó, agus Mohamed Hamdan Dagalo, a bhfuil fórsa mór paraimíleata faoina cheannas.

Disagreement between those two about the transfer of power to a civilian government caused the conflict.

Easaontas idir an bheirt sin faoi aistriú na cumhachta go dtí rialtas sibhialtach údar an imris.

It is said that approximately one hundred Irish citizens and their families are ready to leave Sudan if they have the chance and the means.

Deirtear go bhfuil tuairim is céad saoránach Éireannach agus a dteaghlaigh réidh le himeacht as an tSúdáin ach an fhaill agus an acmhainn a bheith acu.

It is understood that half a hundred people associated with this country have already been taken out of Sudan in the past few days.

Tuigtear go bhfuil leathchéad duine atá bainteach leis an tír seo tugtha amach as an tSúdáin cheana féin le cúpla lá.

The Department of Foreign Affairs has confirmed that they were brought to Djibouti with the help of France and Spain.

Tá sé dearbhaithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha gur tugadh go Djibouti iad le cúnamh ón bhFrainc agus ón Spáinn.

The Government is to send a special emergency team to Djibouti to coordinate the evacuation of people from Sudan.

Tá meitheal speisialta éigeandála le cur go Djibouti ag an Rialtas le haslonnú daoine ón tSúdáin a chomhordú.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/23klma9t

Contact: irishlingos@gmail.com

Efforts are underway again today to clean a river in Uchter Ard.

Iarrachtaí ar bun arís inniu abhainn in Uachtar Ard a ghlanadh.

Work is underway in Uchter Ard in Co Galway again today to clean up oil that leaked into a river in the area yesterday.

Tá obair ar bun in Uachtar Ard i gCo na Gaillimhe arís inniu chun ola a sceith isteach in abhainn sa gceantar inné a ghlanadh.

There is concern that the pollution could harm fish and mussels which attract many fishermen to the area every year.

Tá imní go bhfeadfadh an truailliú dochar a dhéanamh d’iasc agus do dhiúilicíní a mheallann go leor iascairí go dtí’n ceantar gach bliain.

Yesterday morning the locals, who were out fishing, saw that there was oil in the Ruybe River.

Maidin inné a chonaic muintir na háite, a bhí amuigh ag iascach, go raibh ola in Abhainn Ruibhe.

The authorities have been informed.

Cuireadh na húdáráis ar an eolas.

The fire and Irish Inland Fisheries services attended the scene and have installed a protective barrier on the river in an attempt to stop the oil from spreading.

D’fhreastail na seirbhísí doiteáin agus Iascach Intíre Éireann ar an láthair agus tá bacainn chosanta feistithe acu ar an abhainn in iarracht an ola a stopadh ag scaipeadh.

Irish Inland Fisheries confirmed that the leak was caused by oil from a tank.

Dheimhnigh Iascach Intíre Éireann gur ola as tanc țí bă chúis leis an sceitheadh.

Today, the scene smelled of oil and cleaners were not happy to see the media there.

Inniu, bhí boladh ola ag an láthair agus ní raibh lucht glanta sásta na meáin a fheiceáil ann.

Firefighters tell Nuacht that they have cleaned up several hundred liters of oil but do not know how much oil was in the tank.

Deir lucht dóiteáin le Nuacht go bhfuil cúpla céad líotar ola glanta suas acu ach nach bhfuil a fhios acu cé mhéid ola a bhí sa tanc.

Seán Ó Cionnaith from Inland Fisheries Ireland says that the goal of Inland Fisheries Ireland is to protect and conserve the trout and also the mussels.

Deir Seán Ó Cionnaith ó Iascach Intíre Éireann gurb é an sprioc atá ag Iascach Intíre Éireann ná na bric a chosaint agus a chaomhnú agus na diúilicíní freisin.

Fishing is important to the Uchter Ard area and every year the Cuil Bealtaine Festival is held here, an event that attracts many fishermen from abroad.

Tá iascaireacht tábhachtach do cheantar Uachtar Ard agus chuile bhliain bíonn Féile Chuil Bhealtaine ar bun anseo, imeacht a mheallann go leor iascairí ó thar lear.

Fisherman Ultan Macken from Uchter Ard says he doesn’t believe Uchter Ard would exist if the fishing on the Corrib wasn’t good.

Deir an t-iascaire Ultan Macken as Uachtar Ard nach gcreideann sé go mbeadh Uachtar Ard ann mura mbeadh an iascaireacht ar an gCoirib go maith.

In a statement this afternoon, the Environmental Protection Agency (EPA) says it is aware of the incident and that Galway County Council, Inland Fisheries Ireland and the National Parks and Wildlife Service are now leading the investigation and clean-up. .

I ráiteas tráthnóna, deir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) go bhfuil sé ar an eolas faoin eachtra agus gurb iad Comhairle Contae na Gaillimhe, Iascach Intíre Éireann agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra atá i gceannas ar an bhfiosrúchán agus an glanadh suas anois.

Efforts are underway again today to clean a river in Uchter Ard

Iarrachtaí ar bun arís inniu abhainn in Uachtar Ard a ghlanadh

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/248a2tzb

Contact: irishlingos@gmail.com

Proposed ban on the use of TikTok on the work devices of public employees.

Cosc molta ar úsáid TikTok ar ghléasanna oibre fostaithe poiblí.

Taoiseach Leo Varadkar has said that he understands that concerns have been expressed about how information collected on TikTok is used and how it is passed on.

Tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go dtuigeann sé go bhfuil imní léirithe faoin gcaoi a n-úsáidtear eolas a bhailítear ar TikTok agus faoin tslí a gcuirtear ar aghaidh é.

He was speaking in Cork, after the National Cyber Security Center advised government departments and state organizations that TikTok should not be allowed on the work devices of public employees.

Ag caint i gCorcaigh a bhí sé, tar éis don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála comhairle a chur ar ranna rialtais agus eagraíochtaí stáit nár chóir TikTok a cheadú ar ghairis oibre fostaithe poiblí.

The use of TikTok was recently banned on public works devices in the United Kingdom, the European Union and the United States.

Cuireadh cosc ar úsáid TikTok le gairid ar ghléasanna oibrithe poiblí sa Ríocht Aontaithe, san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe.

TikTok is owned by a Chinese company and concerns have been expressed around the world about cyber security on the platform.

Is le comhlacht de chuid na Síne é TikTok agus tá imní léirithe ar fud an domhain maidir le cibearshlándáil ar an ardáin.

Coming on the heels of the ban in other countries, the government in Ireland announced a few months ago that they were to seek fresh advice on the issue and the National Cyber Security Center undertook a technical assessment of TikTok.

Ag teacht sna sála ar an gcosc sna tíortha eile, d’fhógair an rialtas in Éirinn cúpla mí ó shin go raibh siad le comhairle úr a lorg ar an gceist agus thug an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála faoi mheasúnú teicniúil ar TikTok.

The Taoiseach indicated, however, that it must be recognized that the company ByteDance, which owns TikTok, provides a lot of investment for this country and that the company employs many people in Ireland.

Thug an Taoiseach le fios, áfach, go gcaithfear a aithint go gcuireann an comhlacht ByteDance, gur leosan TikTok, go leor infheistíochta ar fáil don tír seo agus go bhfuil go leor daoine fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn.

But even so, he said, expert advice cannot be ignored.

Ach mar sin fhéin, a dúirt sé, ní féidir neamhaird a thabhairt ar chomhairle saineolaithe.

According to the advice of the Cyber Security Centre, TikTok should not be placed on public workstations, unless it is absolutely necessary, from the point of view of the organization’s business.

De réir chomhairle an Lárionaid Chibearshlándála, níor chóir TikTok a chur ar ghairis oibirthe poiblí, ach amháin sa gcás go bhfuil géarghá ag baint leis, ó thaobh ghnó na heagraíochta de.

That advice is in line with the ban put in place by the European Commission.

Tá an chomhairle sin ag teacht leis an gcosc atá curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach.

In a statement today, TikTok expressed its disappointment at the announcement and said it had not been contacted before the decision was made.

I ráiteas inniu, thug TikTok le fios gur údar díomá é an fógra seo agus dúirt siad nach ndearnadh aon teagmháil leosan sular glacadh an cinneadh.

The concern about the amount of information that the authorities in China have access to through TikTok is intensifying.

Tá ag géarú ar an imní faoin méid eolais go bhfuil fáil ag na húdaráis sa tSín air trí TikTok.

To alleviate that concern, TikTok said they would be willing to store European user data in two data centers in Dublin and a third in Norway.

Chun an imní sin a mhaolú, dúirt TikTok go mbéidís toilteanach sonraí úsáideoirí na hEorpa a stóráil i ndá ionad sonraí i mBaile Átha Cliath agus sa tríú hionad san Iorua.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bg4gw7s

Contact: irishlingos@gmail.com

Ambulance response times have increased every year since 2019.

Méadú gach bliain ar amfhreagartha otharcharr ó bhí 2019 ann.

Emergency ambulance responses in life-threatening situations have increased every year since 2019, according to new figures published by the National Ambulance Service.

Tá méadú tagtha gach bliain ó bhí 2019 ann ar amfhreagartha otharcharr i gcásanna ina bhfuil an t-othar i mbaol báis, de réir figiúirí nua atá foilsithe ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr.

Last year, patients in Category 1 – that is, patients at risk of death – waited, on average, for 26 minutes for an ambulance.

Anuraidh, bhí othair i gCatagóir 1 – is é sin, othair atá i mbaol báis – ag fanacht, ar an meán, ar feadh 26 noiméad ar otharcharr.

In the west of the country last year, one person in that category waited for 22 hours.

In iarthar na tíre anuraidh, bhí duine amháin sa gcatagóir sin ag fanacht ar feadh 22 uair.

And at the beginning of 2023, someone in the south of the country was waiting thirteen hours.

Agus ag tús 2023, bhí duine i ndeisceart na tíre ag fanacht trí huaire déag.

Newly published figures show that 890 people died last year while waiting for an ambulance – 294 in Leinster; 306 people in the south of the country and 290 people in the west of the country.

Léirítear sna figiúirí nuafhoilsithe go bhfuair 890 duine bás anuraidh le linn dóibh a bheith ag fanacht ar otharcharr – 294 duine i gCúige Laighean; 306 duine i ndeisceart na tíre agus 290 duine in iarthar na tíre.

Last year, in the case of 34% of cases, it took more than an hour before the patient was transferred into the care of the hospital from the ambulance, due to overcrowding in the hospitals.

Anuraidh, i gcás 34 faoin gcéad de chásanna, ghlac sé breis agus uair a chloig sula raibh an t-othar aistrithe isteach faoi chúram an ospidéil ón lucht otharcharr, de bharr róphlódaithe sna hospidéil.

Pedar Toiblin, leader of Auntú, received these figures about parliamentary issues.

Fuair Peadar Toiblín, ceannaire Aontú, na figiúirí seo faoi cheisteanna parlaiminte.

In response to the questions put to them, the National Ambulance Service – which is under the command of the Health Service Executive – said that they have 280 ambulances in their fleet.

Mar fhreagra ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid dúirt an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr – atá faoi cheannasaíocht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte – go bhfuil 280 otharcharr sa bhflít acu.

They said that so far this year, 72% of ambulances have cleared out of their hospitals within an hour of landing with a patient on board.

Dúirt siad gur go dtí seo i mbliana, go bhfuil 72 faoin gcéad d’otharchairr glanta amach óna hospidéil taobh istigh d’uair a chloig dóibh a bheith tuirlingthe le hothar ar bord.

In the west of the country last year, one person in that category waited 22 hours for an ambulance

In iarthar na tíre anuraidh, bhí duine amháin sa gcatagóir sin ag fanacht ar feadh 22 uair ar otharcharr

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2da8apa6

Contact: irishlingos@gmail.com

Proposed change to the three-day waiting period in abortion cases.

Athrú molta ar an tréimhse feithimh trí lá i gcásanna ginmhillte.

It has been recommended in a review of abortion services in this country that the government should amend the waiting period in question.

Tá sé molta in athbhreithniú atá déanta ar sheirbhísí ginmhillte sa tír seo gur chóir don rialtas leasú a dhéanamh ar an tréimhse feithimh atá i gceist.

As things currently stand, pregnant women who wish to have an abortion have to go to their doctor twice: they go the first time to express their decision and then, they have to wait three days before returning they to take the medicine.

Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, caithfidh mná atá ag iompar clainne agus ar mhian leo ginmhilleadh a fháil dul ag a ndochtúir faoi dhó: téann siad an chéad uair chun a gcinneadh a chur in iúl agus ansin, caithfidh siad fanacht trí lá sula bhfilleann siad leis an leigheas a ghlacadh.

The report recommends that doctors should continue to recommend women to wait three days, but that the decision about the waiting period should be left to the women themselves rather than being mandatory.

Moltar sa tuarascáil gur chóir go leanfaidh dochtúirí ar aghaidh ag moladh do mhná fanacht trí lá, ach gur chóir an cinneadh faoin tréimhse feithimh a fhágáil faoina mná iad féin seachas é a bheith éigeantach.

The review group compiled the report under the direction of barrister Marie O’Shea and it is understood that the Minister for Health, Stephen Donnelly, will present the recommendations to cabinet next week.

Chuir an grúpa abhbhreithnithe an tuarascáil le chéile faoi stiúir an abhcóide Marie O’Shea agus tuigtear go gcuirfidh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, na moltaí faoi bhráid na comhaireachta an tseachtain seo chugainn.

It also recommends that amendments be made to some of the abortion legislation.

Moltar ann freisin leasuithe a dhéanamh ar chuid den reachtaíocht ginmhillte.

As things currently stand, a doctor who does not strictly adhere to the legislation on abortion can be sentenced to up to fourteen years in prison.

Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, is féidir suas le ceithre bliana déag príosúin a ghearradh ar dhochtúir nach gcloíann go docht leis an reachtaíocht ar ghinmhilleadh.

The review recommends the abolition of criminal charges against doctors.

Moltar san athbhreithniú deireadh a chur le cúiseanna coiriúla i gcoinne dochtúirí.

Another proposed change is to amend the legislation as it relates to fatal fetal abnormality.

Athrú eile atá molta ná leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht faoi mar a bhaineann sí le mínormáltacht mharfach féatais.

As things currently stand, pregnant women who wish to have an abortion have to see their doctor twice

Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, caithfidh mná atá ag iompar clainne agus ar mhian leo ginmhilleadh a fháil dul ag a ndochtúir faoi dhó

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/24w9uy9t

Contact: irishlingos@gmail.com

85 people killed in a massacre in the capital of Yemen.

85 duine maraithe in ollbhrútam i bpríomhchathair Éimin.

It is reported that over forty people were killed when they fell into each other’s heads while charity workers were handing out donations to a large crowd in Yemen’s capital, Sana’a.

Tuairiscítear gur maraíodh os cionn ceithre scór duine nuair a thit siad i mullach a chéile agus sintíúis láimhe á roinnt ag lucht carthanachta ar shlua mór i bpríomhchathair Éimin, Sana.

At least 85 people were killed and over 300 were injured in the stampede, according to the authorities in the city.

Maraíodh 85 duine ar a laghad agus gortaíodh barr ar 300 sa bhrútam, dar leis na húdaráis sa chathair.

It seems that the money was being distributed to the crowd under the roof of a school when the disaster occurred.

Is cosúil gur faoi dhíon scoile a bhí an t-airgead á dháileadh ar an slua nuair a tharla an tubaiste.

Women and children were among the dead, it was said.

Bhí mná agus páistí i measc na marbh, a dúradh.

It was revealed that merchants in the area were distributing money to the poor, which is an important tradition in Islam during the Ramadan festival, when an unexpected thunderstorm caused panic in the crowd.

Tugadh le fios go raibh ceannaithe sa cheantar ag dáileadh airgid ar na boicht, ar traidisiún tábhachtach é in Ioslam aimsir na féile Ramadan, nuair a chuir fothrom gan choinne scaoll sa phlód.

Some of them tried to leave the school but it appears that they knocked each other down and trampled each other in the skirmish.

D’fhéach cuid acu imeacht as an scoil ach dealraítear gur leag siad a chéile agus gur shatail siad ar a chéile sa scrimisc.

It was said that the merchants have been arrested and are being questioned by the police about what happened.

Dúradh go bhfuil na ceannaithe gafa agus á gceistiú ag na póilíní faoinar thit amach.

Life is in turmoil in Yemen due to the civil war that has been going on in the country for almost ten years.

Tá an saol ina chíor thuathail in Éimin de bharr an chogaidh chathartha atá ar bun sa tír le beagnach deich mbliana.

According to the United Nations, society there is barely functioning and 22 million people – two thirds of the population – are extremely poor and in need of foreign aid.

Dar leis na Náisiúin Aontaithe gur ar éigean atá an tsochaí ansin ag feidhmiú agus go bhfuil 22 milliún duine – dhá thrian den daonra – go bhfuil siad fíorbhocht agus i ngátar fóirithinte ón iasacht.

RTÉ News and Current Affairs Shoes on each other’s shoulders where the brutality took place

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Bróga ar mhuin mhairc a chéile san áit ar tharla an brútam

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2cvlb4hz

Contact: irishlingos@gmail.com

Man sentenced to 40 years in prison for murdering a Garda.

Príosún 40 bliain gearrtha ar fhear faoi Gharda a dhúnmharú.

At the Central Criminal Court, Stephen Silver was sentenced to 40 years in prison last month in the murder of Detective-Garda Colm Horkan in Co Roscommon almost three years ago.

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh téarma príosúin 40 bliain ar Stephen Silver a ciontaíodh an mhí seo caite i ndúnmharú breithe báis an Bhleachtaire- Gharda Colm Horkan i gCo Ros Comáin beagnach trí bliana ó shin.

Stephen Silver, aged 46, from Bealeas in Co Mayo, admitted killing Garda Horkan, aged 49, in Castlerea in June 2020.

D’admhaigh Stephen Silver, 46 bliain d’aois, as Béal Easa i gCo Mhaigh Eo, gur mharaigh sé an Garda Horkan, a bhí 49 bliain, sa Chaisleán Riabhach i mí an Mheithimh 2020.

Rather than murder, however, he pleaded guilty to manslaughter due to diminished responsibility.

Seachas dúnmharú, áfach, phléadáil sé ciontach i ndúnorgain mar gheall ar fhreagracht laghdaithe.

It was said during the trial that Stephen Silver was suffering from mental illness but the task of the jury was to judge his state of mind at the time he killed Colm Horkan.

Dúradh le linn na trialach go raibh meabhairghalar ag dul do Stephen Silver ach gurbh é an cúram a bhí ar an ngiúiré breith a thabhairt ar a mheon aigne ag an am a mharaigh sé Colm Horkan.

Finally, the jurors unanimously convicted him of murdering an Garda Síochána acting in the course of his duty.

Ar deireadh, chiontaigh na giúróirí é d’aon ghuth i nGarda Síochána a bhí ag gníomhú i gcúrsa a dhualgais a dhúnmharú.

The family of Garda Horkan gave victim impact statements in court today.

Thug teaghlach an Gharda Horkan ráitis tionchair íospartach sa chúirt inniu.

His sister Deirdre said that “this act of terror” could never be forgiven for Stephen Silver and that she hoped he would remember that every evening when his cell door was locked.

Dúirt a dheirfiúr Deirdre nach bhféadfaí “an gníomh éigiallta seo” a mhaitheamh do Stephen Silver go brách agus go raibh súil aici go gcuimhneodh sé air sin gach tráthnóna a chuirfí glas ar dhoras a chillín.

Colm was a gentleman and everyone’s friend, she said.

Fear uasal agus úillín óir gach duine ab ea Colm, arsa sí.

His father Marty revealed that he was very homesick for his son and that the counseling he had received had not helped him get through it.

Thug a athair Marty le fios go raibh an-chumha air i ndiaidh a mhic agus nár chuidigh an chomhairleoireacht a bhí faighte aige leis teacht tríd.

He was very proud of his son, he said, especially when he heard stories about how humble he was when helping people.

Bhí sé an-bhródúil as a mhac, a dúirt sé, go háirithe nuair a chuala sé scéalta faoi chomh humhal agus a bhí sé agus é ag cuidiú le daoine.

His brother Dermot said it would never happen again but it was a source of comfort for the family that he was in the company of their late mother and sister.

Dúirt a dheartháir Dermot nach mbeadh a leithéid arís ann ach gur údar sóláis don teaghlach go raibh sé i gcuideachta a máthar agus a ndeirféar nach maireann.

Colm Horkan was killed when Stephen Silver fired eleven bullets near Castlereagh Garda Station shortly before midnight on 17 June 2020.

Maraíodh Colm Horkan nuair a scaoil Stephen Silver aon philéar déag leis i ndeas do Stáisiún Gardaí an Chaisleáin Riabhaigh go gairid roimh an meán oíche ar an 17 Meitheamh 2020.

He was on patrol alone in town and got out of his unmarked car to talk to Stephen Silver.

Bhí sé ar patról ina aonar ar an mbaile agus tháinig sé amach as a charr gan mharcáil le labhairt le Stephen Silver.

The two men got into a fight and Stephen Silver managed to wrestle Garda Horkan’s gun from him.

Chuaigh an bheirt fhear i ngleic le chéile agus d’éirigh le Stephen Silver an gunna a bhí ag an nGarda Horkan a bhaint de.

He hit him with the butt of the gun and shot him when he was falling on the ground.

Bhuail sé é le bota an ghunna agus lámhach sé é nuair a bhí sé ag titim ar an talamh.

Garda Horkan, who had spent 24 years in the Garda Síochána and was very involved in the events of the Gael Athletic Association, was from Baile Chathail, Co Mayo.

B’as Baile Chathail, Co Mhaigh Eo, don Gharda Horkan a raibh 24 bliain caite sa Gharda Síochána aige agus a raibh baint mhór aige le himeachtaí Chumann Lúthchleas Gael.

RTÉ News and Current Affairs Stephen Silver

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Stephen Silver

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/22j74wuk

Contact: irishlingos@gmail.com

Hutch found not guilty of murdering David Byrne.

Hutch faighte neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne.

In the Special Criminal Court, Gerard Hutch from Dublin was found not guilty of the murder of David Byrne who was shot in the Regency Hotel in Finbury in north Dublin seven years ago.

Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, fuarthas neamhchiontach Gerard Hutch as Baile Átha Cliath i ndúmharú David Byrne a lámhachadh in Óstán an Regency i bhFionnbhrú i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath seacht mbliana ó shin.

The murder involved a feud between the Hutch and Kinahan crime gangs that resulted in the killing of eighteen people.

Bhain an dúnmharú le himreas idir dhronga coireachta Hutch agus Kinahan ar maraíodh ocht nduine dhéag dá bharr.

It was claimed by the prosecution that Gerard Hutch was one of two men dressed as Gardaí who shot David Byrne in the hotel reception room on 5 February 2016.

Bhí sé á mhaíomh ag an ionchúiseamh go raibh Gerard Hutch ar dhuine de bheirt a bhí gléasta mar Ghardaí agus a lámhach David Byrne i bhforsheomra fáiltithe an óstáin ar an 5 Feabhra 2016.

However, the judges said that although some of the evidence in the trial suggested that Gerard Hutch may have given his blessing to the shooting attack, it could not be said that he himself was the member or personally involved.

Dúirt na breithiúna, áfach, cé gur thug cuid den fhianaise sa triail le tuiscint go mb’fhéidir gur thug Gerard Hutch a bheannacht don ionsaí lámhaigh, nárbh in le rá go raibh sé féin ar an mball ná páirteach ann go pearsanta.

In fact, said the judges, everything happened in the hotel at lightning speed that day and the signs of the attackers – as security cameras show them – do not match the signs of Gerard Hutch who was over half a century old at the time.

Go deimhin, arsa na breithiúna, is ar luas lasrach a tharla gach rud san óstán an lá úd agus ní thagann comharthaí sóirt na n-ionsaitheoirí – de réir mar a léiríonn ceamaraí slándála iad – ní thagann siad le comharthaí sóirt Gerard Hutch a bhí os cionn leathchéad bliain d’aois ag an am.

Earlier in court, two other men were convicted of helping a criminal organization to murder David Byrne by providing vehicles.

Níos túisce sa chúirt, ciontaíodh beirt fhear eile i gcabhrú le heagraíocht choireachta David Byrne a dhúnmharú trí fheithicilí a chur fáil.

They are Paul Murphy, a 61-year-old taxi driver, from Cherry Avenue, Swords and Jason Bonney, a 52-year-old builder, from Drumwood, Portmarnock.

Sin iad Paul Murphy, tiománaí tacsaí 61 bliain, as Ascaill na Silíní, Sord agus Jason Bonney, tógálaí 52 bliain, as Coill Dhroimní, Port Mearnóg.

The court ruled that Paul Murphy was one of the people who took David Byrne’s killer from the scene shortly after the attack.

Rialaigh an chúirt go raibh Paul Murphy ar dhuine de na daoine a thug an dream a mharaigh David Byrne ón láthair go gairid i ndiaidh an ionsaithe.

Jason Bonney was convicted of taking one of the killers – the late Kevin Murray – from the scene of the attack in his car.

Ciontaíodh Jason Bonney i nduine de na marfóirí – Kevin Murray nach maireann – a thabhairt ó láthair an ionsaithe ina ghluaisteán.

The judges cast great doubt on some of the evidence given by Paul Murphy and Jason Bonney – and on some of the evidence given on their behalf – about what they were doing on 5 February 2016.

Chaith na breithiúna amhras mór ar chuid den fhianaise a thug Paul Murphy agus Jason Bonney – agus ar chuid den fhianaise a tugadh ar a son – faoina raibh á dheánamh acu ar an 5 Feabhra 2016.

They also cast doubt on much of the evidence given by former Sinn Féin councilor Jonathan Dowdall against Gerard Hutch.

Chaith siad amhras freisin ar chuid mhór den fhianaise a thug iarchomhairleoir de chuid Shinn Féin Jonathan Dowdall in aghaidh Gerard Hutch.

Jonathan Dowdall claimed that Gerard Hutch told him that he and another man killed David Byrne.

Mhaígh Jonathan Dowdall go ndúirt Gerard Hutch leis gurbh é féin agus fear eile a mharaigh David Byrne.

Jonathan Dowdall is serving a four-year prison term for his admitted involvement in the killing of David Byrne.

Tá téarma príosúin cheithre bliana á chur isteach ag Jonathan Dowdall faoin mbaint a d’admhaigh sé a bhí aige féin le marú David Byrne.

According to him he and his father gave Gerard Hutch a key card to a room at the Regency Hotel before the killing.

Dar leis gur thug sé féin agus a athair eochairchárta seomra in Óstán an Regency do Gerard Hutch roimh an marú.

After proving his former comrade, Jonathan Dowdall will be given custody under the Witness Asylum Program when he is released from prison.

Tar éis dó cruthú ar a iarchomrádaí, tabharfar coimirice do Jonathan Dowdall faoin gClár Tearmann Finné nuair a scaoilfear saor ón bpríosún é.

The judges, however, did not believe that Jonathan Dowdall told the whole truth in court during the trial and said that it was for his own benefit that he gave evidence against Gerard Hutch.

Níor chreid na breithiúna, áfach, gur inis Jonathan Dowdall an fhírinne iomlán sa chúirt le linn na trialach agus dúirt siad gur ar mhaithe leis féin a thug sé fianaise in aghaidh Gerard Hutch.

When the judges had said their closing words, Gerard Hutch left the court alone – apart from the newsmen who were at his heels – and walked a few hundred yards before getting into a taxi.

Nuair a bhí an focal scoir ráite ag na breithiúna, d’fhág Gerard Hutch an chúirt ina aonar – seachas na nuachtóirí a bhí sna sála aige – agus shiúil sé cúpla céad slat sula ndeachaigh sé isteach i dtacsaí.

He did not answer the reporters’ questions, however, and gathered with him in the taxi.

Níor fhreagair sé ceisteanna na nuachtóirí, áfach, agus bhailigh sé leis sa tacsaí.

RTÉ News and Current Affairs Gerard Hutch outside court today

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Gerard Hutch taobh amuigh den chúirt inniu

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/22wkeksu

Contact: irishlingos@gmail.com

Bodies found innocent in plane crash.

Comhlachtaí faighte neamhchiontach maidir le tubaiste eitleáin.

In a criminal court in France, the airplane manufacturing company Airbus and the airline Air France were found not guilty of involuntary manslaughter in connection with the plane disaster in 2009 in which 228 people were killed, including three Irish people.

I gcúirt choiriúil sa Fhrainc, fuarthas an comhlacht déantúsaíochta eitleán Airbus agus an aerlíne Air France neamhchiontach i ndúnorgain neamhdheonach i dtaca le tubaiste eitleáin in 2009 inar maraíodh 228 duine, triúr Éireannach ina measc.

The A330 crashed in the Atlantic Ocean on its way to Paris from Rio de Janeiro on 1 June 2009.

Thuairt an t-eitleán A330 san Aigéan Atlantach agus í ar a bealach go Páras as Rio de Janeiro ar an 1 Meitheamh 2009.

Everyone on board the plane was killed, including three young doctors from Ireland.

Maraíodh gach uile dhuine a bhí ar bord an eitleáin, triúr dochtúirí óga as Éirinn ina measc.

They were Aisling Butler, 26, from Roscre, Co Tipperary; Jane Deasy, 27, from Dublin; and Eithne Walls, 28, from Belfast.

B’in iad Aisling Butler, 26 bliain, as Ros Cré, Co Thiobraid Árann; Jane Deasy, 27 bliain, as Baile Átha Cliath; agus Eithne Walls, 28 bliain, as Béal Feirste.

The plane’s recorders were not found for two years after the disaster and in 2012 aviation investigators concluded that the cause was pilot error.

Ní bhfuarthas taifeadáin an eitleáin go ceann dhá bhliain i ndiaidh na tubaiste agus in 2012 chinn imscrúdaitheoirí eitlíochta gur earráidí a rinne na píolótaí ba chúis leis.

The pilots were said to have been diverted due to a fault in the speed monitoring equipment.

Dúradh gur cuireadh na píolótaí dá dtreoir mar gheall ar fhabht a bhí sa trealamh monatóireachta luais.

No body has ever before been tried in France for involuntary manslaughter.

Níor cuireadh comhlacht ar bith ar a thriail riamh roimhe seo sa Fhrainc faoi dhúnorgain neamhdheonach.

However, the court ruled that it could not be proven that Airbus or Air France were to blame for the disaster.

Rialaigh an chúirt, áfach, nach bhféadfaí a chruthú gur ar Airbus ná ar Air France a bhí an milleán faoin tubaiste.

The court accepted that there was negligence but that this did not amount to absolute responsibility.

Ghlac an chúirt leis go raibh faillí i gceist ach nárbh ionann sin agus freagracht gan agó.

A probable causal link is not enough to prove an offence, the judge said.

Ní leor nasc cúisíoch dóchúil le cion a chruthú, a dúirt an breitheamh.

Both companies pleaded not guilty to the charge, the most severe penalty that could be imposed on them was a fine of €225,000.

Phléadáil an dá chomhlacht neamhchiontach sa chúis, arbh é fíneáil €225,000 an pionós ba dhéine a d’fhéadfaí a ghearradh orthu faoi.

RTÉ News and Current Affairs Debris of the A330 plane in the Atlantic Ocean

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Smionagar an eitleáin A330 san Aigeán Atlantach

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2292k2c3

Contact: irishlingos@gmail.com

Ad people details

Sonraí daoine a d'fhulaing drochúsáid ghnéasach cibearghoidte.

It has emerged that digital data was cyber-stolen last month from four organizations in this State that provide support services to people who have been raped and sexually abused.

Tá sé tagtha chun solais gur cibearghoideadh sonraí digiteacha an mhí seo caite ó cheithre eagraíocht sa Stát seo a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil do dhaoine a éigníodh agus a d’fhulaing drochúsáid ghnéasach.

People’s personal details and highly sensitive information are said to have been stolen.

Deirtear gur sonraí pearsanta daoine agus faisnéis an-íogair a goideadh.

The data was being held on behalf of the four organizations by a company in Derry which was cyber-hacked and ransom demanded.

Bhí na sonraí á gcoinneáil thar ceann na gceithre eagraíocht ag comhlacht i nDoire a ndearnadh cibirionsaí air agus ar éilíodh airgead fuascailte air.

It is understood that the company, Evide, has not paid any money to the cyber thieves and that no personal details have been published online so far.

Tuigtear nár íoc an comhlacht, Evide, aon airgead leis na cibear-fhoghlaithe agus nár foilsíodh aon sonraí pearsanta ar líne go dtí seo.

One in Four is one of the organizations involved.

Tá an catharnas One in Four ar cheann de na heagraíochtaí atá i gceist.

Speaking on RTÉ, One in Four chief executive Maeve Lewis said the organization had notified around 500 people that their own personal data may have been among the stolen material.

Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt príomhfheidhmeannach One in Four Maeve Lewis go raibh curtha in iúl ag an eagraíocht do thart ar 500 duine go mb’fhéidir go raibh a gcuid sonraí pearsanta féin i measc an ábhair a goideadh.

She also said that they still don’t know exactly whose details were stolen.

Dúirt sí chomh maith nach bhfuil a fhios acu fós cé na sonraí go baileach a goideadh.

She revealed that One in Four had set up a helpline for people who are concerned about the situation.

Thug sí le fios go raibh líne chabhrach bunaithe ag One in Four do dhaoine atá buartha faoin scéal.

It is believed that the details of around 2,000 people in all – between the Republic, the North and Britain – were swiped from the Evide database.

Creidtear gur sonraí thart ar 2,000 duine ar fad – idir an Phoblacht, an Tuaisceart agus an Bhreatain – a sciobadh ó bhunachar sonraí Evide.

Police in the North are conducting a criminal investigation into the matter and the Gardaí have confirmed that they are working with them.

Tá fiosrúchán coiriúil ar bun ag na póilíní sa Tuaisceart faoin scéal agus tá sé deimhnithe ag na Gardaí go bhfuil siad ag obair i gcomhar leo.

The news has also been reported to the Data Protection Commissioner.

Tá an scéala curtha i bhfios don Choimisinéir Cosanta Sonraí freisin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/296pgzfp

Contact: irishlingos@gmail.com

501 refugees who arrived in Ireland recently without official accommodation.

501 dídeanaí a tháinig go hÉirinn le gairid gan lóistín oifigiúil.

501 refugees who have recently arrived in Ireland are currently without official State accommodation, according to the latest figures.

Tá 501 dídeanaí a tháinig go hÉirinn le gairid gan lóistín oifigiúil Stáit faoi láthair, de réir na bhfigiúirí is deireanaí.

That’s 280 more than five weeks ago.

Sin 280 níos mó ná cúig seachtaine ó shin.

The United Nations refugee agency called the new figures a “grim milestone”.

“Clochmhíle ghruama” a thug gníomhaireacht dídeanaithe na Náisiún Aontaithe ar na figiúirí nua.

The agency claimed that the situation is a warning notice for the Government and said that it is the responsibility of the State to provide refugees with their needs – especially shelter and safety – in accordance with both European and international law.

Mhaígh an ghníomhaireacht gur fógra faire don Rialtas atá sa scéal agus dúirt go bhfuil sé de gheasa ar an Stát riar a riachtanais a chur ar fáil do dhídeanaithe – go háirithe fothain agus sábháilteacht – de réir an dlí Eorpaigh agus an dlí idirnáisiúnta araon.

The Clan Simon charity in Dublin confirmed that they had contacted some of the refugees in question, including people who are sleeping outside.

Dhearbhaigh an carthanas Clann Shíomóin i mBaile Átha Cliath go raibh teagmháil déanta acu le cuid de na dídeanaithe atá i gceist, daoine atá ag codladh amuigh ina measc.

The Government stopped offering accommodation to adult refugees who did not have children from 24 January due to the national shortage.

D’éirigh an Rialtas as lóistín a thairiscint do dhídeanaithe fásta nach raibh páistí acu ón 24 Eanáir mar gheall ar an nganntanas náisiúnta.

It is estimated that 849 adults were subsequently left without official State accommodation but it is understood that 348 of them have since been offered accommodation.

Meastar gur fágadh 849 duine fásta gan lóistín oifigiúil Stáit ina dhiaidh sin ach tuigtear gur tairgeadh lóistín do 348 acu ó shin.

RTÉ has confirmed that all those waiting to receive accommodation from the State are entitled to two shopping vouchers, €25 each.

Tá sé deimhnithe ag RTÉ go bhfuil gach duine atá ag fanacht le lóistín a fháil ón Stát, go bhfuil siad i dteideal dhá dhearbhán siopadóireachta, €25 an ceann.

The Refugee Council of Ireland, however, says that the support provided by the State is inadequate and that refugees are dependent on charitable organizations for this reason.

Deir Comhairle Dídeanaithe na hÉireann, áfach, go bhfuil an tacaíocht atá an Stát a chur ar fáil fíoreasnamhach agus go bhfuil dídeanaithe i gcleith le heagraíochtaí carthanachta dá bhíthin sin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bwjmbsn

Contact: irishlingos@gmail.com

Joe Biden visiting the pilgrimage site of Knock Mhuire.

Joe Biden ar cuairt ar láthair oilithreachta Chnoc Mhuire.

The President of the United States Joe Biden visited the blessed shrine of the Virgin Mary in Knock Mary, Co Mayo, this afternoon.

Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar scrín bheannaithe na Maighdine Muire i gCnoc Mhuire, Co Mhaigh Eo, tráthnóna.

Transport Minister Éamon Ryan and local Dáil Deputy Dara Calleary were among the dignitaries who welcomed President Biden on the runway of Knock Mhuire Airport shortly after 2 o’clock.

Bhí an tAire Iompair Éamon Ryan agus an Teachta Dála áitiúil Dara Calleary i measc na n-uaisle a chuir fáilte roimh an Uachtarán Biden ar rúidbhealach Aerfort Chnoc Mhuire go gairid tar éis 2 a chlog.

Soon after, he headed south to the pilgrimage site in Drum.

Go luath ina dhiaidh sin, thug sé aghaidh ó dheas ar an láthair oilithreachta sa Droim.

He is accompanied by two members of Joe Biden’s family – his sister Valerie Biden Owens and his son Hunter Biden.

Tá beirt de theaghlach Joe Biden in éineacht leis – a dheirfiúr Valerie Biden Owens agus a mhac Hunter Biden.

Parish priest Father Richard Gibbons gave President Biden a tour of the shrine and the Basilica of Our Lady, where he saw the famous mosaic of the Presentation of the Virgin.

Thug an sagart paróiste an tAthair Richard Gibbons turas na scríne agus Bhaisleac Mhuire don Uachtarán Biden, áit a bhfaca sé an mhósáic cháiliúil de Thaispeánadh na Maighdine.

Father Gibbons also showed him what remains – and it is not much – of the wall of the first shrine where the Church of the Exposition is now.

Thaispeáin an tAthair Gibbons dó chomh maith a bhfuil fanta – agus ní mórán é – de bhalla na chéad scríne san áit a bhfuil Séipéal an Taispeánta anois.

The wall gave away after the many visitors took the stones home with them as if they were blessed cherries.

Thug an balla uaidh tar éis don iliomad cuairteoirí na clocha a thabhairt abhaile leo amhail is dá mba cheiríní beannaithe iad.

The best part of the story is that Father Gibbons presented one of the stones to President Biden this afternoon! It is God who knows and it is he who is generous and giving! In the Chapel of the Exposition, President Biden and his son Hunter met with a former chaplain in the American Army, Father Frank O’Grady.

An chuid is aistí den scéal gur bhronn an tAthair Gibbons ceann de na clocha ar an Uachtarán Biden tráthnóna! Is ag Dia atá a fhios agus is é atá tíolacthach tabharthach! I Séipéal an Taispeánta, chas an tUachtarán Biden agus a mhac Hunter le hiarshéiplíneach in Arm Mheiriceá, an tAthair Frank O’Grady.

Father O’Grady was one of the people who took care of Joe Biden’s other son – Beau – when he was seriously ill in a military hospital in Washington.

Bhí an tAthair O’Grady ar dhuine de na daoine a thug aire do mhac eile Joe Biden – Beau – nuair a bhí sé go dona tinn in ospidéal míleata in Washington.

Beau Biden was given the Late Oil before he died in that hospital in 2015.

Is é a chuir an Ola Dhéanach ar Beau Biden sular bhásaigh sé san ospidéal sin in 2015.

Tears came to the President’s eyes as Father O’Grady turned to him.

Tháinig na deora le súile an Uachtaráin ar chasadh an Athar O’Grady dó.

Father Gibbons was apparently unaware of the connection between the two men.

Is cosúil nach raibh a fhios ag an Athair Gibbons faoin gceangal idir an bheirt fhear.

God knows…! From there, the President visited the Mayo-Roscommon Hospice located in Knock.

Is ag Dia atá a fhios …! As sin, chuaigh an tUachtarán ar cuairt chuig Ospís Mhaigh Eo-Ros Comáin atá suite i gCnoc Mhuire.

Joe Biden turned the first jaw of the hospice the last time he was in Mayo in 2017.

Chas Joe Biden céad fhód na hospíse an uair dheireanach a bhí sé i Maigh Eo in 2017.

He met one of his distant relatives Laurita Blewitt at the door of the hospice, where there is a plaque in memory of Beau Biden.

Bhuail sé le duine dá ghaolta i bhfad amach Laurita Blewitt ag doras na hospíse, áit a bhfuil plaic i gcuimhne Beau Biden.

Tears came to the President’s eyes again when he saw the plaque.

Tháinig na deora le súile an Uachtaráin arís nuair a chonaic sé an phlaic.

Go to Inis Cua then with him to do some genealogy at the Northern Mayo Heritage and Genealogy Centre.

Go hInis Cua ansin leis le roinnt sloinnteoireachta a dhéanamh in Ionad Oidhreachta agus Ginealais Thuaisceart Mhaigh Eo.

RTÉ News and Current Affairs Joe Biden at Knock Mary Airport

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Joe Biden in Aerfort Chnoc Mhuire

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2c33jmrs

Contact: irishlingos@gmail.com

Emphasis on the link between America and Ireland in Joe Biden’s speech.

Béim ar an nasc idir Meiriceá agus Éire in oráid Joe Biden.

In a speech he gave to Oireachtas Éireann in Leinster House this afternoon, the President of the United States Joe Biden referred many times to the historical link between America and Ireland.

In óráid a thug sé d’Oireachtas Éireann i dTeach Laighean tráthnóna, thagair Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden go minic don nasc stairiúil idir Meiriceá agus Éire.

He would have to, he said, it was a great heartache for his own ancestors to get on the white boat, to turn their backs on their homeland and face the foreigner.

Chaithfeadh sé, arsa sé, gur mhór an crá croí dá shinsear féin dul ar an mbád bhán, cúl a thabhairt le dúchas agus aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch.

There is now a joint relationship between America and Ireland, said Joe Biden, which is a relationship based on that historical connection.

Tá comhchaidreamh anois idir Meiriceá agus Éire, a dúirt Joe Biden, ar caidreamh é atá bunaithe ar an nasc stairiúil úd.

He also referred to the commonality of the word ‘dignity’ in the Gael language, according to him.

Thagair sé freisin do choitiantacht an fhocal ‘dínit’ i mbéala Gael, dar leis.

It is a very important word, he said.

Is focal fíorthábhachtach é, a dúirt sé.

Commenting on the war in Ukraine, President Biden indicated that Ireland and the United States were working together to help the people of Ukraine.

Ag trácht dó ar an gcogadh san Úcráin, thug an tUachtarán Biden le fios go raibh Éire agus na Stáit Aontaithe ag obair i gcomhar le fóirithint ar mhuintir na hÚcráine.

Again, he mentioned the Gael families who are in exile in America, who, he said, have a good understanding of the fight and work for freedom and democracy.

Arís, luaigh sé clanna Gael atá ar deoraíocht i Meiriceá, dream, ar sé, a bhfuil tuiscint ghrinn acu ar an troid agus an obair ar son na saoirse agus an daonlathais.

I’m not lying to say that, said President Biden, it’s the truth.

Ní bréag dom é sin a rá, a dúirt an tUachtarán Biden, is í an fhírinne í.

The President then focused on political matters in the North and said that the biggest achievement of the Good Friday Agreement is that young people are no longer dreaming about checkpoints.

Dhírigh an tUachtarán ina dhiaidh sin ar chúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart agus dúirt gurb é an rud is mó atá bainte amach ag Comhaontú Aoine an Chéasta nach mbíonn daoine óga ag déanamh brionglóidí níos mó faoi phointí seiceála.

He also implied that he believed the British Government should work more closely with the Irish Government (in terms of Northern affairs).

Thug sé le tuiscint freisin gur chreid sé gur chóir do Rialtas na Breataine obair níos dlúithe le Rialtas na hÉireann (ó thaobh chúrsaí an Tuaiscirt de).

He promised that the United States would stand by Ireland and claimed that the two countries were working together to build an economy where workers would be treated with dignity and where large companies would pay their share.

Gheall sé go seasfadh na Stáit Aontaithe le hÉirinn agus mhaígh sé go raibh an dá thír ag obair le chéile chun eacnamaíocht a thógáil ina gcaithfí go díniteach le hoibrithe agus ina n- íocfadh comhlachtaí móra a gcion.

Near the end of his speech, President Biden mentioned climate change, saying it is the biggest threat to the world right now.

Is gar do dheireadh a óráide a luaigh an tUachtarán Biden athrú aeráide, á rá gurb é an baol is mó ar domhan é faoi láthair.

We don’t have much time left, that’s the truth, he said.

Níl mórán ama fanta againn, sin í an fhírinne, arsa sé.

In addition to the Dáil Deputies and Senators who were present in the Dáil room for the President’s speech, there were other great well-wishers and special guests who were also invited there – including Marie Devlin, the widow of the poet Séamus Heaney.

Chomh maith leis na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí a bhí i láthair i seomra na Dála le haghaidh óráid an Uachtaráin, bhí maithe móra eile agus aíonna speisialta ar tugadh cuireadh dóibh ann freisin – Marie Devlin, baintreach an fhile Séamus Heaney, ina measc.

Before President Biden gave his speech in Leinster House, he spoke for a few minutes with the leaders of the various political parties and groups in the Oireachtas.

Sular thug an tUachtarán Biden a óráid i dTeach Laighean, labhair sé ar feadh cúpla nóiméad le ceannairí na bpáirtithe agus na ngrúpaí éagsúla polaitíochta san Oireachtas.

Joe Biden will attend a special dinner being held in his honor tonight in Dublin Castle.

Freastalóidh Joe Biden ar dhinnéar speisialta atá á reáchtáil ina onóir anocht i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

RTÉ News and Current Affairs US President Joe Biden in Dáil Éireann

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden i nDáil Éireann

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2e2vtkpp

Contact: irishlingos@gmail.com

President of the United States Joe Biden in Co Louth this afternoon.

Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden i gCo Lú tráthnóna.

The President of the United States Joe Biden is in Cuaille, Co Louth, this evening, where he visited Carlin Castle – a Norman fort at the foot of Sliabh Feá – in the company of Tánaiste Micheál Martin.

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden i gCuaille, Co Lú, tráthnóna, mar ar thug sé cuairt ar Chaisleán Chairlinn – dún Normannach ag bun Shliabh Feá – i gcuideachta an Tánaiste Micheál Martin.

The President’s great-grandfather was from Co Louth and this is his third visit to the county since 2016.

B’as Co Lú sin-seanathair an Uachtaráin agus seo an tríú sciuird aige ar an gcontae ó 2016.

As the President’s motorcade made its way through the town of Carlin, hundreds of people along the road welcomed the arrival of one of their own.

Agus gluaisteán an Uachtaráin ag déanamh a bealaigh trí bhaile Chairlinn, chuir na céadta duine fáilte feadh an bhóthair roimh fhionnó duine dá gcuid féin.

From Carlin, President Biden turned back and headed for Dundalk, where he is in for another hearty welcome.

As Cairlinn, chas an tUachtarán Biden siar agus thug sé a aghaidh ar Dhún Dealgan, áit a bhfuil fáilte chroíúil eile i ndán dó.

Earlier in the evening, after leaving Belfast, President Biden arrived at Dublin Airport, where he was welcomed by Taoiseach Leo Varadkar.

Níos túisce tráthnóna, tar éis dó Béal Feirste a fhágáil, tháinig an tUachtarán Biden go hAerfort Bhaile Átha Cliath, mar ar chuir an Taoiseach Leo Varadkar fáilte roimhe.

Joe Biden also greeted others who had gathered at the airport to see him despite the bad weather.

Bheannaigh Joe Biden chomh maith do dhaoine eile a bhí bailithe san aerfort lena fheiceáil ainneoin na drochaimsire.

He also had a special meeting there with the staff of the United States Embassy and their families, and he also spoke with workers from the airport’s fire service.

Bhí cruinniú faoi leith aige ann freisin le foireann Ambasáid na Stát Aontaithe agus a dteaghlaigh, agus labhair sé chomh maith le hoibrithe ó sheirbhís dóiteáin an aerfoirt.

However, the weather put a dent in his wheel – or rather a dent in the rotor – as he had to face Cho Lou in his reinforced car rather than by helicopter as planned.

Chuir an aimsir eang sa roth aige, áfach – nó eang sa rótar ba chirte a rá – mar b’éigean dó aghaidh a thabhairt ar Cho Lú ina ghluaisteán treisithe seachas ar héileacaptar mar a bhí beartaithe.

RTÉ News and Current Affairs Joe Biden in Carling Castle

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Joe Biden i gCaisleán Chairlinn

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2b2eeute

Contact: irishlingos@gmail.com

The days of the zebras on loan again and great weather is promised.

Laethanta na riabhaí ar iasacht arís agus aimsir mhór geallta.

The first of three yellow wind warnings issued by Met Éireann for the next few days applies from 3pm to 9pm tonight.

Tá feidhm óna 3 a chlog tráthnóna go dtí 9 a chlog anocht leis an gcéad cheann de thrí fhógra buí gaoithe atá eisithe ag Met Éireann i gcomhair an chúpla lá seo amach romhainn.

The first notice relates mainly to counties in the east of the country.

Is le contaetha in oirthear na tíre den chuid is mó a bhaineann an chéad fhógra.

Ten counties are involved, namely, Dublin, Louth, Meath, Wicklow, Kildare, Carlow, Kilkenny, Wexford, Waterford and Cork.

Deich gcontae atá i gceist, mar atá, Baile Átha Cliath, Lú, an Mhí, Cill Mhantáin, Cill Dara, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Láirge agus Corcaigh.

Met Éireann says that there will be severe gusts of wind in those places for a long time.

Deir Met Éireann go mbeidh géarbhach crua gaoithe sna háiteanna sin ar feadh na faide.

Met Éireann has issued another wind warning which will apply between 1 o’clock tomorrow morning and 5 o’clock tomorrow afternoon.

Tá fógra gaoithe eile eisithe ag Met Éireann a mbeidh feidhm leis idir 1 a chlog ar maidin amárach agus 5 a chlog tráthnóna amárach.

The second notice relates mainly to counties in the west of the country, such as Cork, Kerry, Limerick, Clare, Galway and Mayo.

Is le contaetha in iarthar na tíre den chuid is mó a bhaineann an dara fógra sin, mar atá, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, an Clár, Gaillimh agus Maigh Eo.

According to the meteorologists, there will be a speed between 90 and 110 kilometers per hour under the wind gusts in those places.

Dar leis na meitéareolaithe go mbeidh luas idir 90 agus 110 ciliméadar san uair faoi na siotaí gaoithe sna háiteanna sin.

They also say that the wind could be even stronger on high ground and in areas by the sea, where the salt could blow onto roads.

Deir siad chomh maith go bhféadfadh sé gur láidre fós a bheadh an ghaoth ar thalamh ard agus i gceantair cois farraige, áit a bhféadfadh an tsáile tonnadh isteach ar bhóithre.

Another yellow wind warning will apply – the third one – between 8 o’clock tomorrow morning and 8 o’clock tomorrow afternoon.

Beidh feidhm le fógra buí gaoithe eile fós – an tríú ceann – idir 8 a chlog ar maidin amárach agus 8 a chlog tráthnóna amárach.

The notice applies to the whole of Leinster, as well as Cavan, Monaghan, Leitrim, Roscommon, Sligo, Donegal, Tipperary and Waterford.

Baineann an fógra úd le Cúige Laighean ar fad, chomh maith leis an gCabhán, Muineachán, Liatroim, Ros Comáin, Sligeach, Dún na nGall, Tiobraid Árann agus Port Láirge.

Barring the winds, it will also be runny everywhere.

Gan na gálaí a bhac, beidh sé silteach i ngach áit freisin.

It is said, in fact, that the rain will be heavy and thunderous at times and that there could also be hail.

Deirtear, go deimhin, go mbeidh an fhearthainn trom agus toriniúil in amanna agus go bhfeádfadh sé go mbeadh clocha sneachta ann chomh maith.

In the North, a yellow wind warning will apply between 3pm and 3am tomorrow in Co Down and Co Antrim.

Sa Tuaisceart, beidh feidhm le fógra buí gaoithe idir 3 a chlog tráthnóna agus 3 a chlog ar maidin amárach i gCo an Dúin agus i gCo Aontroma.

Another announcement will apply between 11 o’clock tomorrow morning and 8 o’clock tomorrow afternoon in each of the six Northern counties.

Beidh feidhm le fógra eile idir 11 a chlog ar maidin amárach agus 8 a chlog tráthnóna amárach i ngach ceann de shé chontae an Tuaiscirt.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/22yzw63k

Contact: irishlingos@gmail.com

The housing crisis “continues to escalate” said the Taoiseach.

An ghéarchéim tithíochta “ar aghaidh bhisigh” arsa an Taoiseach.

The Taoiseach has said that he believes that the housing crisis is on the brink of collapse and that house prices are easing or falling.

Tá sé ráite ag an Taoiseach go gcreideann sé go bhfuil an ghéarchéim tithíochta ar thairseach an bhisigh agus go bhfuil praghasanna tithe toisithe ag maolú nó ag titim.

Leo Varadkar told RTÉ’s This Week program that the impact of Government policy is leaving its mark on the housing shortage.

Dúirt Leo Varadkar leis an chlár This Week ar RTÉ go bhfuil tionchar bheartais an Rialtais ag fágáil a lorg ar an ghanntanas tithíochta.

He would be “very worried”, he said, if he were a first-time buyer himself and if a new government came to power or what would happen if a government under Sinn Féin or the left wing was put in power which would “end that support that has been placed on we get people.”

Bheadh “imní mhór” air a dúirt sé, dá mba cheannaitheoir céaduaire é féin agus dá dtiocfadh rialtas nua i gceannas nó méid a tharlódh dá gcuirfí rialtas faoi Shinn Féin nó faoin eite chlé i gcumhacht a “chuirfeadh deireadh leis an tacaíocht sin atá curtha ar fáil againn do dhaoine.”

Regarding the underspend of €1 billion in the Housing Department between 2020 and the end of 2022, the Taoiseach said that the underspend needs to be put in the context of “the biggest ever” spending by the Housing Department.

Maidir leis an ghannchaitheamh de €1 billiún sa Roinn Tithíochta idir 2020 agus deireadh 2022, dúirt an Taoiseach gur gá an gannchaitheamh a chur i gcomhthéacs “an chaitheachais is mó ariamh” atá déanta ag an Roinn Tithíochta.

He said that there is no lack of political will in the Government in relation to spending on housing that the budget was “so big” that the Housing Department had difficulty spending it.

Dúirt sé nach bhfuil aon easpa toil pholaitiúil sa Rialtas maidir le caiteachas ar thithíocht go raibh an buiséad “chomh mór sin” go raibh deacracht ag an Roinn Tithíochta é a chaitheamh.

The Government has made changes this year, he said, which will make money not spent in one year available earlier next year to ensure that all budgets are spent in full.

Tá athruithe déanta ag an Rialtas i mbliana, a dúirt sé, a chuirfidh airgead nár caitheamh i mbliain amháin ar fáil níos luaithe an bhliain dar gceann lena chinntiú go gcaithfear gach buiséad ina iomláine.

Regarding the Government’s decision to end the eviction ban, the Taoiseach said that almost half of the eviction notices are often invalid.

Maidir le cinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an chosc díshealbhaithe, dúirt an Taoiseach gur minic go mbíonn beagnach leathchuid na bhfógraí scoir neamhbhailí.

He said it is worth remembering that houses will not be lying empty for a long time, as first-time buyers or people returning from abroad will be moving into them.

Dúirt sé gur fiú a mheabhrú nach mbeidh tithe ina luí folamh go ceann i bhfad, mar go mbeidh ceannaitheoirí céaduaire nó daoine atá ag filleadh ó thar lear ag bogadh isteach iontu.

The “vast majority” of people who have received a notice to quit from their landlord will find alternative accommodation, said Leo Varakar.

Aimseoidh “formhór mór” na ndaoine a fuair fógra scoir óna dtiarna talún, malairt lóistín, a dúirt Leo Varakar.

On another matter, the Taoiseach said that it is “a good thing” that international companies are doing business in the State but that it is vulnerable because of the proportion they pay in corporate tax.

Ar ábhar eile, dúirt an Taoiseach gur “rud maith” é go bhfuil comhlachtaí idirnáisiúnta i mbun gnó sa Stát ach go bhfuil leochaileacht ag baint leis mar gheall ar an gcoibhneas a íocann siad i gcáin chorparáideach.

It is important that such forces continue to view this country favorably, since they generate a large share of money for the Exchequer.

Tá sé tábhachtach go leanfadh comhachtaí dá leithéid ag dearcadh go fábharach ar an tír seo, ó tharla go ngineann siad sciar mór airgid don Státchiste.

He also said that the Government does not rely too much on corporation tax from a small number of companies.

Dúirt sé chomh maith nach bhfuil an Rialtas ag brath an iomarca ar cháin corparáide ó líon beag comhlachtaí.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/24ggs8bv

Contact: irishlingos@gmail.com

Joe Biden to deliver a major address at the University of Ulster.

Joe Biden le mór aitheasc a thabhairt ag Ollscoil Uladh.

The President of the United States Joe Biden will give a major address in the new campus of the University of Ulster as the start of his tour of this country next week.

Tabharfaidh Uachtarán na Stáit Aontaithe Joe Biden mór-aitheasc i gcampas nua Ollscoil Uladh mar thús ar a chamchuairt ar an tír seo an tseachtain seo chugainn.

President Biden will be involved in events on both sides of the border during his visit which will coincide with the anniversary of the signing of the Good Friday Agreement 25 years ago.

Beidh an tUachtarán Biden páirteach in imeachtaí ar dhá thaobh na teorann le linn a chuairte a bheidh ar bun ag an am chéanna a ndéanfar comóradh ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ó shin.

It is understood that on Wednesday he will give the address on the Ulster University campus in Belfast.

Tuigtear gur ar an Chéadaoin a thabharfaidh sé an t-aitheasc ar champas Ollscoil Uladh i mBéal Feirste.

Ulster University vice-chancellor and president Professor Paul Bartholomew said it would be a big day for the university.

Dúirt leas-sheansailéir agus uachtarán Ollscoil Uladh an tOllamh Paul Bartholomew gur lá mór don ollscoil a bheidh ann.

“As we celebrate the 25th anniversary of the signing of the Good Friday Agreement, the University is looking forward to preparing the next generation of community, business and civil society leaders.”

“Is muid ag comóradh 25 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, tá an Ollscoil ag súil go mór leis an chéad ghlúin eile de cheannairí pobail, gnó agus sochaí saoránach a ullmhú.”

The American President will reach Belfast on Tuesday night in the company of the British prime minister Rishi Sunak.

Bainfidh Uachtarán Mheiriceá Béal Feirste amach oíche Mháirt i gcuideachta phríomh aire na Breataine Rishi Sunak.

It is thought that President Biden will not go to the Stormont building on Anfa Hill, and some are now saying that he is downplaying the Northern Ireland aspect of his trip as he will only have one event during his time in the north. of the border.

Ceaptar nach rachaidh an tUachtarán Biden chuig foirgneamh Stormont ar Chnoc an Anfa, agus tá roinnt daoine ag rá anois go bhfuil sé ag déanamh beag is fiú de ghné Thuaisceart Éireann dá thuras de bhrí nach mbeidh aige ach ócáid amháin le linn a chuid ama ó thuaidh den teorainn.

This has been denied by Tánaiste Micheál Martin, who said that any kind of visit from the President of the United States is very worthwhile.

Tá an méid seo séanta ag an Tánaiste Micheál Martin, a dúirt gur mór is fiú cuairt de chineál ar bith ó Uachtarán de chuid na Stáit Aontaithe.

“People are jealous of the attention that President Biden gives to the whole island of Ireland,” he said, “and this visit of his shows how committed he is to the people of Northern Ireland.”

“Tá daoine in éad leis an aird a thugann an tUachtarán Biden ar oileán uilig na hÉireann ón ,” a dúirt sé, “agus léiríonn an chuairt seo aige chomh tiomanta agus atá sé do phobal Thuaisceart Éireann.”

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bnwzppc

Contact: irishlingos@gmail.com

Schools to divide teachers into “popular subjects”.

Scoileanna le múinteoirí a roinnt in “ábhair mór-éilimh”.

The Department of Education intends to start a pilot scheme in September to enable post-primary schools to share teachers to teach subjects that are in high demand.

Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais scéim phíolótach a thosú i mí Mheán Fómhair le cur ar chumas scoileanna iarbhunoideachais múinteoirí a roinnt chun ábhair a bhfuil éileamh mór orthu a mhúineadh.

Minister Norma Foley said that the scheme will be introduced in several places in the next school year.

Dúirt an tAire Norma Foley go dtabharfar an scéim isteach i roinnt áiteanna sa scoilbhliain seo chugainn.

This pilot scheme is based on a scheme established in 2019 which allowed two schools to share teachers.

Bunaithe ar scéim a bunaíodh i 2019 a cheadaigh do dhá scoil múinteoirí a roinnt, atá an scéim phíolótach seo.

In response to a Dáil question from Deputy Eoin Ó Broin, Sinn Féin, Minister Foley said that the scheme will attract teachers of subjects who are in high demand to teaching positions and that they will be given a full-time contract.

I bhfreagra ar cheist Dála ón Teachta Eoin Ó Broin, Sinn Féin, dúirt an tAire Foley go meallfaidh an scéim múinteoirí ábhair a bhfuil éileamh mór orthu chuig postanna múinteoireachta agus go dtabharfar conradh lán-aimseartha dóibh.

The Minister also announced that the Department intends to implement “a program of comprehensive policies” “that will support the supply of teachers,” – among which is a new program to enable teachers to receive a higher level of training themselves in Irish as a subject.

D’fhógair an tAire chomh maith go bhfuil sé i gceist ag an Roinn “clár de bheartais chuimsitheacha” a chur i bhfeidhm “a thacóidh le soláthar múinteoirí,”- ina measc sin tá clár nua le cur ar chumas múinteoirí leibhéal breis oiliúna a chur orthu féin sa Ghaeilge mar ábhar.

The Department says that additional places have been made available on additional training programs for teachers in Mathematics, Spanish and Physics, and that the Department is considering doing the same in “other important subjects.”

Deir an Roinn go bhfuil áiteanna breise curtha ar fáil ar chláracha breis-oiliúna do mhúinteoirí sa Mhatamaitic, Spáinnis agus san Fhisic, agus go bhfuil an Roinn ag meas a mhacasamhail a dhéanamh in “ábhair thábhachtacha eile.”

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2clkkt84

Contact: irishlingos@gmail.com

Two weeks until the need for masks in the hospital ends.

Coicís go mbeidh deireadh le riachtanas maisc san ospidéal.

It is planned within two weeks to end the need to wear a mask when a person is in hospital. The need has been there since the health restrictions were introduced when the spread of the corona virus was worst.

Tá sé beartaithe faoi cheann coicíse deireadh a chur leis an riachtanas atá ann masc a chaitheamh agus duine san ospidéal Tá an riachtanas ann ó tugadh faoi na srianta sláinte nuair ba mheasa scaipeadh an víreas corónaigh.

The decision to remove the requirement is in the latest Directive from the Health Protection Watch Center which will come into force on 19th April.

Tá an cinneadh fáil réidh leis an riachtanas san Treoir is deireanaí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte a bheidh ag teacht i bhfeidhm an 19ú Aibreán.

From that day on, the Center says “with the exception of periods when the illness would spread strongly among the community” there will be no more need for health teams, patients, or visitors to wear a mask in hospitals and in other health care centers.

Ón lá sin ar aghaidh a deir an Lárionad “cé is moite de thréimhsí a mbeadh an tinneas ag scaipeadh go tréan i measc an phobail” ní bheidh riachtanas níos mó ar mheitheal sláinte, ar othair, ná ar chuairteoirí masc a chaitheamh in ospidéil agus in ionaid eile cúram sláinte.

It is still recommended to wear a mask under certain circumstances.

Táthar fós ag moladh masc a chaitheamh faoi chúinsí ar leith.

A health group says the Center “should at least wear a mask when caring for patients with symptoms of a respiratory virus.”

Ba chóir do mheitheal sláinte a deir an Lárionad “ar a laghad, masc a chaitheamh i mbun cúraim ar othair a bhfuil comharthaí sóirt víreas riospráide orthu.”

It is also recommended that masks be available for patients on wards where there are other patients with these symptoms.

Moltar freisin go mbeadh mascanna ar fáil d’othair ar bhardaí ar a bhfuil othair eile a bhfuil na comharthaí sóirt sin orthu.

The same Directive will be applied in the homes for the elderly.

Beidh an Treoir chéanna le cur i bhfeidhm sna h-árais do dhaoine aosta.

The Center says there are still challenges in taming the virus but they say things have improved a lot thanks to the health restrictions and vaccination.

Deir an Lárionad go bhfuil dúshláin fós ag baint leis an víreas a cheansú ach deir siad go bhfuil cúrsaí feabhsaithe go mór a bhuíochas do na srianta sláinte agus don vacsaíniú.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29wc5po7

Contact: irishlingos@gmail.com

Business and Irish at will for a Pakistani in Cork.

Gnó agus Gaeilge ar a thoil ag Pacastánach i gCorcaigh.

A shopkeeper from Pakistan says that his relationship with customers is better when he turns to Irish! Urdu is the native language of Danish Jamshed, 41, who came to Cork City in 2009 from the metropolis of Karachi where 15 million people live.

Deir fear siopa de bhunú na Pacastáine gur fearr an caidreamh a bhíonn aige le custaiméirí nuair a iompaíonn sé ar an nGaeilge! Urdúis an teanga dhúchais atá ag Danish Jamshed, 41, a tháinig go Cathair Chorcaí i 2009 as ollchathair Karachi ina bhfuil cónaí ar 15 milliún.

He was first working in Eason’s shop in Kent Train Station and it was there that he began to speak the few words.

Bhí sé ag obair ar dtús i siopa Eason i Stáisiún Traenach an Cheanntaigh agus is ansiúd a thosaigh sé ag labhairt an chúpla focal.

When he encountered a group of young people speaking in a language he did not recognize, his interest was stimulated.

Nuair a casadh grúpa daoine óga air ag labhairt i dteanga nár aithnigh sé a spreagadh a chuid spéise.

“They were from the Gaeltacht and I really liked the sounds I was hearing from them” says Danish.

“B’as an Ghaeltacht dóibh agus thaitin na fuaimeanna a bhí mé ag cloisteáil uathu go mór liom” a deir Danish.

He then decided to start learning Irish, on his own initiative while working in the shop.

Bheartaigh sé ansin tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge, faoina stuaim féin agus é ag obair sa siopa.

“People are so happy when I speak Irish to them!” Danish hopes to improve his speech as he embarks on that journey on a course at University College, Cork.

“Bíonn daoine chomh sásta nuair a labhraim Gaeilge leo!” Tá súil ag Danish barr feabhais a chur ar a chuid cainte agus é le tabhairt faoin turas sin ar chúrsa i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Marian O’Flaherty will have more on that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O’Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.

Danish Jamshed and his friend in the shop.

Danish Jamshed agus cara leis sa siopa.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29jlz8y6

Contact: irishlingos@gmail.com

A bishop made of a priest from Mullingar.

Easpag déanta de shagart as an Muileann gCearr.

Pope Francis has appointed Father Paul Connell, a priest in the Diocese of Meath, as the new bishop of the Diocese of Ardach and Clonmacnois.

Tá an Pápa Proinsias tar éis an Athair Paul Connell, sagart i nDeoise na Mí, a cheapadh ina easpag nua ar Dheoise Ardach agus Chluain Mhic Nóis.

The announcement was made before the mass in St Mel’s Cathedral in Longford.

Roimh an aifreann in Ardeaglais Naomh Mél san Longfort a déanadh an fógra.

Fr Connell will succeed Francis Duffy who was appointed Archbishop of Tuam last year.

Tiocfaidh an tAth Connell i gcomharbacht ar Francis Duffy a ceapadh ina Ardeaspag ar Thuaim anuraidh.

Father Connell, who was ordained in 1982, is originally from Millcarr in Co Westmeath.

As an Muileann gCearr i gCo na hIarmhí ó dhúchas é an tAth Connell a hoirníodh i 1982.

He used to teach at Coláiste Naomh Finin in Mullingar and was appointed principal of that school in 1998.

Bhíodh sé ag múineadh i gColáiste Naomh Finín san Muileann gCearr agus ceapadh ina phríomhoide ar an scoil sin é i 1998.

He was in charge when it became a co-educational school for girls and boys in 2003.

Is é a bhí i gceannas nuair a déanadh scoil chomhoideachais do chailíní agus buachaillí di i 2003.

He was also the Executive Secretary of the Education Council of the Bishops’ Commission in Maynooth.

Ba é freisin an Rúnaí Feidhmiúcháin ar an gComhairle Oideachais ar Choimisiún na nEaspag i Maigh Nuad.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2d6q6ga5

Contact: irishlingos@gmail.com

Almost every school in the country is short of teachers.

Beagnach gach scoil sa tír gann ar mhúinteoirí.

Almost all post-primary schools in the State are hit by a shortage of teachers says Cumann na Meánmúneoirí, the ASTI.

Tá beagnach gach iarbhunscoil sa Stát buailte ag ganntanas múinteoirí a deir Cumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI.

Three out of four principals who took part in a survey for the union say they have not received more than one application for a teaching job or jobs they had advertised since last autumn.

Deir triúr as gach ceathrar príomhoide a ghlac páirt i suirbhé don cheardchumann nach bhfuair siad oiread is iarratas amháin do phost nó postanna múinteoireachta a bhí fógartha acu ón bhfómhar seo caite.

The survey also shows that 75% of teachers have considered leaving the profession in the past year.

Léirítear sa suirbhé freisin gur smaoinigh 75 faoin gcéad de mhúinteoirí an ghairm a fhágáil le bliain anuas.

2,000 members of the ASTI, including 56 principals, took part in the online questionnaire organized by Red C last month.

2,000 ball den ASTI, 56 príomhoide ina measc, a ghlac páirt sa gceistneoir ar-líne a bhí eagraithe ag Red C an mhí seo caite.

The association says that the results show that there are teaching vacancies in almost 50% of the country’s post-primary schools and that 75% of the principals say that they have not received any applications for jobs that they had advertised.

Deir an cumann go léiríonn na torthaí go bhfuil folúntais múinteoireachta i mbeagnach 50 faoin gcéad d’iarbhunscoileanna na tíre agus go ndeir 75 faoin gcéad de na príomhoidí nach bhfuair siad aon iarratas ar phostanna a bhí fógartha acu.

80% of the principals indicated that they employed at least one unqualified teacher during this school year and that 20% of the schools had to remove one or more subjects from their curriculum as a result of the shortage of teachers.

Thug 80 faoin gcéad de na príomhoidí le fios gur fhostaigh siad ar a laghad múinteoir amháin neamhcháilithe le linn na scoilbhliana seo agus go mb’éigin de 20 faoin gcéad de na scoileanna ábhar amháin nó níos mó a bhaint dá gcuracalam mar thoradh ar an nganntanas múinteoirí.

In addition, almost 90% of schools indicated that there were periods when a substitute teacher was not available to fill the place of an absent teacher.

Mar bharr air sin thug beagnach 90 faoin gcéad de na scoileanna le fios go raibh tréimhsí ann nuair nach raibh múinteoir ionaid ar fáil le áit múinteóra a bhí as láthair a líonadh.

The workload, the low pay, the high cost of living and the housing crisis are mentioned in the survey as the main reasons for the shortage of teachers.

Tá an t-ualach oibre, an phá íseal, an costas ard maireachtála agus an ghéarrchéim tithíochta luaite sa suirbhé ar na mórchúiseanna leis an nganntanas múinteoirí.

The survey also shows that the satisfaction that teachers derive from their profession is steadily declining.

Léiríonn an suirbhé chomh maith go bhfuil an sásamh a bhaineann múinteoirí as a gceird ag meath go seasta.

Next week Cumann na Meanmúneoirí will have its Annual Conference.

An tseachtain seo chugainn a bheidh a gComhdháil Bhliantúil ag Cumann na Meánmhúinteoirí.

Piedar Mac Gaoithín will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Peadar Mac Gaoithín ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2h5ytzgc

Contact: irishlingos@gmail.com

Hotel revenues for Ukrainian accommodation cut by the Government.

Ioncaim Óstán do lóistín Úcránach gearrtha ag an Rialtas.

The State is offering lower rates in the latest contracts with hotels that are providing accommodation for refugees from Ukraine.

Tá rátaí níos ísle á dtairisicint ag an Stát sna conarthaí is deireanaí le óstáin atá ag cur lóistín ar fáil do theifigh as an Úcráin.

One hotel owner tells RTÉ News that the new contract is a reduction of €1,500 per week, even taking into account the donation the refugees will have to make to the hotel in the future.

Deir úinéir amháin óstáin le Nuacht RTÉ gur €1,500 de laghdú sa tseachtain atá sa gconradh nua, fiú ag cur san áireamh an síntiús a bheidh ar na teifigh a dhéanamh leis an óstán feasta.

The hotelier says he has been told “take it or leave it” about the new offer.

Deir an t-óstánaí gur “tóg é nó fág i do dhiaidh é” atá ráite leis faoin tairisicint nua.

The same man says he has discovered that other hoteliers are being paid higher rates under the new contract and when he inquired about this with the Department of Children, Equality, Disability, Inclusion and Youth he was told “no The other firm had the right to have said that because there is a confidentiality agreement”.

Deir an fear céanna go bhfuil sé faighte amach aige go bhfuil rátaí níos airde á n-íoc le óstánaí eile faoin gconradh nua agus nuair a d’fhiosraigh sé é sin leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige dúradh leis “nach raibh sé de cheart ag an ngnólacht eile é sin a bheith ráite acu mar go bhfuil socrú rúndachta ann”.

RTÉ News understands that there are other hotels whose contracts have not been reduced.

Tá óstáin eile ann tuigtear do Nuacht RTÉ nach bhfuil a gcuid conarthaí laghdaithe.

Fine Gael Senator Martin Conway says he is “convinced” that “hoteliers who have developed close relationships with people who have fled war are being bullied”.

Deir an Seanadóir Martin Conway, Fine Gael, go bhfuil “déistin” air go bhfuil “bulaíocht á dhéanamh ar óstánaithe atá tar éis gaol gar a chothú le daoine atá tar éis teitheadh ó chogadh”.

In a statement from the Department of Integration they say that the Government has recently decided to “standardize the rates in order to ensure balance and continuity, and to achieve the best value for the taxpayer.”

I ráiteas ón Roinn Lánpháirtíochta deir siad go bhfuil cinneadh déanta le gairid ag an Rialtas faoi “chaighdeánú na rátaí ar mhaithe le cothromaíocht agus leanúnachas a chinntiú, agus ar maithe leis an luach is fearr a bhaint amach don cháiníocóir.”

Under the new contracts the refugees are now obliged to pay a donation; €10 per day for an adult and €5 per day for a child.

Faoi na conartaí nua tá dualgas anois ar na teifigh síntiús a íoc; €10 sa ló ar dhuine fásta agus €5 sa ló ar ghasúr.

They will also have to bear the cost of washing personal items and the cost of pets.

Beidh orthu féin freisin costas níochána nithe pearsanta agus costas peataí a sheasamh.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2qxt2mro

Contact: irishlingos@gmail.com

Trump to be charged with payments to Stormy Daniels.

Trump le cúisiú in íocaíochtaí a thabhairt do Stormy Daniels.

Former United States President Donald Trump is to be accused of making illegal payments to a woman during his 2016 presidential election campaign.

Tá iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le cúisiú in íocaíochtaí neamhdhleathacha a thabhairt do bhean nuair a bhí a fheachtas toghchánaíochta don uachtaránacht faoi lán seoil in 2016.

A grand jury in New York has indicted Donald Trump in giving the payments to the woman, Stormy Daniels, who is a pornographic actress.

Is ardghiúiré i Nua-Eabhrac a dhíotáil Donald Trump sna híocaíochtaí a thabhairt don bhean, Stormy Daniels, ar aisteoir pornagrafaíochta í.

He is accused of paying her $130,000 to keep their alleged sexual relationship secret.

Cuirtear ina leith gur íoc sé $130,000 léi le go gcoinneodh sí an caidreamh collaí a deirtear a bhí acu le chéile faoi rún.

Donald Trump, who is 76 years old, is the first former American president ever to be indicted for a criminal offence.

Is é Donald Trump, atá 76 bliain d’aois, an chéad iaruachtarán Meiriceánach riamh a díotáladh i gcion coiriúil.

Manhattan District Attorney Alvin Bragg’s office confirmed that the matter was discussed with the former president’s lawyers yesterday afternoon, and it is expected that he will be arrested after he surrenders himself to the police next Tuesday.

Dhearbhaigh oifig Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan Alvin Bragg gur pléadh an scéal le dlíodóirí an iaruachtaráin tráthnóna inné, agus meastar go ngabhfar é tar éis dó é féin a thabhairt ar láimh do na póilíní Dé Máirt seo chugainn.

According to tradition, the police will take Donald Trump’s fingerprints and photograph him, but apparently will not handcuff him.

De réir gnáis, tógfaidh na poilíní méarloirg Donald Trump agus tógfaidh siad grianghraf de, ach is cosúil nach gcuirfidh siad é i nglais lámh.

It is expected that he will then be brought before a court, that it will be decided when he will be put on trial and, finally, that he will be released on bail.

Meastar go dtabharfar os comhair cúirte é ina dhiaidh sin, go socrófar cén uair a chuirfear ar a thriail é agus, ar deireadh, go scaoilfear saor ar bannaí é.

Tight security is already being implemented in Manhattan for fear that the supporters of the former president would attract confrontation in light of his accusations.

Tá dianslándáil á cur i bhfeidhm cheana féin in Manhattan ar fhaitíos go dtarraingeodh lucht tacaíochta an iaruachtaráin achrann i bhfianaise a chúisithe.

Donald Trump has sharply criticized the decision of the grand jury to indict him and claimed that it was only “political persecution” with a desire to “interfere with his election campaign.”

Tá cinneadh an ardghiúiré é a chúisiú cáinte go géar ag Donald Trump agus mhaígh sé nach raibh ann ach “géarleanúint pholaitiúil” le fonn “cur isteach ar a fheachtas togchánaíochta.”

He has put his name forward for the next presidential election in 2024 but the Republican Party has not yet chosen a candidate.

Tá a ainm curtha chun cinn aige don chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024 ach níl aon iarrthóir roghnaithe ag an bPáirtí Poblachtach fós.

The decision of the high jury has been strongly criticized by senior politicians of that party as well.

Tá cinneadh an ardghiúiré cáinte go láidir ag polaiteoirí sinsearacha an pháirtí sin chomh maith.

Mike Pence, who was vice president when Donald Trump was in the White House, said it was a shame.

Dúirt Mike Pence, a bhí ina leasuachtarán nuair a bhí Donald Trump sa Teach Bán, gur mhór an náire é.

Florida governor Ron DeSantis called it an “un-American decision”.

“Cinneadh neamh-Mheiriceánach” a thug gobharnóir Florida Ron DeSantis air.

It is expected that he will put his name forward for the presidential election in 2024 as well.

Meastar go gcuirfidh seisean a ainm chun cinn don toghchán uachtaránachta in 2024 freisin.

Conversely, senior Democrat Adam Schiff said that while it was an exceptional situation to arrest a former president, the illegal behavior that Donald Trump is accused of was equally exceptional.

Os a choinne sin, dúirt an Daonlathaí sinsearach Adam Schiff cé gur cor eisceachtúil a bhí ann iaruachtarán a ghabháil, go raibh an t-iompar neamhdhleathach a bhfuil Donald Trump le cúisiú ann chomh heisceachtúil céanna.

Stormy Daniels said she was very happy with the latest twist in the story and gave the impression between play and seriousness that she had opened a bottle of champagne.

Dúirt Stormy Daniels go raibh sí an-sásta leis an gcor is déanaí sa scéal agus thug sí le tuiscint idir shúgradh agus dáiríre go raibh buidéal seaimpéin oscailte aici.

RTÉ News and Current Affairs Donald Trump

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Donald Trump

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2lhh9fe5

Contact: irishlingos@gmail.com

“Boost in the economy next, too boom b

“Borradh sa gheilleagar chugainn, róbhorradh b'fhéidir”.

There will be more growth in the economy this year than expected, but one must be careful because there could be too much growth, according to the latest quarterly bulletin from the Economic and Social Research Institute.

Beidh borradh níos mó sa gheilleagar i mbliana ná mar a bhí súil leis, ach ní mór a bheith aireach mar d’fhéadfadh róbhorradh a bheith ann, de réir an fheasacháin ráithiúil is deireanaí ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.

The bulletin claims that the economy is likely to grow by 3.8% this year and that the inflation rate will drop to 4.5%.

Maítear san fheasachán gur cosúil go dtiocfaidh fás 3.8 faoin gcéad ar an ngeilleagar i mbliana agus go n-ísleoidh an ráta boilscithe go 4.5 faoin gcéad .

There is concern, however, that a very high level of employment could put pressure on the economy and ultimately lead to overgrowth.

Léirítear imní ann, áfach, go bhféadfadh leibhéal an-ard fostaíochta brú a chur ar an ngeilleagar agus gur róbhorradh a bheas ann i ndeireadh na dála.

That, it is said, would put obstacles in the way of major infrastructure projects and house building in particular.

Chuirfeadh sin, a deirtear, constaicí sa bhealach ar thograí móra bonneagair agus ar thógáil tithe go háirithe.

Apparently, the computer services sector is not up and down but rather up and down together.

De réir dealraimh, ní hé go bhfuil an earnáil seirbhísí ríomhaireachta thuas seal thíos seal ach is amhlaidh atá sé thuas thíos in éineacht.

Despite a significant number of workers being let go from certain sections of that sector, almost the same number of workers are being recruited in other sections all the time, according to the research institute.

Ainneoin líon suntasach oibrithe a bheith á ligean chun siúil ó rannóga áirithe den earnáil sin, tá an líon céanna oibrithe nach mór á earcú i rannóga eile an t-am ar fad, dar leis an institiúid taighde.

Employment in the pharmaceutical sector is also growing, it is said.

Tá fostaíocht san earnáil cógaisíochta ag fás freisin, a deirtear.

Only in the accommodation and food services sectors is the level of employment decreasing.

Is sna hearnálacha seirbhísí lóistín agus bia amháin atá an leibhéal fostaíochta ag ísliú.

In that regard, the bulletin suggests that the rate of consumer price inflation may have already fallen to a staggering 4%.

Ina cheann sin, tugtar le fios san fheasachán go mb’fhéidir go bhfuil an ráta boilscithe ó thaobh praghsanna tomhaltóirí de tite cheana féin go dtí corradh agus 4 faoin gcéad .

That’s not the same as the headline inflation rate which is still hovering at 8%.

Ní hionann sin agus an ráta boilscithe príomha atá fós ag bordáil ar 8 faoin gcéad .

That trend, however, cannot be relied upon, as even though energy prices will drop, food prices may rise further if there is an overgrowth in the economy.

Ní féidir brath ar an treocht sin, áfach, arae cé go n-ísleoidh praghsanna fuinnimh is féidir go n-ardóidh praghsanna bia tuilleadh má bhíonn róbhorradh sa gheilleagar.

On top of all that, the general challenges are a list as long as the spring quarter – between the over-reliance on corporate tax from information and communication technology companies; the severe financial policies that are foreseen; and the international unrest.

Ar a mhuin sin ar fad, liosta chomh fada le ráithe an earraigh atá sna dúshláin ghinearálta – idir an róspleáchas ar cháin chorparáideach ó chomhlachtaí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide; na dianbheartais airgeadais atá tuartha; agus an chorraíl idirnáisiúnta.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2fmowlzu

Contact: irishlingos@gmail.com

Trump to be charged with payments to Stormy Daniels.

Trump le cúisiú in íocaíochtaí a thabhairt do Stormy Daniels.

Former United States President Donald Trump is to be accused of making illegal payments to a woman during his 2016 presidential election campaign.

Tá iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le cúisiú in íocaíochtaí neamhdhleathacha a thabhairt do bhean nuair a bhí a fheachtas toghchánaíochta don uachtaránacht faoi lán seoil in 2016.

A grand jury in New York has indicted Donald Trump in giving the payments to the woman, Stormy Daniels, who is a pornographic actress.

Is ardghiúiré i Nua-Eabhrac a dhíotáil Donald Trump sna híocaíochtaí a thabhairt don bhean, Stormy Daniels, ar aisteoir pornagrafaíochta í.

He is accused of paying her $130,000 to keep their alleged sexual relationship secret.

Cuirtear ina leith gur íoc sé $130,000 léi le go gcoinneodh sí an caidreamh collaí a deirtear a bhí acu le chéile faoi rún.

Donald Trump, who is 76 years old, is the first former American president ever to be indicted for a criminal offence.

Is é Donald Trump, atá 76 bliain d’aois, an chéad iaruachtarán Meiriceánach riamh a díotáladh i gcion coiriúil.

Manhattan District Attorney Alvin Bragg’s office confirmed that the matter was discussed with the former president’s lawyers yesterday afternoon, and it is expected that he will be arrested after he surrenders himself to the police next Tuesday.

Dhearbhaigh oifig Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan Alvin Bragg gur pléadh an scéal le dlíodóirí an iaruachtaráin tráthnóna inné, agus meastar go ngabhfar é tar éis dó é féin a thabhairt ar láimh do na póilíní Dé Máirt seo chugainn.

According to tradition, the police will take Donald Trump’s fingerprints and photograph him, but apparently will not handcuff him.

De réir gnáis, tógfaidh na poilíní méarloirg Donald Trump agus tógfaidh siad grianghraf de, ach is cosúil nach gcuirfidh siad é i nglais lámh.

It is expected that he will then be brought before a court, that it will be decided when he will be put on trial and, finally, that he will be released on bail.

Meastar go dtabharfar os comhair cúirte é ina dhiaidh sin, go socrófar cén uair a chuirfear ar a thriail é agus, ar deireadh, go scaoilfear saor ar bannaí é.

Tight security is already being implemented in Manhattan for fear that the supporters of the former president would attract confrontation in light of his accusations.

Tá dianslándáil á cur i bhfeidhm cheana féin in Manhattan ar fhaitíos go dtarraingeodh lucht tacaíochta an iaruachtaráin achrann i bhfianaise a chúisithe.

Donald Trump has sharply criticized the decision of the grand jury to indict him and claimed that it was only “political persecution” with a desire to “interfere with his election campaign.”

Tá cinneadh an ardghiúiré é a chúisiú cáinte go géar ag Donald Trump agus mhaígh sé nach raibh ann ach “géarleanúint pholaitiúil” le fonn “cur isteach ar a fheachtas togchánaíochta.”

He has put his name forward for the next presidential election in 2024 but the Republican Party has not yet chosen a candidate.

Tá a ainm curtha chun cinn aige don chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024 ach níl aon iarrthóir roghnaithe ag an bPáirtí Poblachtach fós.

The decision of the high jury has been strongly criticized by senior politicians of that party as well.

Tá cinneadh an ardghiúiré cáinte go láidir ag polaiteoirí sinsearacha an pháirtí sin chomh maith.

Mike Pence, who was vice president when Donald Trump was in the White House, said it was a shame.

Dúirt Mike Pence, a bhí ina leasuachtarán nuair a bhí Donald Trump sa Teach Bán, gur mhór an náire é.

Florida governor Ron DeSantis called it an “un-American decision”.

“Cinneadh neamh-Mheiriceánach” a thug gobharnóir Florida Ron DeSantis air.

It is expected that he will put his name forward for the presidential election in 2024 as well.

Meastar go gcuirfidh seisean a ainm chun cinn don toghchán uachtaránachta in 2024 freisin.

Conversely, senior Democrat Adam Schiff said that while it was an exceptional situation to arrest a former president, the illegal behavior that Donald Trump is accused of was equally exceptional.

Os a choinne sin, dúirt an Daonlathaí sinsearach Adam Schiff cé gur cor eisceachtúil a bhí ann iaruachtarán a ghabháil, go raibh an t-iompar neamhdhleathach a bhfuil Donald Trump le cúisiú ann chomh heisceachtúil céanna.

Stormy Daniels said she was very happy with the latest twist in the story and gave the impression between play and seriousness that she had opened a bottle of champagne.

Dúirt Stormy Daniels go raibh sí an-sásta leis an gcor is déanaí sa scéal agus thug sí le tuiscint idir shúgradh agus dáiríre go raibh buidéal seaimpéin oscailte aici.

RTÉ News and Current Affairs Donald Trump

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Donald Trump

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2jxlz4zz

Contact: irishlingos@gmail.com

Space and capacity for 67,000 dwellings on 83 sites.

Áit agus acmhainn le haghaidh 67,000 áras cónaithe ar 83 suíomh.

Almost 70,000 residential homes could be built on land owned by the State, says a new report to be submitted to the Government today.

D’fhéadfaí beagnach 70,000 áras cónaithe a thógáil ar thalamh ar leis an Stát é, a deirtear i dtuarascáil nua atá le cur faoi bhráid an Rialtais inniu.

The report compiled by the Land Development Agency claims that there are 83 sites in cities and towns where up to 67,000 homes could be built in the future.

Maítear sa tuarascáil atá curtha i dtoll a chéile ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún go bhfuil 83 suíomh i gcathracha agus i mbailte móra a bhféadfaí suas le 67,000 áras cónaithe a thógáil orthu i gceann na haimsire.

Most of the sites are on land that has already been developed.

Ar thalamh a forbraíodh cheana atá cuid mhór de na suímh.

While the infrastructure of these places is outdated by now, they are all located in urban areas with plenty of public and private facilities.

Siúd is go bhfuil bonneagar na n-áiteanna sin seanchaite faoi seo, tá siad ar fad suite i gceantair uirbeacha a bhfuil neart saoráidí poiblí agus príobháideacha iontu.

The locations and number of sites are Dublin (38), Cork (14), Galway (8), Limerick (6), Waterford (4) Dundalk (4) Sligo (4), Ath Luin (2), Letterkenny (2) and Drogheda (1).

Is iad na háiteanna agus líon na suíomh atá i dtreis Baile Átha Cliath (38), Corcaigh (14), Gaillimh (8), Luimneach (6), Port Láirge (4) Dún Dealgan (4) Sligeach (4), Baile Átha Luain (2), Leitir Ceanainn (2) agus Droichead Átha (1).

However, there are great differences between the locations, and the various complexities mean that the construction work could not be undertaken everywhere at the same time, it is said.

Tá éagsúlachtaí móra idir na suímh, áfach, agus fágann na castachtaí éagsúla nach bhféadfaí tabhairt faoin obair thógála i ngach áit ag an am céanna, a deirtear.

However, according to the Land Development Agency, 9,760 residential houses could be built from here in the next five to ten years.

Mar sin féin, dar leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún go bhféadfaí 9,760 áras cónaithe a thógáil as seo go ceann cúig nó deich mbliana.

17,440 could be built in the following years, and the remaining 39,710 could be built in the long run.

D’fhéadfaí 17,440 a thógáil sna blianta ina dhiaidh sin, agus ba i bhfad na haimsire a d’fhéadfaí an 39,710 eile a thógáil.

As with Dublin, the report highlights in particular land owned by Horse Racing Ireland in Ballyna Lobar; location near the bus station in Castleknock; and another next to the Mint in Sandyford.

Mar le Baile Átha Cliath de, soilsítear sa tuarascáil go háirithe talamh ar le Rásaíocht Capall Éireann é i mBaile na Lobhar; suíomh in aice leis an stáisiún bus i gCaisleán Cnucha; agus ceann eile taobh leis an Mionta in Áth an Ghainimh.

A site with Irish Gas Networks on Dock Road in Limerick is also illuminated; a site with the Electricity Supply Board on Sarsellaigh Road in Cork; and land in the port of Galway.

Soilsítear chomh maith suíomh le Líonraí Gáis Éireann ar Bhóthar an Duga i Luimneach; suíomh le Bord Soláthair an Lecitreachais ar Bhóthar an tSáirséalaigh i gCorcaigh; agus talamh i gcalafort na Gaillimhe.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hgxt9bg

Contact: irishlingos@gmail.com

Money laundering: the Government hopes to establish a new authority in Ireland.

Sciúradh airgid: súil ag an Rialtas údarás nua a bhunú in Éirinn.

The Minister for Finance Michael McGrath has declared that the Government will ask the European Union to locate a new authority to combat money laundering in Ireland over any other member state.

Tá sé dearbhaithe ag an Aire Airgeadais Michael McGrath go n-iarrfaidh an Rialtas ar an Aontas Eorpach údarás nua atá le dul i ngleic le sciúradh airgid a lonnú in Éirinn thar aon bhallstát eile.

The Anti-Money Laundering Authority is to be formally established next year but no headquarters have been chosen yet.

Tá an tÚdarás um Fhrith-Sciúradh Airgid le bunú go foirimiúil an bhliain seo chugainn ach níl aon cheanncheathrú roghnaithe fós.

It is said to be a very powerful authority whose aim will be to ensure compliance with laws relating to money laundering and terrorist financing.

Deirtear gur údarás an-chumhachtach a bheas ann a mbeidh sé mar aidhm aige a chinntiú go gcomhlíonfar na dlíthe a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta.

The authority will focus primarily on the financial services sector.

Is ag díriú ar an earnáil seirbhísí airgeadais a bheas an t-údarás ar gcéad dul síos.

The new authority will employ hundreds of people in various fields and will require experts in governance, technology, administration and business.

Beidh na céadta duine fostaithe i réimsí éagsúla ag an údarás nua agus beidh saineolaithe i gcúrsaí rialachais, teicneolaíochta, riaracháin agus gnó ag teastáil.

Regarding its headquarters, Michael McGrath says that Ireland has an advantage over other member states because there is already a large financial services sector and plenty of fully qualified workers in this country.

Maidir le ceanncheathrú de, deir Michael McGrath go bhfuil buntáiste ag Éirinn ar bhallstáit eile de bhrí go bhfuil earnáil mhór seirbhísí airgeadais agus neart oibrithe láncháilithe sa tír seo cheana féin.

Those, he says, without mentioning the good reputation we have in terms of governance and administration.

Iad sin, a deir sé, gan trácht ar an dea-cháil atá orainn ó thaobh rialachais agus riaracháin de.

Eight other member states are competing, however, and it is expected that the winner’s place will be announced later this year.

Tá ocht mballstát eile san iomaíocht, ámh, agus meastar gur amach sa bhliain a fhógrófar áit an áidh.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gxnem8f

Contact: irishlingos@gmail.com

Barriers to digital learning due to educational gaps.

Bac ar fhoghlaim dhigiteach de bharr bhearnaí oideachais.

New research from the University of Galway shows that there are huge gaps in the education system that are restricting digital learning for young people.

Léiríonn taighde nua ó Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil bearnaí ollmhóra sa gcóras oideachais atá ag cur srian ar an bhfoghlaim dhigiteach do dhaoine óga.

According to the research, a shortage of Science, Technology, Engineering and Mathematics teachers – the so-called STEM subjects – is a barrier to progress in digital education.

De réir an taighde tá ganntanas múinteoirí Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice – na hábhair STEM mar a thugtar orthu – ina bhac ar ghabháil chun cinn san oideachas digiteach.

Although Coding is available as part of the Junior Series and Computer Science is available at Advanced Certificate level, there are still many schools in the country that are unable to provide these subjects to their students because the teachers are not there.

Cé go bhfuil Códú ar fáil mar chuid den tSraith Shóisearach agus Ríomheolaíocht ar fáil ag leibhéal na hArdteiste, fós fhéin tá go leor scoileanna sa tír nach bhfuil inann na hábhair sin a chur ar fáil dá gcuid daltaí mar gheall nach bhfuil na múinteoirí ann.

That’s what ‘Capacity for, Access to, and Participation in Computer Science Education in Ireland’, published today by the School of Education at the University of Galway, has shown.

Sin é atá léirithe ag ‘Capacity for, Access to, and Participation in Computer Science Education in Ireland’ atá foilsithe inniu ag Scoil an Oideachais in Ollscoil na Gaillimhe.

The research shows that only 15.6% of schools in the country are providing the Computer Science course for the Leaving Certificate.

Léiríonn an taighde nach bhfuil ach 15.6 faoin gcéad de scoileanna na tíre ag cur an chúrsa Ríomheolaíochta ar fáil don Ardteistiméireacht.

117 out of 728 post-primary schools that offer Coding for the Junior Series.

117 as 728 iar-bhunscoil a chuireann Códú ar fáil don tSraith Shóisearach.

As for the teachers teaching computer science, only 34 of them are accredited.

Maidir leis na múinteoirí atá ag múineadh ríomheolaíochta, níl creidiúnú ach ag 34 acu.

Boys are mostly taking these courses in the schools where the subjects are available.

Buachaillí is mó atá ag tabhairt faoi na gcúrsaí sin sna scoileanna ina bhfuil na hábhair ar fáil.

Gender breakdown of the participants: 60% Coding in the Junior Series – boys 70% Computer Science in the Advanced Test – boys The research indicates that young people’s understanding of the use of computers is “poor” even though they are easily accessible today. there on phones and technology.

Dealú inscne na rannpháirtithe: 60 faoin gcéad Códú sa tSraith Shóisearach – buachaillí 70 faoin gcéad Ríomheolaíocht san Ardteist – buachaillí Tugtar le fios sa taighde go bhfuil an tuiscint atá ag daoine óga ar úsáid ríomhairí “lag” cé go bhfuil fáil acu go héasca sa lá atá inniu ann ar ghutháin agus ar an teicneolaíocht.

The research recommends that computer education should start at a younger age to combat this lack.

Moltar sa taighde gur cheart tús a chur le oideachas ríomhaireachta ag aois níos óige le dhul i ngleic leis an easpa sin.

Sinéad Ní Neachtain will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Sinéad Ní Neachtain ar Nuacht TG4 ag 1900.

Computer science in the Ardtest is only available in ⅙ of the country’s schools.

Níl ríomheolaíocht san Ardteist ar fáil ach in ⅙ de scoileanna na tíre.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2kfyoy9s

Contact: irishlingos@gmail.com

Various reports about an American ship in the South China Sea.

Tuairiscí éagsúla faoi long Mheiriceánach i Muir na Síne Theas.

China’s navy has said it has ordered an American warship out of a water area in the South China Sea.

Tá sé ráite ag cabhlach na Síne gur ordaigh siad do long chogaidh Mheiriceánach imeacht as limistéar uisce i Muir na Síne Theas.

However, the Americans have denied the Chinese statement.

Tá ráiteas na Síneach séanta ag na Meiriceánaigh, áfach.

It is a story told by a deer and denied by a crow, apparently.

Is scéal é a d’inis fiach agus a shéan feannóg, de réir cosúlachta.

According to the Chinese, the warship entered Chinese territorial waters without permission, and they monitored it before notifying it to leave.

Dar leis na Sínigh go ndeachaigh an long chogaidh isteach in uiscí críche na Síne gan chead, agus go ndearna siad monatóireacht uirthi sular thug siad fógra di imeacht.

On the contrary, the Americans say that there is no truth in the story, that the ship – the USS Milius – is conducting normal operations in the South China Sea and has not been defeated.

Os a choinne sin, deir na Meiriceánaigh nach bhfuil aon fhírinne sa scéal, go bhfuil gnáthoibríochtaí ar bun ag an long – an USS Milius – i Muir na Síne Theas agus nár cuireadh an ruaig uirthi.

They say, in fact, that they will continue to sail and fly in the region as permitted under international law.

Deir siad, go deimhin, go leanfaidh siad orthu ag seoladh agus ag eitilt sa réigiún de réir mar atá ceadaithe faoin dlí idirnáisiúnta.

The Chinese claim that most of the South China Sea belongs to them, although an international court has ruled that there is no basis for their claim.

Maíonn na Sínigh gur leosan an chuid is mó de Mhuir na Síne Theas, cé gur rialaigh cúirt idirnáisiunta nach bhfuil aon bhunús lena maíomh.

There is an international frenzy on the place, not to mention China or America.

Tá sciob sceab idirnáisiúnta ar an áit, gan an tSín ná Meiriceá a bhac.

The Philippines, Vietnam, Malaysia and Brunei claim different parts of it.

Maíonn na hOileáin Fhilipíneacha, Vítneam, an Mhalaeisia agus Brúiné gur leosan codanna éagsúla di.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gqwmnet

Contact: irishlingos@gmail.com

The state visit of the King of England, Charles III, to France has been cancelled.

Cuairt stáit Rí Shasana, Séarlas III, chun na Fraince ar ceal.

The visit that was to be made by the King of England, Charles III, to France has been cancelled, in light of the protests in that country regarding pension issues.

Tá an chuairt a bhí le tabhairt ag Rí Shasana, Séarlas III, ar an bhFrainc curtha ar ceal, i bhfianaise na n-agóidí sa tír sin maidir le cúrsaí pinsin.

“The decision was taken this morning to cancel the visit after the French President, Emmanuel Macron, and King Charles III spoke to each other on the phone”, a statement said.

“Glacadh an cinneadh ar maidin an chuairt a chur ar ceal i ndiaidh d’Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, agus Rí Séarlas III labhairt lena chéile ar an bhfón”, a dúradh i ráiteas.

“Another visit will be planned shortly.”

“Déanfar cuairt eile a phleanáil go gairid.”

Charles III’s visit to France was to be his first state visit as King of England.

Bhí cuairt Shéarlais III ar an bhFrainc le bheith ar an gcéad chuairt stáit a thabharfadh sé mar Rí Shasana.

Clashes and protests have been going on in France for the past three months against French President Macron’s controversial reform of the state pension.

Tá caismirtí agus agóidí ag dul ar aghaidh sa bhFrainc le trí mhí anuas i gcoinne an athchóirithe conspóidí atá déanta ag Uachtarán Macron na Fraince ar an bpinsean stáit.

Yesterday, there was a skirmish between the French security forces and the protesters.

Inné, bhí sliúchas idir fórsaí slándála na Fraince agus an lucht agóide.

It was the most violent day yet in the last three months.

Bhí sé ar an lá ab fhoréigní fós le trí mhí anuas.

457 people were arrested during the clashes and 441 members of the security forces were injured during the unrest.

Gabhadh 457 duine le linn na gcaismirtí agus gortaíodh 441 ball de na fórsaí slándála le linn na corraíola.

There were many cities in France, Paris among them.

Bhí go leor cathracha sa bhFrainc ina gcíor thuathail, Páras ina measc.

The protesters lit fires in the historic heart of that city.

Las an lucht agóide tinte i gcroílár stairiúil na cathrach sin.

In south-west France, the porch of the city hall in Bordeaux was set on fire.

In iardheisceart na Fraince, cuireadh póirse halla na cathrach in Bordeaux trí thine.

This mess was caused by the changes to the pension that the government implemented, without giving parliament the opportunity to vote on them.

Tarraingíodh an raic seo de bharr na n-athruithe ar an bpinsean a chuir an rialtas i bhfeidhm, gan deis a thabhairt don pharlaimint vótáil orthu.

This controversy is the worst domestic crisis of Emmanuel Macron, during this next presidential term.

Tá an chonspóid seo ar an ngéarchéim bhaile is measa a bhí ag Emmanuel Macron, le linn an tarna téarma uachtaránachta seo.

The unions are planning further strikes and protests for next Tuesday.

Tá tuilleadh stailceanna agus agóidí beartaithe ag na ceardchumainn don Mháirt seo chugainn.

King Charles III was to be on the next day of his state visit to France that day.

Bhí Rí Séarlas III le bheith ar an tarna lá dá chuairt stáit ar an bhFrainc ar an lá sin.

In south-west France, the porch of the city hall in Bordeaux was set on fire.

In iardheisceart na Fraince, cuireadh póirse halla na cathrach in Bordeaux trí thine.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ewfycyn

Contact: irishlingos@gmail.com

Bets in Waterford have fallen due to the report.

Fuarlaigh geallta i bPort Láirge de bharr an rabharta.

It appears that some areas of Waterford may be left under water this evening and tomorrow morning due to the heavy spring rain.

Dealraítear go mb’fhéidir bhfágfaí ceantair áirithe i bPort Láirge faoi uisce tráthnóna inniu agus ar maidin amárach mar gheall ar rabharta mór an earraigh.

Waterford City and County Council is appealing for people to stay away from the shores or the river will recede.

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag achainí ar dhaoine fuireach ó na cladaí nó go gcúlóidh an rabharta.

There is a risk, it is said, that the top will be washed onto the shores in places without shelter.

Tá an baol ann, a deirtear, go dtonnfaidh an barr láin isteach ar na cladaí in áiteanna gan foscadh.

The local authority has put up barriers in the city and in the Passage in Waterford harbor to keep the river out.

Tá bacainní curtha suas sa chathair agus sa Phasáiste i gcuan Phort Láirge ag an údarás áitiúil leis an rabharta a choinneáil amach.

The same advice has been given to people in Dungarvan, where car parks near the sea have already been closed.

Tá an chomhairle chéanna curtha ar dhaoine i nDún Garbhán, mar a bhfuil carrchlóis in aice na farraige dúnta cheana féin.

The story also concerns the city of Cork and the local authority there says that there may be flooding around the lowest piers in the city center from now until Thursday.

Baineann an scéal le cathair Chorcaí chomh maith agus deir an t-údarás áitiúil ansin go mb’fhéidir go mbeadh tuilte thart ar na céanna is ísle i lár na cathrach as seo go Déardaoin.

Met Éireann has also issued a yellow rain warning for the people of Kerry.

Tá fógra buí báistí tugtha ag Met Éireann do mhuintir Chiarraí leis.

A wet and windy evening is promised in the county, especially in mountain areas.

Tráthnóna uisciúil agus gaofar atá geallta sa chontae, go háirithe i gceantair sléibhe.

The notice will apply between 2 o’clock and 8 o’clock in the evening.

Beidh feidhm leis an bhfógra idir 2 a chlog agus 8 a chlog tráthnóna.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2h2h4ved

Contact: irishlingos@gmail.com

Health notice issued about the spread of norovirus.

Fógra sláinte eisithe faoi leathadh an noraivíris.

The Health Service Executive is advising people to be aware of the norovirus – the winter vomiting bug, as it is also known – of which there are currently a high number of cases.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag comhairliú do dhaoine a bheith san airdeall ar an noraivíreas – an fríd urlacain geimhridh, mar a thugtar air freisin – a bhfuil líon ard cásanna de ann i láthair na huaire.

The Executive says there are currently four times as many cases as there were this time last year.

Deir an Fheidhmeannacht go bhfuil ceithre oiread na gcásanna ann faoi láthair agus a bhí an t-am seo anuraidh.

Vomiting and diarrhea are the main symptoms of the virus which spreads easily.

Urlacan agus buinneach is ea príomhshiomptóim an víris a scaipeann go héasca.

People also have fever, headache and stomach aches, and sometimes have pains in other parts of the body.

Bíonn fiabhras, tinneas cinn agus daigh bhoilg ar dhaoine freisin, agus bíonn pianta i mbaill eile den chorp in amanna.

In a statement issued this morning, the Health Protection Watch Center said that 394 cases of norovirus were officially recorded in the first ten weeks of this year, compared to 109 in the same period last year.

I ráiteas a eisíodh ar maidin inniu, dúirt an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte gur taifeadadh go hoifigiúil 394 cás den noraivíreas sna chéad deich seachtaine den bhliain seo, le hais 109 san achar céanna anuraidh.

Young children and old people are the most affected by the virus, it was said.

Is leanaí óga agus seandaoine is mó atá buailte tinn ag an víreas, a dúradh.

Of the 394 cases recorded, half of them are people over 65 years of age and a quarter are children under five.

As na 394 cás a taifeadadh, is daoine os cionn 65 bliain a leath acu agus is leanaí faoi bhun cúig bliana corradh leis an gceathrú cuid.

People are being asked to wash their hands and wipe surfaces frequently to prevent the spread of the virus.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine a lámha a ní agus dromhchlaí a sciomradh go minic chun cur in aghaidh leathadh an víris.

Dr Paul McKeown from the Watch Center said it was important to take into account that the norovirus lives on surfaces for a long time.

Dúirt an Dr Paul McKeown ón Lárionad Faire nár mhór a chur san áireamh go maireann an noraivíreas ar dhromchlaí ar feadh i bhfad.

He also pointed out that soap and water are the best protection against the virus but that alcohol gel is nowhere near as good.

Thug sé le fios freisin gur gallúnach agus uisce an chosaint is fearr ar an víreas ach nach bhfuil aon ghar i nglóthach alcóil.

He said that there have not been as many cases of norovirus recorded for several years due to the pandemic but that it is now among us again without any delay.

Dúirt sé nár taifeadadh an oiread cásanna den noraivíreas le roinnt blianta mar gheall ar an bpaindéim ach go bhfuil sé inár measc anois arís gan aon agó.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2l7rmnux

Contact: irishlingos@gmail.com

Amazon to let another 9,000 workers go.

Amazon le 9,000 oibrí eile a ligean chun siúil.

The e-commerce giant Amazon has let go of another 9,000 workers in different locations around the world.

Tá an an ollchomhlacht ríomhthráchtála Amazon le 9,000 oibrí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil.

That is on the back of the 18,000 workers who were laid off at the beginning of the year, including 70 people in Ireland.

É sin ar dhroim an 18,000 oibrí a leagadh as obair i dtús na bliana, 70 duine in Éirinn ina measc.

Amazon employs around 5,000 people in Ireland but it is not clear if any of them will be affected by the latest cuts, if any.

Tá thart ar 5,000 duine fostaithe ag Amazon in Éirinn ach níl sé soiléir an mbeidh aon duine acu thíos leis de bharr na gciorruithe is deireanaí, má bheidh.

Amazon chief executive Andy Jassy said today that the biggest layoffs will be people in online services, human resources, advertising and gaming.

Dúirt príomhfheidhmeannach Amazon Andy Jassy inniu gur daoine sna rannóga seirbhísí ar líne, acmhainní daonna, fógraíochta agus cluichíochta is mó a ligfear chun siúil.

He indicated however that this had not yet been confirmed and news from regional managers was still being awaited.

Thug sé le fios mar sin féin nach raibh sé sin deimhnithe fós agus go rabhthas fós ag fanacht le scéala ó bhainisteoirí réigiúnacha.

Andy Jassy said that the decision was made to let more workers go because the company had to bake according to the meal in view of the current economic uncertainty.

Dúirt Andy Jassy go ndearnadh an cinneadh tuilleadh oibrithe a scaoileadh chun bealaigh mar go gcaithfeadh an comhlacht fuineadh de réir na mine i bhfianaise na héiginneachta eacnamaíochta atá ann faoi láthair.

Last week, the technology giant Meta, the parent company of Facebook, announced that they were to let go another 10,000 employees in various locations around the world.

An tseachtain seo caite, d’fhógair an ollchomhlacht teicneolaíochta Meta, máthairchomhlacht Facebook, go raibh siad féin le 10,000 fostaí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2polt5xq

Contact: irishlingos@gmail.com

A 0.5% increase in interest rates announced by the European Central Bank.

Ardú 0.5 faoin gcéad ar rátaí úis fógartha ag an mBanc Ceannais Eorpach.

The European Central Bank has announced yet another increase in interest rates.

Tá ardú eile fós ar rátaí úis fógartha ag an mBanc Ceannais Eorpach.

It is not an unexpected announcement, it is the sixth increase in interest rates since last July.

Ní fógra gan súil leis atá ann arae is é an séú hardú ar rátaí úis é ón Iúil seo caite.

This is a 0.5% increase – the same amount as the last increase last month.

Ardú 0.5 faoin gcéad atá i gceist – an méid céanna leis an ardú deireanach an mhí seo caite.

This latest rise means that the prime lending rate is now 3.5%, up from 0% a year ago.

Fágann an t-ardú is déanaí seo gur 3.5 faoin gcéad atá sa phríomhráta iasachta anois, le hais 0 faoin gcéad bliain ó shin.

It was thought that the European Central Bank might not raise interest rates today since it emerged yesterday that it was running with one of Europe’s biggest banks – Credit Suisse – to find fresh funding.

Bhíothas den bharúil go mb’fhéidir nach n- ardódh an Banc Ceannais Eorpach rátaí úis inniu ó tháinig sé chun solais inné go raibh sé ag dul rite le ceann de na bainc is mó san Eoraip – Credit Suisse – teacht ar mhaoiniú úr.

In light of this and after the collapse of the SVB bank last week, financial experts are concerned that any strict policies introduced by the European Central Bank could lead to a new banking crisis.

Ina fhianaise sin agus tar éis do bhanc SVB loiceadh an tseachtain seo caite, tá imní ar shaineolaithe airgeadais go bhféadfadh aon dianpholasaithe a thabharfadh an Banc Ceannais Eorpach isteach, go bhféadfaidís géarchéim nua baincéireachta a tharraingt.

That concern has since been somewhat alleviated since it was announced during the night that Credit Suisse has received fresh funding from the Swiss Central Bank.

Tá an imní sin maolaithe beagán ó shin ó fógraíodh i gcaitheamh na hoíche go bhfuil maoiniú úr faighte ag Credit Suisse ó Bhanc Ceannais na hEilvéise.

The increases in interest rates are part of an economic strategy in order to lower the very high rate of inflation in the euro area.

Cuid de straitéis eacnamaíochta atá sna harduithe ar rátaí úis d’fhonn an ráta an-ard boilscithe i limistéar an euro a ísliú.

According to the latest figures, the inflation rate was 8.5% last month, which is a decrease of 0.1% from the previous month.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, 8.5 faoin gcéad a bhí sa ráta boilscithe an mhí seo caite, ar ísliú 0.1 faoin gcéad é ón mí roimhe sin.

It is not enough, however, since an inflation rate of 2% is required, it is said, to restore a calm base to the economies of the euro area countries.

Ní leor é, ámh, ós ráta boilscithe de 2 faoin gcéad a theastaíonn, a deirtear, le bonn socair a chur an athuair faoi gheilleagair thíortha limistéar an euro.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2jgpbskb

Contact: irishlingos@gmail.com

Ryan Tubridy to step down as Late Late presenter.

Ryan Tubridy le n-éirí as mar láithreoir an Late Late.

RTÉ has announced that broadcaster Ryan Tubridy is to step down as presenter of the Late Late Show at the end of the current season.

Tá sé fógartha ag RTÉ go bhfuil an craoltóir Ryan Tubridy le n-éirí as mar láithreoir an Late Late Show ag deireadh an tséasúir reatha.

The Tipperary has been presenting the Late Late since 2009 and said today that it was a great honor for him.

Tá an Tiobradach ag cur an Late Late i láthair ó 2009 agus dúirt sé inniu gur mhór an onóir dó é.

He thanked all the staff – including producers, researchers, crew and executives – who did the hard work, as he said, to keep the show going throughout the years.

Ghabh sé buíochas leis an bhfoireann ar fad – idir léiritheoirí, thaighdeoirí, chriú agus fheidhmeannaigh – a rinne an obair chrua, mar a dúirt sé féin, leis an seó a choinneáil ag imeacht i gcaitheamh na mblianta.

He is also grateful, he said, to the viewers who are so loyal to the program.

Tá sé buíoch freisin, arsa sé, den lucht féachana atá chomh dílis don chlár.

He particularly drew attention to the millions of euros the audience had raised for charitable organizations in Ireland during his time as a presenter.

Tharraing sé aird go háirithe ar na milliúin euro a bhailigh an lucht féachana ar son eagraíochtaí carthanachta in Éirinn le linn a thréimhse mar láithreoir.

He is also indebted to his family – especially his daughters – for supporting him since 2009, he said.

Tá sé faoi chomaoin ag a theaghlach chomh maith – a chlann iníon go háirithe – as tacú leis ó 2009, a dúirt sé.

In a statement, RTÉ Director-in-Chief Dee Forbes paid tribute to Ryan Tubridy.

I ráiteas, thug Príomh-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes moladh céadach do Ryan Tubridy.

She said that it had a lot to do with the community’s constant affection for the Late Late.

Dúirt sí go raibh baint mhór aige leis an dáimh sheasta atá ag an bpobal leis an Late Late.

RTÉ said that the first presenter of the Late Late would be announced sometime in the summer.

Dúirt RTÉ go bhfógrófaí céad láithreoir eile an Late Late uair éigin sa samhradh.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2h5k9gal

Contact: irishlingos@gmail.com

“Poisonous xenophobia” criticized by the President of Ireland.

“Seineafóibe nimhiúil” cáinte ag Uachtarán na hÉireann.

The President of Ireland has condemned racism in his annual St. Patrick’s Day message.

Tá ciníochas cáinte ag Uachtarán na hÉireann ina theachtaireacht bhliantúil Fhéile Pádraig.

The President has also drawn attention in his message to forced migration, poverty and the climate crisis.

Tá aird tarraingthe freisin ag an Uachtarán ina theachtaireacht ar imirce éigeantach, ar bhochtaineacht agus ar an ngéarchéim aeráide.

He specifically mentions the people of Turkey and Syria “who are rebuilding there after the terrible earthquakes that happened last month.

Luann sé go sonrach muintir na Tuirce agus na Siria “agus iad i mbun atógála ansin tar éis na gcreathanna talún uafásacha a tharla an mhí seo caite.

Tragedies of that nature remind us all of how truly vulnerable we are and how urgent it is for united humanitarian aid to be provided.”

Meabhraíonn tragóidí den chineál sin dúinn ar fad chomh fíorleochaileach agus atá muid agus a riachtanaí agus atá sé go gcuirfí cabhair dhaonnúil aontaithe ar fáil.”

Commenting on the war in Ukraine and the refugees who have fled that country, the President says “it is very heartwarming how so many families and schools have welcomed us in this country, and in places other, before thousands and thousands of citizens of Ukraine who were displaced and fled because of the conflict in their homeland.”

Agus é ag trácht ar an gcogadh san Úcráin agus ar na dídeanaithe atá teite as an tír sin, deir an tUachtarán “gur mór an tógáil croí é mar a d’fháiltigh an oiread sin de theaghlaigh agus de scoileanna sa tír seo, agus in áiteanna eile, roimh na mílte agus na mílte de shaoránaigh de chuid na hÚcráine a cuireadh as seilbh agus a theith de bharr na coimhlinte ina dtír dhúchais.”

He also draws attention to aspects of St. Patrick’s life which “are evident in today’s contemporary circumstances…

Tarraingíonn sé aird chomh maith ar ghnéithe de bheatha Naomh Pádraig atá “le sonrú i gcúinsí comhaimseartha an lae inniu …

new forms of slavery, racism on the rise rather than on the decline, hatred of the outsider – the new or established poisonous xenophobia on the rise in many parts of the world.”

cineálacha nua sclábhaíochta, an ciníochas ag méadú seachas ag laghdú, an fuath don strainséir – an seineafóibe nimhiúil nua nó seanbhunaithe ag dul i dtreise i gcuid mhór áiteanna ar fud an domhain.”

According to him “(c)as the story of Saint Patrick encourages us to reflect on the importance of migration as a constant theme in the historical experience of the Irish community, we need to confront the horrible truth of the abuse of vulnerable people for the purposes of bribery, and the forced migration that still continues.”

Dar leis “(c)é go spreagann scéal Naomh Pádraig muid le machnamh a dhéanamh ar thábhacht na himirce mar théama leanúnach i dtaithí phobal na hÉireann go stairiúil, is gá dúinn dul i ngleic leis an bhfírinne uafasách a bhaineann leis an mí-úsáid ar dhaoine leochaileacha do chuspóirí brabaigh, agus an imirce éigeantach a leanann go fóill.”

Regarding poverty, the President places the Horn of Africa in a situation where “hunger is stealing their abilities, their dignity and their destiny from millions of our brothers and sisters every day.

Maidir le bochtaineacht, cuireann an tUachtarán Corn na hAfraice i gcás, mar a bhfuil “an t-ocras ag goid a gcumais, a ndínite agus a bhfuil i ndán dóibh ó na milliúin dár ndeartháireacha agus dár ndeirfiúracha gach lá.

“Isn’t it a shame that 64 developing countries had no choice when dealing with the Covid-19 pandemic to spend more money on debt repayment than they had to spend on public health. “

“Nach nór an chúis náire é nach raibh de rogha ag 64 tír atá i mbéal forbartha agus iad ag dul i ngleic leis an paindéim covid 19 níos mó airgid a chaitheamh ag aisíoc fiacha ná mar a bhí acu le caitheamh ar an tsláinte phoiblí.”

In relation to the climate crisis, the President says that “(g)(c) we all recognize that we must take responsibility for our own role in that crisis and do our part in relation to the decarbonisation of the economy and our society so that we can living in a sustainable world…

I dtaca leis an ngéarchéim aeráide de, deir an tUachtarán go”(g)(c)aithfimid ar fad freagracht a ghlacadh as ár ról féin sa ghéarchéim sin agus ár gcuid féin a dhéanamh maidir le dícharbónú an gheilleagair agus ár sochaí le gur féidir linn maireachtáil i ndomhan inbhuanaithe …

“.

“.

Afterwards, President Higgins recommends not giving in to despair and imagining a world without war and famine, “a world”, he says, “that would give back to the poisonous ideals of imperialism and a world that would welcome the worthy nature of the human being as was the case with Saint Patrick.”

Ina dhiaidh sin, molann an tUachtarán Higgins gan géilleadh don éadóchas agus saol gan chogadh agus gan ghorta a shamhlú, “domhan”, a deir sé, “a thabharfadh cúl le hidéil nimhiúla an impiriúlachais agus domhan a chuirfeadh fáilte roimh nádúr fiúntach an duine dhaonna mar a bhí i gceist i gcás Naomh Pádraig.”

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2h2falyx

Contact: irishlingos@gmail.com

A number the size of Croke Park being pulled by a lorry.

Líon chomh mór le Páirc an Chrócaigh á tharraingt ag ollthrálaer.

Fise Journalist Conservationists have expressed concern about the second largest trawler in the world currently fishing off the coast of Ireland.

Iriseoir Fise Tá imní léirithe ag lucht caomhnaithe faoin dara hollthrálaer is mó ar domhan atá ag iascach amach ó chósta na hÉireann faoi láthair.

The Margiris is able to board up to 250 tons of fish every day.

Tá sé ar chumas an Margiris suas le 250 tonna éisc a bhordáil gach lá.

The vessel is 142 meters long and has been fishing 50 knots off the coast of Ireland for the past week.

142 méadar ar fhad atá an t-árthach agus tá sí ag iascach 50 muirmhíle amach ó chósta na hÉireann le seachtain anuas.

Conservation and environmental groups say such boats cause significant damage to fish stocks and marine biodiversity.

Deir grúpaí caomhnaithe agus comhshaoil go ndeineann bád dá leithéid an-damáiste do stoic éisc agus do bhithéagsúlacht na mara.

Margiris is owned by a Dutch company but is registered in Lithuania.

Is le comhlacht ón Isiltír an Margiris ach tá sí cláraithe sa Liotuáin.

The boat attracted controversy last year when French authorities launched an inquiry into the spawning of 100,000 dead trout in the Bay of Biscayne.

Tharraing an bád conspóid anuraidh nuair a chuir údaráis na Fraince fiosrúchán ar bun faoi 100,000 breac marbh a sceitheadh i mBá na Bioscáine.

Several countries have banned the Margiris from operating in their waters, including Australia.

Ta roinnt tíortha tar éis cosc a chur ar an Margiris feidhmiú ina gcuid uiscí, an Astráil ina measc.

Dr Kevin Flannery, who has submitted a report on the impact of a large trawler to the Department of the Marine, says that the number being towed by the Magiris is as large as Croke Park.

Deir an Dr Kevin Flannery, a bhfuil tuarascáil ar thionchar ollthrálaer curtha fé bhráid Roinn na Mara aige, go bhfuil an líon atá á tharrac ag an Magiris chomh mór le Páirc an Chrócaigh.

He says the boat is swallowing hundreds of tonnes of fish every day and dumping non-valuable species, while killing other marine animals – such as dolphins, porpoises and whales.

Deir sé go bhfuil na céadta tonnaí éisc á slogadh ag an mbád gach lá agus go bhfuil speicis nach bhfuil luachmhar á ndumpáil aici, agus ainmhithe mara eile – cosúil le deilfeanna, muca mara agus míolta móra – á marú aici.

The Sea Fisheries Protection Authority accepts that bulk trawlers such as the Margiris pose an additional risk of breaching rules.

Glacann an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara leis go mbíonn baol breise ag baint le hollthrálaeir cosúil leis an Margiris ó thaobh sárú rialacha de.

The Authority says that they are aware of the movements of the trawler off the coast of Ireland and that they are closely monitoring it.

Deir an tÚdarás go bhfuilid ar an eolas fé ghluaiseachtaí an trálaeir amach ó chósta na hÉireann agus go bhfuil dianmhonatóireacht á déanamh acu uirthi.

Claims the company that owns the vessel, Parlevliet

Maíonn an comhlacht ar leis an t-árthach, Parlevliet & Van der Plas, go bhfuilid ag cloí le coinníollacha cuóta, go bhfuil áibhéil ag baint le líomhaintí fé leibhéil seachghabhála agus go bhfuil modhanna iascaigh inbhuanaithe á gcleachtadh acu.

Green Party MEP, Grace O’Sullivan, says new fisheries regulations are urgently needed that would completely ban such trawlers in EU waters.

Deir Feisire Eorpach an Chomhaontais Ghlais, Grace O’Sullivan, go bhfuil géarghá le rialacháin iascaigh nua a chuirfeadh cosc iomlán ar ollthrálaeir dá leithéid in uiscí an Aontas Eorpaigh.

She says these big boats are destroying marine ecosystems not to mention the livelihood of fishermen.

Deir sí go bhfuil na báid mhóra seo ag scrios éiceachórais na mara gan trácht ar shlí bheatha iascairí.

RTÉ News and Current Affairs The Margiris Broadcaster

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Ollthráler an Margiris

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2jw9a3eb

Contact: irishlingos@gmail.com

651 patients waiting for a bed in hospitals.

651 othar ag fanacht le leaba in ospidéil.

There are 651 patients in hospitals across the country still waiting for a bed, according to the latest daily figures from the Irish Nurses and Midwives Association.

Tá 651 othar in ospidéil ar fud na tíre fós ag fanacht le leaba, de réir na bhfigiúirí laethúla is déanaí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.

495 of the patients are in emergency departments and the other 156 are in wards.

Is i rannóga éigeandála atá 495 de na hothair agus is i mbardaí atá an 156 eile.

The situation is worst at Limerick University Hospital, where 116 people are waiting for a bed – 56 of them in the emergency department and the other 60 in wards.

Is in Ospidéal Ollscoile Luimnigh is measa atá an scéal, áit a bhfuil 116 duine ag fanacht le leaba – 56 acu sa rannóg éigeandála agus an 60 eile i mbardaí.

Yesterday, there were 104 patients in that hospital waiting for a bed.

Arú inné, bhí 104 othar san ospidéal sin ag fanacht le leaba.

In light of the latest crisis, all operations at the hospital have been postponed – apart from time-sensitive elective operations – and priority is being given to children and the elderly.

I bhfianaise na géarchéime is déanaí, tá gach obráid san ospidéal curtha ar atráth – seachas obráidí roghnacha a bhfuil práinn ama leo – agus tá tús áite á thabhairt do pháistí agus do sheanóirí.

The management of the hospital said that 252 patients came to the emergency department between 8 o’clock yesterday morning and 8 o’clock yesterday afternoon.

Dúirt bainistíocht an ospidéil gur tháinig 252 othar chuig an rannóg éigeandála idir 8 a chlog ar maidin inné agus 8 a chlog tráthnóna inné.

According to figures from the Irish Nurses and Midwives Association, there are 74 patients at University Hospital, Cork waiting for a bed; 52 in University Hospital, Galway; and 47 at University Hospital, Tallaght.

De réir na bhfigiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, tá 74 othar in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh ag fanacht le leaba; 52 in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh; agus 47 in Ospidéal na hOllscoile, Tamhlacht.

In that regard, there are 27 children in the three children’s hospitals in Dublin waiting for a bed.

Ina cheann sin, tá 27 leanbh sna trí ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath ag fanacht le leaba.

The General Secretary of the Association Phil Ní Sheaghdha claimed that things have once again gotten out of control and said that the nurses are looking for an urgent meeting with the new head of the Health Service Executive to discuss the situation.

Mhaígh Ard-Rúnaí an Chumainn Phil Ní Sheaghdha go bhfuil cúrsaí imithe ó smacht arís eile agus dúirt go bhfuil na haltraí ag lorg cruinniú práinneach le ceannasaí nua Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun an scéal a phlé.

She pointed out that the meeting is even more exciting since an extremely busy weekend is in store for the country’s nurses and the St. Patrick’s Day celebration is in full swing.

Thug sí le fios gur mó an chruóg fós atá le cruinniú ós deireadh seachtaine thar a bheith gnóthach atá i ndán d’altraí na tíre agus scléip na Féile Pádraig faoi lán seoil.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gh9pw3s

Contact: irishlingos@gmail.com

Meta to let another 10,000 employees go.

Meta le 10,000 fostaí eile a ligean chun siúil.

Technology giant Meta, the parent company of Facebook, is to let go another 10,000 employees in various locations around the world.

Tá ollchomhlacht teicneolaíochta Meta, máthairchomhlacht Facebook, le 10,000 fostaí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil.

The company also announced today that the current approximately 5,000 vacancies would not be filled and that restructuring plans would be announced for the next few months.

D’fhógair an comhlacht inniu chomh maith nach líonfaí an tuairim is 5,000 folúntas atá ann faoi láthair agus go bhfógrófaí pleananna athstruchtúraithe as seo go ceann cúpla mí.

Meta’s international headquarters are in Dublin but it is not yet clear how the situation will affect the company’s employees in Ireland.

Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú idirnáisiúnta Meta ach níl sé soiléir fós cé mar a rachas an scéal i gcion ar fhostaithe an chomhlachta in Éirinn.

Last November, Meta announced that 11,000 employees around the world were to be let go, of which 300 employees were in this country among them.

I mí na Samhna seo caite, d’fhógair Meta go rabhthas le 11,000 fostaí ar fud an domhain a ligean chun siúil agus as a dheireadh ar fad bhí 300 fostaí sa tír seo ina measc.

Meta has spent billions of dollars on a huge project called the ‘metaverse’ but the pandemic has disrupted its development for various reasons.

Tá na billiúin dollar caite ag Meta ar thogra ollmhór dá gairtear an ‘metaverse’ ach chuir an phaindéim as dá fhorbairt ar chúiseanna éagsúla.

Chief executive Mark Zuckerberg said that the company would give priority this year to efficiency above all else.

Dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg go dtabharfadh an comhlacht tús áite i mbliana d’éifeachtúlacht thar aon ní eile.

Meta currently employs approximately 85,000 people worldwide.

Tá thart ar 85,000 duine fostaithe ag Meta ar fud an domhain faoi láthair.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2l2php7y

Contact: irishlingos@gmail.com

Two awards, disappointment and pride for the Irish: the story of the Oscars.

Dhá ghradam, díomá agus bród ar na Gaeil: scéal na nOscar.

It was a big night for the Irish film industry last night at the 2023 Oscars with a total of 14 nominations for actors and films.

Oíche mhór d’earnáil scannánaíochta na hÉireann a bhí ann aréir ag Gradaim Oscars na bliana 2023 agus 14 ainmniúchán ar an iomlán faighte ag aisteoirí agus ag scannáin.

The award for Best Live-Action Short Film was awarded to the film ‘An Irish Goodbye’, and the film’s directors, Tom Berkeley and Ross White, accepted the Award on stage last night, together with the main actors James Martin and Séamus O’Hara.

Bronnadh gradam don Ghearrscannán Beo-Aicsin is Fearr ar an scannán ‘An Irish Goodbye’, agus ghlac stiúrthóirí an scannáin, Tom Berkeley agus Ross White, leis an nGradam ar an stáitse aréir, na príomhaisteoirí James Martin agus Séamus O’Hara ina dteannta.

Also, the man from Dublin, Richard Baneham, brought the legs with him in the video makeup category for the second time for his work on the film ‘Avatar: The Way of Water’, and he started his speech in Irish.

Chomh maith leis sin, thug fear Bhaile Átha Cliath, Richard Baneham, na cosa leis i gcatagóir na maisíochta físe don dara huair as a chuid oibre ar an scannán ‘Avatar: The Way of Water’, agus tús curtha i nGaeilge aige lena óráid.

Although the film ‘The Banshees of Inisherin’ received nine nominations, Martin McDonagh’s film failed to win any awards.

Cé go bhfuair an scannán ‘The Banshees of Inisherin’ naoi gcinn d’ainmniúcháin, níor éirigh le scannán Martin McDonagh aon ghradam a bhuachan.

Paul Mescal and Colin Farrell were among the nominations for the best actor, but the award was given to Brendan Fraser for his part in the film ‘The Whale’ and to Michelle Yeoh from the film ‘Everything Everywhere All at Once’.

Bhí Paul Mescal agus Colin Farrell i measc na n- ainmniúchán don aisteoir is fearr, ach bronnadh an gradam ar Brendan Fraser as an bpáirt a bhí aige sa scannán ‘The Whale’ agus ar Michelle Yeoh ón scannán ‘Everything Everywhere All at Once’.

Although Brendan Gleeson and Barry Keoghan were nominated for Best Actor in a Supporting Role, it was Ke Huy Quan who won the award, for his part in the film ‘EverythingEverywhere All at Once’.

Cé go raibh Brendan Gleeson agus Barry Keoghan ainmnithe don Aisteoir is Fearr i Ról Tacaíochta, ba é Ke Huy Quan a bhuaigh an gradam, as an bpáirt a bhí aige sa scannán ‘EverythingEverywhere All at Once’.

In the Best International Feature Film category, ‘All Quiet on the Western Front’ got the best over ‘The Quiet Girl’.

I gcatagóir an Scannáin Lánfhada Idirnáisiúnta is Fearr, fuair ‘All Quiet on the Western Front’ an ceann is fearr ar ‘An Cailín Ciúin’.

After the ceremony, TG4’s Commissioning Editor and Executive Producer of ‘An Cailín Ciúin’, Máire Ní Chonláin, said that the film had been an achievement and that TG4 was forever very proud of what the director, Colm Bairéad, had achieved. the producer, Cleona Ní Chrualaoi, and everyone involved in the film.

I ndiaidh an tsearmanais, dúirt Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 agus Léiritheoir Feidhmiúcháin ‘An Cailín Ciúin’, Máire Ní Chonláin, go raibh éacht déanta ag an scannán agus go raibh TG4 an-bhródúil go deo as a bhfuil bainte amach ag an stiúrthóir, Colm Bairéad, an léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi, agus ag gach éinne a raibh baint acu leis an scannán.

She indicated that the Cine4 Scheme is going to go from strength to strength in the coming years.

Thug sí le fios go bhfuil Scéim Cine4 le dul ó neart go neart sna blianta amach romhainn.

The President of Ireland congratulated the winners of the two Oscars that will be taking place in Ireland.

Rinne Uachtarán na hÉireann tréaslú le buaiteoirí an dá Oscar a bheidh ag déanamh ar Éirinn.

President Higgins said that the ‘An Irish Goodbye’ group and Richard Baneham had achieved an achievement for winning the two Awards.

Dúirt an tUachtarán Higgins go raibh éacht déanta ag meitheal ‘An Irish Goodbye’ agus ag Richard Baneham as an dá Gradam a bhuachan.

In addition, he congratulated all the people and films that received nominations for the Awards, which he says is a special recognition.

Ina theannta sin, thréaslaigh sé leis na daoine uile agus na scannáin a fuair aimniúcháin do na Gradaim, rud a deir sé atá ina aitheantas ar leith.

This the President said is a testament to the great work done by many people over many years, and especially 30 years after the re-establishment of the Irish Film Board.

Teist é seo a dúirt an tUachtarán ar an obair mhór a rinne go leor daoine thar blianta fada, agus go háirithe 30 bliain tar éis athbhunú Bhord Scannán na hÉireann.

A historic night for Ireland, Minister for the Arts Catherine Martin called the event, saying that it is a testament to the wealth of talent that exists in the industry in Ireland.

Oíche stairiúil d’Éírinn, a thug an tAire Ealaíon Catherine Martin ar an ócáid, á rá gur teist í ar an saibhreas talainne atá sa tionscal in Éirinn.

It was a platform for our talent, our language and the beauty of Ireland as a tourist country, she said.

Árdán dár gcuid talainne, dár dteanga agus d’áilleacht na hÉireann mar thír turasóireachta a bhí ann, a dúirt sí.

Gaeltacht Minister of State Patrick O’Donovan congratulated the ‘An Cailín Ciúin’ group for receiving the nomination and praised TG4, Fís Éireann and the Irish Broadcasting Authority for their support of high quality drama in Irish.

Thréaslaigh an tAire Stáit Gaeltachta Patrick O’Donovan meitheal ‘An Cailín Ciúin’ as an aimniúchán a fháil agus mhol sé TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann as a dtacaíócht do dhrámaíócht d’ardchaighdeán i nGaeilge.

More about last night’s Oscars is available on Nuacht TG4’s Twitter, Instagram and Facebook accounts and Sinéad Ní Neachtain will report at 1545 on RTÉ One and at 1900 on TG4.

Tá tuilleadh ar fáil faoi Ghradaim Oscars na hoíche aréir ar chuntais Twitter, Instagram agus Facebook Nuacht TG4 agus beidh tuiairsc ag Sinéad Ní Neachtain ar 1545 ar RTÉ One agus ar 1900 ar TG4.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hbblp67

Contact: irishlingos@gmail.com

The Department of Finance watching events in Silicon Valley Bank.

An Roinn Airgeadais ag faire imeachtaí i Silicon Valley Bank.

The Department of Finance says it is monitoring what is happening in relation to the failure of Silicon Valley Bank and is in contact with the appropriate authorities.

Deir an Roinn Airgeadais go bhfuil siad ag coinneáil súil ar a bhfuil ag tarlú maidir le teip Silicon Valley Bank agus go bhfuil siad i dteagmháil leis na h- údaráis chuí.

“Although the Bank’s failure has had little direct impact on the Irish financial system, a number of Irish companies have received loans from Silicon Valley Bank since 2012,” the Department said in a statement.

“Cé gur beag de thionchar díreach atá ag teip an Bhainc ar chóras airgeadais na hÉireann, tá iasachtaí faighte ag roinnt comhlachtaí Éireannacha ó Silicon Valley Bank ó 2012,” a dúirt an Roinn i ráiteas.

“The department will keep an eye on the work of the Federal Deposit Insurance Corporation of the United States – the state institution that awards the success of bank deposits – as they try to sell SVB, and the impact that the sale will have on companies that were involved .

“Coimeádfaidh an roinn súil ar obair Chomhlacht Árachais Taiscí Feidearálacha na Stát Aontaithe – an foras stáit a bhronnann rathaíocht ar thaiscí bainc – is iad ag iarraidh SVB a dhíol, agus an tionchar a bheidh a bheidh ag a dhíol ar chomhlachtaí a raibh baint acu leis.

American regulators closed the bank on Friday after a massive withdrawal of deposits after the value of shares collapsed.

Dhún rialtóirí Meiriceánacha an banc Dé hAoine nuair a rinneadh astarraingt ollmhór ar na taiscí tar éis do luach na scaranna titim as a chéile.

In 2019, SVB announced that they intended to increase their lending to Irish technology start-ups to $500m as part of a collaboration with the Irish Strategic Investment Fund (ISIF).

Sa bhliain 2019, d’fhógair SVB go raibh sé i gceist acu a gcuid iasachtaí do ghnólachtai nuabhunaithe teicneolaíochta Éireannacha a mhéadú go $500m mar chuid de chomhoibriú le Ciste Infheistíochta Straitéisach na hÉireann (ISIF).

That Fund said it has approximately $100m invested in five investment funds managed by SVB Capital, a subsidiary of Silicon Valley Bank Group.

Dúirt an Ciste sin go bhfuil tuairim is $100m infheistithe i gcúig chiste infheistíochta atá faoi bhainistíocht SVB Capital, fochuideachta le Silicon Valley Bank Group.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2n2qw7lj

Contact: irishlingos@gmail.com

Three killed and three injured by Russian forces in Kherson.

Triúr maraithe agus triúr gortaithe ag fórsaí na Rúise in Kherson.

Three civilians were killed and three injured – including an elderly woman – when the Russians attacked Kherson in southern Ukraine.

Maraíodh triúr sibhialtach agus gortaíodh triúr – bean aosta ina measc – nuair a rinne na Rúisigh ionsaí ar Kherson i ndeisceart na hÚcráine.

Another person was killed in Donetsk, officials in those regions say.

Maraíodh duine eile in Donetsk, a deir oifigigh sna réigiúin sin.

“Today the Russians attacked Kherson again”, said the Governor of Kherson, Oleksandr Prokudin, “on Mykolayivsky road, near the shops.

“Inniu d’ionsaigh na Rúisigh Kherson arís”, a dúirt Gobhanóir Kherson, Oleksandr Prokudin, “ar bhóthar Mykolayivsky, in aice leis na siopaí.

Missile debris killed three people.”

Mharaigh smionagar na ndiúracán triúr.”

Ukrainian forces retook control of Kherson in November, after the city had been held by the Russians for the previous eight months, since the Kremlin launched its invasion of Ukraine.

Ghlac fórsaí na hÚcráine smacht ar Kherson in athuair i mí na Samhna, i ndiaidh don chathair a bheith i seilbh na Rúiseach ar feadh ocht mí roimhe sin, ó chuir an Chreimil tús lena n-ionradh ar an Úcráin.

Kherson is now under siege all the time by Russian forces, stationed on the other side of the Dnieper river.

Tá Kherson anois faoi léigear an t-am ar fad ag fórsaí na Rúise, atá lonnaithe ar an taobh eile den abhainn Dnieper.

Kherson is the capital of one of the four regions that Moscow has annexed, but which Russian forces do not yet fully control.

Tá Kherson mar phríomhchathair ceann amháin de na ceithre réigiún a bhfuil ionghabháil déanta ag Moscó orthu, ach nach bhfuil smacht iomlán ag fórsaí na Rúise orthu go fóill.

The other regions are Lugansk, Donetsk and Zaporizhzhia.

Is iad Lugansk, Donetsk agus Zaporizhzhia na réigiúin eile.

Meanwhile, the fighting is intensifying in the city of Bakhmut, which is located in eastern Ukraine.

Idir an dá linn, tá ag géarú ar an trodaíocht i gcathair Bakhmut, atá suite in oirthear na hÚcráine.

Many people are being killed there.

Tá go leor daoine á marú ansin.

Moscow says it is important to gain control of that city, as it would help them gain control of the Donbas.

Deir Moscó go bhfuil sé tábhachtach smacht a fháil ar an gcathair sin, mar go gcuideodh sé leo smacht a fháil ar an Donbas.

The West doubts, however, that the city has any strategic importance.

Tá an tIarthar in amhras, áfach, go bhfuil aon tábhacht stráitéiseach ag baint leis an gcathair sin.

They say Russian President Vladimir Putin is putting his foot down and continuing to fight as he has not won another major victory since hundreds of thousands of reservists were called into duty at the end of last year.

Deir siad go bhfuil Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, ag cur a chos i dtaca agus ag leanúint leis an troid mar nach bhfuil aon bhua mór eile bainte amach aige ó cuireadh na céadta míle saighdiúr cúltacaithe i mbun dualgais ag deireadh na bliana seo caite.

Kherson is the capital of one of the four regions that Moscow has annexed, but which Russian forces do not yet fully control.

Tá Kherson mar phríomhchathair ceann amháin de na ceithre réigiún a bhfuil ionghabháil déanta ag Moscó orthu, ach nach bhfuil smacht iomlán ag fórsaí na Rúise orthu go fóill.

The other regions are Lugansk, Donetsk and Zaporizhzhia.

Is iad Lugansk, Donetsk agus Zaporizhzhia na réigiúin eile.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2q2to548

Contact: irishlingos@gmail.com

The Belgian Government has banned TikTok on official phones.

Cosc curtha ag Rialtas na Beilge ar TikTok ar fhóin oifigiúla.

The prime minister of Belgium has banned civil servants in that country from using TikTok on their work phones.

Tá cosc curtha ag Príomh-aire na Beilge ar státseirbhísigh sa tír sin TikTok a úsáid ar a bhfóin oibre.

Alexander De Croo announced today that the ban on the Chinese app will apply for the next six months, at least.

D’fhógair Alexander De Croo inniu go mbeidh feidhm leis an chosc ar an aip Shíneach go ceann sé mhí, ar a laghad.

The Belgian Government decided to implement the ban as a result of an analysis of the risk of espionage by the Chinese authorities on Belgian news systems and agencies.

Is de bharr anailíse ar bhaol spíodóireachta ó údaráis na Síne ar chórais agus ar ghníomhaireachtaí fáisnéise na Beilge a chinn Rialtas na Beilge an cosc a chur i bhfeidhm.

Other countries in Europe have banned public sector workers from using TikTok on their work phones.

Tá cosc curtha ag tíortha eile san Eoraip ar oibrithe san earnáil phoiblí úsáid a bhaint as TikTok ar a ngutháin oibre.

They fear that the Beijing authorities will take advantage of the social network to collect sensitive information about its users.

Tá faitíos orthu go mbainfidh údaráis Béising leas as an ghréasán sóisialta le h-eolas íogair a bhailiú faoina lucht úsáidte.

European Union authorities recently ordered their employees to remove the app from their phones and work computers.

Le gairid d’ordaigh forais de chuid an Aontais Eorpaigh dá gcuid fostaithe an t-aip a bhaint dá gcuid fóin agus ríomhairí oibre.

“We should not be naive: TikTok is a Chinese business that has an obligation to cooperate with Chinese news services, said Alexander De Croo.

“Ní ceart dúinn a bheith saonta: is gnó Síneach é TikTok a bhfuil dualgas air comhoibriú le seirbhísí fáisnéise na Síne, a dúirt Alexander De Croo.

“That’s the truth of the matter.”

“Sin í fírinne an scéil.”

The ban does not apply to the use of TikTok on the personal phones of civil servants, members of parliament or government ministers.

Ní bhaineann an cosc le úsáid TikTok ar ghutháin phearsanta na státseirbhíseach, na dteachtaí parlaiminte ná na n-airí rialtais.

The TikTok app is owned by the Chinese company ByteDance.

Is leis an chomhlacht Síneach ByteDance an t-aip TikTok.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2n7dyfep

Contact: irishlingos@gmail.com

Most of Ireland is covered by ice and snow.

Mórchuid na hÉireann folaithe ag leac oighir agus sneachta.

Met Éireann has issued two orange weather warnings and places in eight counties, as well as the whole of Connacht, are covered or likely to be covered by snow and ice.

Tá dhá fhógra flannbhuí aimsire eisithe ag Met Éireann agus áiteanna in ocht gcontae, chomh maith le Cúige Chonnacht ar fad, folaithe nó le folú ag sneachta agus leac oighir.

The eight counties involved are Cavan, Clare, Donegal, Westmeath, Longford, Louth, Meath and Monaghan.

Is iad an Cabhán, an Clár, Dún na nGall, an Iarmhí, an Longfort, Lú, an Mhí agus Muineachán na hocht gcontae atá i gceist.

Not to mention the snow and sleet, a strong wind tonight or tomorrow is also promised and it is said that roads and paths will be very slippery.

Gan trácht ar an sneachta agus ar bhflichshneachta, tá gaoth láidir anoir nó anoir aduaidh geallta chomh maith agus deirtear go mbeidh bóithre agus cosáin an-sleamhain.

The orange notice will apply in those places until 10 o’clock tomorrow morning.

Beidh feidhm leis an bhfógra flannbhuí sna háiteanna sin go dtí 10 a chlog ar maidin amárach.

The second orange notice applies to the province of Leinster and will apply from midnight until 10 o’clock tomorrow morning.

Is le Cúige Laighean a bhaineann an dara fógra flannbhuí a mbeidh feidhm leis ón meán oíche go dtí 10 a chlog ar maidin amárach.

A number of primary and secondary schools in Limerick and Co Clare were closed today due to the extreme cold, and it is not yet clear whether they will reopen tomorrow.

Dúnadh roinnt bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal i Luimneach agus i gCo an Chláir inniu as siocair an fhuachta mhóir, agus níl sé soiléir fós an ósclófar arís amárach iad.

In Co Kerry, six people were rescued from the Yellow Buffer mountain in Cruacha Dubha.

I gCo Chiarraí, tarrtháladh seisear ó shliabh an Mhaoláin Bhuí sna Cruacha Dubha.

The Kerry Mountain Rescue Team received word at 4.15 yesterday evening that a woman had fallen on the south-west slope of the mountain, a place of danger which is very close to death.

Fuair Foireann Tarrthála Sléibhe Chiarraí scéal ag 4.15 tráthnóna inné go raibh bean tar éis titim ar learg thiar theas an tsléibhe, áit aimhréidh atá go mór ar chúl éaga.

However, they discovered shortly afterwards that the woman was one of six people stranded on the mountain.

Fuair siad amach go gairid ina dhiaidh sin, áfach, gur dhuine de sheisear a bhí sáinnithe ar an sliabh ab ea an bhean.

Nine hours later, and with a lot of work, the youngster was brought down safely from the mountain.

Naoi n-uaire an chloig ina dhiaidh sin, agus ar mhórán saothair, is ea a tugadh an gasra anuas slán sábháilte ón sliabh.

RTÉ News and Current Affairs Newcastle, Co Limerick

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ An Caisleán Nua, Co Luimnigh

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2lzokr2z

Contact: irishlingos@gmail.com

TikTok is looking to reassure users.

TikTok ag féachaint le húsáideoirí a chur ar a suaimhneas.

RTÉ News and Current Affairs The social media company TikTok has confirmed that it will establish its second data center in Ireland in Dublin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Tá sé dearbhaithe ag an gcomhlacht meáin shóisialta TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí in Éirinn.

The other center is also in Dublin.

Is i mBaile Átha Cliath atá an t-ionad eile chomh maith.

The situation is controversial, however, since TikTok is a Chinese company, and the authorities in Europe and Western countries alike are concerned that the company is under the control of the Chinese Government and that it is a Trojan Horse.

Tá conspóid ag baint leis an scéal, áfach, ós comhlacht Síneach é TikTok, agus tá imní ar na húdaráis san Eoraip agus i dtíortha an Iarthair trí chéile go bhfuil an comhlacht faoi anáil Rialtas na Síne agus go bhfuil sé mar Chapall Adhmaid na Traí.

In fact, Data Protection Commissioner Helen Dixon has an investigation underway and nearing completion into data sent by TikTok to China.

Go deimhin, tá fiosrúchán ar bun agus beagnach críochnaithe ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí Helen Dixon faoi shonraí a sheol TikTok chun na Síne.

Yesterday, Helen Dixon discussed the matter with representatives from the National Cyber Security Centre.

Inné féin, phléigh Helen Dixon an scéal le hionadaithe ón Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála.

In that regard, Justice Minister Simon Harris has said that the Government had sought fresh security advice in relation to TikTok.

Ina cheann sin, tá sé ráite ag an Aire Dlí agus Cirt Simon Harris go raibh comhairle úr slándála maidir le TikTok lorgtha ag an Rialtas.

The Government has a big voice on the issue since TikTok’s European headquarters is in this country, and the company employs around 3,000 people in Ireland.

Tá guthaíocht mhór ag an Rialtas ar an gceist ós sa tír seo atá ceanncheathrú Eorpach TikTok, agus tá thart ar 3,000 duine fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn.

Two weeks ago, the European Union authorities banned the use of TikTok on official devices due to fears of data theft or other cyber fraud.

Coicís ó shin, chuir forais an Aontais Eorpaigh cosc ar fheidhm a bhaint as TikTok ar ghléasanna oifigiúla le teann faitís go gcibearghoidfí sonraí nó go ndéanfaí cibearfheall de chineál eile.

TikTok claimed that this decision by the European Union was unreasonable and based on a misunderstanding.

Mhaígh TikTok go raibh cinneadh seo an Aontais Eorpaigh místuama agus gur míthuiscint ba bhun leis.

In light of all these issues, and for the sake of a solution, TikTok announced today that they were going to introduce new security policies.

I bhfianaise na gceisteanna seo ar fad, agus de ghrá an réitigh, d’fhógair TikTok inniu go raibh siad le beartais nua slándála a thabhairt isteach.

The company indicated that the data of European users would be stored in the two centers in Dublin and another center near the capital of Norway, Oslo.

Thug an comhlacht le fios go gcoinneofaí i dtaisce sonraí úsáideoirí Eorpacha sa dá ionad i mBaile Átha Cliath agus in ionad eile in aice le príomhchathair na hIorua, Osló.

A security company unrelated to TikTok is said to be in charge of those three data centers.

Comhlacht slándála nach bhfuil aon bhaint acu le TikTok a bheas i bhfeighil na dtrí ionad sonraí sin, a dúradh.

TikTok is popularized for sharing short videos online and the app is especially popular with young people.

Baintear earraíocht as TikTok le físeáin ghearra a roinnt ar líne agus tá an-tóir ag an aos óg go háirithe ar an aip.

TikTok was founded in Beijing in 2016 and has hundreds of millions of users in Europe, not to mention the rest of the world.

Bunaíodh TikTok i mBéising in 2016 agus tá na céadta milliún úsáideoir acu san Eoraip, gan an chuid eile den domhan a bhac.

RTÉ News and Current Affairs New security policies announced by TikTok

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Beartais nua slándála fógartha ag TikTok

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2fgrqh6n

Contact: irishlingos@gmail.com

Ice sheet promised overnight Ireland tonight and tomorrow.

Leac oighir geallta seachnóin Éireann anocht agus amárach.

Met Éireann and the Northern Meteorological Office have issued a warning about the whole country from Antrim to Kerry being under ice tonight and tomorrow morning.

Tá foláireamh faoin tír ar fad ó Aontroim go Ciarraí a bheith faoi leac oighir anocht agus ar maidin amárach eisithe ag Met Éireann agus ag an Oifig Mheitéareolaíochta sa Tuaisceart.

A yellow alert – the least dangerous of the three categories – has been issued by both organisations.

Foláireamh buí – an chatagóir is neamhurchóidí as na trí chatagóir – atá eisithe ag an dá eagraíocht.

For that – without blocking the roads – it is said that the paths will be very slippery and we are appealing to everyone, if they protect them, to be careful in case they slip.

Ar a shon sin – gan na bóithre a bhac – deirtear go mbeidh cosáin an-sleamhain agus táthar ag achainí ar gach uile dhuine, dá chosdaingne iad, a bheith fíoraireach ar fhaitíos go sciorrfaidís.

The southerly warning will be in place between 6 o’clock this evening and 10 o’clock tomorrow morning.

Beidh an foláireamh ó dheas i bhfeidhm idir 6 a chlog tráthnóna inniu agus 10 a chlog ar maidin amárach.

Between 9 o’clock tonight and 10 o’clock tomorrow morning the warning will apply to the north.

Idir 9 a chlog anocht agus 10 a chlog ar maidin amárach a bheas feidhm leis an bhfoláireamh ó thuaidh.

It will be very cold tonight, and the lowest temperature will be between freezing and four degrees below.

Beidh sé an-fhuar anocht, agus is idir an reophointe agus cheithre chéim faoina bhun a bheas an teocht is ísle.

The air will be gray again tomorrow but it will be mostly bright and sunny.

Beidh goimh ar an aer arís amárach ach beidh sé geal grianmhar den chuid is mó.

The sunshine will only be a temporary treat, however, as meteorologists say the weather won’t clear until Thursday.

Ní bheidh sa lonrú gréine ach cneasú thar ghoimh, ámh, ó deir na meitéareolaithe nach mbogfaidh an aimsir go dtí Déardaoin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2q9a4nz8

Contact: irishlingos@gmail.com

Microsoft to let another 60 employees in Ireland go.

Microsoft le 60 fostaí eile in Éirinn a ligean chun siúil.

Technology giant Microsoft is to let another 60 employees go in Ireland.

Tá an ollchomhlacht teicneolaíochta Microsoft le 60 fostaí eile in Éirinn a ligean chun siúil.

The company announced at the beginning of last month that 120 people in this country were to be allowed to walk, but today it was declared that 180 would be involved.

D’fhógair an comhlacht i dtús na míosa seo caite go rabhthas le 120 duine sa tír seo a ligean chun siúil ach dearbhaíodh inniu gur 180 a bheas i gceist.

Microsoft employs over 3,500 people in Ireland – based in the company’s operations, sales, engineering and product development departments.

Tá barr ar 3,500 duine fostaithe ag Microsoft in Éirinn – a mbunáite i rannóga oibríochtaí, díolachán, innealtóireachta agus forbartha táirgí an chomhlachta.

At the beginning of the year, Microsoft indicated that the company intended to let 10,000 employees walk in different centers around the world by the end of this year.

I dtús na bliana, thug Microsoft le fios go raibh rún ag an gcomhlacht 10,000 fostaí a ligean chun siúil in ionaid éagsúla ar fud an domhain faoi dheireadh na bliana seo.

At the time, the company’s chief executive Satya Nadella claimed that “as customers wanted to spend more time in the digital world, they also wanted to spend less money on it”.

Ag an am, mhaígh príomhfheidhmeannach an chomhlachta Satya Nadella “tar éis go raibh custaiméirí ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh sa saol digiteach, go raibh siad ag iarraidh ag an am céanna níos lú airgid a chaitheamh air”.

The tech sector in the United States is in recession and the biggest companies have been letting go for months – such as Twitter, Meta, Stripe, Amazon, Intel, Google, Salesforce, PayPal, HubSpot and Dell, as well as Microsoft .

Tá an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus tá oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí is mó le roinnt míonna – leithéidí Twitter, Meta, Stripe, Amazon, Intel, Google, Salesforce, PayPal, HubSpot agus Dell, chomh maith le Microsoft.

The story relates to the overgrowth that is said to have occurred over several years in the international technology sector.

Baineann an scéal leis an rófhás a deirtear a tháinig le roinnt blianta ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2n9vokwn

Contact: irishlingos@gmail.com

Ten extradited from this country to Poland.

Deichniúr eiseachadta ón tír seo chun na Polainne.

Nine men and women have been extradited from this country to Poland.

Tá naonúr fear agus bean eiseachadta ón tír seo chun na Polainne.

The ten were handed over to police from Poland at MacEsmoun Aerodrome in Ballydonnell, Co Dublin, today.

Tugadh an deichniúr ar láimh do phóilíní ón bPolainn ag Aeradróm Mhic Easmuinn i mBaile Dhónaill, Co Bhaile Átha Cliath, inniu.

The ten are Poles for whom European arrest warrants had been issued.

Is Polannaigh iad an deichniúr a raibh barántais ghabhála Eorpacha eisithe ina leith.

They are to be questioned in their home country for various crimes – including violence, drug trafficking, theft, fraud and prostitution.

Tá siad le ceistiú ina dtír dhúchais faoi choireanna éagsúla – foréigean, gáinneáil ar dhrugaí, gadaíocht, calaois agus striapachas ina measc.

The Gardai said that this case shows the strong co-operation between the authorities in this country and authorities in other countries when malignant fugitives from the law are being deported from Ireland.

Dúirt na Gardaí go léiríonn an cás seo an comoibiriú láidir atá idir na húdaráis sa tír seo agus údaráis i dtíortha eile nuair atáéalaithigh urchóideacha ón dlí á ndíbirt as Éirinn.

The Gardai also drew attention to the role played by the various State agencies in the matter – between themselves, the Department of Justice, the Defense Forces and the Irish Prison Service.

Tharraing na Gardaí aird chomh chomh maith ar an bpáirt a bhí ag gníomhaireachtaí éagsúla an Stáit sa scéal – idir iad féin, an Roinn Dlí agus Cirt, Óglaigh na hÉireann agus Seirbhís Phríosúin na hÉireann.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2kfh54ne

Contact: irishlingos@gmail.com

New technology to take the wind out of drones at an airport.

Teicneolaíocht nua leis an ngaoth a bhaint de dhróin ag aerfort.

Transport Minister Éamon Ryan is proposing the implementation of a new technology system in Dublin Airport to keep drones out of the airport area.

Tá an tAire Iompair Éamon Ryan ag moladh córas nua teicneolaíochta a chur i bhfeidhm in Aerfort Bhaile Átha Cliath le dróin a choinneáil amach as líomatáiste an aerfoirt.

In the weekly Government meeting next Tuesday, Minister Ryan will set out the legal and regulatory requirements related to putting the specific technology in service at the airport.

Sa chruinniú seachtainiúil Rialtais Dé Máirt seo chugainn, leagfaidh an tAire Ryan amach na ceanglais dlíthiúla agus rialála a bhaineann leis an teicneolaíocht shainiúil a chur ag fónamh san aerfort.

The problem has been affecting the business of the airport for two months and planes had to be diverted again for a while yesterday evening due to a drone circling the area.

Tá an fhadhb ag cur isteach ar ghnó an aerfoirt le dhá mhí agus b’éigean eitleáin a chur malairt treo arís ar feadh scaithimh tráthnóna inné mar gheall ar dhrón a bheith ag guairdeall thart ar an áit.

It is against the law to fly a drone within a five kilometer boundary around the airport.

Tá sé in aghaidh an dlí drón a chur ag eitlit taobh istigh de theorainn chúig chiliméadar timpeall an aerfoirt.

Ryanair chief executive Michael O’Leary is not happy with Minister Ryan’s approach, however.

Níl príomhfheidhmeannach Ryanair Michael O’Leary sásta le cur chuige an Aire Ryan, áfach.

He said that the appropriate technology should be put to work in the airport without delay instead of “dragging the legs”.

Dúirt sé gur cheart an teicneolaíocht chuí a chur ag fónamh san aefort gan mhoill in áit “a bheith ag tarraingt na gcos”.

Speaking on RTÉ, Lauriche said that Ryanair passengers should not rely on legislation that would not be implemented for three to six months.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an Laoireach nár chóir go mbeadh paisinéirí Ryanair ag brath ar reachtaíocht nach gcuirfí i bhfeidhm go gceann trí nó sé mhí.

What members want is an immediate solution, he said.

Is réiteach láithreach bonn baill atá uathu, ar sé.

It’s not just Michael O’Leary who is looking forward to it.

Ní hé Michael O’Leary amháin atá ar gor chuige.

Aer Lingus also wants “the main stakeholders” to speed up the work and solve the problem as soon as possible.

Tá Aer Lingus ag iarraidh freisin go gcuirfeadh “na príomhpháirtithe leasmhara” dlús leis an obair agus an fhadhb a fhuascailt an túisce is féidir.

Minister Ryan is to discuss the situation today with representatives of the Dublin Airport Authority, the Irish Aviation Authority, and others who have a voice on the issue.

Tá an tAire Ryan leis an scéal a phlé inniu le hionadaithe ó Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, ó Údarás Eitlíochta na hÉireann, agus le dreamanna eile a bhfuil guthaíocht acu ar an gceist.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2jytwud6

Contact: irishlingos@gmail.com

“Management of the Greek railway system has been neglected for too long”.

“Faillí déanta le rófhada i mbainistiú chóras iarnróid na Gréige”.

Two days after the train crash in Greece in which nearly half a hundred people were killed and scores injured, the Greek Government has admitted that the management of the country’s railway network has been neglected for too long.

Dhá lá tar éis na timpiste traenach sa Ghréig inar maraíodh beagnach leathchéad duine agus inar gortaíodh na scórtha, tá sé admhaithe ag Rialtas na Gréige go bhfuil faillí déanta le rófhada i mbainistiú ghréasán iarnróid na tíre.

The government declared that, in view of the disaster, it would be investigated why there was so much delay in improvement works on the railway.

Dhearbhaigh an rialtas go bhfiosrófaí, i bhfianaise na tubaiste, cén fáth a raibh an oiread moille ar oibreacha feabhsúcháin ar an iarnród.

The delay, it is said, remains inexplicable since the Greek Government sold the state-owned railway company to an Italian state-owned company in 2017 in the hope that hundreds of millions of euros would be invested in the network.

Is dothuigthe fós an mhoill, a deirtear, ó dhíol Rialtas na Gréige comhlacht iarnróid an stáit le comhlacht stáit na hIodáile in 2017 le súil go n-infheisteofaí na céadta milliún euro sa ghréasán.

In fact, the Greek Minister of Transport resigned yesterday since, he said, he had the political responsibility for railway matters.

Go deimhin, d’éirigh Aire Iompair na Gréige as oifig inné ós air, a dúirt sé, a bhí an fhreagracht pholaitiúil as cúrsaí iarnróid.

At least 48 people were killed and more than three were injured when a freight train and a passenger train collided at high speed northeast of the city of Larissa in central Greece last night.

Maraíodh 48 duine ar a laghad agus gortaíodh os cionn trí scór nuair a bhuail traein lastais agus traein paisineirí faoina chéile agus iad faoi mhórluas soir ó thuaidh ó chathair Larissa i lár na Gréige arú aréir.

Because many of the bodies were burned, it is not yet known exactly how many people were killed.

De bharr gur dódh go leor de na coirp, ní fios go barainneach fós cé mhéad duine a maraíodh.

It is estimated that many young people – students of their establishment – are among the dead.

Meastar go bhfuil go leor daoine óga – mic léinn a mbunáite – i measc na marbh.

It was reported yesterday that the Larissa station master was accused of gross negligence which was responsible for the death of the 48 people but that he himself claimed that the accident was caused by a technical fault.

Tuairiscíodh inné gur cúisíodh máistir stáisiúin Larissa i mórfhaillí arbh é ba chionsiocair le bás an 48 duine ach gur mhaígh sé féin gur fabht teicniúil ba chúis leis an tionóisc.

It is reported today, however, that the station master – a 59-year-old man – admitted that he had been negligent in his duties.

Tuairiscítear inniu, ámh, gur admhaigh an máistir stáisiúin – fear 59 bliain – go raibh sé faillíoch ina ndualgais.

RTÉ News and Current Affairs The scene of the disaster near Larissa

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Láthair na tubaiste in aice le Larissa

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2j2yv7u8

Contact: irishlingos@gmail.com

Concerns about people being lonely after the pandemic.

Imní faoi dhaoine a bheith ar an uaigneas i ndiaidh na paindéime.

RTÉ News and Current Affairs The Chief Medical Officer in the Department of Health is recommending that elderly people return to their old habits, catch up with their friends and family again, and leave the life that existed during the pandemic behind them.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Tá an Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte ag moladh do dhaoine aosta filleadh ar a sean-nósanna, teacht suas lena gcairde agus a ndaoine muinteartha arís, agus an saol a bhí ann i gcaitheamh na paindéime a fhágáil ina ndiaidh.

In an open letter, Professor Breda Smyth advises seniors to take up their favorite pastimes again instead of wallowing in loneliness.

I litir oscailte, comhairlíonn an tOllamh Breda Smyth do sheanóirí tabhairt faoi na caithimh aimsire is ansa leo an athuair in áit a bheith ag déanamh lionn dubh in uaigneas.

Looking back and commenting on the social restrictions that were introduced at the beginning of the pandemic, Professor Smyth was launching a new campaign with the hope of urging people to keep together again.

Ag breathnú siar agus ag trácht ar na srianta sóisialta a tugadh isteach i dtús na paindéime a bhí an tOllamh Smyth agus feachtas úr á sheoladh le súil tathant ar dhaoine comhluadar a choinneáil le chéile arís.

Three years to the day, on 29 February 2020 – a leap year – the first case of Covid-19 was confirmed in the State and a short time later people were ordered to stay at home and not have contact with other people .

Trí bliana go ham seo, ar an 29 Feabhra 2020 – bliain bhisigh – a deimhníodh an chéad chás de covid 19 sa Stát agus achar gairid ina dhiaidh sin is ea a ordaíodh do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan cuimilt a bheith acu le daoine eile.

Preventing the spread of the disease and keeping as many people as possible out of hospitals was the most effective of the order but it also left many people lonely.

Cosc a chur ar fhorleathadh an ghalair agus an oiread daoine agus ab fhéidir a choinneáil amach ó na hospidéil ba chionsiocair leis an ordú ach d’fhág sé go leor daoine ar an uaigneas freisin.

Social restrictions were not lifted until January of last year and it seems that many old people – above all others – have lost the connection they had with other people and have become trapped by the lack of relationships.

Níor cuireadh deireadh le srianta sóisialta go dtí Eanáir na bliana seo caite agus dealraíonn sé go bhfuil neart seandaoine – thar aon dream eile – go bhfuil an dáimh a bhí acu le daoine eile caillte acu agus go bhfuil siad éirithe clóite leis an easpa caidrimh.

Speaking on RTÉ, consultant geriatrician Dr Rónán Collins pointed out that it was not just old people who were and still are like Oisín after the Féinne, and said that many young people had fallen into the depression due to the restrictions social as well.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an geiriatraí comhairleach an Dr Rónán Collins le fios nach daoine aosta amháin a bhí agus atá fós mar Oisín i ndiaidh na Féinne, agus dúirt gur thit an t-anrud daoine óga i logán an lagmhisnigh de bharr na srianta sóisialta chomh maith.

Since the hare has been put to rest, said Dr Collins, it would be worth seizing the opportunity and starting a wider debate about the issue of loneliness in society.

Ó tá an giorria curtha ina shuí, arsa an Dr Collins, b’fhiú breith ar an bhfaill agus díospóireacht níos leithne faoi cheist an uaignis sa tsochaí a chur sa siúl.

He suggested fostering more relationships between the generations – young and wise – for the benefit of both dreams since age has honor and youth has nobility! RTÉ News and Current Affairs

Mhol sé tuilleadh caidrimh idir na glúinte a chothú – óg agus críonna – ar mhaithe leis an dá dhream ó tá an onóir ag an aois agus an uaisle ag an óige! Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zfvhywg

Contact: irishlingos@gmail.com

“Great economic benefit to be gained from the Windsor Framework” – Sunak.

“Tairbhe mhór eacnamaíochta le baint as Creat Windsor” – Sunak.

British Prime Minister Rishi Sunak claimed that Northern Ireland would be the most vibrant economic area in the world if the new Brexit deal was implemented and Stormont institutions were restored together.

Mhaígh Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak go mbeadh Tuaisceart Éireann ar an limistéar eacnamaíochta is bríomhaire ar domhan ach an comhaontú nua Breatimeachta a chur i bhfeidhm agus forais Stormont a athbhunú in éineacht.

Rishi Sunak was speaking to employers and employees in the Coca Cola factories in Lisburn, Co Antrim, this morning.

Ag labhairt a bhí Rishi Sunak le fostóirí agus fostaithe i monaracha Coca Cola i Lios na gCearrbhach, Co Aontroma, ar maidin inniu.

He said he was happy about the Windsor Framework, which is the deal that Britain and the European Union made yesterday.

Dúirt sé go raibh sé ríméadach faoi Chreat Windsor, mar atá baiste ar an margadh a rinne an Bhreatain agus an tAontas Eorpach inné.

If the agreement is accepted, the Northern countries would have access to both the United Kingdom market and the European Union single market, an opportunity that no one else in the world has, said the Prime Minister.

Bheadh fáil ag muntir an Tuaiscirt ar mhargadh na Ríochta Aonaithe agus ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh araon dá nglacfaí leis an gcomhaontú, faill nach bhfuil ag aon dream eile ar domhan, arsa an Príomh-Aire.

That’s the big economic prize to be won, he said.

Sin an duais mhór eacnamaíochta atá le gnóthú, a dúirt sé.

In his imploring speech, Rishi Sunak claimed that he believed “without a doubt” that the Windsor Framework addresses the concerns of unionists about the Northern Protocol.

Ina óráid impíoch, mhaígh Rishi Sunak gur chreid sé “gan focal bréige” go dtugann Creat Windsor aghaidh ar an imní atá ar aontachtaithe faoi Phrótacal an Tuaiscirt.

He also drew attention to the unusual permission that unionists and other parties would have to veto certain laws of the European Union that they do not like.

Tharraing sé aird chomh maith ar an gcead neamhghnách a bheadh ag aontachtaithe agus páirtithe eile dlíthe áirithe an Aontais Eorpaigh nach dtaitníonn leo a chrosadh.

That would mean, he said, that “the power would be yours”.

D’fhágfadh sin, ar sé, gur “agaibhse a bheadh an chumacht”.

Rishi Sunak also said that the shooting attack on a senior police officer in Co Tyrone last week shows the dire need for political stability in the North.

Dúirt Rishi Sunak freisin go léiríonn an t-ionsaí lámhaigh a rinneadh ar phóilín sinsearach i gCo Thír Eoghain an tseachtain seo caite, go léiríonn sé an géarghá atá le cobhsaíocht pholaitíochta sa Tuaisceart.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zh3ll3f

Contact: irishlingos@gmail.com

Video of the car owned by the Omá gunmen.

Físeán den charr a bhí ag lucht gunnaí na hÓmaí.

CCTV footage of the car used by those who carried out a gun attack on a senior police officer in the north last week has been published by the PSNI.

Tá físéan TCI den charr a bhí ag an dream a rinne ionsaí gunna ar oifigeach sinsearach sna póilíní ó thuaidh an tseachtain seo caite foilsithe ag an PSNI.

At a press event this afternoon, Detective Chief Superintendent Éamonn Corrigan said that the car was bought in Bealach Program in Antrim on February 8th.

Ag preasócáid tráthnóna dúirt an tArdcheannfort Bleachtairí Éamonn Corrigan gur ceannaíodh an carr i mBealach Cláir in Aontroim an 8ú Feabhra.

The police want to know where he says the car has been kept since then.

Tá na póilíní ag iarraidh a fháil amach a deir sé cá raibh an carr coinnithe ó shin.

The PSNI say the blue Ford Fiesta, with fake plates, was driven south-west on the M a 1 – the motorway between Dungannon and Belfast – on Tuesday, the night before the attack.

Deir an PSNI gur tiomáineadh an Ford Fiesta gorm, agus plátaí bréige uirthi, siar ó dheas ar an M a 1 – an mótarbhealach idir Dún Geanainn agus Béal Feirste – Dé Máirt, an oíche sular déanadh an t-ionsaí.

Two bullets were fired from guns at Chief Inspector John Caldwell, who remains in a critical condition in hospital.

Scaoil beirt piléir as gunnaí leis an bPríomhchigire John Caldwell, a bhfuil drochbhail fós san ospidéal air.

Police say 10 bullets were fired.

Caitheadh 10 gcinn de philéir a deir póilíní.

A pair of them crashed into other vehicles where Inspector Caldwell was parked at a gym and an under-age soccer game was underway on Wednesday night.

Bhuail péire acu feithiclí eile san áit a raibh an Cigire Caldwell páirceáilte ag spórtlann agus cluiche sacair faoi aois ar bun san oíche Dé Céadaoin.

A £20,000 reward is being offered for information leading to the conviction of those responsible for the attack.

Tá £20,000 de luach saothair á thairiscint ar aon eolas a chiontódh an dream a ba chúis leis an ionsaí.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2oowbjh3

Contact: irishlingos@gmail.com

A sewage plant is being claimed in West Clare.

Ionad séarachais á éileamh in Iarthar an Chláir.

Irish Water has been petitioned to urgently build a new sewage treatment plant in West County Clare.

Tá achainí déanta ar Uisce Éireann ionad nua cóireála séarachais a thógáil ar bhonn práinne in Iarthar Chontae an Chláir.

A local councilor says that the ecology of the Leacht O’Conchubhair and Ennisdomin area is being threatened by sewage leaking into a river in the area from the old treatment plant.

Deir comhairleoir áitiúil go bhfuil éiceolaíocht cheantar Leacht Uí Chonchubhair agus Inis Díomáin á cur i mbaol de bharr séarachas a bheith ag sceitheadh amach in abhainn san áit as an seanionad cóireála.

When the system in Ennisdom is stressed by heavy rain or if a fault occurs, the sewage leaks upwards through the treatment cover.

Nuair a thagann brú ar an gcóras in Inis Díomáin ag báisteach throm nó má tharlaíonn fabht, sceitheann an séarachas aníos tríd an gclúdach cóireála.

Sewage, handkerchiefs and soot can be seen coming out of, and getting caught in, the Eden, a river that has been designated as a special conservation area.

Bíonn séarachas, ciarsúir agus suitíní le feiceáil ag teacht amach, agus ag gabháil san Eidhneach, abhainn atá sonraithe ina cheantar speisialta caomhnaithe.

Councilor Liam Grant, Green Party, says that the river is being polluted and that the dirt is ruining Leach O’Conchubhair, home to one of the most famous beaches on the west coast.

Deir an Comhairleoir Liam Grant, Comhaontas Glas, go bhfuil an abhainn á truailliú agus go bhfuil an salachar ag milleadh Leacht Uí Chonchubhair, áit a bhfuil ceann de na tránna is mó cáil ar an gcósta thiar.

Tra na Leachta has Blue Flag status, and is a popular destination for swimmers and surfers.

Tá stádas Brat Gorm ag Trá na Leachta, agus triall mhór ar an áit ag lucht snámha agus tonnmharcaíochta.

Councilor Grant says that the leak is putting people’s lives at risk and that the approach must be upgraded urgently.

Deir an Comhairleoir Grant go bhfuil an sceitheadh ag cur beatha daoine i mbaol agus go gcaithfear an t-ionas a uasghrádú go práinneach.

In 2018 Lexi Keating’s daughter was left very ill due to E poisoning.

I 2018 fágadh iníon le Lexi Keating an-tinn de bharr nimhiú E.

coli after swimming.

coli tar éis di a bheith ag snámh.

The little girl spent over a week under hospital care.

Chaith an cailín beag os cionn seachtaine faoi chúram ospidéil.

Lexi says she believes sewage in the water is what made her daughter so ill.

Deir Lexi go bhfuil sí den tuairim gur de bharr séarachas san uisce a fágadh a h-iníon chomh breoite.

In a statement Irish Water tells the Newsroom that efforts are underway to build a new coral center in the area.

I ráiteas deir Uisce Éireann le Seomra na Nuachta go bhfuil iarrachtaí ar bun le ionad nua cóiréala a thógáil sa limistéar.

They say that the work for that has started but that there is no date yet for the closure of the work.

Deir siad go bhfuil an obair chuige sin tosnaithe ach nach bhfuil aon dáta fós do chlabhsúr na hoibre.

They are urging people not to put handkerchiefs in the toilet because there is no treatment system capable of such material.

Tá said ag impí ar dhaoine gan ciarsúir a chur sa leithreas mar nach bhfuil aon chóras cóireála in ann ag a leithéid d’ábhar.

Tomás Ó Mainnín will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 ag 1900.

O’Conchubair Liquid Beach in Co Clare.

Trá Leacht Uí Chonchubhair i gCo an Chláir.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2qme3xmb

Contact: irishlingos@gmail.com

People meeting nationally to stand with Ukraine.

Daoine ag cruinniú go náisiúnta le seasamh leis an Úcráin.

More than a thousand people gathered in front of the General Post Office in Dublin this evening, one year to the day since Russia invaded Ukraine.

Bhailigh breis is míle duine os comhair Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath tráthnóna, bliain is an lá inniu ó rinne an Rúis ionradh ar an Ucráin.

Similar events were being held across the country during the day.

Bhí ócáidí den chineál céanna á reachtáil ar fud na tíre i rith an lae.

In a later address, the President of Ukraine Volodmyr Zelensky said that that country will try to win the upper hand over the Russians in 2023.

In aitheasc ar ball dúirt Uachtarán na hUcráine Volodmyr Zelensky go ndéanfaidh an tír sin chuile iarracht an lámh in uachtar a fháil ar na Rúisigh i 2023.

6 million people have been arrested while fleeing abroad, and an estimated 200,000 people have been killed by the war.

Tá 6 mhilliún duine tar éis a ghabháil ar a dteithadh thar lear, agus meastar go bhfuil 200,000 duine curtha den tsaol ag an gcogaíocht.

President Zelensky was in tears as he addressed the crowds in Kyiv this morning.

Bhí na deora leis an Uachtarán Zelensky agus é ag labhairt leis na sluaite i gCív ar maidin.

To his credit he said that Russia had not succeeded in making any progress so far in the war.

Díol mórtais dó a dúirt sé nár éirigh leis an Rúis aon dul chun cinn a dhéanamh go dtí seo sa gcogadh.

Former Russian President Dmitri Medvedev said that Russia will continue the invasion of Ukraine and that it is intended to push the Ukrainian forces back as far as the Polish border.

Dúirt iar-Uachtarán na Rúise Dmitri Medvedev go gcoinneoidh an Rúis uirthi leis an ionradh ar an Ucráin agus go bhfuil sé i gceist fórsaí na hÚcráine a bhrú siar chomh fada le teorann na Polainne.

Polish Prime Minister Mateusz Morawiecki visited Khív today as a sign of support for the people of that country.

Thug Príomhaire na Polainne Mateusz Morawiecki cuairt ar Khív inniu mar chomhartha tacaíochta do mhuintir na tíre sin.

There was a moment of silence in Britain and Prime Minister Rishi Sunak said that Britain would impose further sanctions on aircraft parts and electronic systems that help the Russian situation.

Bhí nóiméad ciúnais sa mBreatain agus dúirt an Príomhaire Rishi Sunak go gcuirfeadh an Bhreatain tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm ar pháirteanna eilteáin agus ar chórais leictreonacha a chuidíonn le cás na Rúise.

French President Emmanuel Macron confirmed that country’s support for Ukraine and NATO President Jens Stoltenberg said that Ukraine is now stronger than it has ever been.

Dheimhnigh Úachtarán na Fraince Emmanuael Macron tacaíocht na tíre sin don Urcráin agus dúirt Uachtarán NATO Jens Stoltenberg go bhfuil an Ucráin níos láidre anois ná mar a bhí sí riamh.

Irene Ní Nualláin will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Irene Ní Nualláin ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ggo95sx

Contact: irishlingos@gmail.com

“Respect and dignity” goes to the remains of Ennis Bo Finne.

“Meas agus dínit” ag dul do thaisí Inis Bó Finne.

People in Inisboffin have welcomed the news that Trinity College is to return to the island the remains of people who were taken from a cemetery, without consent, in the 19th Century.

Tá fáilte curtha ag daoine in Inis Bó Finne roimh an scéala go bhfuil Coláiste na Tríonóide le taisí daoine a tógadh as reilig, gan toiliú, sa 19ú Céad a tabhairt ar ais go dtí an t-oileán.

But the locals want to ensure that the remains are treated with respect and dignity.

Ach tá muintir na háite ag iarraidh a chinntiú go gcaithfear leis na taisí, le meas agus dínit.

In 1890 the heads were stolen from the cemetery of St. Colmáin Monastery.

Sa mbliain 1890 a goideadh na cloigne as reilig Mhainistir Naomh Colmáin.

Two from Trinity College who undertook the raid – Professor Alfred Haddon and researcher Andrew Dixon – from the University’s Department of Anatomy.

Beirt as Coláiste na Tríonóide a thug faoin gcreachadh – an tOllamh Alfred Haddon agus an taighdeoir Andrew Dixon – ó Roinn Anatamaíochta na hOllscoile.

In a letter written by Professor Haddon he has admitted that he smuggled the heads off the island – 13 of them – to be deposited in the College.

I litir a scríobh an tOll Haddon tá sé admhaithe aige gur smuggláil sé na cloigne den oileán – 13 acu – le cur i dtaisce sa gColáiste.

There was plenty of time to take bodies for the sake of so-called “scientific study” – to take measurements and study shells – as shown in this photograph taken on Ennisboffine in 1893.

Bhí fairsing ag an am coirp a thógáil ar mhaithe adúradh “leis an staidéar eolaíoch” – le ghabhail ag tomhais agus ag staidéar blaoscanna – mar a léirítear sa ngrianghraif seo a tarraingníodh ar Inis Bó Finne in 1893.

Now the head of the University, Provost Linda Doyle has apologized to the people of the island.

Anois tá ceann feádhain na hOllscoile, an Probhast Linda Doyle théis leithscéal a ghabháil le muíntir an oileáin.

Trinity College says they are grateful to the island community for “their lobbying and participation” and that they will “cooperate with the community to return the remains respectfully, respectfully.”

Deir Coláiste na Tríonóide go bhfuil siad buíoch do phobal an oileáin as “a gcuid stocaireachta agus rannpháirtíochta” agus go mbeidh siad “ag comhoíbriú leis an bpobal leis na taisí a chur siar abhaile go measúil, ómósach.”

But the remains of nearly 500 people are still kept at the University and a review process about those bodies is still underway by the Trinity Heritage Working Group.

Ach tá taisí beagnach 500 duine fós coinnithe san Ollscoil agus próiséas athbhreithníthe faoi na coirp sin fós idir lámha ag Grúpa-Oibre Oídhreachta na Tríonóide.

Today’s topic is a story, so researchers say, but the work is not finished and shells are still kept that were taken from Arran and Glenn in South Kerry.

Deáscéala é ábhar an lae inniu mar sin a deir lucht taighde ach níl an obair críochnaithe agus blaoscanna fós coinnithe a tógadh as Árainn agus as an nGleann i gCiarraí Theas.

Maolra M Mac Donnchadha will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Maolra M Mac Donnchadha ar Nuacht TG4 ag 1900.

Welcome to the community of Ennisbo Finne before the decision of Col.

Fáilte ag pobal Inis Bó Finne roimh chinneadh Chol.

of the Trinity

na Tríonóide

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2jhayf22

Contact: irishlingos@gmail.com

Three men arrested for the attack in Omá.

Triúr fear gafa faoin ionsaí san Ómaí.

Three men have now been arrested by the PSNI in connection with the shooting attack on a senior police officer in Omagh in County Tyrone last night.

Tá triúr fear gafa anois ag an PSNI faoin ionsaí lámhaigh a rinneadh ar phóilín sinsearach san Ómaí i gContaeThír Eoghain aréir.

Chief Inspector John Caldwell was shot several times and is in a critical condition in hospital.

Lámhachadh an Príomh-Chigire John Caldwell roinnt mhaith babhtaí agus tá bail chriticiúil air san ospidéal.

John Caldwell was not on duty at the time.

Ní raibh John Caldwell ar dualgas ag an am.

He had several young people under his care at a sports center, including his own son, when the attack happened.

Bhí roinnt ógánach faoina chúram ag ionad spóirt , a mhac fhéin san áireamh, nuair a tharla an t-ionsaí air.

PSNI police say they suspect Republican dissidents were responsible for the attack.

Deir póilíní an PSNI go bhfuil amhras orthu gur easaontóirí Poblachtacha a bhí freagrach as an ionsaí.

The men who carried out the attack were wearing firecrackers and escaped with them in a black car.

Bhí púicíní á gcaitheamh ag na fir a rinne an t-ionsaí agus d’éalaigh siad leo i ngluaisteán dubh.

The car was later found burnt out.

Fuarthas an gluaisteán dóite amach ina dhiaidh sin.

The arrested men are aged 38, 45 and 47.

38 bliain, 45 bliain agus 47 bliain d’aois atá na fir atá gafa.

They are being questioned at police stations in Omagh and Coal Island.

Tá siad á gceistiú ag stáisiúin póilíní san Ómaí agus in Oileán an Ghuail.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2enzojdj

Contact: irishlingos@gmail.com

Google to let 240 workers in Ireland go.

Google le 240 oibrí in Éirinn a ligean chun siúil.

The technology giant Google has announced that they are to let 240 workers in Ireland go.

Tá sé fógartha ag an ollchomhlacht teicneolaíochta Google go bhfuil siad le 240 oibrí in Éirinn a ligean chun siúil.

That’s about 4.4% of the 5,500 people employed by Google in this country.

Sin thart ar 4.4 faoin gcéad de na 5,500 duine atá fostaithe ag Google sa tír seo.

Staff were informed of the situation in an email today, and were told that a “joint consultation process” would begin tomorrow.

Cuireadh an scéal in iúl i ríomhphost don fhoireann inniu, agus dúradh leo go gcuirfí tús amárach le “comharphróiseas comhairliúcháin”.

It was revealed that the workers would be let go from the sales, technology and engineering, and support departments.

Tugadh le fios gur ó na rannóga díolacháin, teicneolaíochta agus innealtóireachta, agus tacaíochta a ligfí na oibrithe chun siúil.

Last month, Alphabet – Google’s parent company – announced that they were “cancelling” 12,000 jobs in different parts of the world.

An mhí seo caite, d’fhógair Alphabet – máthairchomhlacht Google – go raibh siad 12,000 post in áiteanna éagsúla ar fud an domhain “a chur ar ceal”.

At the time, Sundar Pichai, the chief executive of Alphabet, said that he was optimistic about the future of the company thanks to the investment they made in Artificial Intelligence at the very beginning of its development, among other things.

Ag an am, dúirt Sundar Pichai, príomhfheidhmeannach Alphabet, go raibh sé dóchasach faoina raibh i ndán don chomhlacht a bhuíochas sin don infheistíocht a rinne siad in Intleacht Shaorga i bhfíorthús a forbartha, i measc rudaí eile.

However, the tech sector in the United States is in recession and the biggest companies in the sector have been letting go for several months – such as Twitter, Meta, Stripe, Amazon, Intel, Microsoft, Google, Salesforce, PayPal and HubSpot who have centers all in Ireland.

Mar sin féin, tá an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus tá oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí is mó san earnáil le roinnt míonna – leithéidí Twitter, Meta, Stripe, Amazon, Intel, Microsoft, Google, Salesforce, PayPal agus HubSpot a bhfuil ionaid acu ar fad in Éirinn.

Despite this, the Government says that the technology sector in this country remains a strong base.

Ina ainneoin sin, deir an Rialtas go bhfuil bonn láidir faoin earnáil teicneolaíochta sa tír seo i gcónaí.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gqrbq7h

Contact: irishlingos@gmail.com

An assistance package to help with the advertised cost of living.

Pacáiste cúnaimh le cabhrú leis an gcostas maireachtála fógartha.

The Government announced an aid package today to tackle the high cost of living.

D’fhógair an Rialtas pacáiste cunaimh inniu chun dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála.

Among the policies, there are policies that will help children, pensioners, carers and small businesses.

I measc na mbeartas, tá beartais a chabhróidh le leanaí, pinsinéirí, cúramóirí agus gnólachtaí beaga.

The cabinet gave its blessing to the plan this morning, a package worth more than €1.3 billion.

Thug an chomh-aireacht a mbeannacht don bplean ar maidin, pacáiste gur fiú breis is €1.3 billiún é.

Taoiseach Leo Varadkar, Tánaiste Micheál Martin and Transport Minister Eamon Ryan announced the policies at Government Houses today.

D’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar, an Tánaiste Micheál Martin agus an tAire Iompair Eamon Ryan na beartais ag Tithe an Rialtais inniu.

Among the policies announced today: Social Protection Energy Business matters Education Tánaiste Micheál Martin said that things looked like peak inflation had been reached but warned that that could change if energy prices rise.

I measc na mbeartas a fógraíodh inniu: Coimirce Sóisialta Fuinneamh Cúrsaí gnó Oideachas Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go raibh an chuma ar chúrsaí go raibh an buaicphoiste boilscithe bainte amach ach thug sé foláireamh go bhféadfadh sé sin athrú má ardaíonn praghsanna fuinnimh.

Taoiseach Leo Varadkar said this is the last time the Government will intervene before the tax information in October.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gurb é seo an uair dheireanach go ndeinfidh an Rialtas idirghabháil roimh an cháinfhaisnéis i Mí Dheireadh Fómhair.

The President of Sinn Féin, Mary Lou McDonald said there was nothing in the package announced today for home owners or renters An assistance package to help with the high cost of living announced by the Government

Dúirt Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald nach raibh aon rud sa phacáiste a fógraíodh inniu do shealbhóirí tí ná do chíosaithe Pacáiste cúnaimh chun cabhrú leis an gcostas ard maireachtála fógartha ag an Rialtas

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2mvyveuy

Contact: irishlingos@gmail.com

David’s law to be confirmed in Westminster.

Dlí Dháithí le cinntiú i Westminster.

In Westminster rather than in Stormont, the legislation will be amended this week to ensure that organs for transplantation can be taken from a body, except in the event that a person has such rejections while he/she is still alive.

I Westminster seachas i Stormont a dhéanfar leasú an tseachtain seo ar an reachtaíocht lena chinntiú gur féidir orgáin le n-aistriú a thógáil as corp, ach amháin sa gcás go mbeadh diúltaithe dá leithéid ag duine agus é/í fós ina mbeatha.

The new law will be called Dáithí’s Law, in honor of Dáithí MacGaffann, a 6- year-old boy from Belfast who is waiting for a heart transplant.

Dlí Dháithí an t-ainm a bheidh ar an dlí nua, in ómós do Dháithí Mac Gabhann, buachaill 6 bliana d’aois as Béal Feirste atá ag fanacht le haistriú croí.

The Secretary of State for Northern Ireland says the government’s intervention was an exception.

Deir Státrúnaí Thuaisceart Éireann gur eisceacht a bhí san idirghabháil a bhí déanta ag an rialtas.

“Today is a day full of emotions,” Dáithí’s family said this afternoon.

“Lá lán de mhothúcháin é an lá inniu” a dúirt teaghlach Dháithí tráthnóna.

2021 the Stormont Executive implemented a bill so that a heart or other organ from a corpse could be transferred to a person’s body during their lifetime, if that person had not indicated that they were against it while they were alive.

2021 a d’fheidhmigh Feidhmeannas Stormont bille le go bhféadfaí croí nó ball eile as corpán a aistriú chuig colainn duine ina mbeatha, muna raibh an té sin tar éis a chur in iúl go raibh siad ina éadan agus iad beo.

But last month it was revealed that additional legislation was needed to enact a bill.

Ach an mhí seo caite fritheadh amach go raibh reachtaíocht sa mbreis ag teastáil leis mbille a achtú.

It was hoped that the matter would be discussed last week, but nothing happened due to the DUP’s boycott of the Assembly in protest against the Northern Ireland Protocol.

Bhí súil go bpléifí an t-ábhar an tseachtain seo caite, ach níor tharla aon ní de bharr boycott an DUP ar an gComhthionól mar agóid in éadan Phrótacal Thuaisceart Éreann.

Secretary of State Chris Heaton-Harris says his own government will make an exception, confirming that the amendment will be implemented in Westminster rather than Stormont.

Deir an Státrúnaí Chris Heaton-Harris gur eisceacht de chuid a rialtais féin a bheidh ann, agus é ag deimhniú gur i Westminster seachas i Stormont a chuirfear an leasú i bhfeidhm.

Dáithí’s father, Máirtín Mac Gabhann said that the boy let out a laugh of joy and music in the house last night when a phone call came from the Secretary of State telling them that the law would be passed in London.

Dúirt athair Dháithí, Máirtín Mac Gabhann gur lig an buachaillín gáir áthais agus cheoil as féin sa teach aréir nuair a tháinig glaoch gutháin ón Státrúnaí ag insint dóibh gur i Londain a rithfí an dlí.

“In Stormont these decisions should be made” said the secretary of state Harris, as he again begged for the re-establishment of the administrative institutions in the north.

“I Stormont is ceart na cinntí seo a dheanamh” a dúirt an státrúnaí Harris, agus é ag impí arís go mbunófaí in athuair na forais riaracháin ó thuaidh.

DUP leader Jeffrey Donaldson today welcomed the decision and congratulated the MacGavans for their enthusiastic campaign.

Chuir ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson fáilte inniu roimh an gcinneadh agus thréaslaigh sé le muintir Mhic Ghabhann as a bhfeachtas díograiseach.

He said it was unfortunate that “certain people used the matter as a bargaining chip instead of moving such an important issue immediately to London”.

Dúirt sé gur mhór an trua gur bhain “daoine áirithe úsáid as an ábhar mar acra mhargántaíochta in áit ceist chomh tábhachtach a aistriú láithreach go Londain”.

Dáithí now hopes to receive the core translation from now on in the next 6 months.

Tá súil anois ag Dáithí an croí-aistriúchán a fháil as seo go ceann 6 mhí.

Ailbhe Ó Monacháin will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.

It has been 6 years since Dáithí MacGaffann is hoping to get a new heart soon.

6 bliana atá Dáithí Mac Gabhann atá ag súil croí nua a fháil go luath.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2rydzshq

Contact: irishlingos@gmail.com

More than 13 years imprisonment cut on a spy.

Breis is 13 bliain príosúnachta gearrtha ar spíodóir.

A spy has been sentenced to more than 13 prison terms at the Old Bailey in London.

Tá breis is 13 príosúnachta gearrtha ar spíodóir ag an Old Bailey i Londain.

David Ballantyne Smith, 58, pleaded guilty to providing information to the Russian embassy in Germany.

D’admhaigh David Ballantyne Smith, 58 go raibh sé ciontach in eolas a thabhairt d’ambasáid na Rúise sa Ghearmáin.

Smith previously held a job as a security guard at the British embassy in Berlin.

Bhíodh post mar gharda slándála ag Smith in ambasáid na Breataine i mBeirlín.

He is said to have first contacted the Russian embassy in 2020.

Deirtear go ndeachaigh sé i dteagmháil ar dtús le hambasáid na Rúise i 2020.

When information about his espionage activities came to light, the German and British authorities decided to try to catch him in the act.

Nuair a tháinig eolas chun solais maidir lena chuid gníomhaíochtaí spíodóireachta shocraigh údaráis na Gearmáine agus na Breataine eatarthu iarracht a dhéanamh breith air i mbun gnímh.

They succeeded in doing so in August 2021.

D’éirigh leo sin a dhéanamh i Lúnasa 2021.

He was then extradited to the United Kingdom and put on trial at the Old Bailey Court in London.

Eiseachadadh chun na Ríocht Aontaithe ansin é agus cuireadh ar a thriail é i gCúirt an Old Bailey i Londain.

Smyth, who is a former soldier from Paisley in Scotland, spent 5 years working as a security guard at the British embassy in Berlin.

Chaith Smyth, ar iar-shaighdiúir é as Paisley in Albain, 5 bliana ag obair mar gharda slándála in ambasáid na Breataine i mBeirlín.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ewthy5w

Contact: irishlingos@gmail.com

A man with a false passport will be sentenced in April.

Pianbhreith le gearradh san Aibreán ar fhear faoi phas bréagach.

Séamus Walsh, a 43-year-old man who applied for a false passport, will be sentenced in April, a passport used by Daniel Kinahan, head of the Organized Crime Group.

Gearrfar pianbhreith san Aibreán ar Shéamus Walsh,fear 43 bliain d’aois a rinne iarratas ar phas bréagach, pas ar bhain Daniel Kinahan, ceannaire an Ghrúpa Coireachta Eagraithe, úsáid as.

Séamus Walsh was paid €2,000 for Ardharch an Sléibhe in Dundalk when a man from the travelers came who he said he did not know him as far.

Íocadh €2,000 le Séamus Walsh as Ard Radharc an tSléibhe i nDún Dealgan nuair a tháinig fear de chuid an lucht siúil nach raibh aithne aige air chomh fada leis a dúirt sé.

Walsh was addicted to drugs at the time.

Bhí Walsh tugtha do dhrugaí ag an am.

He admitted that he applied for the passport but did not know who the passport was for.

D’admhaigh sé go ndearna sé iarratas ar an bpas ach nach raibh fhios aige cé chuige bhí an pas le himeacht.

Daniel Kinahan used the passport for 6 years until it was finally cancelled.

Bhain Daniel Kinahan úsáid as an bpas ar feadh 6 bliana go dtí gur cuireadh ar ceal é ar deiridh.

Walsh appeared before Dundalk Circuit Court today.

Bhí Walsh os comhair Chúirt Chuarda Dhún Dealgan inniu.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2q5elvo9

Contact: irishlingos@gmail.com

Inflation rate fell again but alcohol and food more expensive.

Ráta boilscithe tite arís eile ach alcól agus bia níos daoire.

Figures from the Central Statistics Office show that the annual inflation rate eased to 7.8% in January from 8.2% in December.

Léiríonn figiúirí ón Lár Oifig Staidrimh gur mhaolaigh an ráta boilscithe bliantúil go dtí 7.8 faoin gcéad i mí Eanáir ó 8.2 faoin gcéad i mí na Nollag.

Clothing prices fell in January thanks to the traditional January flea markets.

Laghdaigh praghsanna éadaí i mí Eanáir a bhuí le sladmhargaí traidisiúnta mhí Eanáir.

The cost of diesel and plane tickets also fell.

Thit costas an díosail agus ticéid eitleáin chomh maith.

However, food prices rose and alcoholic drinks became more expensive in pubs, restaurants and off-licences.

Tháinig ardú áfach ar phraghsanna bia agus d’éirigh deochanna meisciúla níos daoire i dtábhairní, i mbialanna agus in eis-cheadúnais.

The increase in interest rates announced by the European Central Bank also led to an increase in interest repayments on mortgages.

D’fhág an méadú ar rátaí úis a d’fhógair Banc Ceannais na hEorpa gur ardaigh aisíocaíochtaí úis ar mhorgáistí chomh maith.

Overall, prices fell by 0.8% in January, for the second consecutive month.

Thar an iomlán, tháinig laghdú de 0.8 faoin gcéad ar phraghsanna i mí Eanáir, den dara mí as a chéile.

Energy prices are the main cause of annual inflation and although electricity and gas prices remained the same as last month, home heating oil rose.

Praghsanna fuinnimh an chúis is mó atá le boilsciú bliantúil agus cé gur fhan praghsanna leictreachais agus gáis mar a bhí an mhí seo caite, d’ardaigh ola téimh tí.

The inflation rate here is 0.7% below the estimated rate across the Eurozone.

Tá an ráta boilscithe anseo 0.7 faoin gcéad faoi bhun an ráta measta ar fud limistéar an Euro.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2keu5nv7

Contact: irishlingos@gmail.com

Nicola Sturgeon resigning as First Minister of Scotland.

Nicola Sturgeon ag éirí as a post mar Chéad Aire na hAlban.

Nicola Sturgeon has announced that she is stepping down as First Minister of Scotland after eight years.

Tá sé fógraithe ag Nicola Sturgeon go bhfuil sí ag éirí as a post mar Chéad Aire na hAlban i ndiaidh ocht mbliana.

The First Minister announced this at a press event in Edinburgh this morning when she said it is time for her to stand aside.

D’fhógair an Chéad Aire an méid seo ag preas ócáid i nDún Éideann ar maidin nuair a dúirt sí go bhfuil sé in am aici seasamh i leataobh.

The leader of the Scottish National Party said she will remain in the post until the party chooses her successor.

Dúirt ceannaire Pháirtí Náisiúnta na hAlban go bhfanfaidh sí sa phost go dtí go roghnóidh an páirtí comharba uirthi.

Sturgeon is the longest-serving First Minister since Scotland’s devolved parliament was established in 1999.

Is í Sturgeon an Chéad Aire is faide sa phost ó bunaíodh parlaimint díláraithe na hAlban i 1999.

She said that, although she understands that her decision would hurt many people, she believes that it is the wise decision for herself, her party and the country as a whole.

Dúirt sí, cé go dtuigeann sí go ngoillfeadh a cinneadh ar go leor daoine, go gcreideann sí gurb é an cinneadh críonna é aici féin, dá páirtí agus don tír trí chéile.

Sturgeon has been First Minister in Scotland since 2014 when she succeeded Alex Salmond.

Tá Sturgeon ina Céad Aire in Albain ón bhliain 2014 nuair a tháinig sí i gcomharbacht ar Alex Salmond.

He resigned as First Minister in 2014 when the Scottish National Party failed in the Independence Referendum.

D’éirigh seisean as post an Chéad Aire i 2014 nuair a theip ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban sa Reifreann Neamhspleáchais.

Sturgeon took the party lead with a firm determination to achieve independence for Scotland, and although she managed to increase the SNP’s number of seats significantly after the referendum, she was unsuccessful in her efforts to pass legislation that would allow the parliament to change the constitution.

Chuaigh Sturgeon i gceannas an pháirtí agus rún daingean aici neamhspleáchas a bhaint amach d’Albain, agus cé gur éirigh léi cur go mór le líon suíochán an SNP i ndiaidh an reifrinn, níor éirigh léi ina h-iarrachtaí reachtaíocht a rith a cheadódh don pharlaimint an bunreacht a athrú.

The British Supreme Court ruled in 2022 that the Scottish Parliament could not pass that legislation, but the SNP now wants Scottish voters to treat the next general election in Britain as a “de facto” referendum.

Rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine i 2022 nach bhféadfadh Parlaimint na hAlban an reachtaíocht sin a rith, ach tá an SNP anois ag iarraidh go gcaithfeadhi vótóirí na hAlbhan leis an chéad olltoghchán eile sa Bhreatain mar reifreann “de facto.”

Nicola Sturgeon has been under siege recently over controversial amendments to gender recognition legislation, but she told reporters this morning that her decision was not about “short-term issues.”

Bhí Nicola Sturgeon faoi léigear ar na mallaibh maidir le leasuithe conspóideacha ar an reachtaíocht a bhaineann le aitheantas inscne, ach dúirt sí le tuairisceoirí ar maidin nár bhain a cinneadh le “ceisteanna gearr-théarmacha.”

Britain has rejected the Scottish Gender Recognition Act which would have made it easier for people to legally change their gender.

Dhiúltaigh an Bhreatain d’Acht Aitheantais Inscne na hAlban a chiallódh go mbeadh sé níos éasca ag daoine n-inscne a athrú de réir dlí.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hlaqffq

Contact: irishlingos@gmail.com

Criticism has been made about the sale of former garda stations.

Cáineadh déanta faoi iar-stáisiúin gardaí a dhíol.

Sinn Féin’s Justice and Affairs Speaker Martin Kenny has criticized the decision by the Office of Public Works to put a former garda station on the market.

Tá cáineadh déanta ag úrlábhraí Shinn Féin ar Ghnothaí Dlí agus Cirt Martin Kenny ar chinneadh Oifig na nOibreacha Poiblí iar-staisiúin do chuid na nGardaí a chuir ar an margadh.

Mr Kenny said that state buildings are urgently needed for housing and the state should not be selling them at this time.

Dúirt an t-uasal Kenny go bhfuil géarghá le foirgintí stáit le h-aghaidh tithíocht agus nár cheart don stáit a bheith á ndíol ag an am seo.

Some of the former stations are to go up for public auction this week.

Tá roinnt de na h-iar stáisiúin le dul ar cheaint poiblí an tseachtain seo.

In County Clare the former station in Leacht is for sale and the former station in Dun Beag.

I gContae an Chláír tá an t-iar staisiún sa Leacht le díol agus an t-iar staisiún sa Dún Beag.

There are five bedrooms plus additional rooms, toilets and bathrooms in each of the two buildings.

Tá chúig sheomra codladta chomh maith le seomraí breise, leithris agus seomraí folctha i ngach ceann don dá fhoirgneamh.

“I doubt that the Department of Justice and the Office of Public Works should be selling buildings at this time of the need for housing.

“Is doigh liom nár cheart don Roinn Dlí agus Cirt ná Oifig na n-Oibreacha Poiblí a bheith ag díol foirgnimh in am seo an ghátar do thithíocht.

A few days ago the Minister for Integration demanded that Government Departments make any surplus buildings available for housing, and these should be arranged accordingly”, said Deputy Kenny.

Cúpla lá ó shin dhein an t- Aire Lánpháirtíochta éíleamh ar Ranna Rialtais aon farasbarr foirgintí a bheadh acu a chuir ar fáil do thitíocht, agus ba cheart iad seo a chóiriú dá réir”, a dúirt an Teachta Kenny.

In a statement, the Office of Public Works said that according to policy any building of theirs is assessed against state services before being sold.

I ráiteas, dúirt Oifig na nOibreacha Poiblí, de réir polasaí go ndeintear measunú ar aon fhoirgneamh dá gcuid le h-aghaidh seirbhisí stáit sular ndíoltar iad.

It was also said that the Government Departments dealing with emergency housing have been informed of any surplus buildings in the Department.

Dúradar chomh maith gur cuireadh na Ranna Rialtais atá ag plé le tithíocht éigeandála ar an eolas fé aon farrasbár foirgintí atá sa Roinn.

They say that it is up to those departments themselves to assess and decide whether the holdings are suitable for their duties.

Deir siad gur faoi na ranna sin féin atá sé measúnú agus cinneadh a dhéanamh cioca an bhfuil na sealuchais oiriúnach dá gcúramaí.

We asked the Integration Department if they had assessed the former stations and in response it was said that they were receiving a lot of questions regarding different buildings and due to lack of competence in the department they were unable to give any answers.

D’fhiafraíomar den Roinn Lánpháirtíochta an ndeineadar measunú air na h-iarstáisiúin agus i bhfreagra dúradar go raibh morán ceisteanna á bhfáil acu I leith fhoirgintí difriúla agus de bharr lancaisí inniúlachta sa roinn nach raibh siad ábalta aon fhreagra a thabhairt.

The former stations in County Clare are to go on the market next Thursday.

Tá na h-iar stáisiúin i gContae an Chláir le dul ar an margadh Déardaoin seo chugainn.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2e4n6748

Contact: irishlingos@gmail.com

Gardaí hope to speak to two women about the Minority tragedy.

Súil ag gardaí labhairt le beirt bhan faoi thragóid Mhionlaigh.

Gardaí in Galway who are investigating the death of three teenagers in the city on Saturday hope to speak to two women who were at the scene when the car they were in went into the water at Cé Minolaigh.

Tá súil ag Gardaí i nGaillimh atá ag fiosrú bás thriúr déagóirí sa gcathair Dé Sathairn labhairt le beirt bhan a bhí ar an láthair nuair a chuaigh an carr ina raibh siad san uisce ag Cé Mhionlaigh.

This happened shortly after two o’clock on Saturday morning.

Tharla seo go gairid tar éis a dó a chlog maidin Dé Sathairn.

John Keenan who was 16 and Wojcieck Panek who was 17 died shortly after the car they were in went into the water.

Bhásaigh John Keenan a bhí 16 agus Wojcieck Panek a bhí 17 go gairid théis don charr ina raibh siad dul san uisce.

The third person in the car – Christopher Stokes 19, later died in hospital.

Bhásaigh an tríú duine a bhí sa gcarr – Christopher Stokes 19, san ospidéal níos deireanaí.

The gardaí are appealing for anyone with any information about what happened to contact them.

Tá na gardaí ag achainí ar aon duine a bhfuil aon eolas acu faoin méid a tharla dul i dteagmháil leo.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2nmo76tj

Contact: irishlingos@gmail.com

Castlebar fishermen “insulted” by the Marine Department.

Iascairí Bhaile Chaisleán Bhéarra “maslaithe” ag Roinn na Mara.

The announcement that €5 million will be made available to the Port of Castlebar to develop Dúnis Quay and to decommission 19 boats from the fishing fleet there is an “insult and a joke”.

“Masla agus magadh” é an fógra go mbeidh €5 mhilliún á chur ar fáil do Chalafort Bhaile Chaisleán Bhéarra le Cé Dhúninis a fhorbairt agus le 19 bád a dhíchoimisiúnú ón gcabhlach iascaigh ansiúd.

That’s what Patrick Murphy, Chief Executive of the Southern Fish Producers Association, had to say, who also said that it would be small boats that would be benefiting from the State funding.

Sin é a bhí le rá ag Patrick Murphy, Príomhfheidhmeannach Chumann Tháirgeoirí Éisc an Deiscirt, a dúirt freisin gur báid ghallda a bheadh ag baint leasa as an maoiniú Stáit.

Patrick Murphy and Aodh Ó Dónaill, Chief Executive of the Irish Fish Producers Association, are attending meetings in Brussels today and tomorrow urging the European authorities to raise this country’s fish quotas.

Tá Patrick Murphy agus Aodh Ó Dónaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Tháirgeoirí Éisc na hÉireann, ag freastal ar chruinnithe sa mBruiséil inniu agus amárach ag impí ar údaráis na hEorpa cúotaí éisc na tíre seo a ardú.

The Department of Agriculture, Food and the Marine announced a week ago that €5.14 million has been pledged to the Bear Port Authority and the improvement program at Dunnis Quay in Castle Bear Town in south Cork.

D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le seachtain go bhfuil €5.14 miliúin geallta do Chomhlacht Chalafort Bhéarra agus don chlár feabhsúcháin ag Cé Dhúninis i nBaile Chaisleán Bhéarra i ndeisceart Chorcaí.

The funding is part of a €37 million fund to be spent on the 6 major fishing ports in the country; Ballycastleberra, Dingean Uí Cuis, Ros a’Míl, Cella Beaga, Binnédair and Dunmore.

Is cuid de chiste €37milliún é an maoiniú atá le caitheamh ar an 6 mhórchalafort iascaireachta sa tír; Baile Chaisleán Bhéarra, Daingean Uí Chúis, Ros a’ Mhíl, na Cealla Beaga, Binn Éadair agus an Dún Mór.

Dressing work has been underway on Duninis for 4 years and the new funding is to be spent on adding a piece to the wharf and developing additional facilities in the port.

Tá obair chóirithe ar bun ar Dhúninis le 4 bliana agus tá an maoiniú nua le caitheamh ar phíosa a chur leis an gcé agus le áiseanna sa mbreis a fhorbairt sa gcalafort.

But there is a lot of talk and compensation in the town about who will benefit from the money, and 19 fishing boats to be put away.

Ach tá cur agus cúiteamh go leor ar an mbaile faoi cé aige a mbeidh tairbhe as an airgead, agus 19 bád iascaigh le cur ó mhaith.

Patrick Murphy says that foreign boats will benefit the most from the investment, and “if things continue as they are now” he says “there won’t be many Irish vessels left in 10 years.”

Deir Patrick Murphy gur báid ón gcoigríoch is mó a bhainfidh leas as an infheistíocht, agus “má leanann cúrsaí mar atá faoi láthair” a deir sé “ní mórán soithíoch as Éirinn a bheidh fanta faoi cheann 10 mbliana.”

Mr Ó Murchú, originally from Béal an Dá Chab, has announced that he is going to stand for the Unification party in the European election and that it was the hard work of the fishermen that he will be emphasizing the most.

Tá sé fógartha ag an an Uasal Ó Murchú, as Béal an Dá Chab ó dhúchas, go bhfuil sé le seasamh ar son an pháirtí Aontú i dtoghchán na hEorpa agus gurbh é cruachás na n-iascairí is mó a mbeidh sé ag cur béim air.

In terms of decommissioning, negotiations are underway to improve the offers received by 57 boats around the country under the scheme.

Ó thaobh an díchoimisiúnaithe dhe, tá idirbheartaíocht ar bun leis na tairiscintí a fuair 57 bád ar fúd na tíre faoin scéim a fheabhsú.

“But in relation to the investment announced by the Department, it’s just an insult and a joke, and nineteen boats here in Castlebar are ending the livelihood of generations” says Patrick Murphy.

“Ach maidir leis an infheistíocht atá fógartha ag an Roinn, níl ann ach masla agus magadh, agus naoi mbád déag anseo i mBaile Chaisleán Bhéarra ag cur deireadh le slí bheatha na nglúnta” a deir Patrick Murphy.

Marian O’Flaherty will have more on that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O’Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gdbq8cc

Contact: irishlingos@gmail.com

Concerns about international students stranded in Galway.

Imní faoi mhic léinn idirnáisiúnta i sáinn i nGaillimh.

The Irish Council for International Students is concerned and impatient that students who were attending Galway International House are still in trouble and that there is no other place available for them to complete their course.

Tá imní agus mí-fhoighid ar Chomhairle na hÉireann do Mhic Léinn Idirnáisiúnta go bhfuil mic léinn a bhí ag freastal ar Theach Idirnáisiúnta na Gaillimhe fós i gcruachás agus nach bhfuil aon áit eile ar fáil dóibh lena gcúrsa a chríochnú.

The Council says it is giving Ireland a bad reputation in terms of education.

Deir an Chomhairle go bhfuil sé ag tarraingt droch-cháil ar Éirinn ó thaobh an oideachais dhe.

It’s been two weeks since the Galway International House went into liquidation overnight, a language school that offered English courses and training courses for teachers who wanted to teach English as a foreign language since 2015.

Tá sé coicís ó d’imigh Teach Idirnáisiúnta na Gaillimhe faoi leachtú thar oíche, scoil teanga a chuir cúrsaí Béarla agus cúrsaí oiliúna do mhúinteoirí a bhí ag iarraidh béarla a mhúineadh mar theanga iasachta ar fáil ó 2015.

Over 200 students have registered for courses at Galway International House and have paid fees.

Bhí breis is 200 mac léinn théis clárú do chúrsaí i Teach Idirnáisiúnta na Gaillimhe agus táillí íoctha acu.

The Council of Ireland has expressed concern and frustration for international students that some of their students have been left without any solution, without other courses being offered as an option for them or having received a refund because the school was closed.

Tá imní agus frustachas léirithe ag Comhairle na hÉireann do mhic léinn idirnáisiúnta go bhfuil roinnt dá gcuid mic léinn fagtha gan aon réiteach, gan cúrsaí eile curtha ar fáil mar rogha dóibh ná aisíocaíocht faighte acu mar gur dúnadh an scoil.

Some students had paid for insurance called learning protection for their courses but others say they were not informed about this when they paid for courses.

Bhí árachas ar a dtugtar cosaint foghlamtha íoctha ag roinnt do na mic léinn ar a gcuid cúrsaí ach deir roinnt eile nár cuireadh ar an eolas iad faoina leithéid nuair a d’íoc siad ar chúrsaí.

Laura Harmon, Executive Director of the Irish Council for International Students said that students should have been informed about insurance matters at the school.

Dúirt Laura Harmon, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Comhairle na hÉireann do Mhic léinn idirnáisiúnta gur cheart go mbeadh mic léinn curtha ar an eolas faoi chúrsaí árachais ag an scoil.

She also says that what has happened will bring the country into disrepute as a country of education for international students and that it must be ensured that all students who have not been offered courses are paid back.

Deir sí freisin go d’tarraingóidh an méid atá tar éis tarlú droch-cháil ar an tír mar thír oideachais do mhic léinn idirnáisiúnta agus go gcaithfear a chinntiú go n- íocfar ar ais na mic léinn uilig nach bhfuil cúrsaí curtha ar fáil dóibh.

The Council wants language schools to be regularly monitored and that they have to make accounts available to the Ombudsman to show that they can provide courses before they are announced.

Tá an Chomhairle ag iarraidh go mbeadh monatóireacht rialta á dhéanamh ar scoileanna teanga agus go gcaithfidís cúntaisí a chur ar fáil do leithéid an Ombudsman le taispeáint go bhféadfaidh siad cúrsaí a chur ar fáil sula bhfógrófar iad.

The Council says that the Government must introduce a quality mark in education in Ireland to standardize courses and providers.

Deir an Chomairle go gcaithfidh an Rialtas marc cáilíochta san oideachas a thabhairt isteach in Éirinn le cúrsaí agus soláthróirí a chaighdeánú.

In a statement to Nuacht TG4, the Students’ Union for English learners says that they have told the Government to suspend courses in language schools so that they will be sure that suitable accommodation for international students is available before courses are announced.

I ráiteas do Nuacht TG4 deir Aontas na Mac Léinn do fhoghlaimeoirí Béarla go bhfuil sé ráite acu leis an Rialtas cúrsaí i scoileanna teanga a chur ar fionraí go mbeidh siad cinnte go bhfuil lóistín atá feiliúnach do mhic léinn idirnaisiúnta ar fáil sula bhfógrófar cúrsaí.

Despite efforts made by the Newsroom today to contact Galway National House there was no response from the school.

Aineoinn iarrachtaí a bheith déanta ag Seomra na Nuachta inniu teagmháil a dhéanamh le Teach Náisiúnta na Gaillimhe ní raibh aon fhreagra ó lucht na scoile.

More about that story by Aodhán Ó Maoileoin on Nuacht TG4 at 1900.

Bedih tuilleadh faoin scéal sin ag Aodhán Ó Maoileoin ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2azdnoxa

Contact: irishlingos@gmail.com

Thousands are fending for themselves in Turkey, in Syria without help.

Na mílte ag seiftiú dóibh féin sa Tuirc, sa tSiria cheal cuidithe.

RTÉ News and Current Affairs There are many people who survived – or rather crippled – from the earthquake in Turkey and Syria are fending for themselves in the open while they are left homeless, without their needs met in the desert.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Tá an t-anrud daoine a tháinig slán – nó easlán ba chirte a rá – ón gcrith talún sa Tuirc agus sa tSiria ag seiftiú dóibh féin amuigh faoin spéir agus iad fághta gan dídean, gan riar a riachtanais sa dúluachair.

The disaster is currently estimated to have killed over 17,500 people – 14,351 in Turkey and 3,162 in Syria, including Kurdistan – but the truth is that it is still an untold number.

Áirítear faoi láthair barr ar 17,500 duine a bheith maraithe mar gheall ar an tubaiste – 14,351 sa Tuirc agus 3,162 sa tSiria, lena n-áirítear an Chordastáin – ach is é a fhíor gur líon gan áireamh fós é.

As for the poor survivors, many of them are on standby next to their homes and hope to God that their family members will come out of the crossroads in their lives.

Maidir leis na marthanóirí bochta, tá a lán acu ar fuireachas taobh lena n-iaráiteanna cónaithe agus súil le Dia acu go dtiocfaidh a ndaoine muinteartha amach as an treascarnach ina mbeatha.

In the most deplorable cases, a forbidding call is reported coming from the debris bin in the hearing of loved ones, before the mournful voice is completely silenced by the failure of the equipment that would rescue the victim from his fate.

Tuairiscítear sna cásanna is truamhéalaí glao coscrach ag teacht ó dhuibheagán an smionagair in éisteacht na ngaolta, sula dtiteann an glór faonlag ina thost ar fad de cheal an trealaimh a d’fhuasclódh an donán óna chinniúint.

The temperature is below five degrees in the city of Gaziantep which is located close to the epicenter of the earthquake in southeastern Turkey.

Faoi bhun cúig chéim atá an teocht i gcathair Gaziantep atá suite gar d’eipealár an chreatha in oirdheisceart na Tuirce.

Despite the cold, people preferred to spend the night moving from post to pillory and back again to keep themselves warm, rather than staying still in undressed tents or rough-made fireplaces.

Ainneoin an fhuachta, b’fhearr le daoine an oíche a chaitheamh ag gluaiseacht ó phost go piléar agus ar ais arís le hiad féin a choinneáil te, seachas fanacht i bhfos i bpubaill neamhchóirithe ná i dteáltaí garbhdhéanta.

Turkish President Recep Tayyip Erdoğan admitted yesterday that there were “flaws” in the way the state dealt with the emergency, but said that it was by nature impossible in situations like this to make all preparations in advance.

D’admhaigh Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdoğan inné go raibh “lochtanna” ar an gcaoi a ndeachaigh an stát i ngleic leis an éigéandáil go trásta, ach dúirt go raibh sé dodhéanta de réir nádúir i gcásanna mar seo gach úmachan a dhéanamh roimh ré.

It seems, however, that the Turkish Government is very sensitive about any fault found in the state system.

Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil Rialtas na Tuirce an-ghoilliúnach faoi aon locht a fhaightear ar an státchóras.

Twitter was taken offline in the country for much of last night and this morning due to the disdain that was being made on that medium for the government’s emergency operation.

Baineadh Twitter as líne sa tír ar feadh scaithimh aréir agus ar maidin inniu mar gheall ar an díspeagadh a bhíothas a dhéanamh ar an meán sin ar oibríocht éigeandála an rialtais.

In that one, the police arrested eighteen people for publishing “intentional” posters.

Ina cheann sin, ghabh na póilíní ocht nduine dhéag faoi phóstalacha “cointinneacha” a fhoilsiú.

In terms of international relief, the President of the European Commission, Ursula von der Leyen, promised that the member states of the European Union would do everything they could to rescue people promptly in both Turkey and Syria.

Ó thaobh na fóirithinte idirnáisiúnta de, gheall Uachtarán an Choimsiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen go ndéanfadh ballstáit an Aontais Eorpaigh gach arbh fhéidir leo le tarrtháil a thabhairt go pras ar dhaoine sa Tuirc agus sa tSira araon.

She also announced that the European Union is to hold a major aid conference in Brussels next month in the hope of organizing the kind of relief that will be needed in the long run.

D’fhógair sí freisin go bhfuil mór-chomhdháil chabhrach le reáchtáil ag an Aontas Eorpach sa Bhruiséil an mhí seo chugainn le súil an sórt fóirithinte a theastós i bhfad na haimsire a eagrú.

RTÉ News and Current Affairs Out in the open in Aleppo in northern Syria, 9 February 2023

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Amuigh faoin spéir in Aleppo i dtuaisceart na Siria, 9 Feabhra 2023

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/22t96egm

Contact: irishlingos@gmail.com

The official death toll in Turkey, Syria continues to rise.

Líon oifigiúil na marbh sa Tuirc, sa tSiria ag ardú i gcónaí.

11,200 people have now been killed in southern Turkey and northern Syria due to the earthquake that occurred in that region two days ago.

Áirítear anois 11,200 duine a bheith maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria mar gheall ar an gcrith talún a tharla sa réigiún sin dhá lá ó shin.

It is estimated that 8,600 people were killed in Turkey and over 2,500 in Syria, including Kurdistan.

Meastar gur maraíodh 8,600 duine sa Tuirc agus os cionn 2,500 sa tSiria, lena n-áirítear an Chordastáin.

It is assumed that these official figures will be rising for the next few years.

Glactar leis gur ag ardú go ceann scaithimh eile a bheas na figiúirí oifigiúila seo.

From the Turkish side, the authorities say that 13.5 million people have been affected by the disaster in a distance of 450 kilometers between the city of Adana in the west of the country and the city of Diyarbakir in the east.

Ó thaobh na Tuirce de, deir na húdaráis gur bordáil ar 13.5 milliún duine atá buailte ag an tubaiste in achar 450 ciliméadar idir cathair Adana in iarthar na tíre agus cathair Diyarbakir san oirthear.

The rescue workers who have been doing their best since they were informed to find people who are still alive in the debris, with their clothes on, must be worried.

Tá sithiúlacht, ní foláir, sna hoibrithe tarrthála atá ag déanamh a ndíchill ó cuireadh fios orthu teacht ar dhaoine atá fós ina mbeatha sa smionagar, dá éadóichí sin.

As for the people who survived but their houses were destroyed, they are finding shelter from the snow and the cold of winter in mosques, schools and other large buildings.

Maidir leis na daoine a tháinig slán ach ar scriosadh a dtithe, tá díon á fháil acu ar an sneachta agus ar ghoimh an gheimhridh i moscanna, scoileanna agus i mbanracha móra eile.

The smallest tent would do for some of them, indeed, and they only have firewood from their own ancestors to keep them warm.

Dhéanfadh an teálta is lú cúis do chuid acu, go deimhin, agus gan acu ach connadh óna n- iarthithe féin lena gcoinneáil te.

The biggest delay in external relief is now the case with the refugees.

An mhoill ar fhóirithint ón taobh amuigh is mó is cás leis na dídeantaithe anois.

It is needed without space, of course, since the regional infrastructure has been destroyed – between shops, the power supply and others.

Tá sé de dhíth gan spás, dar ndóigh, ó tá an bonneagar réigiúnach scriosta – idir shiopaí, an soláthar cumhachta agus eile.

As bad as things are in Turkey, they are even worse in northern Syria, where the infrastructure was already very poor due to the war there.

Dá dhonacht cúrsaí sa Tuirc, is measa fós iad i dtuaisceart na Siria, mar a raibh an bonneagar fíorlag cheana féin mar gheall ar an gcogaíocht ansin.

Not only is water, food and fuel scarce, but basic medical treatment for the injured is not readily available.

Ní hamháin go bhfuil uisce, bia agus breosla gann, ach níl cóireáil bhunúsach leighis do na daoine a gortaíodh le fáil go saoráideach.

Charitable organizations are petitioning Western countries to suspend sanctions they have imposed on Syria on humanitarian grounds.

Tá eagraíochtaí carthanachta ag achainí ar thíortha an Iarthair smachtbhannaí atá curtha acu ar an tSiria a chur ar fionraí ar chúiseanna daonnachta.

The charities are also urging the Syrian Government to allow relief supplies into rebel-held areas, regardless of which flag they salute.

Tá na carthanais ag impí ar Rialtas na Siria chomh maith soláthairtí fóirithinte a ligean isteach i gceantair atá faoina smacht ag ceannaircigh, is cuma cén bhratach a dtugann siad ómós dó.

The American Secretary of State Antony Blinken indicated that the Americans would not cooperate with the Syrian Government in Damascus but that, nevertheless, relief would be sought for the ordinary people of the country.

Thug Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken le fios nach gcomhoibreodh na Meiriceánaigh le Rialtas na Siria sa Damaisc ach go bhféachfaí, mar sin féin, le fóirithint ar ghnáthmhuintir na tíre.

RTÉ News and Current Affairs The city of Malatya in central Turkey, 8 February 2023

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Cathair Malatya i lár na Tuirce, 8 Feabhra 2023

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ybc2ewq

Contact: irishlingos@gmail.com

Colleges in Cork closed “due to technology breach”.

Coláistí i gCorcaigh dúnta “mar gheall ar shárú teicneolaíochta”.

Munster University of Technology management staff are due to assess today the extent of the damage caused by the university’s information technology system being “breached”.

Tá foireann bhainistíochta Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan le measúnú a dhéanamh inniu ar mhéid an damáiste a rinneadh de bharr córas teicneolaíochta faisnéise na hollscoile a bheith “sáraithe”.

In addition to the computer system, the telephone system is also out of order.

Chomh maith leis an gcóras ríomhaireachta, tá an córas teileafón as feidhm leis.

Around 6 o’clock yesterday evening the “violation” came to light and the university campuses in Cork are closed today, and they will be closed again tomorrow, because of it.

Thart ar 6 a chlog tráthnóna inné a tháinig an “sárú” chun solais agus tá campais na hollscoile i gCorcaigh dúnta inniu, agus beidh siad dúnta arís amárach, mar gheall air.

There are four centers in Cork, namely the campus in Bishopstown; The National Maritime College of Ireland in Rennskiddigh; Crawford College of Art and Design in Loch; and the Cork School of Music in Templeton.

Ceithre ionad i gCorcaigh atá i gceist, mar atá, an campas i mBaile an Easpaig; Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann i Rinn an Scidígh; Coláiste Ealaíne is Deartha Crawford sa Loch; agus Ceol-Scoil Chorcaí i mBaile an Teampaill.

The two campuses in Tralee, Co Kerry, do not seem to be suffering.

Ní cosúil go bhfuil an dá champas i dTrá Lí, Co Chiarraí, thíos leis.

It is not yet clear who is responsible for the denial of service but Gardai in Tochar are investigating the matter.

Níl sé soiléir fós an cibirionsaí is siocair leis an éaradh seirbhíse ach tá na Gardaí sa Tóchar ag fiosrú an scéil.

Staff and students are asked to keep an eye on their emails for new information.

Iarrtar ar an bhfoireann agus na mic léinn súil a choinneáil ar a gcuid ríomhphost le haghaidh eolais úir.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29etssz4

Contact: irishlingos@gmail.com

Earthquake in Turkey, Syria: over 3,000 people killed.

Crith talún sa Tuirc, sa tSiria: os cionn 3,000 duine maraithe.

The death toll from the early morning earthquake in southern Turkey and northern Syria – including Kurdistan – is currently estimated at around 3,000.

Áirítear faoi láthair thart ar 3,000 duine a bheith maraithe mar gheall ar chrith talún a tharla go moch ar maidin i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria – lena n-áirítear an Chordastáin.

Thousands of people were also injured by the 7.8-magnitude quake, and many others are still trapped in the rubble of their homes that were turned into rubble in the middle of the night.

Gortaíodh na mílte duine chomh maith de bharr an chreatha a raibh méid sheismeach 7.8 ann, agus tá anrud daoine eile sáinnithe i gcónaí i smionagar a dtithe a ndearnadh leircín díobh ar iompú boise i gcoim na hoíche.

On top of the tragedy, in addition to the people who have lived in the region all their lives, millions more have settled there since fleeing the fighting in other parts of the Middle East.

Mar bharr ar an tragóid, chomh maith leis na daoine atá ina gcónaí sa réigiún lena saol ar fad, tá na milliúin eile ag baint fúthu ann ó theith siad ón gcogaíocht in áiteanna eile sa Mheánoirthear.

It is reported that the tremor was felt as far away as Cyprus and Lebanon.

Tuairiscítear gur airíodh an crith chomh fada i gcéin leis an gCipir agus an Liobáin.

Another earthquake – a smaller one – occurred a few hours later and it is reported that it caused little damage in the wake of the first one.

Tharla crith eile – ceann níos lú – cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin agus tuairiscítear nár bheag an scrios a rinne sé ar lorg an chéad chinn.

Between large towns and small towns in a very extensive region in both Turkey and Syria that have been hit – not to mention remote areas – and other countries are being sued asking for their help.

Idir bhailte móra agus bhailte beaga i réigiún an-fhairsing sa Tuirc agus sa tSiria araon a buaileadh – gan áiteanna ar chúla éaga a bhac – agus táthar ag agairt tíortha eile ag iarraidh a gcabhrach.

In Turkey, the towns of Pazarcık, Nurdağı and İslâhiye were closest to the epicenter of the quake.

Sa Tuirc, ba iad bailte Pazarcık, Nurdağı agus İslâhiye ba ghaire d’eipealár an chreatha.

In Syria, people are reported missing in the cities of Aleppo, Latakia, Hama and Tartus.

Sa tSiria, tuairiscítear daoine i gcathracha Aleppo, Latakia, Hama agus Tartus a bheith faoi chall.

Fortunately, aid has been promised since morning and is already on its way from Greece, Serbia, the Netherlands and Sweden.

Ar an dea-uair, tá cabhair geallta ó mhaidin agus faoi bhealach cheana féin ón nGréig, ón tSeirbia, ón Ísiltír agus ón tSualainn.

It was revealed this evening that the member states of the European Union and the North Atlantic Treaty Organization – along with more than two dozen other countries – are to bail out the authorities who are dealing with the emergency.

Tugadh le fios tráthnóna go bhfuil ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh – mar aon le breis agus dhá scór tír eile – le fóirithint ar na húdaráis atá ag cargáil leis an éigeandáil.

Meanwhile, rescuers are frantically trying to pull people out of the debris, dead or alive.

Idir dhá linn, tá lucht tarrthála ar an mball bíogtha agus ar a mine ghéire ag féachaint le daoine a thabhairt amach as an smionagar, beo nó marbh iad.

The earthquake was not entirely unexpected since the region that was hit is located on a fault line between two major tectonic plates that are constantly being pushed.

Ní gan choinne ar fad a tharla an crith talún ó tá an réigiún a buaileadh suite ar éasclíne idir dhá mhórphláta theicteonacha atá á bhrú go seasta.

In 1999, over 17,000 people were killed when an earthquake with a seismic magnitude of 7.6 struck the İzmit area in northwestern Turkey.

I 1999, maraíodh os cionn 17,000 duine nuair a bhuail crith talún a raibh méid sheismeach 7.6 ann, nuair a bhuail sé ceantar İzmit in iarthuaisceart na Tuirce.

In 2011, an earthquake in the Kurdish region of Van in the far east of the country killed around 500 people.

In 2011, maraíodh thart ar 500 duine mar gheall ar chrith talún a tharla i réigiún Coirdíneach Van i bhfíoroirthear na tíre.

RTÉ News and Current Affairs A person found in the rubble of a building in the town of İskenderun in southern Turkey, 6 February 2023

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Duine aimsithe i smionagar foirgnimh i mbaile İskenderun i ndeisceart na Tuirce, 6 Feabhra 2023

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/23avjzhk

Contact: irishlingos@gmail.com

A “surveillance” balloon hovering over the United States.

Balún “brathadóireachta” ag foluain os cionn na Stát Aontaithe.

Officials in the United States say that the balloon that has been flying over the west of the country for the past few days is a detection device.

Deir oifigigh sna Stáit Aontaithe gur gléas brathadóireachta is ea an balún atá ag foluain os cionn iarthar na tíre le cúpla lá anuas.

The balloon is believed to have come from China and there is little information gathering.

Tuairimítear gur ón tSín a tháinig an balún agus gur beag an gar atá ann ó thaobh bailiú faisnéise de.

However, it is said that the Chinese are daring to put “the eye in the sky” to serve as the US Secretary of State Antony Blinken is about to visit Beijing.

Mar sin féin, deirtear gur dána an mhaise do na Sínigh “an tsúil sa spéir” a chur ag fónamh agus Runaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken ar tí dul ar cuairt go Béising.

It is understood that the American air force will not send the balloon to the ground yet because it is impossible to be sure where exactly the debris will come down.

Tuigtear nach gcuirfidh aerfhórsa Mheiriceá an balún go talamh go fóill mar nach féidir a bheith cinnte de cén áit go baileach a dtiocfadh an smionagar anuas.

The news about the balloon came as CIA chief William Burns was speaking at an event in Washington on the threat from China.

Tháinig an scéala faoin mbalún agus ceannasaí an CIA William Burns ag labhairt ag ócáid i Washington ar an mbagairt ón tSín.

The Chinese Government indicated in the first place that they were looking to confirm the situation from their side and advised not to exaggerate about it.

Thug Rialtas na Síne le fios ar an gcéad dul síos go raibh siad ag féachaint leis an scéal a dheimhniú óna dtaobh siúd de agus mhol siad gan áibhéil a dhéanamh faoi.

In the afternoon, the Chinese said that the balloon was a civilian airship that had been sent on its course.

Tráthnóna, dúirt na Sínigh gur aerlong shibhialtach a cuireadh dá cúrsa atá sa bhalún.

The Canadian Government has indicated that a “surveillance” balloon – or possibly a pair – is also flying over that country.

Tá sé tugtha le fios ag Rialtas Cheanada go bhfuil nó go raibh balún “brathadóireachta” – nó b’fheidir péire – ag foluain os cionn na tíre sin freisin.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/24jk74bl

Contact: irishlingos@gmail.com

Spacious halls under the impression of accommodation for refugees in need.

Hallaí fairsinge faoi thuairim lóistín do dhídeanaithe de dhíth.

RTÉ News and Current Affairs The Minister for Integration Roderic O’Gorman has asked Government Departments to make any buildings of theirs that are idle available without delay for possible accommodation for refugees from abroad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Tá iarrtha ag an Aire Lánpháirtíochta Roderic O’Gorman ar Ranna Rialtais aon fhoirgnimh dá gcuid atá díomhaoin a chur ar fáil gan mhoill faoi thuairim cóiríochta do dhídeanaithe ón iasacht.

In a letter he wrote to other Government Ministers, Roderic O’Gorman pointed out that buildings in any part of the country would cause.

I litir a scríobh sé chuig Airí eile Rialtais, thug Roderic O’Gorman le fios go ndéanfadh foirgnimh in aon bhall den tír cúis.

Large and spacious halls, where there would be a place for the likes of bunk beds, are needed, he said.

Hallaí móra fairsinge, mar a mbeadh áit do leithéidí leapacha cnaiste, atá de dhíth, a dúirt sé.

Sports halls with showers would be preferable over any other type of building, but conference and arts centers, or student accommodation, would also be welcome, says the Gormánach in his letter.

B’fhearr hallaí spóirt a bhfuil cithfholcadáin iontu thar aon chineál eile forgnimh, ach chuirfí fáilte freisin roimh ionaid chomhdhála agus ealaíon, nó árais mac léinn, arsa an Gormánach ina litir.

Despite the urgency, he nevertheless suggested that any proposed building would have to comply with fire safety regulations.

Ainneoin na práinne, thug sé le tuiscint mar sin féin nár mhór d’aon fhoirgneamh a thairgfí teacht le rialacháin sábháileachta dóiteáin.

He confirmed that the buildings would be managed by the Department of Integration in collaboration with non-governmental organisations.

Dhearbhaigh sé gurbh é an Roinn Lánpháirtíochta i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha a bhainisteodh na foirgnimh.

The Government is currently trying to provide accommodation for the high number of refugees who are coming to Ireland from abroad, and ways and means are being sought in pursuit of them.

Tá sé ag dul rite leis an Rialtas faoi láthair lóistín a chur ar fáil don líon ard dídeanaithe atá ag teacht go hÉirinn ón gcoigríoch, agus tá dóigh agus andóigh á gcuardach ar a thóir.

Yesterday, it was announced that temporary accommodation was to be made available to refugees in Dun Maccolm army barracks in Mullingar, Co Westmeath.

Arú inné, fógraíodh go rabhthas le cóiríocht shealadach a chur ar fáil do dhídeanaithe in athbheairic airm Dhún Mhic Coluim sa Mhuileann gCearr, Co na hIarmhí.

Fifteen tents are to be erected on the site which will accommodate 120 single men.

Tá cúig phuball déag le cur suas ar an suíomh a mbeidh áit iontu do 120 fear singil.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/26mvr4n5

Contact: irishlingos@gmail.com

More raw chicken products recalled over salmonella fears.

Tuilleadh táirgí sicín amh aisghairmthe ar fhaitíos salmonella.

The Food Safety Authority of Ireland has recalled more raw chicken products over fears they may contain salmonella.

Tá tuilleadh táirgí sícín amh gairmthe ar ais ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ar fhaitíos salmonella a bheith iontu.

The products of the company Western Brand and the products of the company BWG with the Glenmór brand are in question.

Táirgí an chomhlachta Western Brand agus táirgí an chomhlachta BWG a bhfuil an branda Glenmór orthu atá i gceist.

These include chicken fillets, mini chicken fillets and small chickens, and have so far been on sale in Aldi, Lidl, Dunnes Stores and Tesco supermarkets.

Tá filléid sicín, mionfhilléid sicín agus sicíní beaga ina measc, agus bhí siad ar díol go dtí seo in ollmhargaí Aldi, Lidl, Dunnes Stores agus Tesco.

They had better dates before the 5th and 7th of February.

Dátaí ar fearr roimh an 5 agus an 7 Feabhra a bhí orthu.

This is the second time in a week that Western Brand chicken products have had to be taken off the shelves.

Seo an dara huair le seachtain a mb’éigean táirgí sicín Western Brand a bhaint de na seilfeanna.

In a statement issued this evening, the company said that the latest recall is related to the ongoing investigation by the Department of Agriculture, Food and Marine about cases of salmonella found last week on poultry farms.

I ráiteas a eisíodh tráthnóna, dúirt an comhlacht go bhfuil baint ag an aisghairm is deireanaí leis an bhfiosrúchán atá ar bun ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi chásanna de salmonella a fuarthas an tseachtain seo caite ar fheirmeacha éanlaithe clóis.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2yodr9a2

Contact: irishlingos@gmail.com

45 lone children who sought asylum in the missing country – Tusla.

45 páiste aonair a lorg tearmann sa tír ar iarraidh – Tusla.

In the last 6 years, 45 children who were alone in the asylum seeker system and who were in the care of the State have been arrested missing and unaccounted for.

Le 6 bliana anuas tá 45 páiste a bhí ina n-aonar sa gcóras lorgtha dídine agus a bhí faoi chúram an Stáit gaibhte ar iarraidh agus gan cuntas orthu.

That’s according to figures obtained from the children and families agency Tusla.

Sin de réir fhigiúirí atá faighte ón ngíomhaireacht leanaí agus teaghlaigh Tusla.

A total of 62 children unaccompanied by an adult have gone missing while in the care of the State since 2017, but 17 of them have been found again since then.

San iomlán chuaigh 62 páiste gan duine fásta in éineacht leo ar iarraidh agus iad faoi chúram an Stáit ó 2017, ach fritheadh an athuair 17 díobh ó shin.

In 2019 the figures were the worst, when 24 children disappeared without an account, only 6 of them have since been found.

I 2019 ba mheasa na figiúirí, tráth ar imigh 24 páiste gan cuntas, gan faighte ó shin ach 6 acu.

Number of single children missing since 2017: Source: Tusla Tusla says there are currently 201 children unaccompanied by an adult in the care of the State.

Líon páistí aonair ar iarraidh ó 2017: Foinse: Tusla Deir Tusla go bhfuil 201 páiste gan duine fásta in éineacht leo faoi chúram an Stáit i láthair na huaire.

From Ukraine 71 of that number.

As an Úcráin 71 den líon sin.

The Department of Justice submits the case of each individual child who comes to the country to Tusla which has a group dealing with children – unaccompanied by adults – who are seeking international protection.

Cuireann an Roinn Dlí agus Cirt cás gach páiste aonair a thagann chun na tíre faoi bhráid Tusla ag a bhfuil meitheal ag plé le páistí – gan daoine fásta in éineacht leo – atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta.

If the child cannot be reunited with their family, in Ireland or abroad, the child is placed in foster care, or in a residential care unit or accommodation that has support provided to meet their needs.

Munar féidir an gasúr a athaontú lena gclann, in Éirinn nó thar lear, curtar an páiste faoi chúram altrama, nó in aonad cúram cónaitheach nó i lóistín a bhfuil tacaíocht curtha ar fáil lena gcuid riachtanais a shásamh.

If a child is thought to be missing the Gardaí are contacted and it is up to that force to investigate the situation.

Má cheaptar go bhfuil páiste gaibhte ar iarraidh curtar fios ar na Gardaí agus is faoin bhfórsa sin an scéal a fhiosrú.

Tusla says that they themselves – as they say the State authorities and the public in general – are concerned about the international trafficking of children.

Deir Tusla go bhfuil imní orthu féin – mar atá a deir siad ar údaráis an Stáit agus ar an bpobal i gcoiteann – faoin mangaireacht idirnáisiúnta páistí.

For the past year they say they have been collaborating with MECPATHS to disseminate information and train carers and health professionals about child molestation in Ireland.

Le bliain anuas a deir siad tá siad ag comhoibriú le MECPATHS le eolas a scaipeadh agus le oiliúint a chur ar lucht cúraim agus lucht sláinte faoi mhangaireacht páistí in Éirinn.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/22aucugz

Contact: irishlingos@gmail.com

€290m to be spent on walking and cycling projects this year.

€290m le caitheamh ar thograí siúil, rothaíochta i mbliana.

The National Transport Authority has allocated €290 million to local authorities in the country to develop infrastructure for walkers and cyclists from now until the end of the year.

Tá €290 milliún lamháilte ag an Údarás Náisiúnta Iompair d’údaráis áitiúla na tíre le bonneagar do shiúlóirí agus rothaithe a fhorbairt as seo go deireadh na bliana.

The money is to be invested, it was said, in almost 1,200 walking and cycling projects across the country – between paths, bridges, lanes and others.

Tá an t-airgead le hinfhesitiú, a dúradh, i mbeagnach 1,200 togra siúil agus rothaíochta ar fud na tíre – idir chosáin, dhroichid, lánaí agus eile.

The Government’s Program promised to set aside €360 million each year for walking and cycling projects.

Gealladh i gClár an Rialtais €360 milliún a chur ar leithligh gach bliain le haghaidh tograí siúil agus rothaíochta.

The funding announced today will be used to bring 387 proposals to fruition in the Dublin area, as well as 250 proposals in other cities and 502 proposals in rural areas.

Bainfear leas as an maoiniú a fógraíodh inniu le 387 togra a thabhairt i gcrann i limistéar Bhaile Átha Cliath, chomh maith le 250 togra i gcathracha eile agus 502 togra i gceantair tuaithe.

The local authorities have to raise the rest of the money to recruit new employees.

Caithfidh na húdaráis áitiúla fuílleach an airgid ar fhostaithe nua a earcú.

Here are some of the projects to be developed or initiated: – The Dothra Greenway between Howard Park and Donagh Broc Road in Dublin – a new pedestrian bridge over the M40 motorway in Cork – the Waterford Greenway between Carricknafraochan and the city .

Seo cuid de na tograí atá le forbairt nó le tionscnamh: – Bealach Glas na Dothra idir Páirc Hoirbeaird agus Bóthar Dhomhnach Broc i mBaile Átha Cliath – droichead nua coisithe thar mhótarbhealach an M40 i gCorcaigh – Bealach Glas Phort Láirge idir Carraigh na bhFraochán agus an chathair.

Transport Minister Éamon Ryan said that the funding announced today would be of great benefit locally and nationally.

Dúirt an tAire Iompair Éamon Ryan gur mhór an tairbhe a bhainfí go háitiúil agus go náisiúnta as an maoiniú a fógraíodh inniu.

Big towns and villages will be cleaner and healthier because of it, he said, and the new proposals will help this country reduce carbon emissions.

Beidh bailte móra agus sráidbhailte níos glaine agus níos sláintiúla dá bhíthin, arsa sé, agus cuideoidh na tograí úra leis an tír seo astaíochtaí carbóin a laghdú.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2bonzxqg

Contact: irishlingos@gmail.com

“Administrative error” caused excessively high electricity charges.

“Dearmad riaracháin” ba chúis le táillí leictreachais ró-ard.

It was confirmed at the Oireachtas committee on environmental and climate matters today that compensation would be paid to household customers of the Electricity Supply Board who had been charged excessively high fees for a decade.

Dearbhaíodh ag coiste Oireachtais maidir le cúrsaí comhshaoil agus aeráide inniu go n-íocfaí cúiteamh le custaiméirí tís Bhord Soláthair an Leictreachais ar gearradh táillí ró-ard orthu ar feadh corradh le deich mbliana.

The chairman of the Utilities Regulation Commission, Aoife MacEvilly, announced this before the committee today.

Is í cathaoirleach an Choimisiúin um Rialáil Fóntais, Aoife MacEvilly, a d’fhógair an méid seo os comhair an choiste inniu.

The story concerns a scheme that was established to provide subsidies to people who used a lot of electricity and which applied between 2010 and 2022.

Baineann an scéal le scéim a bunaíodh le fóirdheontais a chur ar fáil do dhaoine a chaith go leor leictreachais agus a raibh feidhm leis idir 2010 agus 2022.

However, it emerged that the Electricity Supply Board charged household customers a percentage fee, rather than a fixed fee as it should.

Tháinig sé chun solais, áfach, gur ghearr Bord Soláthair an Leictreachais táille chéatadánach, seachas táille sheasta mar ba chóir, ar chustaiméirí tís.

This meant that the household customers were paying excessively high fees during those years.

D’fhág sé sin go raibh na custaiméirí tís ag íoc táillí ró-ard i gcaitheamh na mblianta sin.

Aoife MacEvilly was responding to Senator Lynn Boylan from Sinn Féin who has investigated the matter under the Freedom of Information Act.

Ag tabhairt freagra a bhí Aoife MacEvilly ar an Seanadóir Lynn Boylan ó Shinn Féin a bhfuil an scéal fiosraithe aici faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Senator Boylan asked that it be confirmed how much is to be paid back to the customers.

D’iarr an Seanadóir Boylan go ndeimhneofaí cé mhéad atá le híoc ar ais leis na custaiméirí.

Deputy Dáil Jennifer Whitmore from the Social Democrats said that it was necessary to find out how it happened that a State body was charging people too high fees for twelve years and that it took so long to notice.

Dúirt an Teachta Dála Jennifer Whitmore ó na Daonlathaithe Sóisialta nár mhór a fháil amach cén chaoi ar tharla sé go raibh comhlacht Stáit ag gearradh táillí ró-ard ar dhaoine ar feadh dhá bhliain déag agus gur thóg sé achar chomh fada lena thabhairt faoi deara.

Aoife McEvilly accepted what Jennifer Whitmore said and pointed out that it was an “administrative mistake” and that the company did not benefit from it.

Ghlac Aoife McEvilly leis an méid a dúirt Jennifer Whitmore agus thug sí le fios gur “dearmad riaracháin” a bhí ann agus nár bhain an comhlacht aon sochar as.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/29y8y5ge

Contact: irishlingos@gmail.com

Doubts about the State’s strategy regarding nursing care fees.

Amhras faoi straitéis an Stáit maidir le táillí cúraim altranais.

The Government has confirmed that it is a legal strategy for the State to oppose applications for compensation from people who have been charged nursing care fees after having medical cards.

Tá sé deimhnithe ag an Rialtas go bhfuil sé mar straitéis dlíthiúil ag an Stát cur in aghaidh iarratais ar chúiteamh ó dhaoine ar gearradh táillí cúraim altranais orthu tar éis go raibh cártaí leighis acu.

A Government spokesperson revealed last night that the strategy had been in place since sometime before July 2011.

Thug urlabhraí ón Rialtas le fios aréir go raibh an straitéis i bhfeidhm ó uair éigin roimh Iúil 2011.

However, it seems to have been in place long before that.

Is cosúil, áfach, go raibh sé i bhfeidhm i bhfad roimhe sin.

A whistleblower gave the story to the Mail on Sunday and it was published in that newspaper yesterday.

Thug sceithire an scéal don Mail on Sunday agus foilsíodh é ar an nuachtán sin arú inné.

According to the report, people with medical cards had been paying nursing care fees for thirty years before it was discovered in 2005 that they were entitled to that care for free Over a thousand patients made an official complaint to the Ombudsman’s Office when the story came to light.

De réir na tuairisce, bhí daoine a raibh cártaí leighis acu ag íoc táillí cúraim altranais ar feadh tríocha bliain sula bhfuarthas amach in 2005 go raibh siad i dteideal an cúram sin a fháil saor in aisce Rinne os cionn míle othar gearán oifigiúil le hOifig an Ombudsman nuair a tháinig an scéal chun solais.

The spokesperson from the Government said that the cases that the State brought against them, that they related to private nursing homes and that a settlement was made in some of those cases.

Dúirt an t-urlabhraí ón Rialtas gur bhain na cásanna ar chuir an Stát ina n-aghaidh, gur bhain siad le tithe altranais príobháideacha agus go ndearnadh socrú i gcuid de na cásanna sin.

In relation to public nursing homes, €480 million was paid back to patients or their relatives but none of the cases went as far as the court, said the spokesperson.

I dtaca le tithe altranais poiblí de, íocadh ar ais €480 milliún le hothair nó lena ndaoine muinteartha ach ní dheachaigh aon cheann de na cásanna chomh fada leis an gcúirt, a dúirt an t-urlabhraí.

It was also revealed that Health Minister Stephen Donnelly is seeking legal advice on the matter from the Attorney General.

Tugadh le fios chomh maith go bhfuil comhairle dlí faoin scéal á lorg ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly ar an Ard-Aighne.

Social Democrat co-leader Róisín Shortall was Minister of State in the Department of Health in 2011 and she said today that she did not know there was a policy to keep compensation refunds given to people confidential.

Bhí comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Róisín Shortall ina hAire Stáit sa Roinn Sláinte in 2011 agus dúirt sí inniu nach raibh a fhios aicise go raibh polasaí ann aisíocaíochtaí cúitimh a tugadh do dhaoine a choinneáil faoi rún.

Yesterday, Taoiseach Leo Varadkar revealed that he had nothing to do with devising a legal strategy to counter claims for compensation from wrongfully charged people.

Inné, thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios nach raibh aon bhaint aigesean le straitéis dlíthiúil a chumadh le cur in aghaidh iarratais ar chúiteamh ó dhaoine ar gearradh táillí orthu san éagóir.

Sinn Féin and the Labor Party are demanding that any new documents relating to the matter be sent to the joint Oireachtas committee without delay.

Tá Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre ag éileamh aon cháipéisí nua maidir leis an scéal a sheoladh chuig comhchoiste Oireachtais gan mhoill.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2qes4svj

Contact: irishlingos@gmail.com

Diocese of Limerick hosting a fitness club.

Cumann aclaíochta á gcur ó dhoras ag Deoise Luimnigh.

A fitness club in south Limerick City is angry and disappointed about a decision made by the parish priest and the diocese to give them permission to abandon the community hall.

Tá fearg agus díomá ar chumann aclaíochta i ndeisceart Chathair Luimnigh faoi chinneadh atá déanta ag an sagart paróiste agus ag an deoise fórgra a thabhairt dóibh an halla pobail a thréigean.

The community hall of Mhuire Banríon na Siochána is located in Ballyan Roistigh, serving an area that is disadvantaged and which is part of a major regeneration scheme being undertaken by various State authorities.

Tá halla pobail Mhuire Bhanríon na Siochána lonnaithe i mBaile an Róistigh, ag freastal ar cheantar atá faoi mhíbhuntáiste agus atá mar chuid de mhórscéim athnuachana atá ar bun ag údaráis éagsúla Stáit.

This year members of the Limerick Combat Gym kickboxing club received a letter from the parish priest informing the club that it is planned to sell or lease the hall on a long term basis.

An tseachain seo a fuair baill den chumann cic-dhornálaíochta Limerick Combat Gym litir on sagart paróiste ag cur in iúl don chumann go bhfuil sé beartaithe an halla a dhíol nó a ligean ar léas fadtéarmach.

The letter states that the parish can no longer afford the cost of maintaining the hall and that the decision has been made in collaboration with the Catholic Diocese of Limerick.

Deirtear sa litir nach bhfuil an paróiste in acmhainn costas cothabhála an halla a sheasamh níos mó agus go bhfuil an cinneadh déanta i gcomhar le Deoise Caitliceach Luimnigh.

The management and members of the association, and the parents of the many young people who benefit from it, are very angry and disappointed.

Tá olc agus díomá mór ar bhainistíocht agus ar bhaill an chumainn, agus ar thuismitheoirí an lear mór daoine óga a bhaineann tairbhe as.

Tony O’Donnell, the manager of the kickboxing association, says it is a community hall for all the local community.

Deir Tony O’Donnell, an banisteoir ar an gcumann cic-dornálaíochta, gur halla pobail é do phobal uile na háite.

He says that the society has been benefiting from it for 10 years and more while paying rent every month.

Deir sé go bhfuil an cumann ag baint leas as le 10 mbliana agus tuilleadh agus iad ag íoc cíosa gach mí.

He says that there is no other hall or facility of this kind available to the youth of the area.

Deir sé nach bhfuil aon halla eile ná áis dhá shórt ar fáil d’aos óg an cheantair.

County Councilor Catherine Slattery says the Church’s decision is a shame.

Deir an Comhairleoir Contae Catherine Slattery gur mór an náire é cinneadh na hEaglaise.

She says it was the local people who raised the money 40 years ago to build the community hall.

Deir sí gurbh iad muintir na háite a bhailigh an t-airgead 40 bliain ó shin leis an halla pobail a thógáil.

“That didn’t happen and people are on the brink of trying to sell us this community facility.

“Níor tharla sé sin agus tá daoine ar buille go bhfuil siad ag iarraidh an áis phobail seo a dhíol orainn.

We are planning a protest at the local church on Sunday to show our displeasure to the diocese”.

Tá agóid beartaithe againn ag an séipéal áitiúil Dé Domhnaigh chun ár míshástacht a leiriú don deoise”.

Tomás Ó Mainnín will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hsknjsf

Contact: irishlingos@gmail.com

The World Holiday Show is back after 3 years.

An Seó Saoire Domhanda ar ais tar éis 3 bliana.

Travel agencies say their business is booming as more people book holidays in January following the Covid 19 crisis.

Deir gníomhaireachtaí taistil go bhfuil trácht an-tréan faoina ngnó agus mórchuid daoine ag cur laethanta saoire in áirithe mí Eanáir tar éis ghéarchéim Covid a 19.

The holiday industry is said to be worth €5 billion a year to the economy.

Luaitear luach €5 billiún sa mbliain a bheith sa tionscal saoire don gheilleagar.

Last year, with the sector booming, licensed travel agents had a turnover of €1.3 billion.

Anuraidh, agus biseach ag teacht faoin earnáil, bhí láimhdeachas €1.3 billiún ag gníomhairí ceadúnaithe taistil.

In the last three years, the period of the Pandemic and the war in Ukraine, 10 agencies have been launched.

Le trí bliana anuas, tréimhse na Paindéime agus na cogaíochta san Úcráin, tá 10 gcinn de ghníomhaireachtaí curtha de dhroim seoil.

But in the RDS in Dublin today there is courage to be felt as 1,000 travel experts from 50 countries meet together at the ‘Holiday World Show’ for the first time since 2020.

Ach san RDS i mBaile Átha Cliath inniu tá misneach le brath agus 1,000 saineolaí taistil as 50 tír ag cruinniú le chéile ag an seó saoire domhanda ‘Holiday World Show’ an chéad uair ó 2020.

18 businesses will be present throughout the weekend representing County Donegal.

Beidh 18 gnó i láthair ann ar feadh an deireadh seachtaine i mbun ionadíochta ar Chontae Dhún na nGall.

70,000 people are expected at the gathering.

Táthar ag súil le 70,000 duine ag an teacht le chéile.

Donegal County Council’s tourism department wants to give Tirconaill a platform to attract people to take a holiday there.

Tá rannóg turasóireachta Chomhairle Chontae Dhún na nGall ag iarraidh ardán a thabhairt do Thír Chonaill le daoine a mhealladh le ghabháil ar saoire ann.

Expect crowds on holiday this year after a crisis in the industry.

Súil leis na sluaite ar saoire i mbliana tar éis géarchéim sa tionscal.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2nno6euu

Contact: irishlingos@gmail.com

Research showing the marginalization of young Irish people in Belfast.

Taighde ag léiriú imeallú Gaeil óga i mBéal Feirste.

In Belfast today, research was launched on youth work through the medium of Irish, the first report of its kind ever.

I mBéal Feirste inniu seoladh taighde ar obair óige tré mheán na Gaeilge, an chéad tuairisc den chinéal sin riamh.

The research deals with the way youth work has been pushed into unsuitable spaces and the way it has been pushed out when policy and funding are being worked out.

Pléann an taighde leis an dóigh ar brúdh an obair óige isteach i spásanna mífhóirsteanacha agus an dóigh ar brúdh amach í agus polasaí agus maoiniú á réiteach.

In recent years there have been many demonstrations by Irish language youth associations in Northern Ireland with the Education Authority threatening to cut almost all of their funding.

Le blianta beaga anuas is iomaí léirisiú a bhí ag cumainn óige Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus an tÚdarás Oideachais ag bagairt a gcuid maoinithe uilig beagnach a ghearradh.

They stood their ground and Glór na Móna in collaboration with Ulster University carried out research in that period which was launched today giving a definition of what Irish youth work means.

Sheas siad an fód agus rinne Glór na Móna i gcomhar le hOllscoil Uladh taighde sa tréimhse sin a seoladh inniu ag tabhairt sainmhíniú ar cad is brí le obair óige Gaeilge.

“Squeezed in and squeezed out” is the name of the report.

“Brúite isteach is brúite amach” ainm na tuarascála.

It is hoped that the new framework shown in the study will be a guide for the Education Authority when decisions are made about funding and resources.

Táthar ag súil go mbeidh an chreatlach úr atá léirithe sa staidéar ina threoir ag an Údaras Oideachais agus cinntí á ndéanamh feasta faoi mhaoiniú agus faoi acmhainní.

Áine Ní Ghallchóir will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Áine Ní Ghallchóir ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ehqppbw

Contact: irishlingos@gmail.com

A heavy fine for Enoch Burke if he does not obey a court order.

Fíneáil mhór do Enoch Burke muna gcloíonn sé le hordú cúirte.

The High Court has ruled that Enoch Burke will be fined €700 per day if he does not take sufficient action in his contempt of court before two o’clock tomorrow.

Tá rialú tugtha ag an Ard-Chúirt go ngearrfar fíneáil €700 in aghaidh an lae ar Enoch Burke muna ndéanann sé leorghníomh ina dhíspeagadh cúirte roimh a dó a chlog amárach.

High Court Judge Brian O’Moore said he will review his decision at a hearing on February 10.

Dúirt an Breitheamh Brian O’Moore san Ard-Chúirt go ndéanfaidh sé athbhreithniú ar a chinneadh ag éisteacht ar an 10ú Feabhra.

The Judge also said that these daily fines would cost almost €5,000 per week.

Dúirt an Breitheamh chomh maith gur costas do bheagnach €5,000 euro in aghaidh na seachtaine a bheadh i gceist leis na fíneálacha laethúla seo.

Judge O’Moore said that this should persuade Enoch Burke to end his current behavior of attending Wilson’s Hospital school for no reason, a school that does not want him Enoch Burke on her land.

Dúirt an Breitheamh O’Moore gur cheart go gcuirfidh sé seo ina luí ar Enoch Burke deireadh a chur leis an iompar atá ar bun aige faoi láthair, sé sin, ag freastal ar scoil Wilson’s Hospital gan aon chúis, scoil nach bhfuil ag iarraidh go mbeadh Enoch Burke ar a cuid talún.

The Judge said if this did not work the daily fee could be increased further.

Dúirt an Breitheamh muna n- oibríonn sé seo go bhféadfaí an táille laethúil a ardú tuilleadh.

Enoch Burke came as far as Wilson’s Hospital School in County Westmeath for the third day in a row today.

Tháinig Enoch Burke chomh fada le Scoil Wilson’s Hospital i gContae na hIarmhí do tríú lá as a chéile inniu.

Enoch Burke’s father, Seán Burke, drove him to school again this morning.

Thiomáin athair Enoch Burke, Seán Burke, é chomh fada leis an scoil arís ar maidin.

Enoch Burke was fired from his job as a teacher last Friday.

Briseadh Enoch Burke as a phost mar mhúinteoir Dé hAoine seo caite.

Today’s judgment has been criticized by Enoch Burke who says it is a stain on the nation, the land and the country’s history.

Tá breithiúnas an lae inniu cáinte ag Enoch Burke a deir gur smál ar an náisiún, ar an dtalamh agus ar stair na tíre é.

Enoch Burke to be fined €700 per day if he does not comply with a court order

Fíneáil €700 in aghaidh an lae le gearradh ar Enoch Burke muna gcloíonn sé le hordú cúirte

View Details

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2kwj4qls

Contact: irishlingos@gmail.com

An ancient chalice is wanted back from a Cork community.

Cailís ársa á hiarraidh ar ais ó Phobal i gCorcaigh.

A community in the north of County Cork has petitioned for the Victoria and Albert Museum in London, England to provide an accurate and comprehensive account of one of this country’s most ancient religious relics.

Tá achainí déanta ag pobal i dtuaisceart Chondae Chorcaí go gcuirfeadh Músaem Victoria and Albert i Londain Shasana cuntas cruinn cuimsitheach le ceann de na hiarsmaí creidimh is ársa de chuid na tíre seo.

Tomás Ó Mainnín will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 ag 1900.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2etuzdkq

Contact: irishlingos@gmail.com

151 additional jobs created in ÚnaG companies during the year.

151 post breise cruthaithe i gcomhlachtaí ÚnaG le bliain.

Údarás na Gaeltachta has published its 2022 year-end statement.

Tá ráiteas deireadh bliana 2022 foilsithe ag Údarás na Gaeltachta.

151 jobs was the net increase in the number of jobs in Gaeltacht areas last year in comparison with 2021, but there was a decrease in the number of jobs in the Authority’s client companies in Galway and Cork.

151 post an glan-mhéadú a bhí ar an líon post i gceantair Ghaeltachta anuraidh i gcompráid le 2021 ach bhí laghdú ar líon na bpost i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaillimh agus i gCorcaigh.

8,235 people were employed in the Authority’s client companies at the end of 2022, an increase on the 8,084 people employed in them in 2021.

8,235 duine a bhí fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana 2022, méadú ar an 8,084 duine a bhí fostaithe iontu in 2021.

Although 945 new jobs were created in 2022 in Gaeltacht areas, there was a net increase of 151 jobs at the end of the year when the jobs that were allowed to go were taken into account.

Cé gur cruthaíodh 945 post nua in 2022 i gceantair Ghaeltachta, ba 151 post de ghlanmhéadú a bhí i gceist ag deireadh na bliana nuair a bhí na poist a ligeadh chun siúil glactha san áireamh.

2,426 people were employed at the end of the year in the Authority’s client companies in Donegal, an increase of 57 people compared to the end of 2021.

2, 426 duine a bhí fostaithe ag deireadh na bliana i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nDún na nGall, méadú 57 duine i gcomparáid le deireadh 2021.

The biggest increase in employment last year was in the Gaeltacht of Kerry, where there was a net increase of 83 jobs: that’s a 13% increase on the previous year and represents more than half of the total net increase of 151.

Ba i nGaeltacht Chiarraí a bhí an méadú ba mhó i gcúrsaí fostaíochta anuraidh, áit a raibh glanmhéadú de 83 post: sin ardú 13 faoin gcéad ar an mbliain roimhe sin agus ar ionann é agus breis is leath den ghlanmhéadú iomlán 151.

There was a net increase of 44 jobs on jobs in Mayo Gaeltacht, Twenty one additional jobs in Waterford and fifteen jobs increase on jobs in Meath Gaeltacht.

Bhí glanmhéadú de 44 post ar phoist i nGaeltacht Mhaigh Eo , Fiche hAon post breise a bhí i bPort Láirge agus chúig phost déag de mhéadú a bhí ar phoist i nGaeltacht na Mí.

But the number of jobs in client companies fell in two counties.

Ach thit líon na bpost i gcliantchuideachtaí in dhá chontae.

There were 53 fewer jobs in Galway, a decrease of around 1.5% compared to the same period last year and it is also shown that there was a drop for 16 jobs in Cork as well.

Bhí 53 post níos lú i nGaillimh, laghdú thart ar 1.5 faoin gcéad i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh agus léirítear freisin go raibh titim do 16 post i gCorcaigh freisin.

430 people were using the 27 digital hubs in the Gaeltacht at the end of 2022, but two counties are still without technology according to the Report, namely Waterford and Meath.

430 duine a bhí ag úsáid na 27 mol dhigiteach sa Ghaeltacht ag deireadh 2022, ach tá dhá chontae fós gan gteic de réir na Tuarascála, siad sin Port Láirge agus An Mhí.

151 additional jobs created in Údarás na Gaeltachta companies during the year

151 post breise cruthaithe i gcomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta le bliain

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ztlpbfv

Contact: irishlingos@gmail.com

A review of children’s mental health care in North Kerry.

Athbhreithiú ar chúram meabhairshláinte páistí i gCiarraí Thuaidh.

The Health Service Executive has announced that they are to undertake a review of the CAMHS mental health service in North Kerry.

Tá sé fógartha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil siad chun tabhairt faoi athbhreithniú ar an tseirbhís meabhairshláinte CAMHS i gCiarraí Thuaidh.

A random inspection of 50 files revealed “cause for concern” says the Executive in the case of 16 of those 50 children.

Léirigh iniúchadh randamach ar 50 comhad “údar imní” a deir an Fheidhmeannacht i gcás 16 den 50 páiste sin.

The Newsroom understands that the concern relates to “prescribing practices” and “concerns about the professional practice of a clinician only”.

Tuigtear do Sheomra na Nuachta go mbaineann an imní le “cleachtais oideasaíochta” agus le “ábhar imní faoi chleachtas proifisiúnta cliniceora amháin”.

The Executive says the clinician is “not currently working”.

Deir an Fheidhmeannacht nach bhfuil an cliniceoir “i mbun oibre i láthair na huaire”.

They say the review will be on the same scale and layout as the review of the South Kerry CAMHS service, carried out by child and adolescent psychiatrist Dr Seán Maskey, who is on duty in London.

Deir siad go mbeidh an t- athbhreithniú ar an scála agus leagan-amach céanna leis an athbhreithniú ar sheirbhís CAMHS Chiarraí Theas, a rinne an síciatraí leanaí agus déagóirí an Dr Seán Maskey, atá i mbun dualgais i Londain.

Their review concerned the mental health care received by 1,300 young people.

Bhain an t-athbhreithniú siúd leis an gcúram meabhairshláinte a fuair 1,300 gasúr.

It was shown that 46 boys were significantly harmed while in the care of South Kerry CAMHS, and that a further 227 boys were put at risk of significant harm.

Léiríodh gur déanadh dochar suntasach do 46 gasúr agus iad faoi chúram CAMHS Chiarraí Theas, agus gur cuireadh 227 gasúr eile i mbaol dochair shuntasach.

It has been confirmed that Dr Maskey will not undertake the review in North Kerry.

Tá sé deimhnithe nach é an Dr Maskey a thabharfaidh faoin athbhreithniú i gCiarraí Thuaidh.

They are currently putting together another inspection team, says the Health Service Executive.

Tá meitheal eile iniúchadh á chur le chéile faoi láthair acu a deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2pc7spto

Contact: irishlingos@gmail.com

Electric scooters involved in 746 traffic accidents in 2022.

Baint ag scútair leictreacha le 746 eachtra tráchta in 2022.

Gardaí recorded 746 traffic incidents involving electric scooters last year, an average of fourteen incidents per week and an increase of almost 17% from the previous year.

Thaifead na Gardaí 746 eachtra tráchta a raibh baint ag scútair leictreacha leo anuraidh, sin ceithre eachtra dhéag in aghaidh na seachtaine ar an meán agus ardú beagnach 17 faoin gcéad ón mbliain roimhe sin.

The figures provided by the Gardaí today also show that they have recorded 28 traffic incidents involving electric scooters since the beginning of this year.

Léiríonn na figiúirí a chuir na Gardaí ar fáil inniu freisin go bhfuil 28 eachtra tráchta a raibh baint ag scútair leictreacha leo taifeadta acu ó thús na bliana seo.

Gardaí also say they have confiscated 305 electric scooters under the Road Traffic Act since 2020.

Deir na Gardaí chomh maith gur choigistigh siad 305 scútar leictreach faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre ón mbliain 2020.

Currently, it is against the law to use electric scooters on roads and footpaths in this country, but legislation is due to be passed in the Oireachtas shortly to make it legal.

Faoi láthair, tá sé in aghaidh an dlí feidhm a bhaint as scútair leictreacha ar bhóithre agus ar chosáin sa tír seo, ach tá reachtaíocht le rith san Oireachtas go gairid lena ndéanamh dleathach.

According to the law, because an electric scooter is a mechanically propelled vehicle, it is not allowed to use it in a public place without motor tax and insurance and without the person using it having a driver’s license.

De réir an dlí, mar gheall gur feithicil mheicnighluaiste é scútar leictreach, níl cead feidhm a bhaint as in áit phoiblí gan mótarcháin agus árachas a bheith air ná gan ceadúnas tiomána a bheith ag an té atá á úsáid.

However, this is a real dilemma, as electric scooters cannot be taxed according to the same law.

Is sáinn cheart é seo, áfach, mar nach féidir mótarcháin a chur scútar leictreach de réir an dlí chéanna.

It is understood that the new regulations to be introduced mean that people under the age of sixteen will not be allowed to use them; that they will not be allowed to be used on footpaths; that they will not be allowed to carry passengers or luggage; and that a speed limit will be set for them.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist faoi na rialacháin nua atá le tabhairt isteach nach mbeidh cead ag daoine faoi shé bliana déag iad a úsáid; nach mbeidh cead iad a úsáid ar chosáin; nach mbeidh cead paisinéirí ná bagáiste a iompar orthu; agus go leagfar síos teorainn luais dóibh.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hcwef8k

Contact: irishlingos@gmail.com

4_cinn_d’fhuinneoga_daite_harry_clarke_daite_d’uineir_bewley’s

4 cinn d’fhuinneoga daite Harry Clarke daite d’úinéir Bewley’s.

The High Court ruled that the owner of Bewley’s owns four of the six stained glass windows made by artist Harry Clarke which are displayed in the famous cafe on Dublin’s Grafton Street, and the tenant owns the other pair.

Rialaigh an Ard-Chúirt gur le húinéir Bewley’s ceithre cinn de na sé fhuinneog dhaite a rinne an t-ealaíontóir Harry Clarke atá ar taispeáint sa chaife cáiliúil ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath, agus gur leis an tionónta an péire eile.

The stained glass works are estimated to be worth at least €1 million.

Meastar luach €1 milliún ar a laghad a bheith sna saothair gloine daite.

The cafe is owned by businessman Johnny Ronan’s company.

Is le comhlacht de chuid an fhir ghnó Johnny Ronan an caife.

It was claimed by the company – RGRE Grafton Teo – that the windows were close to the property.

Bhí sé á mhaíomh ag an gcomhlacht – RGRE Grafton Teo – gur de dhlúth agus d’inneach an áitribh na fuinneoga.

Bewleys, however, claimed that the windows were not part of the structure of the building and were not really windows.

Mhaígh Bewleys, áfach, nach cuid de struchtúr an fhoirgnimh na fuinneoga agus nach fuinneoga iad i ndáiríre.

In fact, according to them, they are portable works of art.

Déanta na fírinne, dar leo, is saothair ealaíne inaistrithe iad.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ndnyzua

Contact: irishlingos@gmail.com

WhatsApp fined €5.5m for breaching regulations.

Fíneáil €5.5m gearrtha ar WhatsApp faoi rialacháin a sháru.

The Commission for Data Protection has imposed a fine of €5.5 million on the company that administers the WhatsApp messaging app for breaching the General Data Protection Regulation.

Tá fíneáil €5.5 milliún gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar an gcomhlacht a riarann an aip teachtaireachtaí WhatsApp faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a shárú.

The company was also ordered to update its data processing operations in accordance with the regulations from now on for the next six months.

Ordaíodh don chomhlacht freisin a gcuid oibríochtaí próiseála sonraí a nuashonrú de réir na rialachán as seo go ceann sé mhí.

WhatsApp indicated that they would appeal against the Commission’s decision because they themselves believe that the service already meets the regulations from a technological and legal point of view.

Thug WhatsApp le fios go ndéanfaidís achomharc in aghaidh chinneadh an Choimisiúin mar go gcreideann siad féin go dtagann an tseirbhís leis na rialacháin cheana féin ó thaobh na teicneolaíochta agus ó thaobh an dlí de.

The matter relates to a complaint received by the Commission from a WhatsApp user regarding the app’s terms of service.

Baineann an scéal le gearán a fuair an Coimisiún ó úsáideoir WhatsApp maidir le téarmaí seirbhíse na haipe.

The user claimed that the company was forcing him or her to accept updated terms and that he or she really had no choice but to accept them.

Mhaígh an t-úsáideoir go raibh an comhlacht ag cur iallach air nó uirthi glacadh le téarmaí nuashonraithe agus nach raibh aon rogha aige nó aici i ndáiríre ach glacadh leo.

The Commission also fined Facebook and Instagram €390 million earlier this month for breaching data protection regulations.

Ghearr an Coimisiún fíneálacha €390 milliún ar Facebook agus ar Instagram níos luaithe an mhí seo chomh maith faoi rialacháin chosanta sonraí a shárú.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zx7ufd3

Contact: irishlingos@gmail.com

12,000 workers to be let go at Google’s parent company.

12,000 oibrí le ligean chun siúil ag máthairchomhlacht Google.

It is reported that the technology giant Alphabet – the parent company of Google – is to “cancel” 12,000 jobs in different parts of the world.

Tuairiscítear go bhfuil an ollchomhlacht teicneolaíochta Alphabet – máthairchomhlacht Google – le 12,000 post in áiteanna éagsúla ar fud an domhain “a chur ar ceal”.

The plan is outlined in a memo sent by Alphabet’s chief executive to workers, according to the Reuters news agency.

Tá an plean leagtha amach i meamram a chuir príomhfheidhmeannach Alphabet chuig na hoibrithe, de réir áisíneacht nuachta Reuters.

Jobs in the recruitment, corporate, engineering and product departments are involved.

Poist sna rannóga earcaíochta, corparáide, innealtóireachta agus táirgí atá i gceist.

5,000 people are employed by Google in Ireland but it is not yet known how the news will affect them.

Tá 5,000 duine fostaithe ag Google in Éirinn ach ní fios fós cén chaoi a rachaidh an scéala i gcion orthusan.

A spokesperson for Google in Ireland told RTÉ that they had nothing to say beyond what had been revealed by chief executive Sundar Pichai.

Dúirt urlabhraí Google in Éirinn le RTÉ nach raibh dada le rá acu thar an méid a bhí tugtha le fios ag an bpríomhfheidhmeannach Sundar Pichai.

In his memo, the chief executive claimed that he was optimistic about the company’s future thanks to the investment they made in Artificial Intelligence at the very beginning of its development, among other things.

Ina mheamram, mhaígh an príomhfheidhmeannach go raibh sé dóchasach faoina bhfuil i ndán don chomhlacht a bhuíochas sin don infheistíocht a rinne siad in Intleacht Shaorga i bhfíorthús a forbartha, i measc rudaí eile.

The tech sector in the United States is in recession and the largest companies have been laying off workers for several months.

Tá an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus tá oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí is mó le roinnt míonna.

Yesterday, Microsoft announced that 10,000 employees in the company would lose their jobs by the end of the year due to redundancy.

Arú inné, d’fhógair Microsoft go gcaillfeadh 10,000 fostaí sa chomhlacht a gcuid post faoi dheireadh na bliana de bharr iomarcaíochta.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2jm29ee6

Contact: irishlingos@gmail.com

Microsoft to let 10,000 employees walk by 2023.

Microsoft le 10,000 fostaí a ligean chun siúil faoi earr 2023.

The computer giant Microsoft plans to let 10,000 employees walk in different locations around the world by the end of this year.

Tá sé beartaithe ag an ollchomhlacht ríomhaireachta Microsoft 10,000 fostaí a ligean chun siúil in ionaid éagsúla ar fud an domhain faoi dheireadh na bliana seo.

It is included in almost 5% of all employees of the company.

Áirítear gurb in beagnach 5 faoin gcéad d’fhostaithe uile an chomhlachta.

It appears that workers in the human resources and engineering departments will be among them.

Dealraítear go mbeidh oibrithe sna rannóga acmhainní daonna agus innealtóireachta ina measc.

Microsoft employs over 3,500 people in Ireland – between operations, sales, engineering and product development – but it is not yet known if any of them will suffer.

Tá barr ar 3,500 duine fostaithe ag Microsoft in Éirinn – idir na rannga oibríochtaí, díolachán, innealtóireachta agus forbartha táirgí – ach ní fios fós an mbeidh aon duine acu thíos leis.

The tech sector in the United States is in recession and the largest companies have been laying off workers for several months.

Tá an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus tá oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí is mó le roinnt míonna.

Amazon indicated at the beginning of this month that 18,000 workers in the company would lose their jobs due to redundancy and last November Meta announced that 11,000 workers would be let go, including 390 people in Ireland.

Thug Amazon le fios i dtús na míosa seo go gcaillfeadh 18,000 oibrí sa chomhlacht a gcuid post de bharr iomarcaíochta agus i mí na Samhna seo caite d’fhógair Meta go ligfí 11,000 oibirí chun siúil, 390 duine in Éirinn ina measc.

The story relates to the overgrowth that is said to have occurred over several years in the international technology sector.

Baineann an scéal leis an rófhás a deirtear a tháinig le roinnt blianta ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta.

Tánaiste Micheál Martin said that the Government was “keeping a close eye on the technology sector” in this country but he believes that employment in that sector is “very strong” at the moment.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go raibh an Rialtas “ag coinneáil súil ghéar ar an earnáil teicneolaíochta” sa tír seo ach dar leis go bhfuil cúrsaí fostaíochta san earnáil sin “an-láidir” faoi láthair.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2lh36d2o

Contact: irishlingos@gmail.com

Argos to close their stores, 580 workers to be let go.

Argos lena gcuid siopaí a dhúnadh, 580 oibrí le ligean chun siúil.

Retail company Argos is to close all its stores in the State at the end of June and let the 580 people who work for them go.

Tá an comhlacht miondíola Argos lena gcuid siopaí ar fad sa Stát a dhúnadh i ndeiridh an Mheithimh agus na 580 duine atá ag obair dóibh a ligean chun siúil.

In a statement, the company said that it would not be wise to invest more in their operations in the Republic of Ireland and that the money would be better invested in other parts of the business elsewhere.

I ráiteas, dúirt an comhlacht nach mbeadh sé ciallmhar tuilleadh infheistíochta a dhéanamh ina gcuid oibríochtaí i bPoblacht na hÉireann agus gurbh fhearr an t-airgead a infheistiú i gcodanna eile den ghnó in áiteanna eile.

The company promised that a very generous redundancy package would be given to the workers.

Gheall an comhlacht go dtabharfaí pacáiste iomarcaíochta thar a bheith flaithiúil do na hoibrithe.

In that case, it was said, a special redundancy payment “as a goodwill gesture” will be given to the few people who are not entitled to the normal redundancy terms.

Ina cheann sin, a dúradh, tabharfar íocaíocht speisialta iomarcaíochta “mar chomhartha dea-mhéine” don beagán daoine nach bhfuil i dteideal na ngnáth-théarmaí iomarcaíochta.

The 34 Argos stores in various parts of the State will be closed on June 24 and orders will not be accepted after March 22.

Is ar an 24 Meitheamh a dhúnfar an 34 siopa atá ag Argos in áiteanna éagsúla sa Stát agus ní ghlacfar le horduithe tar éis 22 Márta.

The Mandate union said they are disappointed by the news but would do their best to get the best redundancy deal for the workers.

Dúirt an ceardchumann Mandate go bhfuil díomá orthu faoin scéala ach go ndéanfaidís a ndícheall an margadh iomarcaíochta is fearr a fháil do na hoibrithe.

It is understood that there was a drop of 21% on the company’s sales in the State last year and that they lost over €13 million.

Tuigtear go raibh titim de 21 faoin gcéad ar dhíolacháin an chomhlachta sa Stát anuraidh agus gur chaill siad os cionn €13 milliún.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zernmdy

Contact: irishlingos@gmail.com

Review of language plans in the Gaeltacht this year.

Athbhreithniú ar phleananna teanga sa Ghaeltacht i mbliana.

Multimedia Journalist The newly appointed Minister of State for the Gaeltacht Patrick O’Donovan hopes that consultants will be appointed by Easter to conduct an independent review of the implementation of the language plans in the Gaeltacht.

Iriseoir Ilmheán Tá súil ag Aire Stáit nuacheaptha na Gaeltachta Patrick O’Donovan go mbeidh comhairleoirí ceaptha faoi Cháisc le hathbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar fheidhmiú na bpleananna teanga sa Ghaeltacht.

It is understood that the Department of the Gaeltacht hopes that the body appointed by the end of 2023 will have carried out up to ten reviews.

Tuigtear go bhfuil súil ag Roinn na Gaeltachta go mbeidh suas le deich n- athbhreithniú déanta ag an chomhlacht a cheapfar faoi dheireadh 2023.

Language planning officers in the Gaeltacht areas have long sought a review – a measure promised in the Department’s language planning guidelines.

Is fada athbhreithniú á lorg ag oifigigh pleanála teanga sna ceantair Ghaeltachta – beart a ghealltar i dtreoirlínte pleanála teanga na Roinne.

“The Department has done a lot of work on that matter”, said Minister of State O’Donovan in his first major television interview which was broadcast on 7Lá on TG4 in the evening.

“Tá an-chuid oibre déanta ag an Roinn ar an ábhar sin”, a dúirt an tAire Stáit O’Donovan ina chéad mhóragallamh teilifíse a craoladh ar 7Lá ar TG4 tráthnóna.

In addition, Minister of State O’Donovan indicated that draft planning guidelines for housing in the Gaeltacht would be published before Easter.

Ina theannta sin, thug an tAire Stáit O’Donovan le fios go bhfoilseofaí dréacht-treoirlínte pleanála do thithíocht sa Ghaeltacht roimh an Cháisc.

The Minister of State would not give any information about the details of those guidelines but said that “a lot of work has been completed (by) the Department of the Gaeltacht and the Department of Housing” regarding them.

Ní thabharfadh an tAire Stáit aon eolas faoi shonraí na dtreoirlínte sin ach dúirt sé go bhfuil “an- chuid oibre críochnaithe (ag) Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta” ina dtaobh.

At Christmas, his predecessor – Jack Chambers – announced that the Údarás na Gaeltachta board election would be brought back.

I mbéal na Nollag, d’fhógair a réamhtheachtaí – Jack Chambers – go dtabharfaí ar ais toghchán bhord Údarás na Gaeltachta.

Minister of State O’Donovan confirmed on 7Days that the appropriate legislation would be brought before the Dáil “as soon as possible” with the hope of holding the election on the same day as the local authority election and the European election in 2024.

Dhearbhaigh an tAire Stáit O’Donovan ar 7Lá go gcuirfí an reachtaíocht chuí os comhair na Dála “chomh luath agus is féidir” agus súil aige an toghchán a reáchtáil ar an lá céanna le toghchán na n-údarás áitiúil agus toghchán na hEorpa in 2024.

The Department of the Gaeltacht hopes that the Irish, Gaeltacht and Gaelic Speaking Community of the Oireachtas will have received the headings of the bill regarding the election of the Authority’s board this week.

Tá súil ag Roinn na Gaeltachta go mbeidh ceannteidil an bhille maidir le toghchán bhord an Údaráis faighte ag Comhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo.

The Minister of State will soon have a series of meetings with the political parties in this regard, he said.

Beidh sraith cruinnithe ag an Aire Stáit leis na páirtithe polaitíochta go luath ina thaobh, a dúirt sé.

Tomorrow, Thursday, Minister of State O’Donovan will make his first official visit to the Gaeltacht, when he will meet with the Chief Executive of Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin and the Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill in Connemara.

Arú amárach, Déardaoin, a thabharfaidh an tAire Stáit O’Donovan a chéad chuairt oifigiúil ar an Ghaeltacht, tráth a chasfaidh sé le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin agus leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill i gConamara.

Minister of State O’Donovan also informed 7Lá that he would be starting Irish classes tomorrow.

Thug an tAire Stáit O’Donovan le fios do 7Lá chomh maith go mbeadh tús á chur aige le ranganna Gaeilge amárach.

“I’m kind of worried about my confidence…

“Tá sórt imní orm faoi mo mhuinín féin …

speaking the Irish language”, said the Minister who hopes to give courage, he said, to people who have almost lost their Irish language.

ag labhairt na Gaeilge”, arsa an tAire a bhfuil súil aige misneach a thabhairt, a dúirt sé, do dhaoine a bhfuil a gcuid Gaeilge beagnach caillte acu.

Patrick O’Donovan – who is from Newcastle in Co Limerick – was a primary school teacher before he was elected to the Dáil.

Múinteoir bunscoile ab ea Patrick O’Donovan – arb as an Chaisleán Nua i gCo Luimnigh dó – sular toghadh chun na Dála é.

He pointed out that he was “turned upside down” when the Taoiseach appointed him as Minister of State for the Gaeltacht.

Thug sé le fios gur tháinig sé “aniar aduaidh” air nuair a cheap an Taoiseach é mar Aire Stáit na Gaeltachta.

Although it was said in the autumn that there would be a review of the Summer Colleges sector, the Minister would not give a hint about it in the afternoon interview, but he said that he understood the importance of the sector for the Gaeltacht.

Cé go ndúradh san fhómhar go mbeadh athbhreithniú á dhéanamh ar earnáil na gColáistí Samhraidh, ní thabharfadh an tAire leid ina leith san agallamh tráthnóna, ach dúirt sé gur thuig sé tábhacht na hearnála don Ghaeltacht.

“I want to meet the families, parents and people who are involved in that system… from now on, I will be going to every Gaeltacht area when I have the chance”, he said.

“Ba mhaith liom bualadh leis na teaghlaigh, tuismitheoirí agus daoine atá páirteach sa chóras sin … as seo amach, beidh mé ag dul go dtí gach ceantar Gaeltachta nuair atá seans agam”, a dúirt sé.

The amount of pressure on the Irish language from the English language is the biggest challenge facing the Gaeltacht, according to Donnabhánach.

An méid brú ar an Ghaeilge ón Bhéarla an dúshlán is mó atá roimh an Ghaeltacht, dar leis an Donnabhánach.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2e694f6x

Contact: irishlingos@gmail.com

Danger on the roads and great cold promised.

Contúirt ar na bóithre agus fuacht mór geallta.

The Weather Office has issued a Status Yellow warning that it will freeze across the country from 4 o’clock in the evening until midday tomorrow.

Tá fainic Stádas Buí eisithe ag Oifig na hAimsire go siocfaidh sé ar fud na tíre ón 4 a’ chlog tráthnóna go meánlae amárach.

Met Éireann has published a warning that there will be a danger of ice on roads and footpaths.

Tá foláireamh foilsithe ag Met Éireann go mbeidh contúirt oighir ar bhóithre agus ar chosáin.

-5C is promised in places overnight and hard frost as well as fog is promised.

Tá -5C geallta in áiteacha thar oíche agus sioc crua chomh maith le ceo geallta.

It will snow and sleet in the north, north-west and south-west says Met.ie.

Caithfidh sé sneachta agus flichshneachta ó thuaidh, san iarthuaisceart agus san iardheisceart a deir Met.ie.

The snow will fall heavily they say on high ground.

Titfidh an sneachta go trom a deir siad ar thalamh ard.

Roads in Tírconaill were icy in the morning with frost and snow overnight.

Bhí bóithre i dTír Chonaill ina reothalach ar maidin théis sioc agus sneachta thar oíche.

Cars were stuck on the road between Glensouly and Glenfinn in the center of County Donegal.

Sáinníodh carranna ar an mbóthar idir Gleann tSúilí agus Gleann Fhinne i lár Chondae Dhún na nGall.

Since the morning many routes behind the sun were still slippery.

Ó mhaidin bhí bealaí go leor ar chúl na gréine fós sleamhain.

The Road Safety Authority is advising drivers to brace themselves for the cold weather that is expected for the rest of the week.

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht Bóithre ag cur comhairle ar thiománaithe a bheith faoi réir don fhuacht atá geallta an chuid eile den tseachtain.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hrsnmlc

Contact: irishlingos@gmail.com

Two rescued from sinking fishing boat.

Beirt tugtha slán ó bhád iascaigh a báthadh.

Two fishermen were rescued from a boat that sank off the Toraya coast early this morning.

Tarrtháladh beirt iascairí ó bhád a chuaigh go tóin poill amach ó chósta Thoraigh moch ar maidin.

Kinmálana Coast Guard told Nuacht an Tuaiscirt on Raidió na Gaeltachta that the Coast Guard vessel, Aráinn Móir lifeboat and Bunbig Coast Guard were notified at around 6 o’clock in the morning when it became clear that the vessel was get to the bottom.

Dúirt Garda Cósta Chionn Mhálanna le Nuacht an Tuaiscirt ar Raidió na Gaeltachta gur cuireadh fios ar ingearán an Gharda Cósta, ar bhád tarrthála Aráinn Mhóir agus ar Gharda Cósta an Bhun Bhig i dtrátha an 6 a chlog ar maidin nuair ba léir go raibh an soithíoch ag gabháil go grinneall.

Two were on board.

Beirt a bhí ar bord.

Neither was injured.

Níor gortaíodh ceachtar acu.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gm9bca6

Contact: irishlingos@gmail.com

North Passport Office re-claiming.

Oifig Pasanna ó thuaidh á éileamh an athuair.

Demands are being made again to open a passport office in Northern Ireland due to the large number of people from the north who want to get an Irish passport.

Tá éilimh á ndéanamh arís oifig pasanna a oscailt i dTuaisceart Éireann mar gheall ar an líon mór daoine ó thuaidh atá ag iarraidh pas de chuid na hÉireann a fháil.

The Passport Office in Dublin is not sending passports by post to the North at the moment due to the industrial action taken by Royal Mail last month which is delaying the post.

Níl Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath ag seoladh pasanna ar an bposta go dtí an Tuaisceart faoi láthair mar gheall ar an ngníomh tionsclaíoch a ghlac Royal Mail an mhí seo caite atá ag cur moill ar an bposta.

The demand for Irish passport applications from England and the Six Counties has risen significantly in recent years.

Tá an t- éileamh ar iarratais ar phas na hÉireann as Sasana agus as na Sé Chondae ardaithe go suntasach le bliantaí beaga anuas.

Last year over 100,000 applications were made, a record number, more than double the number before Brexit.

Anuraidh déanadh os cionn 100,000 iarratas, an líon is mó riamh, níos mó ná dhá oiread an líon roimh Brexit.

But for a month now the Passport Office in Dublin has not been sending any new passports or any related documents to Northern Ireland or Great Britain.

Ach le mí anois níl Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath ag seoladh aon phas úr ná aon cháipéis a bhaineann leis go Tuaisceart Éireann ná go dtí an Bhreatain Mhór.

They say this is due to the industrial action taking place in the Royal Mail.

Deir siad gur de bharr an ghníomh tionsclaíoch atá ar bun san Royal Mail é sin.

Royal Mail workers went on strike for 10 days before Christmas.

Chaith lucht oibre an Royal Mail 10 lá ar stailc roimh an Nollaig.

The SDLP and Sinn Féin have long been asking the Government in Dublin to open a passport office in the North.

Is fada an SDLP agus Sinn Féin ag iarraidh ar an Rialtas i mBaile Átha Cliath oifig pasanna a oscailt sa Tuaisceart.

In a statement from the Department of Foreign Affairs, it is said that they are constantly reviewing the situation and in contact with Royal Mail and the Post Office regarding the delay that still exists in the mail from the north.

I ráiteas ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, deirtear go bhfuil siad go síor ag déanamh athbhreithniú ar an scéal agus i dteagmháil le Royal Mail agus an Post maidir leis an moill atá go fóill ar an bposta ó thuaidh.

In case of urgency they say that a passport can be collected from the office in Dublin or arrangements can be made to post it to an address in the Republic.

I gcás práinne deir siad gur féidir pas a bhailiú ón oifig i mBaile Átha Cliath nó socraithe a dhéanamh é a chur ar an bposta chuig seoladh sa bPoblacht.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2pc3qnq3

Contact: irishlingos@gmail.com

Covid-19: “Kraken will soon be the most common type”.

covid 19: “is gearr go mbeidh Kraken ar an gcineál is coitianta”.

A new variant of Covid-19 that has emerged recently and is highly contagious is likely to become the most common strain in Ireland soon, according to Professor of Experimental Immunology Kingston Mills.

Is dóichí go mbeidh athraitheach nua ar covid 19 atá tagtha chun cinn le deireanas agus atá fíorthógálach, go mbeidh sé ar an tréithchineál is coitianta in Éirinn gan mhoill, dar leis an Ollamh le hImdhíoneolaíocht Thurgnamhach Kingston Mills.

The new strain is a sub-variant of the Omicron variant, christened XBB.1.5 – or Kraken in informal parlance.

Is fo-athraitheach ar an athraitheach Oimicrón é an tréithchineál nua, a bhfuil XBB.1.5 – nó Kraken i gcaint neamhfhoirmiúil – baiste air.

Speaking on RTÉ, Professor Mills pointed out, however, that Kraken is very different to Omicron.

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an tOllamh Mills le fios, áfach, go bhfuil Kraken an-éagsúil le hOimicrón.

The truth of the matter, he said, is that people who have taken Omicron before, are not immune – or completely immune – to the new strain.

Is é fírinne an scéil, arsa sé, nach bhfuil daoine a tholg Oimicrón roimhe seo, nach bhfuil siad imdhíonta – nó iomlán imdhíonta – ar an tréithchineál nua.

After that, he said, the bivalent vaccines that exist now are very effective and he advised everyone who has not yet received the vaccine to get it now.

Ina dhiaidh sin, a dúirt sé, tá na vacsaíní défhiúsacha atá ann anois an-éifeachtach agus mhol sé do gach duine nach bhfuair an vacsaín fós é a fháil anois.

Only five cases of the new strain have been recorded in Ireland so far.

Níor taifeadadh in Éirinn go dtí seo ach cúig chás den tréithchineál nua.

According to the latest figures, there are 573 patients with Covid-19 in hospitals across the country and 35 of them are in intensive care.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá 573 othar le covid 19 in ospidéil ar fud na tíre agus tá 35 díobh faoi dhianchúram.

Last week, the Director of the National Reference Service for Viruses Cillian de Gascún said that the behavior of people above all is the cause of the spread of the virus.

An tseachtain seo caite, dúirt Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris Cillian de Gascún gurb é iompar daoine thar aon ní eile faoi deara scaipeadh an víris.

Yesterday, Dr Marie Casey from the West Central Division of the Department of Health asked people to return to habits they are used to since the time of the pandemic and stay at home if they are sick, use hand sanitizer and wear masks.

Inné, d’iarr an Dr Marie Casey ó Rannóg Iarthar Láir na Roinne Sláinte ar dhaoine filleadh ar nósanna a bhfuil siad cleachta leo ó aimsir na paindéime agus fanacht sa bhaile má tá siad tinn, leas a bhaint as díghalrán lámh agus maisc a chaitheamh.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2nf7s3td

Contact: irishlingos@gmail.com

Wind forecast: great weather promised tomorrow.

Fógra gaoithe: aimsir mhór geallta amárach.

Met Éireann has warned that there may be power cuts and travel disruptions due to the high winds that are expected in parts of the country tomorrow.

Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann go mb’fhéidir go ngearrfaí an chumhacht agus go gcuirfí as do chúrsaí taisitil mar gheall ar an ngaoth mhór atá geallta in áiteanna sa tír amárach.

The wind warning issued by the meteorologists has a yellow status and will apply, they say, between 5 o’clock tomorrow morning and 2 o’clock Friday morning.

Stádas buí atá ag an bhfógra gaoithe atá eisithe ag na meitéareolaithe agus beidh feidhm leis, a deir siad, idir 5 a chlog ar maidin amárach agus 2 a chlog ar maidin Dé hAoine.

The wind will come from the west and it will be strongest in the west of the country at the beginning of the day.

Ón aird aniar a thiocfas an ghaoth agus is in iarthar na tíre is láidre a bheas sí i dtús an lae.

It will be a showery day in the west, especially along the coast in the north- west.

Déanfaidh sé lá scuabach san iarthar, go háirithe cois cósta san iarthuaisceart.

Tomorrow evening the wind will be strongest in the east.

Tráthnóna amárach is láidre a bheas an ghaoth san oirthear.

It is said that there was never a rain without a shower and a whole other announcement has been issued for Munster this evening.

Deirtear nach raibh fearthainn riamh gan a fras agus tá fógra eile ar fad eisithe i gcomhair Chúige Mumhan tráthnóna.

It is a yellow warning of rain and wind that will apply between 6 o’clock in the evening and midnight.

Fógra buí báistí agus gaoithe atá ann a mbeidh feidhm leis idir 6 a chlog tráthnóna agus an meán oíche.

There will be heavy rain and a speed of up to 110 kilometers per hour could be under some of the sheets.

Beidh báisteach throm ann agus d’fhéadfadh luas suas le 110 ciliméadar san uair a bheith faoi chuid de na siotaí.

There might be flooding in places as well.

B’fhéidir go mbeadh tuilte in áiteanna chomh maith.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2nn39eom

Contact: irishlingos@gmail.com

Government to look at buying flats before they are built.

Rialtas le breathnú ar árasáin a cheannach sula dtógfaí iad.

Taoiseach Leo Varadkar and Housing Minister Darragh O’Brien hosted a conference on the housing crisis which took place in Government Houses today.

Bhí an Taoiseach Leo Varadkar agus an tAire Tithíochta Darragh O’Brien ina n- óstaigh ar chomhdháil maidir leis an ngéarchéim tithíochta a bhí ar siúl i dTithe an Rialtais inniu.

Different dreamers who have a voice on the issue participated in the conference – such as builders, developers, academics and organizations that help the homeless.

Dreamanna éagsúla a bhfuil guthaíocht acu ar an gceist a bhí rannpháirteach sa chomhdháil – leithéidí tógálaithe, forbróirí, acadóirí agus eagraíochtaí a chuidíonn le daoine gan dídean.

The main topic of the conference was the Government’s housing strategy and above all, it was said, new ways to speed up its implementation were discussed.

Ba é straitéis tithíochta an Rialtais príomhábhar na comhdhála agus thar aon rud eile, a dúradh, pléadh bealaí nua le dlús a chur lena chur i bhfeidhm.

Developers have received planning permission to build 70,000 apartments in various towns and cities in the country, and after the conference the Taoiseach said that the Government would remember to buy thousands of them (according to the architects’ drawings) in the hope that they would be taken without delay.

Tá cead pleanála faighte ag forbróirí le 70,000 árasán a thógáil i mbailte agus i gcathracha éagsúla sa tír, agus i ndiaidh na comhdhála dúirt an Taoiseach go gcuimhneodh an Rialtas ar na mílte acu a cheannach (de réir líníochtaí na n-ailtirí) le súil go dtógfaí iad gan aon mhoill.

Sinn Féin’s housing spokesperson Eoin Ó Broin, however, claimed that the conference was proof of the ineffectiveness of the Government’s housing strategy.

Mhaígh urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin, áfach, gur cruthú ar mhí-éifeacht straitéis tithíochta an Rialtais a bhí sa chomhdháil.

He said rent, house prices and the number of homeless people have never been as high as they are now.

Dúirt sé nach raibh cíos, praghsanna tithe ná an líon daoine atá gan dídean chomh hard riamh agus atá faoi láthair.

According to the latest figures, 11,500 people are homeless, a record number.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá 11,500 duine gan dídean, an líon is mó riamh.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2n84xp5l

Contact: irishlingos@gmail.com

Crisis in hospitals alleviated “thanks to the staff”.

Géarchéim in ospidéil maolaithe “a bhuí leis an bhfoireann”.

The co-leader of the Social Democrats Róisín Shortall said that it is a shame that weeks ago all the resources of the health system were used to tackle the crisis in the country’s hospital emergency departments.

Dúirt comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Róisín Shortall gur mór an náire nár baineadh leas seachtainí ó shin as acmhainní uile an chórais sláinte le dul i ngleic leis an ngéarchéim i ranna éigeandála ospidéil na tíre.

The crisis is said to have eased considerably over the weekend after hospitals discharged hundreds of patients and many of those on trolleys were placed in beds in wards.

Deirtear gur mhaolaigh an ghéarchéim go mór i gcaitheamh an deireadh seachtaine tar éis do na hospidéil na céadta othar a scaoileadh amach agus go leor den dream a bhí ar thralaithe a chur i leapacha i mbardaí.

Over 400 patients were discharged from hospitals last Saturday compared to 278 the previous Saturday, which is a 44% reduction.

Barr ar 400 othar a scaoileadh amach as ospidéil Dé Sathairn seo caite i gcomórtas le 278 an Satharn roimhe sin, ar dífear 44 faoin gcéad é.

The Health Service Executive says that it was thanks to the large number of staff who worked extra shifts that it was possible to discharge so many patients from the hospitals.

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur a bhuí leis an líon mór ball foirne a rinne sealanna breise oibre a bhíothas in ann an oiread sin othar a scaoileadh amach as na hospidéil.

In fact, Health Minister Stephen Donnelly thanked the staff for the extra work they did for the benefit of the patients.

Go deimhin, ghabh an tAire Sláinte Stephen Donnelly buíochas leis an bhfoireann as an obair bhreise a rinne siad ar son leas na n-othar.

It is understood that some of the patients who were discharged from the hospitals were sent to private hospitals; that others were placed in step-down recovery beds; and that the rest were discharged home, where they are being provided with the care services they need.

Tuigtear gur cuireadh cuid de na hothair a scaoileadh amach as na hospidéil, gur cuireadh iad in ospidéil phríobháideacha; gur cuireadh cuid eile acu i leapacha téarnaimh céim síos; agus gur scaoileadh an chuid eile abhaile, mar a bhfuil na seirbhísí cúraim a theastaíonn uathu á gcur ar fáil dóibh.

It is a shame, however, according to Róisín Shortall, that this gum was not planted weeks ago.

Is údar náire é mar sin féin, dar le Róisín Shortall, nár cuireadh an gúm seo i gcion seachtainí ó shin.

She suggested that the cause of the ineffectiveness is a disagreement between the Health Service Function and the Department of Health about who is responsible for resolving the issue.

Thug sí le tuiscint gur easaontas idir Fheidhmeanacht na Seirbhíse Sláinte agus an Roinn Sláinte faoi cé acu atá freagrach as an gceist a réiteach is cúis leis an mí-éifeacht.

Ultimately, however, she claimed, the Minister of Health is responsible for it.

Ar deireadh, áfach, a mhaígh sí, is é an tAire Sláinte atá freagrach as.

Speaking on RTÉ, Róisín Shortall said that everyone is putting the bag from their own home and that an integrated approach can be implemented.

Ag labhairt di ar RTÉ, duirt Róisín Shortall go mbíonn gach dream ag cur an phúca ón dteach féin agus gur mithid cur chuige comhtháite a chur i bhfeidhm.

Without that, she says, the crisis in the country’s hospitals is a vicious circle without stopping.

Dá uireasa sin, ar sí, is fáinne fí gan stad a bheas sa ghéarchéim in ospidéil na tíre.

A scheme is being launched today whereby some people who are struck ill in Co Clare will be taken to the local hospital in Ennis rather than to Limerick University Hospital, where there is huge pressure.

Tá tús á chur inniu le scéim faoina dtabharfar roinnt daoine a bhuailtear tinn i gCo an Chláir chuig an ospidéal áitiúil in Inis seachas chuig Ospidéal Ollscoile Luimnigh, áit a bhfuil brú ollmhór.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2n4959u6

Contact: irishlingos@gmail.com

Pope Emeritus Benedict XVI buried in Peter’s Basilica.

An Pápa Emeritus Beinidict XVI curtha i mBaisleac Pheadair.

The Pope Emeritus Benedict XVI was buried among the Popes in St. Peter’s Basilica in the Vatican today.

Cuireadh an Pápa Emeritus Beinidict XVI i measc Ulacha na bPápaí i mBaisleac Pheadair sa Vatacáin inniu.

Thousands of people who came from all over the world were present at the Holy Mass of Pope Benedict – Joseph Ratzinger, as he was baptized – in Peter’s Square this morning.

Bhí na mílte duine a tháinig as gach cearn den domhan i láthair ag Aifreann Éagnairce an Phápa Beinidict – Joseph Ratzinger, mar a baisteadh é – i gCearnóg Pheadair ar maidin.

His successor Pope Francis II read the Mass with Benedict’s bare cypress coffin in front of him.

Is é a chomharba an Pápa Proinsias II a léigh an tAifreann agus cónra lom cufróige Bheinidict os a chomhair amach.

In his address, Pope Francis said that Benedict was a faithful friend of Christ “who has given us wisdom, praise and charity throughout the years”.

Ina aitheasc, dúirt an Pápa Proinsias gur cara dílis Chríost a bhí i mBeinidict “a bhronn gaois, búíocht agus caoindúthracht orainn i gcaitheamh na mblianta”.

“May you hear His Voice (Christ) now and forever!” which Francis prayed to his predecessor.

“Go gcloise tú A Ghlór (Críost) anois agus go deo!” a ghuigh Proinsias ar a réamhtheachtaí.

“Father, I commit my spirit to your hand”, said Francis on behalf of Benedict and the last words of Jesus on the gallows according to Luke as his quote.

“A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh”, arsa Proinsias thar ceann Bheinidict agus rá deiridh Íosa ar an gCroich de réir Lúcáis mar athfhriotal aige.

124 cardinals, 200 bishops and 3,700 priests were also involved in the ceremony.

Bhí 124 cairdinéal, 200 easpag agus 3,700 sagart páirteach sa searmanas chomh maith.

Mary Maguire from Letterkenny, Co Donegal, read the Second Lecture at Aifreann Éagnairce.

Is í Mary Maguire as Leitir Ceanainn, Co Dún na nGall, a léigh an Dara Léacht ag Aifreann Éagnairce.

After the Mass, the coffin was brought into the Basilica, where a zinc case was placed over it before it was placed in yet another coffin.

Tar éis an Aifrinn, tugadh an chónra isteach sa Bhaisleac, mar ar cuireadh cás since uirthi sular cuireadh i gcónra eile fós í.

It was not just a solemn occasion, however.

Ní ócáid shollúnta amháin a bhí ann, áfach.

Tight security was in place around the Vatican and over 1,000 police officers were on duty there during the Mass.

Bhí dianslándáil i bhfeidhm thart ar an Vatacáin agus bhí barr ar 1,000 póilín ar dualgas san áit le linn an Aifrinn.

Pope Emeritus Benedict died last Saturday in the monastery of Mater Ecclesiae in the Vatican, where he had lived for ten years.

Bhásaigh an Pápa Emeritus Beinidict Dé Sathairn seo caite i mainistir Mater Ecclesiae sa Vatacáin, áit a raibh cónaí air le deich mbliana.

He was 95 years old.

Bhí sé 95 bliain d’aois.

He was Pope between 2005 and 2013, when he unexpectedly resigned due to health reasons.

Bhí sé ina Phápa idir 2005 agus 2013, tráth a d’éirigh sé as gan choinne ar chúinsí sláinte.

Pope Francis himself is not in the best of health and was brought before the crowd at Mass today in a wheelchair.

Níl an Pápa Proinsias é féin i mbarr a shláinte agus tugadh os comhair an tslua ag an Aifreann inniu é i gcathaoir rothaí.

He kept himself upright for a while with a crutch.

Choinnigh sé é féin ina sheasamh ar feadh scaithimh le maide croise.

Proinsisas hinted last summer that he might resign if he was not able to fulfill his duties in the future.

Thug Proinsisas le tuiscint an samhradh seo caite go mb’fhéidir go n-éireodh sé féin as mura mbeadh sé in araíocht a chuid dualgas a chomhall feasta.

Pope Benedict’s Anarchy Mass in the Vatican

Aifreann Éagnairce an Phápa Beinidict sa Vatacáin

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2z6srlqo

Contact: irishlingos@gmail.com

Concerns about sweets containing cannabis-like substances.

Imní faoi mhilseáin a bhfuil ábhar cosúil le cannabas iontu.

The Health Service Executive and the Gardai have issued a notice in relation to sweets which are thought to contain a substance similar to cannabis.

Tá fógra eisithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na Gardaí maidir le milseáin a gceaptar go bhfuil ábhar cosúil le cannabas iontu.

The sweets in question are jellies in packets.

Glóthóga i bpaicéid na milseáin atá i gceist.

The Health Service Executive says the sweets contain synthetic cannabinoids and some people in Tipperary had to be hospitalized last month after eating them.

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil cannaibionóidigh shintéiseacha sna milseáin agus go mb’éigean roinnt daoine i dTiobraid Árann a chur in ospidéal an mhí seo caite tar éis dóibh iad a ithe.

Synthetic cannabinoids are man-made chemicals that mimic tetrahydrocannabinol (THC), the main psychoactive ingredient in cannabis.

Ceimiceáin shaorga is ea cannaibionóidigh shintéiseacha a dhéanann aithris ar theitrihidreacannaibionól (THC), an príomhábhar sícighníomhach atá i gcannabas.

In fact, synthetic cannabinoids can be stronger than THC.

Go deimhin, is féidir le cannaibionóidigh shintéiseacha a bheith níos láidre ná THC.

Gardaí say they recently found a large quantity of the gels in Clonmel, Co Tipperary.

Deir na Gardaí go bhfuair siad lear mór de na glóthóga i gCluain Meala, Co Thiobraid Árann, le gairid.

The Executive is concerned that other products containing these strong cannabinoids are also on sale in Ireland, such as vaping oil and herbal material, for example.

Tá imní ar an bhFeidhmeannacht go bhfuil táirgí eile a bhfuil na cannaibionóidigh láidre seo iontu ar díol in Éirinn chomh maith, leithéidí ola vápála agus ábhar luibhe, cuir i gcás.

Nausea, vomiting, confusion, shortness of breath, chest pain, hallucinations, psychotic attacks, urge to attack, loss of consciousness and so on are some of the effects of ingesting synthetic cannabinoids.

Masmas, fonn urlacain, mearbhall, gearranáil, pian sa chliabhrach, speabhraídí, taomanna síocóise, fonn ionsaithe, cailliúint comhfheasa agus mar sin díobh cuid de na hiarmhairtí a bhaineann le cannaibionóidigh shintéiseacha a ionghabháil.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2ovgxy4a

Contact: irishlingos@gmail.com

Nurses union to discuss industrial action.

Ceardchumann altraí le gníomhaíocht thionsclaíoch a phlé.

The Irish Nurses and Aides Association is to allow its members to take industrial action in light of the health crisis in the country’s hospitals.

Tá Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann leis na baill a cheadú faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch i bhfianaise na géarchéime sláinte in ospidéil na tíre.

The union will hold information and consultation meetings with the members from now on for the next month to investigate the situation.

Reáchtáilfidh an ceardchumann cruinnithe eolais agus comhairlithe leis na baill as seo go ceann míosa chun an scéal a chíoradh.

The union says this week has been the worst week ever in terms of hospital overcrowding.

Deir an ceardchumann go raibh an tseachtain seo ar an tseachtain ba mheasa riamh i dtaca le róphlódú sna hospidéil de.

It is necessary, say the nurses, to introduce new legislation and also establish other structures to ensure that the appropriate number of staff will be on duty in the hospitals and that the staff will have the appropriate mix of skills, especially in times of emergency.

Ní mór, a deir na haltraí, reachtaíocht nua a thabhairt isteach agus struchtúir eile a bhunú freisin lena chinntiú go mbeidh an líon cuí foirne ar dualgas sna hospidéil agus go mbeidh an meascán cuí scileanna ag an bhfoireann, go háirithe in am na héigeandála.

General Secretary of the Irish Nurses and Midwives Association Phil Ní Sheaghdha claimed that – without any hesitation – the number of falls in hospitals this week could have been avoided.

Mhaígh Ard-Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann Phil Ní Sheaghdha go bhféadfaí – gan agó ar bith – ar thit amach sna hospidéil an tseachtain seo a sheachaint.

Nurses have been warning for a long time that it would be a disaster in hospitals this month if action was not taken, she said.

Tá foláireamh á thabhairt ag altraí le fada fada an lá go mbeadh sé ina chíor thuathail sna hospidéil an mhí seo mura ndéanfaí beart, arsa sí.

Her colleague, Nurses Association President Karen McGowan, said it was impossible to safely care for patients in overcrowded hospitals, especially with widespread respiratory disease at present.

Dúirt a comhghleacaí, Uachtarán Chumann na nAltraí Karen McGowan, dúirt sí go raibh sé dodhéanta cúram a dhéanamh go sábháilte d’othair in ospidéil atá plódaithe, go háirithe agus galair riospráide fairsing mar atá faoi láthair.

She claimed that nurses and midwives are deeply disturbed by what they have seen in hospitals every day this week.

Mhaígh sí go bhfuil altraí agus mná cabhrach suaite go mór de bharr a bhfaca siad sna hospidéil gach uile lá an tseachtain seo.

Their anxiety, however, is not visible in the shadow of the patients’ anxiety, said Karen McGowan, and she drew attention to the delay caused by the rush of work and the chaos in the hospitals on the healing of patients.

Ní léir a n-anrósan, áfach, ar scáth anró na n-othar, arsa Karen McGowan, agus tharraing sí aird ar an moill a chuireann an bhroid oibre agus an t-anord sna hospidéil ar chneasú othar.

RTÉ News and Current Affairs

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2erodcj9

Contact: irishlingos@gmail.com

“Seven accused” of the attack in which Sean Rooney was killed.

“Seachtar cúisithe” faoin ionsaí inar maraíodh Seán Rooney.

It is reported that the authorities in Lebanon have charged seven people with being involved in the attack in that country last month which killed Irish soldier Seán Rooney.

Tuairiscítear go bhfuil seachtar cúisithe ag na húdaráis sa Liobáin faoi pháirt a bheith acu san ionsaí sa tír sin an mhí seo caite ar maraíodh saighdiúir Éireannach Seán Rooney dá bharr.

Private Soldier Rooney, who was 23 years old, was killed when the armored vehicle he was driving was fired upon near the village of Al-Aqbiya in southern Lebanon on 14 December.

Maraíodh an Saighdiúir Singil Rooney, a bhí 23 bliain d’aois, nuair a rinneadh ionsaí lámhaigh ar an bhfeithicil armúrtha a bhí sé a thiomáint gar do shráidbhaile Al-Aqbiya i ndeisceart na Liobáine ar an 14 Nollaig.

The village is in an area under the control of the armed party Hezbollah.

Tá an sráidbhaile i gceantar atá faoi smacht an pháirtí armtha Hezbollah.

Three other soldiers were injured and one of them – Private Shane Kearney – remains seriously ill.

Gortaíodh triúr saighdiúirí eile agus tá duine acu – an Saighdiúir Singil Shane Kearney – fós go dona tinn.

The soldiers were on peacekeeping duty with the United Nations Interim Force in Lebanon and were on their way to the capital Beirut when they were attacked.

Bhí na saighdiúirí ar dualgas síochána le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin agus bhí siad ar a mbealach go dtí an phríomhchathair Béiriút nuair a hionsaíodh iad.

Of the seven accused, only one is understood to be in custody after Hezbollah handed him over to the Lebanese Army last month.

As an seachtar atá cúisithe, tuigtear nach bhfuil ach duine amháin acu faoi choinneáil tar éis do Hezbollah é a thabhairt ar láimh d’Arm na Liobáine an mhí seo caite.

It is reported that that person is accused of throwing a machine gun at the soldiers.

Tuairiscítear go bhfuil an té sin cúisithe sna saighdiúirí a chaitheamh le meaisínghunna.

The other six – who were called “fugitives” – are accused of “making threats with an illegal weapon, destroying an armored vehicle belonging to the United Nations and intimidating the people in the vehicle”.

Tá an seisear eile – ar tugadh “éalaithigh” orthu – tá siadsan cúisithe “i mbagairtí a dhéanamh le harm mídhleathach, i bhfeithicil armúrtha leis na Náisiúin Aontaithe a scrios agus sna daoine a bhí san fheithicil a imeaglú”.

Hezbollah is said to be ashamed of the attack and is cooperating with the investigation by the Lebanese intelligence services.

Deirtear go bhfuil náire ar Hezbollah faoin ionsaí agus bhfuil siad ag comhoibriú leis an bhfiosrúchán atá ar bun ag seirbhísí faisnéise na Liobáine.

Sean Rooney was from Newtown, Co Donegal.

B’as an mBaile Nua, Co Dhún na nGall, Seán Rooney.

He was an Irish Cadet from 2019 and belonged to the 27th Infantry Battalion based in Dún MacAugáin in Dúndalgan, Co Louth.

Bhí sé ina Óglach Éireann ó 2019 agus bhain sé leis an 27ú Cathlán Coisithe atá bunaithe i nDún Mhic Aogáin i nDún Dealgan, Co Lú.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2kohlgpr

Contact: irishlingos@gmail.com

Consultant doctors unhappy with the Health Minister’s proposal.

Dochtúirí comhairleacha míshásta le moladh an Aire Sláinte.

The lack of beds in hospitals and the shortage of consultant doctors is the cause of the current crisis in the health system, according to Professor Matthew Sadlier from the Irish Doctors’ Union.

An easpa leapacha in ospidéil agus an gannntanas dochtúirí comhairleacha is siocair leis an ngéarchéim atá sa chóras sláinte faoi láthair, dar leis an Ollamh Matthew Sadlier ó Cheardchumann Dochtúirí na hÉireann.

He said that the crisis is a vicious circle and claimed that the lack of capital investment in the health system is actually the cause of the evil.

Dúirt sé gur fáinne fí atá sa ghéarchéim agus mhaígh gurb é an easpa infheistíochta caipitiúla sa chóras sláinte is cionsiocair i ndáiríre leis an olc.

Professor Sadlier was responding to Health Minister Stephen Donnelly who said yesterday that the Health Service Executive would be asking consultant doctors to work at weekends to alleviate overcrowding in hospital emergency units.

Ag tabhairt freagra a bhí an tOllamh Sadlier ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly a dúirt inné go mbeadh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag iarraidh ar dhochtúirí comhairleacha dul ag obair ar an deireadh seachtaine chun an róphlódú in aonaid éigeandála na n-ospidéal a mhaolú.

Stephen Donnelly pointed out that the situation could worsen if such measures were not implemented soon.

Thug Stephen Donnelly le fios go bhféadfadh an scéal dul in olcas mura gcuirfí bearta den sórt sin i bhfeidhm gan mhoill.

However, Professor Sadlier claimed that consultant doctors were already putting in extra hours – far more than usual, in fact – and were available all day every day of the week.

Mhaígh an tOllamh Sadlier, áfach, go raibh dochtúirí comhairleacha ag cur isteach uaireanta breise cheana féin – i bhfad níos mó ná mar is gnách, go deimhin – agus go raibh siad ar fáil an lá ar fad gach lá den tseachtain.

He added that they are on duty according to a structured roster on weekends.

Dúirt sé freisin go mbíonn siad ar dualgas de réir uainchláir struchtúrtha ar an deireadh seachtaine.

The Irish Nurses and Aides Association has revealed that there are 639 people waiting for a bed in hospitals across the country today, which is 199 less than yesterday but 83% more than the same day last year.

Tá sé tugtha le fios ag Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go bhfuil 639 duine ag fanacht le leaba in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin 199 níos lú ná inné ach 83 faoin gcéad níos mó ná an lá céanna anuraidh.

473 of the 639 patients are in emergency units and the other 166 are in other wards, according to the nurses.

Tá 473 den 639 othar in aonaid éigeandála agus tá an 166 eile i mbardaí eile, dar leis na haltraí.

The nurses and the Health Service Executive are not in agreement about this situation, however.

Níl na haltraí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar aon fhocal faoin scéal seo, ámh.

According to the figures released by the Executive, 469 people are waiting for a bed in hospitals.

De réir na bhfigiúirí atá eisithe ag an bhFeidhmeannacht, is 469 duine atá ag fanacht le leaba sna hospidéil.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2qog7m8f

Contact: irishlingos@gmail.com

House prices 7.7 times higher than household income.

Praghsanna tithe 7.7 uair níos airde ná ioncam teaghlach.

A new report reveals that house prices are 7.7 times higher than the average annual household income, the biggest gap since 2009.

Tugtar le fios i dtuarascáil nua go bhfuil praghsanna tithe 7.7 uair níos airde ná ioncam bliantúil an ghnáth-theaghlaigh, an bhearna is mó ó 2009.

On average, a residential home cost €370,000 and the average annual income of a typical family was €48,000 in the last quarter of 2022, according to figures provided by the MyHome.ie website.

€370,000 ar an meán a bhí ar áras cónaithe agus €48,000 a bhí i meánioncam bliantúil an ghnáth-theaghlaigh sa ráithe dheireanach de 2022, de réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag lucht an tsuímh ghréasáin MyHome.ie.

The chief economist of the financial company Davy, Conall MacCoille, compiled the report.

Is é príomheacnamaí an chomhlachta airgeadais Davy, Conall Mac Coille, a chuir an tuarascáil i dtoll a chéile.

He claimed that the gap could widen further since the Central Bank of Ireland allowed people to take out mortgages of up to four times their annual income.

Mhaígh sé go bhféadfadh an bhearna méadú tuilleadh ó cheadaigh Banc Ceannais na hÉireann do dhaoine morgáistí suas le ceithre huaire níos airde ná a n-ioncam bliantúil a thógáil amach.

MacCoille said that it is currently estimated that there will be a 4% rise in house prices this year but that decision by the Central Bank could increase it.

Dúirt Mac Coille go meastar faoi láthair go mbeidh ardú 4 faoin gcéad ar phraghsanna tithe i mbliana ach go bhféadfadh cinneadh sin an Bhainc Ceannais cur leis.

Speaking on RTÉ, Senator Mary Fitzpatrick from Fianna Fáil said that the Government is doing everything they can to provide social housing and affordable housing.

Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt an Seanadóir Mary Fitzpatrick ó Fhianna Fáil go bhfuil an Rialtas ag déanamh gach ar féidir leo le tithíocht shóisialta agus tithíocht inacmhainne a chur ar fáil.

Under the Government’s plan called Housing for All, she said, more houses were built in one year than in the previous ten years.

Faoi phlean an Rialtais dá ngairtear Tithíocht do Chách, arsa sí, tógadh níos mó tithe le bliain ná mar a tógadh sna deich mbliana roimhe sin.

Sinn Féin’s housing spokesperson Eoin Ó Broin, however, said that anyone who believes that the Government’s plan is succeeding would have to be delusional.

Dúirt urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin, áfach, go gcaithfeadh sé go bhfuil speabhraídí ar aon duine a chreideann go bhfuil ag éirí le plean an Rialtais.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2g3nvkl4

Contact: irishlingos@gmail.com

The body of Pope Emeritus Benedict lies under a state award.

Corp an Phápa Emeritus Beinidict ina luí faoi ghradam stáit.

Thousands of Catholics are flocking to the Vatican today to pay their respects to Pope Emeritus Benedict XVI whose body lies in state honor in St Peter’s Basilica.

Tá na mílte Caitliceach ag triall ar an Vatacáin inniu chun ómós a thabhairt don Phápa Emeritus Beinidict XVI a bhfuil a chorp ina luí faoi ghradam stáit i mBaisleac Pheadair.

The Pope Emeritus died yesterday in the monastery of Mater Ecclesiae in the Vatican, where he had lived for ten years.

Bhásaigh an Pápa Emeritus arú inné i mainistir Mater Ecclesiae sa Vatacáin, áit a raibh cónaí air le deich mbliana.

He was 95 years old.

Bhí sé 95 bliain d’aois.

He was Pope between 2005 and 2013, when he unexpectedly resigned due to health reasons.

Bhí sé ina Phápa idir 2005 agus 2013, tráth a d’éirigh sé as gan choinne ar chúinsí sláinte.

Benedict was the first Pope to resign in 600 years.

Ba é Beinidict an chéad Phápa a d’éirigh as le 600 bliain.

His body will lie in state honor from here on for the next three days and will be buried on Thursday among the Pope’s Urns in Peter’s Basilica.

Beidh a chorp ina luí faoi ghradam stáit as seo go ceann trí lá agus cuirfear é Déardaoin i measc Ulacha na bPápaí i mBaisleac Pheadair.

A Vatican spokesman said it was a “solemn but simple” mass.

Dúirt urlabhraí ón Vatacáin gur tórramh “sollúnta ach simplí” a bheas ann.

It has not yet been said which prelates and dignitaries will be present at the solemn Mass, but it has been confirmed that the Irish Ambassador to the Holy See Frances Collins will be among them.

Ní dúradh fós cé na préaláidí agus na huaisle a bheas i láthair ag an Aifreann éagnairce, ach tá sé deimhnithe go mbeidh Ambasadóir na hÉireann sa Suí Naofa Frances Collins ina measc.

A million people were present at the funeral of Pope John Paul II in 2005, both nobility and common people, but it is said that the people did not have as much respect for Benedict.

Bhí milliún duine i láthair ag sochraid an Phápa Eoin Pól II in 2005, idir uaisleacht agus choitiantacht, ach deirtear nach raibh an oiread gnaoi ag na daoine ar Bheinidict.

He was a caring pope who stood the traditional way, but other churchmen and a large part of the flock were not happy with the way he dealt with various crises, including the abuse of children in the Catholic Church.

Pápa caomhach a sheas an fód traidisiúnta a bhí ann ach ní raibh eaglaisigh eile ná cuid mhór den tréad sásta leis an gcaoi a ndeachaigh sé i ngleic le géarchéimeanna éagsúla, mí-úsáid leanaí san Eaglais Chaitliceach ina measc.

His successor – Pope Francis – has paid tribute to Pope Emeritus Benedict.

Tá ómós tugtha ag a chomharba – an Pápa Proinsiais – don Phápa Emeritus Beinidict.

He said he was a faithful servant of the Gospel and the Church.

Dúirt sé gur searbhónta dílis an tSoiscéil agus na hEaglaise a bhí ann.

Pope Francis himself is not in the best of health, and he hinted last summer that he might resign if he was not able to fulfill his duties in the future.

Níl an Pápa Proinsias é féin i mbarr a shláinte, agus thug sé le tuiscint an samhradh seo caite go mb’fhéidir go n-éireodh sé féin as mura mbeadh sé in araíocht a chuid dualgas a chomhall feasta.

The body of Pope Emeritus Benedict lies under a state award in Peter’s Basilica

Corp an Phápa Emeritus Beinidict ina luí faoi ghradam stáit i mBaisleac Pheadair

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2jm8u7t3

Contact: irishlingos@gmail.com

Croatia more involved in the European Union from today.

An Chróit níos rannpháirtí san Aontas Eorpach ó inniu.

Two major new policies apply in Croatia from today which make the country even more closely related to the European Union than it has been until now.

Tá feidhm sa Chróit ó inniu le dhá mhórbheartas nua a fhágann go bhfuil an tír níos dlúthbhaintí fós leis an Aontas Eorpach ná mar a bhí go dtí seo.

The euro has been the official currency of Croatia since midnight and it is now one of only a handful of countries participating in the eurozone.

Is é an euro airgeadra oifigiúil na Cróite ón meán oíche agus tá sí anois ar cheann de scór tíortha atá páirteach sa limistéar euro.

In addition, Croatia is now one of the 27 European countries participating in the Schengen Agreement.

Chomh maith leis sin, tá an Chróit anois ar cheann den 27 tír Eorpach atá páirteach i gComhaontú Schengen.

Citizens of those countries have free travel permission in each other’s countries, according to the Schengen Agreement.

Tá saorchead taistil ag saóranaigh na dtíortha sin i dtíortha a chéile, de réir Chomhaontú Schengen.

Croatia has been a member state of the European Union for ten years and it is claimed that it would be better able to fight inflation now that it is participating in the eurozone.

Tá an Chróit ina ballstát den Aontas Eorpach le deich mbliana agus maítear gur fearr a bheas sí in ann dul i ngleic leis an mboilsciú anois ó tá sí rannpháirteach sa limistéar euro.

But as with other European countries, food and fuel prices in Croatia have risen dramatically since Russia invaded Ukraine ten months ago.

Ach an oiread le tíortha eile na hEorpa, tá praghsanna bia agus breosla sa Chróit ardaithe as cuimse ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin deich mí ó shin.

The inflation rate in Croatia was 13.5% in November, compared to 10% in the euro area.

13.5 faoin gcéad a bhí sa ráta boilscithe sa Chróit i mí na Samhna, i gcomórtas le 10 faoin gcéad sa limistéar euro.

However, many people in Croatia believe that the major European countries – France and Germany in particular – will benefit the most from Croatia’s membership in the eurozone.

Mar sin féin, creideann go leor daoine sa Chróit gurb iad tíortha móra na Eorpa – an Fhrainc agus an Ghearmáin go háirithe – gurb iad na tíortha sin is mó a bhainfeas tairbhe as ballraíocht na Cróite sa limistéar euro.

On the contrary, the hospitality sector is very happy with the free travel permit and it is expected that there will be a renewed boom in tourism in Croatia because of it.

Os a choinne sin, tá an earnáil fáilteachtais an-sásta leis an saorchead taistil agus táthar ag súil go mbeidh borradh as an nua faoin turasóireacht sa Chróit dá bhíthin.

Heavy security will always be in place, however, in the east of the country along the border with Bosnia-Herzegovina, Serbia and Montenegro.

Beidh dianslándáil i bhfeidhm i gcónaí, áfach, in oirthear na tíre feadh na teorann leis an mBoisnia-Heirseagaivéin, an tSeirbia agus Montainéagró.

This is a big challenge since the border is 1,350 kilometers long.

Is mór an dúshlán an méid sin ó tá an teorainn 1,350 ciliméadar ar a fad.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2mhfs28q

Contact: irishlingos@gmail.com

Ban on the Irish language in prisons in England.

Cosc ar an Ghaeilge i bpríosúin i Sasana.

State Documents: The right to speak Irish in British prisons is a matter of dispute A Republican prisoner in England was given permission to speak Irish in the mid-nineties after the Irish Government and the Tánaiste, Dick Spring, in particular, negotiated on his behalf .

Cáipéisí Stáit: Ceart Gaeilge a labhairt i bpríosúin na Breataine ina ábhar aighnis Tugadh cead cainte i nGaeilge do phríosúnach Poblachtánach i Sasana i lár na nóchaidí i ndiaidh do Rialtas na hÉireann agus an Tánaiste, Dick Spring, go háirithe, idirbheartaíocht a dhéanamh ar a shon.

Secret state documents show that the Government insisted that the authorities in Full Sutton Prison in Yorkshire were violating the human rights of Féilim Uí Adhmaill when he was refused permission to have a conversation in Irish with his wife and family.

Léiríonn cáipéisí rúnda an stáit gur áitigh an Rialtas go raibh sárú á dhéanamh ag na húdaráis i bPríosún Full Sutton in Yorkshire ar chearta daonna Fhéilim Uí Adhmaill nuair a diúltaíodh cead dó comhrá i nGaeilge a bheith aige lena bhean chéile agus lena theaghlach.

His wife, Mairéad Uí Adhmaill, and Conradh na Gaeilge lobbied hard on his behalf and Tánaiste Dick Spring, the Irish Embassy in London, the lawyer Gareth Peirce and Cardinal Cahal Daly took an active role in the case.

Bhí dianstocaireacht ar bun ag a bhean chéile, Mairéad Uí Adhmaill, agus ag Conradh na Gaeilge ar a shon agus ghlac an Tánaiste Dick Spring, Ambasáid na hÉireann i Londain, an dlíodóir Gareth Peirce agus an Cairdinéal Cahal Daly ról gníomhach sa chás.

Dr Féilim Ó Adhmaill was convicted in November 1994 of conspiracy to explode bombs.

Ciontaíodh an Dr Féilim Ó hAdhmaill i mí na Samhna 1994 as comhcheilg chun buamaí a phléascadh.

He was sentenced to 25 years in prison.

Gearradh téarma 25 bliain sa phríosún air.

Dr Ó Adhmaill was a lecturer at Lancaster University at the time.

Bhí an Dr Ó hAdhmaill ina léachtóir in Ollscoil Lancaster ag an am.

He was caught in a garage near Wakefield, Yorkshire with 17kg of Semtex in his car.

Beireadh air i ngaráiste in aice le Wakefield, Yorkshire agus 17kg de Semtex ina charr.

The problems with the use of Irish began when Dr Ó Adhmaill was remanded in Belmarsh Prison.

Thosaigh na fadhbanna le húsáid na Gaeilge nuair a bhí an Dr Ó hAdhmaill ar athchur i bPríosún Belmarsh.

He was complaining that he had not received any letter that his wife had written to him and that he was not allowed to have a telephone conversation in Irish.

Bhí sé ag gearán nach bhfuair sé aon litir a scríobh a bhean chéile chuige agus nach raibh cead aige comhrá teileafóin a bheith aige i nGaeilge.

The Department of Foreign Affairs asked the Irish Embassy in London to investigate the matter.

D’iarr an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar Ambasáid na hÉireann i Londain an scéal a fhiosrú.

The British Home Affairs Office told an executive from the Embassy on 29 March 1994: “It is the usual procedure that category A prisoners are expected to conduct visits and telephone calls in English.

D’inis Oifig Gnóthaí Baile na Breataine d’fheidhmeannach ón Ambasáid ar an 29 Márta 1994: “It is the usual procedure that category A prisoners are expected to conduct visits and telephone calls in English.

If it is not possible for the prisoner to use English, the visit and telephone call can take place in another language provided the visits and telephone calls are monitored.”

If it is not possible for the prisoner to use English, the visit and telephone call can take place in another language provided the visits and telephone calls are monitored.”

Conradh na Gaeilge lobbied the Tánaiste and Minister for Foreign Affairs, Dick Spring.

Rinne Conradh na Gaeilge stocaireacht ar an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Dick Spring.

Two Labor Party MPs, Declan Bree and Frank Prendergast, also made a personal petition on his behalf.

Rinne beirt Theachtaí Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Declan Bree agus Frank Prendergast, achainí phearsanta ar a shon fosta.

The Tánaiste informed the Secretary General of the Treaty, Seán Mac Mathúna, that “the use of Irish by prisoners and their visitors in Britain was very much on the Government’s mind as far as it relates to the rights of prisoners and the regime in force in prisons”.

Thug an Tánaiste le fios d’Ard-Rúnaí an Chonartha, Seán Mac Mathúna, go raibh “úsáid na Gaeilge ag príosúnaigh agus cuairteoirí leo sa Bhreatain go mór ar intinn an Rialtais sa mhéid is a bhaineann sé le ceartanna na bpríosúnach agus leis an réim i bhfeidhm sna príosúin”.

As a result of the Embassy’s intervention, Dr Ó Adhmaill informed that the barrier to the use of Irish has ended.

Mar thoradh ar idirghabháil na hAmbasáide, chuir an Dr Ó hAdhmaill in iúl gur tháinig deireadh leis an bhac ar úsáid na Gaeilge.

The Tánaiste told Seán Mac Mathúna from Conradh na Gaeilge that the Embassy in London “set up an inquiry” and that it is now permissible to use Irish during telephone conversations and visits.

D’inis an Tánaiste do Sheán Mac Mathúna ó Chonradh na Gaeilge gur chuir an Ambasáid i Londain “fiosrúchán ar bun” agus gur cheadmhach anois Gaeilge a úsáid le linn comhráite teileafóin agus cuartaíochta.

“We will continue to be vigilant for this solution as necessary,” claimed Dick Spring in his letter on 9 November 1994.

“Leanaimuidne airdeallach don réiteach sao mar is gá,” a mhaígh Dick Spring ina litir ar an 9 Samhain 1994.

Irish language banned in Full Sutton But the problems continued when Ó Adhmaill was moved to Full Sutton Prison after his conviction.

Cosc ar an Ghaeilge i Full Sutton Ach lean na fadhbanna nuair a bogadh Ó hAdhmaill go Príosún Full Sutton tar éis a chiontaithe.

Máiréad Uí Adhmaill wrote to members of the Government to inform them that she and her two sons were having difficulties speaking Irish with Féilim.

Scríobh Máiréad Uí Adhmaill chuig baill den Rialtas chun a chur in iúl dóibh go raibh deacrachtaí aici féin agus ag a beirt mhac Gaeilge a labhairt le Féilim.

She said that letters and cards in Irish sent to Feilim were blocked, phone calls were cut off (even at Christmas) and he was forbidden to speak to his wife and son in Irish.

Dúirt sí gur cuireadh bac le litreacha agus le cártaí i nGaeilge a cuireadh chuig Feilim, gur gearradh scairteanna gutháin (fiú um Nollag) agus go raibh cosc air labhairt lena bhean chéile agus lena chlann mac as Gaeilge.

“Gaelic is the language of our family.

“Is í an Ghaeilge teanga ár dteaghlach.

Leoga is the only language we speak with our children – both of them attend Gaelscoileanna in Belfast,” wrote Máiréad Uí Adhmaill.

Leoga, is í an t-aon teanga a labharaimid lenár bpáistí – tá an bheirt acu ag freastal ar Ghaelscoileanna i mBéal Feirste,” a scríobh Máiréad Uí Adhmaill.

“I believe that this ban is a breach of my family’s fundamental rights and, given that no such ban is used on prisoners from any other country in British prisons, it is clear to me that the authorities see the ban as a punishment for us because we are Irish.”

“Creidimse gur sárú é an cosc seo ar chearta bunúsacha mo theaghlaigh agus, ó tharla nach mbaintear úsáid as a leithéid de chosc le cimí ó aon tír eile i bpríosúin na Breataine, is léir domsa go ndearcann na húdaráis ar an chosc mar phionós orainne as siocair gur Éireannaigh sinn.”

Executives from the Irish Embassy met Dr Ó Adhmaill and the authorities of the prisons where he was being held.

Chas feidhmeannaigh de chuid Ambasáid na hÉireann leis an Dr Ó hAdhmaill agus le húdaráis na bpríosún ina raibh sé á choinneáil.

In addition, the Irish Embassy in London wrote to the Department of Home Affairs to express their concerns about the situation.

Lena chois sin, scríobh Ambasáid na hÉireann i Londain chuig an Roinn Gnóthaí Baile lena n-imní a chur in iúl faoin chás.

The Prison Service admitted to the Embassy in writing that there was a delay in the delivery of letters to Ó Adhmaill because they did not have a translator available.

D’admhaigh Seirbhís na bPríosún don Ambasáid i scríbhinn go raibh moill i gceist le seachadadh litreacha chuig Ó hAdhmaill mar nach raibh aistritheoir ar fáil dóibh.

“It has been explained to him that it is not feasible to give Dr Ó Adhmaill his incoming letters before they have been read, because there is no desire to interfere unnecessarily with his communications, other options are being explored.”

“It has been explained to him that it is not feasible to give Dr Ó hAdhmaill his incoming letters before they have been read, because there is no desire to interfere unnecessarily with his communications, other options are being explored.”

But things took a turn for the worse at the start of 1995.

Ach chuaigh rudaí in olcas ag tús na bliana 1995.

An attempt by members of the IRA to escape from Whitemoor Prison led to instructions from the Director General of the Prison Service, Derek Lewis, that the prison security manual must be strictly adhered to.

Mar thoradh ar iarracht a rinne baill den IRA éalú as Príosún Whitemoor tháinig treoir ó Ard-Stiúrthóir na Seirbhíse Príosúin, Derek Lewis, go gcaithfí cloí go docht feasta le lámhleabhar slándála na bpríosún.

Governor Full Sutton would no longer have any flexibility in speaking Irish, for example.

Ní bheadh aon solúbthacht feasta ag Gobharnóir Full Sutton i leith labhairt na Gaeilge, mar shampla.

Máiréad Uí Adhmaill intended to visit her husband in the new year but Uí Adhmaill’s lawyers were informed that he would have to speak to her only in English.

Bhí sé i gceist ag Máiréad Uí Adhmaill cuairt a thabhairt ar a fear céile sa bhliain úr ach tugadh le fios do dhlíodóirí Uí Adhmaill go mbeadh air labhairt léi i mBéarla amháin.

Feilim Ó Adhmaill refused to accept this condition but his wife had left Belfast by that time.

Dhiúltaigh Feilim Ó hAdhmaill glacadh leis an choinníoll seo ach bhí a bhean chéile tar éis Béal Feirste a fhágáil fán am sin.

Brian Mulligan from the Irish Embassy in London petitioned the Community Affairs Office to make a one-time exception for this visit and to allow them to speak in Irish.

Rinne Brian Mulligan ó Ambasáid na hÉireann i Londain achainí ar an Oifig Gnóthaí Pobail go ndéanfaí eisceacht aon uaire don chuairt seo agus go dtabharfaí cead dóibh labhairt i nGaeilge.

A scun scan was denied for this petition.

Diúltaíodh scun scan don achainí seo.

The Department of Foreign Affairs asked the Embassy to make another attempt to convince the Home Affairs Office that a “pragmatic solution” should be found on the issue.

D’iarr an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an Ambasáid iarracht eile a dhéanamh a chur ina luí ar an Oifig Gnóthaí Baile gur cheart teacht ar “pragmatic solution” ar an cheist.

Phil Wheatley informed Philip McDonagh of the Embassy that the prison security manual stated that prisoners who could speak English did not have the option of having a conversation in any other language.

Thug Phil Wheatley le fios do Philip McDonagh ón Ambasáid gur dúradh i lámhleabhar slándála na bpríosún nach raibh rogha ag príosúnaigh a bhí ábalta Béarla a labhairt comhrá a bheith acu in aon teanga eile.

An interpreter would be needed for prisoners who did not speak English.

Bheadh ateangaire de dhíth i gcás príosúnaigh nach raibh Béarla acu.

Wheatley said that it was possible to find a pragmatic solution in Belmarsh if one of the bards was fluent in Irish! There was no such thing in Full Sutton, however.

Dúirt Wheatley go rabhthas ábalta teacht ar réiteach pragmatach in Belmarsh siocair go raibh Gaeilge líofa ag duine de na bairdéirí! Ní raibh a leithéid acu in Full Sutton, áfach.

Despite what was said at those meetings, Máiréad Ui Adhmaill told the Embassy’s executives that a certain amount of flexibility was shown in terms of speaking Irish during the visit she made to her husband in January.

In ainneoin an mhéid a dúradh ag na cruinnithe sin, d’inis Máiréad Ui Adhmaill d’fheidhmeannaigh na hAmbasáide gur léiríodh méid áirithe solúbthachta ó thaobh labhairt na Gaeilge le linn na cuairte a thug sí ar a fear céile i mí Eanáir.

“It could be that our two approaches to the British authorities had the desired effect, although there is a continuing reluctance to acknowledge a change of policy and thereby set a precedent,” wrote Philip McDonagh in a confidential fax sent to the Department of Foreign Affairs .

“It could be that our two approaches to the British authorities had the desired effect, although there is a continuing reluctance to acknowledge a change of policy and thereby set a precedent,” a scríobh Philip McDonagh i bhfaics rúnda a cuireadh chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

It is clear from another document, however, that Mrs. Adhamhaill only managed to have a five-minute conversation with her husband over two days.

Is léir ó cháipéis eile, áfach, nár éirigh le Bean Uí Adhmhaill ach comhrá cúig bhomaite a bheith aici lena fear céile thar dhá lá.

Dr Ó Adhmaill was fined for his attempts to speak Irish to her on that occasion.

Gearradh píonóis ar an Dr Ó hAdhmaill as na hiarrachtaí a rinne sé Gaeilge a labhairt léi ar an ócáid sin.

He told an executive from the Embassy that the telephone, radio and electricity were switched off in the visiting room to ensure that any attempt to speak Irish would be heard during the visit.

D’inis sé d’fheidhmeannach ón Ambasáid go raibh an teileafón, raidió agus leictreachas múchta sa seomra cuairte chun a chinntiú go gcloisfí aon iarracht an Ghaeilge a labhairt le linn na cuairte.

He had written 16 letters to his family over the Christmas period but by mid- January, they had received not one.

Bhí 16 litir scríofa aige chuig a theaghlach thar tréimhse na Nollag ach fá lár mhí Eanáir, ní raibh oiread is ceann amháin faighte acu.

The Irish side of the Anglo-Irish Secretariat informed British officials on 17 January 1995 that the behavior of the authorities in the case of Máiréad’s visit to Full Sutton was a ‘considerable over-reaction’: “In terms of avoiding unnecessary controversy the overall approach of the authorities seems extremely counterproductive,” it was said.

Thug taobh na hÉireann den Rúnaíocht Angla-Éireannach le fios d’fheidhmeannaigh na Breataine ar an 17 Eanáir 1995 gur ‘considerable over-reaction’ a bhí in iompar na n-údarás i gcás cuairt Mháiréad ar Full Sutton: “In terms of avoiding needless controversy the overall approach of the authorities seems extremely counterproductive,” a dúradh.

An executive from the Embassy met Félim and the Governor of the prison on 18 January 1995.

Chas feidhmeannach ón Ambasáid le Féilim agus le Gobharnóir an phríosúin ar an 18 Eanáir 1995.

A Cypriot of Turkish origin who was in the same unit was allowed to speak his native language with his children and the executive questioned why he and Ó Adhmaill were discriminated against.

Bhí cead ag Cipireach de bhunadh na Tuirce a bhí san aonad céanna a theanga dúchais a labhairt lena pháistí agus cheistigh an feidhmeannach cad chuige a ndearnadh idirdhealú idir é agus Ó hAdhmaill.

Because his two sons spoke English, he would have to speak to them in English, said the Governor.

Siocair go raibh Béarla ag a bheirt mhac bheadh air labhairt leo i mBéarla a dúirt an Gobharnóir.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gohyxbh

Contact: irishlingos@gmail.com

Mandatory testing implemented by Italy on passengers from China.

Tástáil éigeantach i bhfeidhm ag an Iodáil ar phaisinéirí ón tSín.

Italian authorities have ordered a Covid-19 antigen test and a virus sequence test on all passengers arriving in that country from China, says the Italian Minister of State.

Tá sé ordaithe ag údaráis na hIodáile go gcuirfí tástáil antaigine covid 19 agus tástáil seichimh víris ar gach paisinéir a thiocfaidh chun na tíre sin ón tSín, a deir Aire Stáit na hIodáile.

“We are doing this to ensure that new strains of the virus are monitored in order to protect the Italian public,” said Health Minister Orazio Schillaci.

“Táimid á dhéanamh seo lena chinntiú go ndéanfar maoirseoireacht ar shainchinéalacha nua den víreas ar mhaithe le pobal na hIodáile a chosaint,” a dúirt an tAire Sláinte Orazio Schillaci.

More details about the policies will be presented at a government meeting in Rome today.

Cuirfear tuilleadh sonraí faoi na beartais faoi bhráid chruinniú rialtais sa Róimh inniu.

The Washington government may impose restrictions on travelers from China to the United States, due to concerns about a “lack of transparency” regarding the information being provided by the Beijing authorities about Covid-19 rates.

D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh rialtas Washington srianta i bhfeidhm ar thaistealaithe ón tSín chuig na Stáit Aontaithe, de bharr imní faoi “easpa trédhearcachta” maidir leis an eolas atá á chur ar fáil ag údaráis Béising faoi rátaí covid 19.

Several hospitals in China have been able to attend to patients who have contracted the virus since the health restrictions in the country were lifted.

Tá sé ag dul rite ar roinnt ospidéil sa tSín freastal ar othair a bhfuil an víreas tolgtha acu ó cuireadh deireadh les na srianta sláinte sa tír.

Although the number of deaths has risen sharply and funeral homes are struggling to cope with the demand for funeral services, Beijing authorities have reported only one death from Covid in a week among the population of 1.4 billion people.

Cé go bhfuil méadú mór ar líon na mbásanna agus deacrachtaí ag tithe tórraimh plé leis an éileamh ar sheirbhísí sochraide, níor thuairscigh údaráis Béising ach bás amháin de bharr Covid le seachtain i measc an daonra de 1.4 billiún duine.

In the last 24 hours, Japan, India and Malaysia have imposed new restrictions on travelers from China due to the high number of Covid-19 infections in that country.

Le 24 uair an chloig anuas tá srianta nua curtha i bhfeidhm ag an tSeapáin, an India agus an Mhalaeisia ar thaistealaithe ón tSín de bharr an líon ard ionfhabhtuithe covid 19 sa tír sin.

Japanese authorities are now demanding a negative Covid test result from all those entering the country from China.

Tá údaráis na Seapáine anois ag éileamh toradh diúltach ar thástáil Covid uathu siúd uilig a thagann isteach sa tír ón tSín.

Malaysia has implemented tracking and surveillance policies Health authorities in the United States are concerned about the lack of data the Chinese government is providing on the number of cases, including genomic sequence data, officials in Washington said. .

Tá beartais rianaithe agus maoirseoireachta curtha i bhfeidhm ag an Mhalaeisia Tá imní ar údaráis sláinte sna Stáit Aontaithe maidir leis an easpa sonraí atá Rialtas na Síne ag cur ar fáil faoi líon na gcásanna, ina measc sonraí maidir le seicheamh géanómaíoch, a dúirt oifigigh i Washington.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2pgufm28

Contact: irishlingos@gmail.com

Hospitals across the State under tremendous pressure today – Union.

Ospidéil ar fud an Stáit faoi bhrú as cuimse inniu – Ceardchumann.

Hospitals across the State are under immense pressure, says the Irish Nurses and Midwives Association.

Tá ospidéil ar fud an Stáit faoi bhrú as cuimse, a deir Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.

The Association says they have never seen so much overcrowding at this time of year.

Deir an Cumann nach bhfaca siad an oiread seo de róphlódú ariamh ag an tráth seo ‘bhliana.

The union said that all hospitals, large and small, are struggling as it becomes difficult for them to provide safe health care to patients.

Dúirt an ceardchumann go bhfuil na hospidéil uilig, idir bheag agus mhór, ag streachailt agus é ag dul dian orthu cúram sláinte sábháilte a chur ar fáil d’othair.

The Association wants private and public hospitals to function as one system in order to reduce the pressure and ensure that the situation does not get worse.

Tá an Cumann ag iarraidh go bhfeidhmeoidh ospidéil phríobháideacha agus phoiblí mar aon chóras amháin ar mhaithe leis an bhrú a laghdú agus chun a chinntiú nach rachaidh an scéal chun donais.

The Society’s General Secretary Phil Ni Sheaghdha said that any emergency policy “must be implemented immediately because it will not be possible to deal with the emergency in a safe way if the conditions in the hospitals get worse.”

Dúirt Ardrúnaí an Chumainn Phil Ni Sheaghdha go gcaithfear aon bheartas éigeandála “is gá a chur i bhfeidhm láithreach bonn mar nach mbeifear in ann plé leis an éigeandáil ar bhealach sábháilte má éiríonn cúrsaí sna h-ospidéil níos measa.”

It is not normal for the number of patients in hospitals to be this high that 570 people would be so ill that they would need hospital care and there would not be enough beds for them, said Phil Ní Sheaghdha.

Ní gnáthach leis an líon othair in ospidéil a bheith chomh hard seo go mbeadh 570 duine chomh tinn sin go mbeadh gá acu le cúram ospidéil agus nach mbeadh dóthain leapacha ann dóibh, a dúirt Phil Ní Sheaghdha.

Early in the new year the hospitals get busy but the Association says they have never seen this much overcrowding.

Go luath san athbhliain a éiríonn na h-ospidéil gnóthach ach deir an Cumann nach bhfaca siad a oiread seo de róphlódú ariamh.

“Sick people have no choice but to go to the Emergency Departments of hospitals because they are unable to get an appointment with their family doctor,” said the leader of the union.

“Níl aon rogha ag daoine tinne ach dul chuig Rannóga Éigeandála na n-ospidéal mar nach bhfuil siad ábalta coinne a fháil lena ndochtúir teaghlaigh,” a dúirt ceannaire an cheardchumainn.

The Health Executive has decided to help GPs provide additional clinics to attend to patients to ease the pressure on the health system.

Tá sé socraithe ag an Fheidhmeannacht Sláinte go gcabhróidh siad le dochtúirí teaghlaigh clinicí breise a chur ar fáil le freastal ar othair chun an brú ar an chóras sláinte a mhaolú.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2odjscnv

Contact: irishlingos@gmail.com

An inquiry is underway into the death of a teenager in hospital.

Fiosrúchán ar bun maidir le bás déagóra san ospidéal.

The UL Hospital Group has confirmed that an investigation is underway into the death of a sixteen-year-old girl at Limerick University Hospital earlier this week.

Tá sé deimhnithe ag Grúpa Ospidéal UL go bhfuil fiosrúchán ar bun maidir le bás chailín sé bliana déag d’aois ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh níos luaithe an tseachtain seo.

Aoife Johnston from Shannon, in County Clare died in hospital with meningitis on Monday.

Bhásaigh Aoife Johnston ón tSionnain, i gContae an Chláir san ospidéal le meiningíteas Dé Luain.

In a statement, UL Hospital Group said a Serious Incident Management Team has been established and a comprehensive investigation into the teenager’s death will be carried out.

I ráiteas, dúirt Grúpa Ospidéal UL go bhfuil Foireann Bainistíochta Teagmhas Tromchúiseach bunaithe agus go ndéanfar fiosrúchán cuimsitheach faoi bhás an déagóra.

The hospital group expressed its condolences to the family.

Chuir an grúpa ospidéal a gcomhbhrón in iúl don dteaghlach.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2o7nx75k

Contact: irishlingos@gmail.com

Million without electricity in the United States due to storm.

Milliún gan leictreachas sna Stáit Aontaithe de bharr stoirme.

More than 1.5 million people and businesses have been left without power in the United States and Canada as a major winter storm rages through those countries.

Tá breis is 1.5 milliún duine agus gnó fágtha gan aon chumhacht aibhléise sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada agus stoirm mhór geimhridh ag réabhadh sna tíortha sin.

It is estimated that approximately 240 million people have been affected by the severe weather.

Meastar go bhfuil tuairim is 240 milliún duine buailte ag an ndrochaimsir.

It is reported that 19 have died due to the bad weather with temperatures as low as 45 degrees celcius in places.

Tuairiscítear go bhfuil 19 tar éis bháis de bharr na drochaimsire agus an teocht chomh híseal le 45 céim celcius in áiteanna.

Transportation in the United States is at a standstill, with roads closed and flights cancelled.

Tá cúrsaí iompair sna Stáit Aontaithe ina steig meig, bóithre dúnta agus eitiltí curtha ar ceal.

Departments of Transportation say conditions are dire throughout North and South Dakota, Oklahoma and Iowa with blowing snow and icy roads.

Deir Ranna Iompair go bhfuil cúrsaí go hainnis ar fad i Dakota Thuaidh agus Theas, Oklahoma agus Iowa le síobadh sneachta agus bóithre clúdaithe le leac oighir.

Residents are strongly advised to stay at home.

Táthar ag moladh go láidir d’áitritheoirí fanacht sa bhaile.

Approximately 5,000 flights were canceled yesterday and a further 7,600 flights were delayed.

Cuireadh tuairim is 5,000 eitilt ar ceal inné agus cuireadh moill ar 7,600 eitilt eile.

The massive storm is extending over 3,200 kilometers from Texas to Quebec.

Tá an stoirm ollmhór ag leathnú os cionn 3,200 ciliméadar ó Texas go Quebec.

More than a million people were left without power in the United States due to the storm

Breis is milliún duine fágtha gan aon chumhacht aibhléise sna Stáit Aontaithe de bharr stoirme

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2fvwv7gz

Contact: irishlingos@gmail.com

Man in his twenties killed in road accident in Galway.

Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bhóthair i nGaillimh.

A man in his twenties was killed in a road accident in Tuam in County Galway overnight.

Maraíodh fear sna fichidí i dtimpiste bhóthair i dTuaim i gContae na Gaillimhe thar oíche.

The accident happened shortly before three o’clock in the morning on the R347 near Ballyglunin, in Tuam in the county.

Tharla an tionóisc go gairid roimh a trí a chlog ar maidin ar an R347 cóngarach do Bhéal Átha Gluinín, i dTuaim sa chontae.

The driver of the car, a young man in his twenties, was killed at the scene.

Maraíodh tiománaí an chairr, fear óg sna fichidí ar an láthair.

His body was taken to Galway University Hospital where a post-mortem examination will be carried out.

Tugadh a chorp go hOspidéal na hOllscoile Gaillimh áit go ndéanfar scrúdú iar-bháis air.

The scene of the accident is currently being secured and traffic is being diverted.

Tá láthair na timpiste caomhnaithe faoi láthair agus tá trácht á chur ar mhalairt slí.

Anyone who was on the road at the time and saw anything is being urged to contact gardaí.

Táthar ag impí ar aon duine a bhí ar an mbóthar ag an am agus a chonaic aon ní teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí.

Man in his twenties killed in road accident in Galway

Fear sna fichidí maraithe i dtimpiste bhóthair i nGaillimh

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2r3owdxj

Contact: irishlingos@gmail.com

New proposals to get people to leave the car at home.

Moltaí nua le tabhairt ar dhaoine an carr a fhágáil sa bhaile.

The Government could end free parking at the workplace and introduce a minimum parking fee in all urban areas in the State, according to new proposals to reduce carbon emissions from the transport sector.

D’fhéadfadh an Rialtas deireadh a chur le páirceáil shaor in aisce ag an ionad oibre agus íostáille páirceála a thabhairt isteach i ngach ceantar uirbeach sa Stát, de réir moltaí nua le hastaíochtaí carbóin ón earnáil iompair a laghdú.

People could also be charged for certain journeys and further increase fuel prices.

D’fhéadfaí freisin táillí a ghearradh ar dhaoine faoi thurais áirithe a dhéanamh agus praghsanna breosla a ardú tuilleadh.

Persuading people to leave their cars at home as often as possible is the aim of the proposals to be discussed by the Government tomorrow.

Cur ina luí ar dhaoine a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile chomh minic agus is féidir is aidhm do na moltaí atá le plé ag an Rialtas amárach.

If they were implemented, it is thought that there would be a 25% reduction in car journeys per day; 50% increase on foot and bicycle trips; and a 130% increase in trips on public transport services.

Dá gcuirfí i bhfeidhm iad, ceaptar go mbeadh laghdú 25 faoin gcéad sa ló ar thurais i gcarranna; ardú 50 faoin gcéad ar thurais de shiúl na gcos agus ar rothair; agus ardú 130 faoin gcéad ar thurais ar sheirbhísí iompair phoiblí.

The aim would be to reduce the amount of fuel consumed by 50% and increase the number of electric vehicles on the State’s roads to 30% from now to 2030.

Bheadh sé i gceist an méid breosla a chaitear a laghdú 50 faoin gcéad agus an líon feithiclí leictreacha ar bhóithre an Stáit a ardú go dtí 30 faoin gcéad as seo go 2030.

However, a Government spokesperson has indicated that the proposals for parking at the workplace and charging fees for certain journeys, are currently only “just in case” but not on the road.

Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí Rialtais, áfach, nach bhfuil sna moltaí maidir le páirceáil ag an ionad oibre agus táillí a ghearradh faoi thurais áirithe, nach bhfuil iontu faoi láthair ach “cuir i gcás” ach nach bhfuil siad ar na bacáin.

Even so, it is understood that the Government intends to implement some significant policies to get people to leave their cars at home

Ina dhiaidh sin féin, tuigtear go bhfuil rún ag an Rialtas roinnt beartas suntasach a chur i bhfeidhm chun tabhairt ar dhaoine a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2nmn7pvj

Contact: irishlingos@gmail.com

Three different viruses are putting enormous pressure on the health system.

Trí víreas éagsúla ag cur brú as cuimse ar an gcóras sláinte.

There are three different viruses going on in the country at the moment and over a thousand people are in hospital due to being badly affected by one or another of them, according to the Health Service Executive.

Tá trí cinn de víris éagsúla ag imeacht sa tír faoi láthair agus tá os cionn míle duine in ospidéil de bharr iad a bheith buailte go dona ag ceann nó ceann eile acu, de réir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Chief Operations Officer Damien McCallion confirmed that 250 children are in hospital with respiratory syncytial virus; that 600 people are in hospital with Covid-19; and that another 300 are in hospital with the flu.

Dhearbhaigh Príomhoifigeach Oibríochtaí na Feidhmeannachta Damien McCallion go bhfuil 250 páiste san ospidéal leis an víreas sincítiach riospráide; go bhfuil 600 duine san ospidéal le covid 19; agus go bhfuil 300 eile san ospidéal leis an bhfliú.

It has not happened before in Ireland, said Damien McCallion, that the health system had to deal with three outbreaks of different viruses at the same time.

Níor tharla sé cheana in Éirinn, arsa Damien McCallion, go mb’éigean don chóras sláinte dul i ngleic le trí ráig de víris éagsúla ag an am céanna.

He indicated that despite the fact that the health system is under great pressure due to these exceptional circumstances, the problem is being addressed according to an action plan.

Thug sé le fios ainneoin go bhfuil an-bhrú ar an gcóras sláinte mar gheall ar na cúinsí eisceachtúla seo, go bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar an bhfadhb de réir plean gníomhaithe.

He said that more beds are being made available in hospitals; that there are more staff on duty in emergency units; that local injury units are staying open more recently; and that more general practitioners are available outside normal hours.

Dúirt sé go bhfuil tuilleadh leapacha á gcur ar fáil in ospidéil; go bhfuil breis foirne ar dualgas in aonaid éigeandála; go bhfuil aonaid gortuithe áitiúla ag fanacht oscailte níos deireanaí; agus go bhfuil tuilleadh dochtúirí ginearálta ar fáil lasmuigh de ghnáthuaireanta.

However, Damien McCallion admitted that all this is not enough to reduce the pressure on the health system to a fairly satisfactory level.

D’admhaigh Damien McCallion, áfach, nach leor an méid seo ar fad leis an mbrú ar an gcóras sláinte a ísliú go dtí leibhéal measartha sásúil.

Yesterday, the Irish Nurses and Aides Association said there were 760 patients waiting for a bed in hospitals across the country, the highest number in three years.

Inné, dúirt Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go raibh 760 othar ag fanacht le leaba in ospidéil ar fud na tíre, an líon ba mhó le trí bliana.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hq9frk4

Contact: irishlingos@gmail.com

Man sentenced to life in prison for Cameron Reilly’s murder.

Príosún saoil gearrtha ar fhear faoi dhúnmharú Cameron Reilly.

At the Central Criminal Court, a 23-year-old man was sentenced to life imprisonment for murdering an eighteen-year-old youth in Dunleire, Co Louth, over four years ago.

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh príosún saoil ar fhear 23 bliain d’aois faoi ógánach ocht mbliana déag a dhúnmharú i nDún Léire, Co Lú, os cionn ceithre bliana ó shin.

Last Thursday, Aaron Connolly, from Ballybuli, Drumchora, Co Louth, was convicted of the murder of Cameron Reilly whose body was found in a park in Dunlere on 26 May 2018.

Déardaoin seo caite, ciontaíodh Aaron Connolly, as Baile Bhuilí, Droim Chora, Co Lú, i ndúnmharú Cameron Reilly a bhfuarthas a chorp i bpáirc i nDún Léire ar an 26 Bealtaine 2018.

In a victim impact statement read out in court today, Cameron’s uncle Reilly said on behalf of the family that although the trial was over the suffering would continue.

I ráiteas tionchair íospartaigh a léadh sa chúirt inniu, thug uncail Cameron Reilly le fios, thar ceann an teaghlaigh, cé go raibh deireadh leis an triail go mairfeadh an fhulaingt.

Darren Flanagan said Cameron was an only child.

Dúirt Darren Flanagan gur páiste aonair ab ea Cameron.

He was the first grandchild in the family and he was everyone’s pet, he said.

Ba é an chéad gharpháiste sa teaghlach é agus bhí sé ina pheata ag gach uile dhuine, arsa sé.

He was a happy and gentle boy and loved company, he said.

Buachaill sona sásta mín mánla a bhí ann agus ba bhreá an chuideachta é, a dúirt sé.

Cameron loved music and concerts, said the uncle, and he always sat in the front seat of cars with the desire to control the radio and sing the songs that were playing at the same time.

Thaitin ceol agus ceolchoirmeacha go mór le Cameron, arsa an t- uncail, agus shuíodh sé i gcónaí sa suíochán tosaigh i gcarranna le dúil smacht a bheith aige ar an raidió agus na hamhráin a bhíodh ar siúl a chanadh ar an uain chéanna.

Darren Flanagan said the family’s life fell apart after the murder and nothing has been the same since.

Dúirt Darren Flanagan gur thit saol an teaghlaigh as a chéile tar éis an dúnmharaithe agus nach raibh dada mar a bhíodh ó shin.

Cameron Reilly was not just a name in the media, he said.

Ní díreach ainm sna meáin chumarsáide a bhí in Cameron Reilly, a dúirt sé.

He was a son, grandson, nephew and cousin, he said, and that is how he should be remembered.

Mac, garmhac, nia agus col ceathar a bhí ann, arsa sé, agus is mar sin is cóir cuimhneamh air.

For the family, he will always be our beautiful eighteen-year-old boy, said the uncle.

Don teaghlach, is é ár mbuachaill álainn a bheas ocht mbliana déag go brách é, a dúirt an t-uncail.

The trial was told that Cameron Reilly and some friends with him – including Aaron Connolly – were drinking in the park in Dunlere on the night of 25 May 2018, and that his body was found there the following day.

Dúradh sa triail go raibh Cameron Reilly agus roinnt cairde leis – Aaron Connolly ina measc – ag ól sa pháirc i nDún Léire oíche an 25 Bealtaine 2018, agus gurbh ann a fritheadh a chorp an lá dar gcionn.

Asphyxiation caused by pressure on his throat led to his death.

Plúchadh de bharr brú a cuireadh ar a scornach ba thrúig bháis dó.

Aaron Connolly’s claim that Cameron Reilly was still alive the last time he saw him was not accepted.

Níor glacadh le maíomh Aaron Connolly go raibh Cameron Reiily fós ina bheatha an uair dheireanach a chonaic sé é.

Judge Tony Hunt sentenced Aaron Connolly to life imprisonment as mandated.

Ghearr an Breitheamh Tony Hunt príosún saoil de réir mar atá sainordaithe ar Aaron Connolly.

Aaron Connolly

Aaron Connolly

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2oq9l8ux

Contact: irishlingos@gmail.com

Steady rise in wholesale energy prices in 2021.

Ardú céadach ar phraghsanna mórdhíola fuinnimh in 2021.

Wholesale gas prices rose 380% during 2021, according to new figures from the Utilities Regulatory Commission.

D’ardaigh praghsanna mórdhíola gáis 380 faoin gcéad i gcaitheamh na bliana 2021, de réir figiúirí nua ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais.

This was a 260% increase in wholesale electricity prices.

Ardú 260 faoin gcéad a bhí i gceist i gcás praghsanna mórdhíola leictreachais.

The data published by the Commission today also shows that many domestic customers switched to other companies in order to get lower prices.

Léiríonn na sonraí a d’fhoilsigh an Coimisiún inniu chomh maith gur athraigh go leor custaiméirí baile go dtí comhlachtaí eile féachaint le praghsanna níos ísle a fháil.

Customers who switched from a normal tariff to a discount rate were particularly successful.

Bhí rath go háirithe ar chustaiméirí a d’athraigh ó gnáth-tharaif go dtí ráta lascaine.

They saved €581 on electricity and €316 on gas on average, according to the Commission.

Shábháil siadsan €581 ar leictreachas agus €316 ar ghás ar an meán, de réir an Choimisiúin.

While the official figures for 2022 are not yet available, it is known that wholesale energy prices have fallen significantly this year and are expected to fall further next year.

Siúd is nach bhfuil figiúirí oifigiúla 2022 ar fáil go fóill, tá a fhios go bhfuil praghsanna mórdhíola fuinnimh daoirsithe go mór i mbliana agus táthar sealbhaithe de go ndaoirseoidh siad tuilleadh an chéad bhliain eile.

The Commission is recommending that people continue to switch to other companies to ensure they get their money’s worth.

Tá an Coimisiún ag moladh do dhaoine leanúint orthu ag athrú go dtí comhlachtaí eile lena chinntiú go bhfaighidh siad luach a gcuid airgid.

That or seek new terms from the company they currently have a contract with.

É sin nó téarmaí nua a lorg ar an gcomhlacht a bhfuil conradh acu leo faoi láthair.

In addition to all this, the Commission’s figures show that more customers were in arrears last year compared to 2020.

Ina theannta sin ar fad, léiríonn figiúirí an Choimisiúin go raibh riaráistí ar níos mó custaiméirí anuraidh i gcomórtas le 2020.

18% of gas customers and 13% of electricity customers were in arrears in 2021, an increase of 9% and 5% respectively from the previous year.

Bhí riaráistí ar 18 faoin gcéad de chustaiméirí gáis agus 13 faoin gcéad de chustaiméirí leictreachais in 2021, sin ardú 9 faoin gcéad agus ardú 5 faoin gcéad faoi seach ón mbliain roimhe sin.

912 customers had their electricity cut off and 503 customers had their gas cut off in 2021 because they did not pay their bills.

Gearradh leictreachas 912 custaiméir agus gearradh gás 503 custaiméir in 2021 de bharr nár íoc siad a gcuid billí.

That’s 1,373 and 534 respectively in 2020.

Sin le hais 1,373 agus 534 faoi seach in 2020.

New rules on power cuts introduced during the pandemic are said to have slowed the decline.

Rialacha nua maidir le gearradh cumhachta a tugadh isteach le linn na paindéime is siocair leis an laghdú, a deirtear.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gcwqewz

Contact: irishlingos@gmail.com

“Emergency departments of the country’s hospitals under the greatest pressure ever”.

“Rannóga éigeandála ospidéil na tíre faoin mbrú is mó riamh”.

The accident and emergency departments of the country’s hospitals are under the greatest pressure they have ever experienced, says a new report from the Health Information and Quality Authority.

Tá rannóga timpistí agus éigeandála ospidéil na tíre faoin mbrú is mó a bhí riamh orthu, a deirtear i dtuarascáil nua ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

As evidence of how bad things are, the report draws attention to the case of one patient in Limerick University Hospital who was waiting 116 hours for a bed – that’s almost five days.

Mar sholaoid ar chomh dona agus atá cúrsaí, tarraingítear aird sa tuarascáil ar chás othair amháin in Ospidéal Ollscoile Luimnigh a bhí ag fanacht 116 uair an chloig le leaba – sin beagnach cúig lá.

That is one of the worst cases, however, and the Authority says that it is rare for patients to wait more than 80 hours with a bed.

Sin ceann de na cásanna is measa, áfach, agus deir an tÚdarás gurb annamh othair ag fanacht níos mó ná 80 uair an chloig le leaba.

As with triage care, it is said that patients can wait between one and three and a half hours, although not often.

Mar le cúram triáiseála de, deirtear gur féidir le hothair a bheith ag fanacht idir uair agus trí huaire an chloig go leith, cé nach minic sin.

Triage care is a preliminary assessment of the patient’s needs and, of course, the patient’s health can deteriorate if there is too much delay, says the Authority.

Réamh-mheasúnú ar riachtanais an othair is ea cúram triáiseála agus, dar ndóigh, is féidir le sláinte an othair dul in olcas má bhíonn moill rómhór ann, a deir an tÚdarás.

To top it off, it is said, there are not enough beds – or indeed enough staff – to prevent the lack of community health services.

Mar bharr ar an donas, a deirtear, níl dóthain leapacha ann – ná dóthain foirne go deimhin – gan an easpa seirbhísí sláinte pobail a bhac.

The report is based on an inspection of seven accident and emergency departments, namely Cavan and Monaghan Hospital; University Hospital, Cork; Limerick University Hospital; Mayo University Hospital; Sligo University Hospital; Saint Michael’s Hospital, Dun Laoghaire; and St Vincent’s University Hospital, Dublin.

Tá an tuarascáil bunaithe ar chigireacht a rinneadh ar sheacht gcinn de rannóga timpistí agus éigeandála, mar atá, Ospidéal an Chabháin agus Mhuineacháin; Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh; Ospidéal Ollscoile Luimnigh; Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo; Ospidéal Ollscoile Shligigh; Ospidéal Naomh Micheál, Dún Laoghaire; agus Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath.

According to figures from the Irish Nurses and Midwives Association, 638 patients were waiting for a bed in hospitals across the country this morning.

De réir figiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, bhí 638 othar ag fanacht le leaba in ospidéil ar fud na tíre ar maidin inniu.

75 of them were at Limerick University Hospital; 68 were in University Hospital, Cork; 51 in Letterkenny University Hospital; and 47 in Tallaght University Hospital.

Is in Ospidéal Ollscoile Luimnigh a bhí 75 acu; bhí 68 in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh; 51 in Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn; agus 47 in Ospidéal Ollscoile Thamhlachta.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2emd4w5s

Contact: irishlingos@gmail.com

“Piercing cold…

“Fuacht polltach …

but there is little chance of a white Christmas”.

ach beag seans go dtiocfaidh an Nollaig bán”.

The temperature could drop to eleven degrees below freezing in parts of Ireland tonight, according to meteorologist Joanna Donnelly.

D’fhéadfadh an teocht titim go haon chéim déag faoi bhun an reophointe in áiteanna in Éirinn anocht, dar leis an meitéareolaí Joanna Donnelly.

He lived in the most isolated places in the coldest country.

Is sna háiteanna is scoite sa tír is fuaire a bheas sé.

In the base of the country, Joanna Donnelly said, the lowest temperature was seven degrees below freezing.

I mbunáite na tíre, a dúirt Joanna Donnelly, is seacht gcéim faoi bhun an reophointe is ísle a bheas an teocht.

Speaking on RTÉ, she indicated that the temperature could rise to the freezing point – or slightly below it – in the afternoon but that it would only be temporary.

Ag labhairt di ar RTÉ, thug sí le fios go bhféadfadh an teocht ardú go dtí an reophointe – nó beagán lena chois – san iarnóin ach nach mbeadh ann ach seal.

The temperature will drop again suddenly, she promised, especially as the day darkens.

Titfidh an teocht arís go tobann, a gheall sí, go háirithe le dorchú an lae.

The lowest temperature recorded at Cloncreamha weather station in Co Longford last night was 7.5 degrees below freezing, but it was two or three degrees warmer than that in most of the country.

7.5 céim faoi bhun an reophointe an teocht ab ísle a taifeadadh i stáisiún aimsire Chluain Creamha i gCo an Longfoirt aréir, ach bhí sé dhá nó trí chéim ní ba theo ná sin sa chuid is mó den tír.

An orange weather warning has been issued for nineteen counties and the warning will be in effect between 6 o’clock this evening and noon tomorrow.

Tá foláireamh flannbhuí aimsire tugtha do naoi gcontae dhéag agus beidh an foláireamh i bhfeidhm idir 6 a chlog tráthnóna agus meán lae amárach.

Joanna Donnelly also said that there is not much precipitation at the moment, apart from the red shower along the coast.

Dúirt Joanna Donnelly chomh maith nach bhfuil mórán frasaíochta ann faoi láthair, thar an gcorrchith cois cósta.

There is always a chance, she said, of a white Christmas but, on the whole, Ireland’s moderate climate is too kind to expect anything.

Tá seans ann i gcónaí, ar sí, go dtiocfaidh an Nollaig bán ach, tríd is tríd, tá aeráid mheasartha na hÉireann róchineálta le go mbeadh aon choinne leis.

A consultant geriatrician at the Mater Hospital in Dublin is petitioning the local authorities to spread more grin on pavements to save people from falling and breaking bones, especially the elderly.

Tá geiriatraí comhairleach in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath ag achainí ar na húdaráis áitiúla níos mó grin a leathadh ar chosáin le daoine a shábháil ar thitim agus bhriseadh cnámh, go háirithe seandaoine.

In addition to the health benefits, it would be a great relief for the hospitals, not to mention the Exchequer, said Dr Colm Byrne.

Chomh maith leis na buntáistí sláinte, faoiseamh mór do na hospidéil a bheadh ann, gan trácht ar an Státchiste, a dúirt an Dr Colm Byrne.

He indicated that each hip fracture costs the State approximately €11,700 – and even more if a person has to be transferred to a nursing home.

Thug sé le fios go gcosnaíonn gach briseadh cromáin thart ar €11,700 ar an Stát – agus tuilleadh fós má chaitear duine a chur in ionad altranais.

Dr Byrne said that elderly people also get hypothermia at this time of year due to their homes not being sufficiently heated.

Dúirt an Dr Byrne go dtagann hipteirme ar sheanóirí an tráth seo bliana freisin de bharr a dtithe gan a bheith sách téite.

He has already seen some unfortunate cases this winter, he said.

Tá roinnt cásanna truamhéalacha feicthe aige cheana féin an geimhreadh seo, arsa sé.

An orange weather alert has been issued for nineteen counties

Foláireamh flannbhuí aimsire tugtha do naoi gcontae dhéag

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2evduwp5

Contact: irishlingos@gmail.com

The European Union has been wary of Elon Musk.

Fainic curtha ag an Aontas Eorpach ar Elon Musk.

Elon Musk has been warned by the European Union after he suspended several journalists from Twitter.

Tá fainic curtha ag an Aontas Eorpach ar Elon Musk tar éis dó roinnt iriseoirí a chur ar fionraí ó Twitter.

The European Union says it could face sanctions under new media legislation, and that this suspension is worrying.

Deir an tAontas Eorpach go bhféadfaí smachtbhannaí a chur air faoi reachtaíocht nua faoi na meáin, agus gur díol imní é an fionraí seo.

Commissioner Very Jourova expressed this on Twitter herself, saying that she was concerned that journalists were being suspended ‘irregularly’ and that this was a violation of media freedom and fundamental rights.

Ar Twittter féin a chuir an coimisinéir Very Jourova é seo in iúl, á rá gur chuir sé imní uirthi go raibh iriseoirí ar fionraí ‘ go dírialta’ agus gur sárú é seo ar shaoirse na meán agus ar chearta bunúsacha.

Elon Musk could expect sanctions soon.

D’fhéadfadh Elon Musk bheith ag súil le smachtbhannaí go luath.

Twitter suspended the accounts of several well-known journalists after they wrote about the company’s new owner, Elon Musk.

Chuir Twitter cuntaisí roinnt iriseoirí aitheanta ar fionraí tar éis dóíbh scríobh faoi úinéir nua an chomhlachta, Elon Musk.

He said, in a tweet, that the ban on publishing personal information applied to everyone, including journalists.

Dúirt seisean, i tvuít, gur bhain an cosc ar eolas pearsanta a fhoilsiú le gach duine, iriseoirí san áireamh.

This is widely known as doxxing.

Doxxing an téarma a thugtar air seo go forleathan.

It was personal knowledge to publish information about the affairs of his private plane on social media, as the @elonjet account did.

An t-eolas pearsanta a bhí i gceist é faisnéis faoi chúrsaí a eilteáin phríobháidigh a fhoilsiú ar na meáin shóisialta, mar a rinne an cuntas @elonjet.

This is information published by the Federal Aviation Authority about the course of each private plane.

Faisnéis é seo a fhoilsíonn an Federal Aviation Authority faoi chúrsa gach eitleán príobháideach.

Musk accused the account of having his son’s car attacked as a result of this information being published.

Chuir Musk i leith an chuntais go ndearnadh ionsaí ar charr a mhic de bharr an eolais seo bheith foilsithe.

Other accounts were subsequently suspended although it does not appear that they published this information again.

Cuireadh cuntais eile ar fionraí ina dhiaidh sin cé nach léir gur fhoilsigh siadsan an fhaisnéis seo arís.

One of those is Kerry Donie O’Sullivan, who is a well-known CNN correspondent.

Ar dhuine díobh sin tá an Ciarraíoch Donie O’Sullivan, atá ina chomhfhreagraí aitheanta ag CNN.

The account of Mastodon, the social media company promoting itself as an alternative to Twitter, was also suspended.

Cuireadh cuntas Mastodon ar fionraí freisin, an comhlachct meán sóisialta atá á chur féin chun cinn mar rogha eile in ionad Twitter.

Musk said in April that he was buying Twitter to preserve and protect international freedom of speech.

Mhaigh Musk thiar mí Aibreáin go raibh sé ag ceannach Twitter le cead cainte idirnáisiúnta a chaomhnú agus a chosaint.

Shortly after taking over the company, he invited former President Trump back on stage.

Go gairid i ndiaidh dó dul i mbun an chomhlachta, thug sé cuireadh ar ais ar an árdán don iar-Uachtarán Trump.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2fctbm8l

Contact: irishlingos@gmail.com

Irish soldier killed in Lebanon, another injured.

Saighdiúir Éireannach maraithe sa Liobáin, duine eile gortaithe.

A soldier of the Irish Defense Forces was shot and killed and another soldier was seriously wounded while on peacekeeping duty with the United Nations Interim Force in Lebanon last night.

Lámhachadh agus maraíodh saighdiúir de chuid Óglaigh na hÉireann agus leonadh go han-dona saighdiúir eile agus iad ar dualgas síochána le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin aréir.

Single Soldier Seán Rooney, aged 24, from Newtown, Co Donegal, who was killed.

An Saighdiúir Singil Seán Rooney, 24 bliain d’aois, as an mBaile Nua, Co Dhún na nGall, an té a maraíodh.

Single Soldier Shane Kearney, 22 years old, from Cork is the one who was seriously injured.

Is é an Saighdiúir Singil Shane Kearney, 22 bliain, as Corcaigh an té a gortaíodh go dona.

The two were in one of two armored vehicles that were on their way to the Lebanese capital, Beirut, shortly after 9 o’clock Irish time last night.

Bhí an bheirt i gceann de dhá fheithicil armúrtha a bhí ar a mbealach go príomhchathair na Liobáine, Béiriút, go gairid tar éis 9 a chlog am na hÉireann aréir.

There were eight soldiers in the two armored vehicles – four each – when they were apparently ambushed near the village of Al-Aqbiya in the south of the country.

Ochtar saighdiúirí a bhí sa dá fheithicil armúrtha – ceathrar an ceann – nuair a rinneadh luíochán orthu, de réir dealraimh, cóngarach do shráidbhaile Al-Aqbiya i ndeisceart na tíre.

In addition to the soldier who was killed and the person who was seriously injured, two other soldiers sustained minor injuries.

Chomh maith leis an saighdiúir a maraíodh agus an duine a gortaíodh go dona, bhain mionghortuithe do bheirt saighdiúirí eile.

The three were initially treated at a hospital near the city of Sidon but have since been transferred to the United Nations Hospital.

Cuireadh cóir leighis ar an gcéad dul síos ar an triúr in ospidéal in aice le cathair Shiodóin ach aistríodh go hOspidéal na Náisiún Aontaithe iad ó shin.

It is understood that the attack took place in an area under the control of Hezbollah but a spokesman for that group claimed that it was a “mistake” and had nothing to do with it.

Tuigtear gur tharla an t-ionsaí i gceantar atá faoi smacht lucht Hezbollah ach mhaígh urlabhraí ón ngrúpa sin gur “míthapa” a bhí ann agus nach raibh aon bhaint acusan leis.

In a statement, the Chief of Staff of the Defense Forces of Ireland, Lieutenant-General Seán Clancy, said that the whole community is deeply disturbed by the bad news.

I ráiteas, dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, go bhfuil an chuallacht ar fad suaite go mór ag an drochscéala.

He indicated that a medical officer from the Defense Forces went to the hospital in Sidon to ensure that the injured soldiers received the best possible treatment.

Thug sé le fios go ndeachaigh oifigeach leighis ó Óglaigh na hÉireann chuig an ospidéal i Siodón lena chinntiú go gcuirfí an chóireáil ab fhearr agus ab fhéidir ar na saighdiúirí a gortaíodh.

He also assured that an inquiry into the attack would begin soon.

Dhearbhaigh sé chomh maith go gcuirfí tús gan mhoill le fiosrúchán maidir leis an ionsaí.

The Defense Forces said the soldiers in the armored vehicles belonged to the 121st Infantry Battalion of the United Nations Interim Force in Lebanon.

Dúirt Óglaigh na hÉireann gur bhain na saighdiúirí a bhí sna feithiclí armúrtha leis an 121ú Cathlán Coisithe i bhFórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin.

Seán Rooney was an Irish Cadet from 2019 and belonged to the 27th Infantry Battalion based in Dún MacAogáin in Dúndalgan, Co Louth.

Bhí Seán Rooney ina Óglach Éireann ó 2019 agus bhain sé leis an 27ú Cathlán Coisithe atá bunaithe i nDún Mhic Aogáin i nDún Dealgan, Co Lú.

In a statement, the President of Ireland, Michael D Higgins, said he deeply regretted the death of the soldier and expressed his condolences to his family and comrades.

I ráiteas, duirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins go mb’oth go mór leis bás an tsaighdiúra agus rinne sé comhbhrón lena theaghlach agus a chomrádaithe.

The Taoiseach, the Tánaiste and other politicians in Dáil Éireann also expressed their condolences to the soldier’s family.

Rinne an Taoiseach, an Tánaiste agus polaiteoirí eile i nDáil Éireann comhbhrón le muintir an tsaighdiúra chomh maith.

The Single Soldier Sean Rooney

An Saighdiúir Singil Seán Rooney

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2p7e7etm

Contact: irishlingos@gmail.com

Irish soldier killed in Lebanon, another injured.

Saighdiúir Éireannach maraithe sa Liobáin, duine eile gortaithe.

An Irish Defense Forces soldier was shot and killed and another soldier was seriously injured while on peacekeeping duty with the United Nations Interim Force in Lebanon last night.

Lámhachadh agus maraíodh saighdiúir de chuid Óglaigh na hÉireann agus leonadh go dona saighdiúir eile agus iad ar dualgas síochána le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin aréir.

The two were in one of two armored vehicles that were on their way to the Lebanese capital, Beirut, shortly after 9 o’clock Irish time last night.

Bhí an bheirt i gceann de dhá fheithicil armúrtha a bhí ar a mbealach go príomhchathair na Liobáine, Béiriút, go gairid tar éis 9 a chlog am na hÉireann aréir.

There were eight soldiers in the two armored vehicles – four each – when they were apparently ambushed near the village of Al-Aqbiya in the south of the country.

Ochtar saighdiúirí a bhí sa dá fheithicil armúrtha – ceathrar an ceann – nuair a rinneadh luíochán orthu, de réir dealraimh, cóngarach do shráidbhaile Al-Aqbiya i ndeisceart na tíre.

In addition to the soldier who was killed and the person who was seriously injured, two other soldiers sustained minor injuries.

Chomh maith leis an saighdiúir a maraíodh agus an duine a gortaíodh go dona, bhain mionghortuithe do bheirt saighdiúirí eile.

The three are being treated in a hospital near the city of Sidon.

Tá cóir leighis á cur ar an triúr in ospidéal in aice le cathair Shiodóin.

In a statement, the Chief of Staff of the Defense Forces of Ireland, Lieutenant-General Seán Clancy, said that the whole community is deeply disturbed by the bad news.

I ráiteas, dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, go bhfuil an chuallacht ar fad suaite go mór ag an drochscéala.

He indicated that a medical officer from the Defense Forces is in the hospital in Sidon to ensure that the injured soldiers receive the best possible treatment.

Thug sé le fios go bhfuil oifigeach leighis ó Óglaigh na hÉireann san ospidéal i Siodón lena chinntiú go gcuirfear an chóireáil is fearr agus is féidir ar na saighdiúirí a gortaíodh.

He also confirmed that an inquiry into the attack will begin soon.

Dhearbhaigh sé chomh maith go gcuirfear tús gan mhoill le fiosrúchán maidir leis an ionsaí.

The Defense Forces said the soldiers belonged to the 121st Infantry Battalion of the United Nations Interim Force in Lebanon.

Dúirt Óglaigh na hÉireann gur bhain na saighdiúirí leis an 121ú Cathlán Coisithe i bhFórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin.

It was said that the bad news has been shared with the families of the soldiers but that their names will not be given yet.

Dúradh go bhfuil an drochscéal ligthe le teaghlaigh na saighdiúirí ach nach dtabharfar a n- ainmneacha go fóill.

In a statement, the President of Ireland, Michael D Higgins, said he deeply regretted the death of the soldier and expressed his condolences to his family and comrades.

I ráiteas, duirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins go mb’oth go mór leis bás an tsaighdiúra agus rinne sé comhbhrón lena theaghlach agus a chomrádaithe.

The Taoiseach, the Tánaiste and other politicians in Dáil Éireann also expressed their condolences to the soldier’s family.

Rinne an Taoiseach, an Tánaiste agus polaiteoirí eile i nDáil Éireann comhbhrón le muintir an tsaighdiúra chomh maith.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2hd55rg3

Contact: irishlingos@gmail.com

Groundwater: “time to reform the EU ethics system”.

Uisce faoi thalamh: “thar am córas eitice an AE a leasú”.

The vast majority of the members in the European Parliament voted for the resolutions of the Greek member Eva Kaili to be removed from her position as the deputy president of the parliament in light of allegations of corruption being made against her.

Vótáil formhór mór na bhfeisirí i bParlaimint na hEorpa ar son rúin an feisire Gréagach Eva Kaili a chur as a post mar leasuachtarán na parlaiminte i bhfianaise líomhaintí faoi chaimiléireacht a bheith curtha ina leith.

625 members voted for the resolution, one voted against it and two others abstained.

625 feisire a vótáil ar son an rúin, vótáil duine ina aghaidh agus staon beirt eile.

Eva Kaili has already had other tasks in the previous parliament.

Tá cúraimí eile a bhí ar Eva Kaili sa pharlaimint roimhe seo bainte di cheana féin.

Eva Kaili is one of four people arrested by police in Belgium last weekend while investigating allegations of corruption in the European Parliament.

Tá Eva Kaili ar dhuine de cheathrar a ghabh póilíní sa Bheilg an deireadh seachtaine seo caite agus líomhaintí faoi éillitheacht i bParlaimint na hEorpa á bhfiosrú acu.

The story relates to reports that the State of Qatar gave bribes to certain people – both money and gifts – in the hope that those people would lobby on behalf of Qatar in the institutions of the European Union.

Baineann an scéal le tuairiscí gur thug Stát Chatar breabanna do dhaoine áirithe – idir airgead agus bhronntanais – le súil go ndéanfadh na daoine sin stocaireacht ar son Chatar i bhforais an Aontais Eorpaigh.

The residences of several members of parliament and people associated with them have been searched by the police since last Friday, and they have since confiscated a million euros in cash.

Tá áiteanna cónaithe roinnt feisirí parlaiminte agus daoine atá bainteach leo cuardaithe ag na póilíní ón Aoine seo caite, agus tá bordaithe ar mhilliún euro in airgead tirim coigistithe acu ó shin.

However, it was not said whether Eva Kaili’s residence was among them.

Ní dúradh, áfach, an raibh áras cónaithe Eva Kaili ina measc.

She and the other three are still in custody and are due to appear in court for a preliminary hearing tomorrow.

Tá sí féin agus an triúr eile fós faoi choinneáil agus tá siad le tabhairt os comhair cúirte le haghaidh réamhéisteachta amárach.

Yesterday, the president of the European Parliament Roberta Metsola claimed that she believed that underground water was being created and that an attempt was being made to undermine the European Union.

Inné, mhaígh uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola gur chreid sí go raibh uisce faoi thalamh á dhéanamh agus go rabhthas ag iarraidh an bonn a bhaint den Aontas Eorpach.

She promised to set up an internal inquiry into it.

Gheall sí fiosrúchán inmheánach ina thaobh a bhunú.

Eva Kaili’s lawyer has said that his client is not and had nothing to do with cheating.

Tá sé ráite ag dlíodóir Eva Kaili nach bhfuil agus nach raibh aon bhaint ag a chliant le caimiléireacht.

Eva Kaili visited Qatar shortly before the start of the Soccer World Cup in that country last month.

Thug Eva Kaili cuairt ar Chatar go gairid sular cuireadh tús le Corn Sacair an Domhain sa tír sin an mhí seo caite.

While she was there, she praised the country’s authorities for what they had done for workers’ rights.

Fad is a bhí sí ann, mhol sí údaráis na tíre faoina raibh déanta acu ar son cearta oibrithe.

The same praise came from her many times while speaking in the European Parliament.

Tháinig an moladh céanna uaithi go minic agus í ag labhairt i bParlaimint na hEorpa.

European Union Ombudsman Emily O’Reilly has indicated that the allegations of corruption show that the EU’s ethics system can be fundamentally reformed.

Tá sé tugtha le fios ag Ombudsman an Aontais Eorpaigh Emily O’Reilly go léiríonn na líomhaintí faoi éillitheacht gur mithid córas eitice an Aontais a leasú ó bhonn.

Speaking on RTÉ, she also claimed that the news did not surprise her.

Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh sí freisin nár chuir an scéal aon iontas uirthi.

She drew attention to a proposal made by the president of the European Commission, Ursula Von der Leyen, in 2019 to establish an independent ethics organization in the European Union, but not much – or very little – has been done about it since then, according to Emily O’Reilly.

Tharraing sí aird ar mholadh a rinne uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula Von der Leyen in 2019 eagraíocht neamhspleách eitice a bhunú san Aontas Eorpach, ach gan a bhurral – nó fíorbheagán – a bheith déanta ina thaobh ó shin, dar le Emily O’Reilly.

Eva Kaili

Eva Kaili

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2knjzwxm

Contact: irishlingos@gmail.com

Three young boys who fell into a lake in England have died.

Triúr buachaillí óga a thit i loch i Sasana tar éis bháis.

Police in England have confirmed that three young boys who fell into a lake near Birmingham yesterday have died in hospital.

Tá sé deimhnithe ag na póilíní i Sasana go bhfuil triúr buachaillí óga a thit i loch in aice le Birmingham inné tar éis bháis san ospidéal.

The fourth boy is said to be very ill.

Deirtear go bhfuil an ceathrú buachaill an-dona tinn.

It is understood that the boys were playing on the ice on the lake when he took it away.

Tuigtear go raibh na buachaillí ag súgradh ar an leac oighir ar an loch nuair a thug a thug sé uaidh.

The boys who were lost were aged eight, ten and eleven.

Ocht mbliana, deich mbliana agus aon bhliain déag a bhí na buachaillí a cailleadh.

The boy who is always in intensive care in the hospital is six years old.

Sé bliana atá an buachaillín atá faoi dhianchúram san ospidéal i gcónaí.

The lake is in the Babbs Mill park in the Kingshurst area near Solihull and people who were there at the time tried to help the boys.

I bpáirc Babbs Mill i gceantar Kingshurst in aice le Solihull atá an loch agus rinne daoine a bhí san áit ag an am iarracht teacht i gcabhair ar na buachaillí.

They were eventually pulled out of the water by the emergency services but by then they were very ill.

Ba iad na seirbhísí éigeandála a thug amach as an uisce iad ar deireadh ach bhí siad an-dona tinn faoin am sin.

It is understood that they suffered a heart attack when they fell into the devastatingly cold water.

Tuigtear gur bhain taom croí dóibh nuair a thit siad san uisce a bhí millteach fuar.

The temperature in the area at the time was around freezing.

Thart ar an reophointe a bhí an teocht sa cheantar ag an am.

Police are still searching the lake today following reports that six children were playing on the ice just before the disaster.

Tá na póilíní fós i mbun cuardaigh sa loch inniu i bhfianaise tuairiscí gur seisear páistí a bhí ag súgradh ar an leac oighir díreach sular tharla an tubaiste.

British Prime Minister Rishi Sunak has expressed his condolences to the families of the lost children.

Tá comhbhrón déanta ag Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak le muintreacha na bpáistí a cailleadh.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2p254yt4

Contact: irishlingos@gmail.com

Met Éireann: “the frost will not break for another four days”.

Met Éireann: “ní bhrisfidh an sioc go ceann ceithre lá eile”.

Met Éireann has warned people to drive with extreme care this morning as much of the country’s roads are icy.

Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann do dhaoine tiomáint go fíorchúramach ar maidin agus cuid mhór de bhóithre na tíre faoi reothalach.

In addition to the frost, there is poor visibility in places due to heavy fog.

Chomh maith leis an sioc, tá drochléargas in áiteanna mar gheall ar cheo trom.

The temperature was as low as five degrees below freezing at times during the night, and seven degrees below, in fact, for a while in Athenry in east Galway.

Bhí an teocht chomh híseal le cúig chéim faoi bhun an reophointe in amanna i gcaitheamh na hoíche, agus seacht gcéim faoina bhun, go deimhin, ar feadh scaithimh i mBaile Átha an Rí in oirthear na Gaillimhe.

Met Éireann says the frost will not break and there will be no snow today.

Deir Met Éireann nach mbrisfidh an sioc agus nach mbeidh aon choscairt ann inniu.

In fact, the severe weather will last for at least another four days, they say.

Go deimhin, mairfidh an aimsir chrua go ceann ceithre lá eile ar a laghad, a deir siad.

There will be snow, hail and sleet in places – especially along the coast – between now and Friday, not to mention the existing frost.

Beidh sneachta, clocha sneachta agus flichshneachta in áiteanna – cois cósta go háirithe – idir seo agus an Aoine, gan trácht ar an sioc atá ann cheana féin.

It is necessary, say the meteorologists, to be aware of black ice on paths and roads, and there is a risk, they say, that water pipes will burst and that the cold will damage car engines.

Ní mór, a deir na meitéareolaithe, a bheith san airdeall ar dhubhoighear ar chosáin agus ar bhóithre, agus tá baol ann, a deir siad, go bpléascfaidh píobáin uisce agus go ndéanfaidh an fuacht dochar d’innill charranna.

The community is also being asked to keep an eye on the elderly and other people who rely on their neighbors in times like this.

Táthar ag iarraidh ar an bpobal freisin súil a choinneáil ar sheandaoine agus ar dhaoine eile a bhíonn ag brath ar ghar na gcomharsan in aimsir den sórt seo.

Fortunately, the local authorities have placed limestone on main roads but the emergency services believe that they will have to come to the aid of many drivers before the weather worsens.

Ar an dea-uair, tá greanchloch curtha ar phríomhbhóithre ag na húdaráis áitiúla ach creideann na seirbhísí éigeandála go mbeidh orthu teacht i gcabhair ar neart tiománaithe sula mbiseoidh an aimsir.

Speaking on RTÉ, Housing Minister Darragh O’Brien said that the Government is using all the State’s resources to ensure that the schools remain open from now until the Christmas holidays and that public transport services are not disrupted.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go bhfuil leas á bhaint ag an Rialtas as acmhainní uile an Stáit lena chinntiú go bhfanfaidh na scoileanna ar oscailt as seo go saoire na Nollag agus nach gcuirfear as do sheirbhísí iompair phoiblí.

The National Emergency Coordination Group will meet today, and every day this week, to discuss the difficulties caused by the bad weather and to get ahead of some of them, if possible.

Tiocfaidh an Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí le chéile inniu, agus gach lá an tseachtain seo, lena bhfuil ann de dheacrachtaí de bharr na drochaimsire a phlé agus le teacht roimh chuid acu, más féidir.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2orhlu78

Contact: irishlingos@gmail.com

Beginning of the Uí Shíocháin era in Údarás na Gaeltachta.

Tús le ré Uí Shíocháin in Údarás na Gaeltachta.

Tomás Ó Síocháin began his term as Chief Executive of Údarás na Gaeltachta today.

Chuir Tomás Ó Síocháin tús inniu lena théarma ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta.

Tomás Ó Síocháin succeeds Micheál Ó hÉanaigh who was previously in that role.

Tagann Tomás Ó Síocháin i gcomharbacht ar Mhicheál Ó hÉanaigh a bhí sa ról sin roimhe.

O’Eanna’s term ended in August.

Tháinig deireadh le tréimhse Uí Éanaigh i mí Lúnasa.

Originally from County Clare, Tomás Ó Síocháin spent four years as Chief Executive of the Western Development Commission.

Ó Chontae an Chláir ó dhúchas, chaith Tomás Ó Síocháin ceithre mbliana ina Phríomhfheidhmeannach ar Choimisiún Forbartha an Iarthair.

He previously held management roles at the University of Galway.

Bhí rólanna bainistíochta aige in Ollscoil na Gaillimhe roimhe seo.

At the last meeting of this year’s Board of Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síochán began his work there as chief executive today.

Ag an gcruinniú deiridh den bhliain seo de chuid Bhord Údarás na Gaeltachta a chuir Tomás Ó Síochán tús inniu lena sheal oibre ansin mar phríomhfheidhmeannach.

Investment has been approved in proposals that will significantly increase employment in counties Galway, Donegal, Mayo and Kerry today.

Ceadaíodh infheistíocht i dtograí a chuirfidh go suntasach leis an bhfostaíocht i gcontaetha na Gaillimhe, Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí inniu.

The new jobs are being created in the manufacturing, audiovisual, food and beverage industries, and medical equipment industries, among others.

Tá na postanna nua á gcruthú in earnálacha na déantúsaíochta, an chlosamhairc, i dtionscail na bia agus dí, agus i dtionscail na bhfearas leighis, i measc earnálacha eile.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2zjnm7ev

Contact: irishlingos@gmail.com

Conservationists demanding the Lynx, farmers against it.

Lucht caomhnaithe ag éileamh an Lynx,feirmeoirí ina choinne.

Conservationists are demanding that the wild cat known as the Lynx be reintroduced in this country in order to control the number of deer.

Tá lucht caomhnaithe ag éileamh go ndéanfaí athbhunú sa tír seo ar an gcat fiáin ar a dtugtar an Lynx ar mhaithe le smacht a choimead ar líon na bhfianna.

Farmers are very much against the policy.

Tá feirmeoirí go mór i gcoinne an bheartais.

It is widely accepted that deer are causing significant damage to native forests.

Glactar leis go forleathan go bhfuil díobháil mhór á dhéanamh ag fianna do choillte dúchasacha.

However, farmers say they will oppose this attempt to reintroduce the Lynx, on the grounds that, in their opinion, the wild cat would attack their livestock.

Deir feirmeoirí áfach go gcuirfidh siad in aghaidh na hiarrachta seo maidir le hathbhunú an Lynx, ar an mbonn go ndéanfadh an cat fiáin sin slad, dar leo, ar a gcuid beostoic.

According to them, the Lynx would not only live on deer, but that it could also look for sheep and other farm animals for its meal.

Dar leo nach ar fhianna amháin a mhairfeadh an Lynx, ach go bhféadfadh sé caoirigh agus ainmhithe feirme nach iad a lorg freisin dá bhéile.

It is estimated that it has been over 1,300 years since the Lynx was last in Ireland.

Meastar go bhfuil ós cionn 1,300 bliain ann ó bhí an Lynx in Éirinn go deiridh.

Archaeological evidence has been found – bones in caves – and there is a strong echo of the wildcat in place names and in the storytelling tradition, where there are accounts of feral cats protecting underground courtyards and caves.

Tá fianaise seandálaiochta aimsithe – cnámha in uaimheanna – agus tá macalla láidir don gcat fiain le fáil i logainmneacha agus sa traidisiún scéalaíochta, áit a mbíonn cuntaisí ar chait allta agus iad ag cosaint liosanna agus uaimheanna faoi thalamh.

The wild cat Lynx

An cat fiáin Lynx

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2enoyyqd

Contact: irishlingos@gmail.com

Minister McConalogue calls for stricter laws for dogs.

An tAire McConalogue ag lorg dlíthe níos déine do mhadraí.

The Minister for Agriculture, Charlie McConalogue has written to other Government Ministers regarding the introduction of stricter laws to keep dogs under control.

Tá an tAire Talmhaíochta, Charlie McConalogue i ndiaidh scríobh ag Airí Rialtais eile i dtaca le dlíthe níos géire a thabhairt isteach chun madraí a choinneáil faoi smacht.

Several other State Ministries are responsible for these laws.

Tá roinnt Aireachtaí Stáit eile freagrach as na dlíthe seo.

Minister McConalogue says that it must be ensured that owners are responsible for their dogs.

Deir an tAire McConalogue go gcaithfear a chinntiú go mbeidh úinéirí freagrach as a gcuid madraí.

A 9-year-old boy in County Loch Garman was seriously injured last month when he was attacked by a dog.

Cuireadh droch-bhail ar bhuachaill óg 9 mbliana i gContaeLoch Garman an mhí seo caite nuair a d’ionsaigh madra é.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2fl2a38b

Contact: irishlingos@gmail.com

New contracts for consultant doctors.

Conarthaí nua do dhochtúirí comhairleacha.

The Government has given its blessing to new work contracts proposed by Health Minister Stephen Donnelly in relation to consultant doctors working in public hospitals.

Tá an Rialtas i ndiaidh beannacht a thabhairt do chonarthaí nua oibre a bhí molta ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly maidir le dochtúirí comhairleacha a bheadh ag obair sna hospidéil phoiblí.

Minister Donnelly now said that it would now be possible to employ more consultant doctors and accordingly provide a better service to the public.

Dúirt an tAire Donnelly anois go mbeifí in ann níos mó dochtúirí comhairleacha a fhostú anois agus dá réir seirbhís níos fearr a chur ar fáil don phobal.

He also said that this would help to reduce waiting lists in hospitals and that there would not be as much pressure in the accident and emergency units.

Dúirt sé freisin go gcuideodh sé seo le liostaí feithimh a laghdú sna hospidéil agus nach mbeadh an oiread céanna brú sna haonaid timpistí agus éigeandála.

However, the Association of Hospital Consultant Doctors (IHCA) has expressed concern that the number of doctors who will want to participate in this scheme will be low.

Tá imní léirithe ag Cónaidhm na nDochtúírí Comhairleacha Ospidéil (IHCA) áfach go mbeidh líon na ndochtúírí a dteastóidh uathu a bheith páirteach sa scéim seo, íseal.

The President of the Federation, Robert Landers said that long working hours are mentioned in the contracts and that additional doctors must be hired to share the hours.

Dúirt Uachtaráan na Cónaidhme,Robert Landers go bhfuil uaireanta fada oibre luaite leis na conarthaí agus go gcaithfí dochtúirí breise a fhostú leis na huaireanta a roinnt.

However, he also admitted that there were advantages to the scheme.

D’admhaigh sé freisin áfach go raibh buntáistí leis an scéim.

Between €209,000-€252,000 a year to be offered in these new contracts.

Idir €209,000-€252,000 sa bhliain atá le tairiscint sna conarthaí nua seo.

There are also allowances worth €38,000 per year.

Tá liúntais i gceist freisin ar fiú €38,000 in aghaidh na bliana iad.

It is understood that a 37-hour working week will be involved, which is hours longer than consultants currently work.

Tuigtear gur seachtain oibre 37 uair a’chloig a bheidh i gceist, sin uaireanta níos faide ná mar a oibríonn comhairleoirí faoi láthair.

It is also understood that they may have to work on Saturdays, a duty they did not have before.

Tuigtear freisin go bhféadfadh sé go mbeadh orthu oibriú ar an Satharn, dualgas nach raibh orthu roimhe seo.

Speaking on his way into the Government meeting this morning, Minister Donnelly said that these contracts would be offered to any new doctor coming into the system and that any doctor who already has a contract could join there.

Ag labhairt dó ar a bhealach isteach chuig an gcruinniú Rialtais ar maidin, dúirt an tAire Donnelly go mbeadh na conarthaí seo á dtairiscint d’aon dochtúir nua atá ag teacht isteach sa chóras agus go bhféadfadh aon dochtúir a bhfuil conradh acu cheana féin a bheidh páirteach ann.

The public system is currently short of 900 doctors.

Tá ganntan de 900 dochtúir ar an gcóras poiblí faoi láthair.

New contracts for consultant doctors

Conarthaí nua do dhochtúirí comhairleacha

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2g652pyf

Contact: irishlingos@gmail.com

A yellow warning has been issued by the Weather Office for this week.

Foláireamh buí eisithe ag Oifig na hAimsire don tseachtain seo.

The Met Office, Met Éireann, has warned that temperatures this week will drop to four degrees below freezing.

Tá foláireamh tugtha ag Oifig na hAimsire, Met Éireann, go dtitfidh an teocht an tseachtain seo go dtí ceithre chéim faoi bhun an reophointe.

There will be dangerous driving conditions across the country, given the severe weather.

Beidh dálaí contúirteacha tiomána ar fud na tíre, i bhfianaise an tseaca chrua.

They have issued a yellow weather warning in relation to the low temperature and an ice warning has also been issued.

Tá foláireamh buí aimsire eisithe acu i dtaca leis an teocht íseal agus rabhadh oighir tugtha freisin.

They will be in effect from 10pm Thursday until 10am Friday.

Beidh siad i bhfeidhm ó 10pm Déardaoin go dtí 10am dé hAoine.

The public has been asked to be on their guard in relation to elderly or vulnerable people who live around them.

Tá iarrtha ar an bpobal a bheith ar a n-airdeall maidir le daoine aosta nó leochailleacha atá ina gcónaí thart timpeall orthu.

Age Activism Ireland says some older people are worried about fuel bills and are at risk of being reluctant to turn on their heating.

Deir an t-eagras Aoisghníomhaíocht Éireann go bhfuil daoine aosta áirithe buartha faoi bhillí breosla agus go bhfuil an baol ann go mbeidh drogall orthu a dteas a chur ar siúl.

The organization reminded elderly people to check their bills, to ensure that they have received the allowances they are owed.

Chuir an t-eagras i gcuimhne go dhaoine aosta a mbillí a sheicéail, lena chinntiú go bhfuil na liúntais atá dlite dóibh faighte acu.

They also reminded them that they are entitled to apply for an additional allowance through their local social welfare office.

Mheabhraigh siad dóibh freisin go bhfuil siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar liúntas sa mbreis tríd a n-oifig leasa shóisialta áitiúil.

They also pointed out that a large proportion of the elderly population lives in houses with a low energy rating, F or G.

Thug siad le fios freisin go gcónaíonn sciar mhór den phobal scothaosta i dtithe a bhfuil rátáil íseal fuinnimh déanta orthu, F nó G.

And that in the case of those people, they are very dependent on fossil fuels, energy that is also extremely expensive at the moment, they say.

Agus gur i gcás na ndaoine sin, go bhfuil siad ag brath go mór ar bhreosaí iontaise, fuinneamh atá thar a bheith costasach faoi láthair freisin, a deir siad.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2n3dcql4

Contact: irishlingos@gmail.com

Thousands of cows stolen or missing according to exclusive information.

Na mílte bó goidte nó in easnamh de réir eolais eisiach.

New figures obtained by Nuacht TG4 from the Department of Agriculture show that the largest number of animals in the last 6 years have been registered as missing or stolen from farms.

Leiríonn figuirí nua atá faighte ag Nuacht TG4 ón Roinn Talmhaíochta go bhfuil an líon is mó ainmhithe le 6 bliana anuas cláraithe in easnamh nó goidte ó fheirmeacha.

Farmers in Laois, Kilkenny, Cork and Kerry have recently complained that animals have been stolen from them.

Le déanaí tá feirmeoirí i Laois, i gCill Chainnigh, i gCorcaigh agus i gCiarraí tar éis gearáin a dhéanamh go bhfuil ainmhithe goidte uatha.

In the last month 40 animals have been stolen from farmers.

Le mí anuas tá 40 ainmhí goidte ó fheirmeoirí.

One of them is Mary Jo Kissane, a 73-year-old widow from North Kerry.

Ar dhuine acu tá Mary Jo Kissane, baintreach 73 bliana d’aois as Ciarraí Thuaidh.

She says that 5 animals were stolen from her, worth €10,000 worth of stock, last week and Friday night.

Deir sise gur fuadaíodh 5 cinn de bheithigh uaithi, luach €10,000 stoic, seachtain is oíche Dé hAoine seo caite.

“I suspect they were taken for the black market.

“Is doigh liom go dtógadh iad don margadh dubh.

It’s because people are stealing stocks,” says Mary Jo Kissane.

Cathfaidh go bhfuil a leithéid ann toisc go bhfuil daoine ag goid stoic” a deir Mary Jo Kissane.

According to the law, it is not allowed to sell an animal to a market or to a meat factory without having an ear tag and having accurate and correct paperwork relating to them and their ownership since birth.

De réir an dlí níl cead ainmhí a dhíol ar mharglann ná le monarchan feola gan clib a bheith sa gcluais agus páipéarachas cruinn ceart a bheith ag baint leotha agus a n-únéireacht ó saolaíodh iad.

Accordingly, it would be very difficult to sell the animals that are stolen on the legitimate system.

Dá réir, bheadh sé an-deacair na h- ainmhithe a bhíonn goidte a dhíol ar an gcóras dlisteanach.

In the last few months the representatives of the farmers have been complaining that there is criminality outside the country, – intimidation and kidnapping out of control.

Le cúpla mí anuas tá ionadaithe na bhfeirmeoirí ag gearán go bhfuil coiriúlacht amuigh faoin tír, – imeaglú agus fuadach imithe ó smacht.

According to the figures we have received: In 2017 there were 825 registered animals missing or stolen.

De réir na bhfiguirí atá faighte againn: I 2017 bhí 825 ainmhí cláraithe in easnamh nó goidte.

In 2018 1,086 animals were involved.

I 2018 1,086 ainmhí a bhí i gceist.

In 2019 1,019 animals were registered, 1,078 in 2020 and 1,011 in 2021.

I 2019 cláraíodh 1,019 ainmhí, 1,078 i 2020 agus 1,011 i 2021.

So far this year, 1,331 animals have been registered as missing or stolen, the highest number in the past 6 years.

Go dtí seo i mbliana, 1,331 ainmhí a cláraíodh a bheith in easnamh nó goidte, an líon is airde le 6 bliana anuas.

Agriculture Minister Charlie McConalogue says the country has some of the strictest restrictions in the world on the meat that goes to the table.

Deir an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue go bhfuil cuid de na srianta is déine ar domhan i bhfeidhim sa tír maidir leis an bhfeoil a théann chun boird.

“Due to these strict restrictions, there is no question that meat from stolen animals could end up in the food chain”, said the Minister.

“De bharr na srianta daingeana sin, níl aon cheist go bhféadfadh feoil ó ainmhithe goidte a dhul sa bhia-shlabhra”, a dúirt an tAire.

But there is clearly some market for the animals that are being stolen.

Ach is léir go bhfuil margadh éigin ann do na h-ainmhithe atá á ngoid.

The Gardai have launched an investigation in more than one county and are urging the public or anyone with any information about who is carrying out the kidnapping to contact them.

Tá fiosruchán ar bun ag na Gardaí in níos mó ná contae amháin agus iad ag impí ar an bpobal nó éinne go mbeadh aon eolas acu faoi ché atá i mbun na fuadaíochta a dhul i dteangmháil leo.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2gc78vcg

Contact: irishlingos@gmail.com

“Up to 13,000 Ukrainian soldiers killed” – Civ.

“Suas le 13,000 saighdiúr de chuid na hÚcráine maraithe” – Cív.

Up to 13,000 Ukrainian soldiers have been killed in the fighting since Russia began its invasion of that country in February, an official in Kyiv said today.

Maraíodh suas le 13,000 saighdiúr de chuid na hÚcráine sa trodaíocht ó chuir an Rúis tús lena n-ionradh ar an tír sin i mí Feabhra, a dúirt oifigeach i gCív inniu.

“We have received official estimates, which show that between 10,000 and 13,000 soldiers have been lost”, said Mykhailo Podolyak, who is a senior adviser to the President of Ukraine, Volodymyr Zelensky.

“Tá meastúcháin oifigiúla faighte againn, a léiríonn gur idir 10,000 saighdiúr agus 13,000 atá caillte”, a dúirt Mykhailo Podolyak, atá mar chomhairleoir sinsearach d’Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky.

In June, during battles in the Lugansk region, President Zelensky said that up to 100 Ukrainian soldiers were being killed every day.

I mí an Mheithimh, le linn cathanna i réigiún Lugansk, dúirt an tUachtarán Zelensky go raibh suas le 100 saighdiúr de chuid na hÚcráine á marú gach lá.

Russian Defense Minister Sergei Shoigu said 5,937 Russian soldiers had been killed during the war so far.

Dúirt Aire Cosanta na Rúise, Sergei Shoigu, gur maraíodh 5,937 saighdiúr de chuid na Rúise le linn an chogaidh go nuige sin.

It has been attributed to the authorities – on both sides – that much more Ireland has been lost than they have indicated, but for the sake of the morale of the troops, they have publicly provided low estimates.

Tá sé curtha i leith na n-údarás – ar an dá thaobh – go bhfuil i bhfad Éireann níos mó caillte ná mar atá tugtha le fios acu, ach ar mhaithe le meanma na dtrúpaí, go bhfuil meastúcháin ísle curtha ar fáil go poiblí acu.

A US military expert, General Mark Milley, argued last month that up to 100,000 Russians had been killed or wounded in the fighting in the past seven months and, he said, the same amount of damage was likely to have been done. of Ukrainian forces.

D’áitigh saineolaí míleata de chuid na Stát Aontaithe, an Ginearál Mark Milley, an mhí seo caite gur maraíodh nó gur gortaíodh suas le 100,000 Rúiseach sa trodaíocht le seacht mí anuas agus is dócha, a dúirt sé, go bhfuil an méid dochair chéanna déanta d’fhórsaí na hÚcráine.

But that US estimate has not been independently confirmed.

Ach níl an meastúchán sin de chuid na Stát Aontaithe deimhnithe go neamhspleách.

Meanwhile, President Zelensky announced yesterday that sanctions will be imposed on religious organizations in Ukraine that are linked to Russia.

Idir an dá linn, thug an tUachtarán Zelensky le fios inné go gcuirfear smachtbhannaí ar eagrais reiligiúnacha san Úcráin a bhfuil baint acu leis an Rúis.

He also said in his speech last night that yesterday (December 1) exactly 31 years ago, the people of Ukraine voted for independence from the Soviet Union.

Dúirt sé ina óráid aréir freisin gur cothrom an lae inné (1 Nollaig) 31 bliain ó shin, gur vótáil muintir na hÚcráine ar son neamhspleáchais ón Aontas Soivéadach.

“We will not lose courage.

“Ní chaillfidh muid misneach.

We will be free forever.

Beidh muid saor go deo.

We will never again be a small stone in a big empire”, said President Zelensky.

Ní bheidh muid riamh arís mar chloch bheag in impireacht mhór”, a dúirt an tUachtarán Zelensky.

Earlier, the President of the United States, Joe Biden, and the President of France, Emmanuel Macron, said that Vladimir Putin would be brought to account for his invasion of Ukraine.

Níos túisce, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, agus Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, go dtabharfaí Vladimir Putin chun cuntais as an ionradh atá déanta aige ar an Úcráin.

But it has been accused by Russia of the United States and ECAT that they have entered the war and that the tension is worse as a result.

Ach tá sé curtha i leith na Stát Aontaithe agus ECAT ag an Rúis go bhfuil a ladar curtha isteach acu sa gcogadh agus go bhfuil an teannas níos measa dá bharr.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2l3424oc

Contact: irishlingos@gmail.com

Offered unpaid leave d

Saoire gan phá tairgthe d'fhostaithe Intel in Éirinn.

The Intel company has made an offer to its employees in Ireland that they will be allowed unpaid leave, if they themselves choose to apply for it.

Tá tairiscint curtha ar fáil ag an gcomhlacht Intel dá bhfostaithe in Éirinn go gceadófar saoire gan phá dóibh, má roghnaíonn siad féin iarratas a dhéanamh uirthi.

It is a voluntary scheme, the aim of which is to cut costs.

Scéim dheonach atá inti, arb í an aidhm atá léi ná costais a chiorrú.

It is understood that three months off without pay will be allowed and the offer has been made available to the majority of people working with Intel at the company’s manufacturing campus in Salmon Leap.

Tuigtear go gceadófar trí mhí saor gan phá agus tá an tairiscint curtha ar fáil d’fhórmhór na ndaoine atá ag obair le Intel ar champas déantúsaíochta an chomhlachta i Léim an Bhradáin.

5,000 people are employed by Intel in Ireland in total.

5,000 duine atá fostaithe ag Intel in Éirinn in iomlán.

In a statement, the company indicated that sustaining and developing its manufacturing operations and employees is a key element of its growth strategy.

I ráiteas, thug an comhlacht le fios gur gné lárnach dá stráitéis bhorrtha is ea é a chuid oibríochtaí agus fostaithe déantúsaíochta a chothú agus a fhorbairt.

But in the short term, costs must be cut.

Ach gur sa ghearrthréimhse, go gcaithfear costais a chiorrú.

On that basis, they are making this attractive offer – as they described it themselves – available to their employees.

Ar an mbonn sin, tá siad ag cur na tairisceana tarraingtí seo – mar a rinne siad féin cur síos uirthi – ar fáil dá bhfostaithe.

Intel manufacturing campus in Salmon Leap

Campas déantúsaíochta Intel i Léim an Bhradáin

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2nokksqp

Contact: irishlingos@gmail.com

€5bn collected in corporation tax last month..

€5bn bailithe i gcáin chorparáide an mhí seo caite..

€5bn euro was collected in corporation tax during November, according to the latest returns provided by the exchequer.

Bailíodh €5bn euro i gcáin chorparáide le linn mhí na Samhna, de réir na dtuairisceán is déanaí atá curtha ar fáil ón státchiste.

This represents the highest sum ever collected in one month.

In ionann sin agus an tsuim is airde riamh a bailíodh in aon mhí amháin.

The multinational company sector in Ireland is currently booming.

Tá earnáil na gcomhlachtaí ilnáisiúnta in Éirinn faoi bhláth faoi láthair.

The government indicated on budget day that it would aim to collect €21bn euros in corporation tax by the end of 2022.

Thug an rialtas le fios ar lá an bhuiséid go mbeadh sé mar sprioc go mbaileofaí €21bn euro i gcáin chorparáide faoi dheireadh 2022.

But given the €5bn raised last month, that target has already been exceeded.

Ach i bhfianaise an €5bn a bailíodh an mhí seo caite, tá an sprioc sin sáraithe cheana féin.

Corporation tax collected so far this year has risen by 56% compared to the same period last year.

Tá ardú 56 faoin gcéad tagtha ar an gcáin chorparáide atá bailithe go nuige seo i mbliana, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

In total, the government has collected €77.5bn euros so far this year, in various taxes.

In iomlán, tá €77.5bn euro bailithe ag an rialtas go dtí seo i mbliana, i gcánacha éagsúla.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2p4a485e

Contact: irishlingos@gmail.com

Von der Leyen: “Europe owes Ireland”.

Von der Leyen: “an Eoraip faoi chomaoin ag Éirinn”.

The President of the European Commission Ursula von der Leyen claimed that there would be no “hard border” in Ireland and she said that it was necessary to ensure that the single market continued to function north and south.

Mhaígh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen nach mbeadh aon “teorainn chrua” in Éirinn agus dúirt sí go gcaithfí a chinntiú go leanfadh an margadh aonair air ag feidhmiú thuaidh agus theas.

In a speech she gave to the Irish Dála Deputies and Senators this afternoon, Ursula von der Leyen indicated that Britain’s departure from the European Union would not prevent reconciliation in Ireland.

In óráid a thug sí uaithi faoi dhreich Theachtaí Dála agus Sheanadóirí Éireann tráthnóna, thug Ursula von der Leyen le fios nach gcuirfeadh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, nach gcuirfeadh sé bac leis an athmhuintearas in Éirinn.

She also promised that the European Union would uphold the Good Friday Agreement.

Gheall sí freisin go seasfadh an tAontas Eorpach le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Speaking from the seat of the Head of Council in Dáil Éireann, she suggested that if the State of Ireland and the European Union were on one side and Britain on the other, if they were happy with all the sensitive issues (related to Citizenship) to take into account, that a sound compromise could be reached.

Ag labhairt di ó ionad an Chinn Chomhairle i nDáil Éireann, thug sí le tuiscint dá mbeadh Stát na hÉireann agus an tAontas Eorpach ar thaobh amháin agus an Bhreatain ar an taobh eile, dá mbeidís sásta na ceisteanna íogaire ar fad (a bhaineann le Breatimeacht) a chur san áireamh, go bhféadfaí teacht ar chomhréiteach fónta.

Ursula von der Leyen also said that the contact she had so far with British Prime Minister Rishi Sunak, gave her courage for the time to come.

Dúirt Ursula von der Leyen freisin gur thug an teagmháil a bhí aici go dtí seo le Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak, gur thug sé misneach di faoin am atá le teacht.

Citing former SDLP leader John Hume as her authority, she claimed that the European Union was an institution that both helped and adopted people.

Agus iarcheannaire an SDLP John Hume á thabhairt mar údarás aici, mhaígh sí gur foras é an tAontas Eorpach a thug idir chúnamh agus uchtach do dhaoine.

She highly praised this country and said that “the other countries of Europe respect Ireland more than any other country.”

Mhol sí go hard an tír seo agus dúirt go bhfuil “an-mheas ag tíortha eile na hEorpa ar Éirinn thar aon tír eile.”

She continued to make a white mouth with us and claimed that we are “evangelical, faithful to our history, open and free-spirited in relation to our destiny.”

Lean sí uirthi ag déanamh an bhéil bháin linn agus mhaígh go bhfuilimid “soicheallach, dílís dár stair, oscailte agus saorbhreathach maidir lena bhfuil i ndán dúinn.”

“Europe is better with Ireland as part of it and, indeed, Europe owes Ireland,” she said.

“Is fearrde an Eoraip Éire mar chuid di agus, go deimhin, tá an Eoraip faoi chomaoin ag Éirinn,” ar sí.

However, there is no rose without a thorn, and Ursula von der Leyen also drew attention to our leadership, as she said.

Níl rós gan deilgín, áfach, agus tharraing Ursula von der Leyen aird chomh maith ar ár gceanndánacht, mar a dúirt sí.

As it happens, this characteristic, she said, is needed to support Ukraine and for Europe to become independent from Russian gas and oil.

Mar a tharlaíonn sé, teastaíonn an tréith seo, arsa sí, le tacú leis an Úcráin agus le gur féidir leis an Eoraip a bheith neamhspleách feasta ar ghás agus ola na Rúise.

Afterwards, she again praised “this green island” about the progress we have made in relation to wind energy.

Ina dhiaidh sin, mhol sí arís “an t-oileán glas seo” faoin dul chun cinn atá déanta againn maidir le fuinneamh gaoithe.

“Ireland is now a superpower in terms of wind energy,” said Ursula von der Leyen.

“Is ollchumhacht í Éire anois i dtaca le fuinneamh gaoithe de,” arsa Ursula von der Leyen.

It is estimated that 31% of the country’s electricity was generated from wind last year.

Áirítear gur ón ngaoth a gineadh 31 faoin gcéad de leictreachas na tíre anuraidh.

We are only advanced in the European Union only Denmark, it is said.

Níl chun cinn orainn san Aontas Eorpach ach an Danmhairg, a deirtear.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2l4sm9lt

Contact: irishlingos@gmail.com

“Let’s look again at the laws relating to certain dogs!”.

“Breathnóimis arís ar na dlíthe a bhaineann le madraí áirithe!”.

The legislation relating to certain types of dogs must be looked at again, said Taoiseach Micheál Martin.

Ní foláir breathnú arís ar an reachtaíocht a bhaineann le cineálacha áirithe madraí, a dúirt an Taoiseach Micheál Martin.

The story concerns the vicious attack by a ferocious dog on a nine-year-old boy in Co. Wexford last weekend.

Baineann an scéal leis an ionsaí fíochmhar a rinne madra drochmhianaigh ar bhuachaill naoi mbliana d’aois i gCo Loch Garman an deireadh seachtaine seo caite.

The dog that attacked the boy – Alejandro Mizsan – was a type of bull terrier while he was out playing with his friends in Enniscorthy last Sunday afternoon.

Cineál tarbh-bhrocaire a bhí sa mhadra a thug fogha faoin mbuachaill – Alejandro Mizsan – agus é ag amuigh ag súgradh in éineacht lena chairde in Inis Córthaidh tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite.

Fortunately, neighbors managed to pry the dog away from Alejandro but the poor boy was badly injured by then.

Ar ámharaí an tsaoil, d’éirigh le comharsana an madra a shracadh de Alejandro ach bhí an buachaill bocht loite go dona faoin am sin.

Speaking in the Dáil, the Taoiseach said he was thinking of the boy and his family.

Ag labhairt dó sa Dáil, dúirt an Taoiseach go raibh sé ag cuimhneamh ar an mbuachaill agus a mhuintir.

He indicated that everyone in Dáil Éireann was shocked – and also angry – because of what had happened.

Thug sé le fios go raibh gach duine i nDáil Éireann suaite – agus feargach freisin – de bharr ar tharla.

He also said that he did not understand why people had dangerous dogs.

Dúirt sé chomh maith nár thuig sé cén fáth a raibh madraí dainséaracha ag daoine.

The laws relating to those dogs must be looked at from the ground up again, he said.

Caithfear breathnú ó bhonn arís ar na dlíthe a bhaineann leis na madraí sin, arsa sé.

Micheál Martin was responding to Deputy Dála Alan Dillon from Fine Gael who said that 1,700 dogs attacked people in this country between 2016 and 2021, a significant increase from the previous five years.

Ag tabhairt freagra a bhí Micheál Martin ar an Teachta Dála Alan Dillon ó Fhine Gael a dúirt go ndearna madraí 1,700 ionsaí ar dhaoine sa tír seo idir 2016 agus 2021, ar ardú suntasach an méid sin ó na cúig bliana roimhe sin.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2fasnoq8

Contact: irishlingos@gmail.com

Concerned about bonuses removed from the banks.

Buarach bónais bainte de na bainc.

The Government has confirmed that the limits and other restrictions that were added to salaries and bonuses in the country’s banks during the financial crisis over ten years ago will be eased.

Tá sé deimhnithe ag an Rialtas go maolófar na teorainneacha agus srianta eile a cuireadh le tuarastail agus bónais i mbainc na tíre le linn na géarchéime airgeadais os cionn deich mbliana ó shin.

Finance Minister Paschal Donohoe presented the proposal to the Government today.

Is é an tAire Airgeadais Paschal Donohoe a chuir an moladh faoi bhráid an Rialtais inniu.

As a result of the decision to accept the proposal, banks will now be allowed to pay bonuses of up to €20,000 to their employees.

De thoradh an chinnidh glacadh leis an moladh, beidh cead feasta ag na bainc bónais suas le €20,000 a íoc lena bhfostaithe.

Restrictions on other benefits, such as health insurance and childcare, will also be lifted.

Cuirfear ar neamhní freisin na srianta a bhí ar shochair eile, leithéidí aráchais sláinte agus cúraim leanaí.

In the case of the Bank of Ireland, the €500,000 restriction on salaries will also be abolished.

I gcás Bhanc na hÉireann, cuirfear deireadh chomh maith leis an srian €500,000 ar thuarastail.

That’s because the State has no more stake in that bank.

Sin mar gheall nach bhfuil aon sciar níos mó ag an Stát sa bhanc sin.

When the State’s share in AIB and Permanent TSB is further reduced, the restriction on salaries in those banks will also be lifted.

Nuair a laghdófar tuilleadh sciar an Stáit in AIB agus Permanent TSB, cuirfear deireadh leis an srian ar thuarastail sna bainc sin leis.

The restrictions were introduced over a decade ago when the misconduct of some senior bankers came to light.

Tugadh na srianta isteach os cionn deich mbliana ó shin nuair a tháinig mí-iompar roinnt baincéirí sinsearacha chun solais.

For some time, however, the banks have been petitioning the Government to relax – or cancel – the restrictions on the basis that they cannot afford to compete with other top financial institutions.

Le tamall, áfach, tá na bainc ag achainí ar an Rialtas na srianta a mhaolú – nó a chealú – ar an mbonn nach bhfuil sé d’acmhainn acu dul in iomaíocht le forais airgeadais eile dá mbarr.

The State gave €64 billion to the banks to rescue them when the housing market collapsed over ten years ago.

Thug an Stát €64 billiún do na bainc lena dtarrtháil nuair a chlis an margadh tithíochta os cionn deich mbliana ó shin.

The Government’s policy is now to sell shares in financial institutions taken over by the State at that time.

Is é polasaí an Rialtais anois sciartha i bhforais airgeadais a thóg an Stáit ar láimh an tráth úd a dhíol.

The Financial Services Union welcomed the Government’s decision today and said ordinary bank workers would benefit from the easing of restrictions.

Chuir an ceardchumann Aontas Seirbhísí Airgeadais fáilte roimh chinneadh an Rialtais inniu agus dúirt go mbainfeadh gnáthoibrithe bainc sochar as na srianta a bheith maolaithe.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2za269j6

Contact: irishlingos@gmail.com

“More people are surviving invasive cancer now than ever”.

“Níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh”.

The Director of the National Cancer Registry said that more people are surviving invasive cancer now than ever before due to the improvement in medical treatment and also because the disease is detected earlier.

Dúirt Stiúrthóir na Clárlainne Náisiúnta Ailse go bhfuil níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh de bharr an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí cóireála leighis agus mar gheall, freisin, go n-aimsítear an galar níos luaithe.

Professor Deirdre Murray pointed out that the medical treatment that is now available has greatly increased the longevity of the human wizard.

Thug an tOllamh Deirdre Murray le fios go bhfuil an chóir leighis atá ar fáil anois tar éis cur go mór le fad saoil an draoi daoine.

On the contrary, however, poor people are always left behind, says Professor Murray.

Os a choinne sin, áfach, tá daoine bochta siar chun deiridh i gcónaí, arsa an tOllamh Murray.

According to the latest figures from the National Cancer Registry, the number of people who have survived cancer has risen by 50% in ten years.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón gClárlann Náisiúnta Ailse, tá an líon daoine a tháinig slán ó ailse ardaithe 50 faoin gcéad le deich mbliana.

For the first time ever, according to the statistics, there are over 200,000 people who have or have had cancer in their lives, that’s one in every 24 of the entire population of the State.

Den chéad uair riamh, de réir an staidrimh, tá os cionn 200,000 duine a bhfuil nó a raibh ailse orthu fós ina mbeatha, sin duine as gach 24 de dhaonra iomlán an Stáit.

Speaking on RTÉ, Professor Murray said that invasive cancer is the type of cancer that can spread from where it was first found to other parts of the body.

Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt an tOllamh Murray gurb é is ailse ionrach ann an cineál ailse a d’fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp.

She also confirmed that lung cancer is more than any other type of cancer and is the leading cause of death for patients.

Dhearbhaigh sí freisin gurb é an ailse scamhóg thar aon chineál ailse eile is mó is cionsiocair le hothair ag fáil bháis.

It is still not entirely clear, said Professor Murray, how the Covid-19 pandemic has affected cancer.

Níl sé iomlán soiléir fós, a dúirt an tOllamh Murray, cé mar a chuaigh an phaindéim covid 19 i gcion ar chúrsaí ailse.

Currently, she said, it appears that during the pandemic, not as many types of cancer were being diagnosed as before.

Faoi láthair, ar sí, dealraíonn sé nach raibh an oiread cineálacha ailse á ndiagnóisiú i gcaitheamh na paindéime agus a bhí roimhe.

It remains to be confirmed, however, whether there are more people in the final stages of the disease than before the pandemic.

Tá sé fós le deimhniú, áfach, an bhfuil níos mó daoine i gcéimeanna deiridh an ghalair ná a bhí roimh an bpaindéim.

The appropriate figures are still being investigated but it shows the importance of early screening.

Tá na figiúirí cuí fós á n- iniúchadh ach léiríonn sé, ar sí, an tábhacht a bhaineann le scagthástáil luath.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2k9re7qv

Contact: irishlingos@gmail.com

A meeting by two Government Ministers with the residents of East Port.

Cruinniú ag beirt Airí Rialtais le háitritheoirí an Phoirt Thoir.

Two Government Ministers – Paschal Donohoe and Roderic O’Gorman – had a meeting with the residents of Port East in the north of Dublin to discuss the dispute about providing accommodation for refugees in the area.

Bhí cruinniú ag beirt Airí Rialtais – Paschal Donohoe agus Roderic O’Gorman – le háitritheoirí an Phoirt Thoir i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath leis an gconspóid faoi chóiríocht a chur ar fáil do dhídeanaithe sa cheantar a phlé.

The refugees are taking up residence in the old Electricity Supply Board building on East Port Road.

Tá na dídeanaithe ag cur fúthu i seanfhoirgneamh Bhord Soláthair an Leictreachais ar Bhóthar an Phoirt Thoir.

There have been several demonstrations outside the building for a week.

Bhí roinnt léiristhe taobh amuigh den fhoirgneamh le seachtain.

Finance Minister Paschal Donohoe indicated that the residents raised important and sensitive questions in the meeting.

Thug an tAire Airgeadais Paschal Donohoe le fios gur thóg na háitritheoirí ceisteanna tábhachtacha agus cigilteacha sa chruinniú.

He said they expressed their concerns openly and tactfully and he promised them he would do his best to address the issue.

Dúirt sé gur chuir siad an imní a bhí orthu in iúl go hoscailte agus go stuama agus gur gheall sé dóibh go ndéanfadh sé a dhícheall dul i ngleic leis an gceist.

The spokesman for the Minister for Integration Roderic O’Gorman said that he gave an account to the residents in the meeting on the Government’s policy to make use of old buildings to provide accommodation for refugees.

Dúirt urlabhraí an Aire Lánpháirtíochta Roderic O’Gorman gur thug seisean cuntas do na háitritheoirí sa chruinniú ar pholasaí an Rialtais leas a bhaint as seanfhoirgnimh le cóiríocht a chur ar fáil do dhídeanaithe.

He also informed them, it was said, of the supports that are being offered to the community of the area (to handle the change among them).

Thug sé eolas dóibh freisin, a dúradh, ar na tacaíochtaí atá á dtairiscint do phobal an cheantair (chun an t-athrú ina measc a láimhseáil).

Earlier today, Garda Commissioner Drew Harris said Gardaí were monitoring what people were posting online in relation to the controversy.

Níos túisce inniu, dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go raibh na Gardaí ag coinneáil súil ar a bhfuil á fhoilsiú ar líne ag daoine maidir leis an gconspóid.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2qz4g9sy

Contact: irishlingos@gmail.com

Official seal added to the Celtic connector.

Séala oifigiúil curtha leis an idirnascaire Ceilteach.

In Paris this morning, the agreement between Ireland and France about the power cable to be extended under the sea between the two countries was officially sealed.

I bPáras ar maidin inniu, cuireadh séala oifigiúil leis an gcomhaontú idir Éire agus an Fhrainc faoin gcábla cumhachta atá le síneadh faoin muir idir an dá thír.

The Celtic interconnector is the name of this major project since the cable stretches between Knockrath in Cork and Ar Merzer in Brittany.

An t-idirnascaire Ceilteach atá baiste ar an mórthogra seo ós idir Cnoc Rátha i gCorcaigh agus Ar Merzer sa Bhriotáin a bheas an cábla ag síneadh.

The interconnector has been planned since 2016 and in the Irish Embassy in Paris this morning, Climate Minister Éamon Ryan and the French Minister of Energy added their names to the final arrangements regarding its financing and construction.

Tá an t-idirnascaire á bheartú ó 2016 agus in Ambasáid na hÉireann i bPáras ar maidin, chuir an tAire Aeráide Éamon Ryan agus Aire Fuinnimh na Fraince a n- ainmneacha leis na socruithe deireanacha maidir lena mhaoiniú agus a thógáil.

Taoiseach Micheál Martin was also present at the ceremony in the embassy.

Bhí an Taoiseach Micheál Martin i láthair ag an searmanas san ambasáid chomh maith.

The Taoiseach confirmed that construction work will begin next year.

Dhearbhaigh an Taoiseach go gcuirfear tús leis an obair thógála an bhliain seo chugainn.

Minister Ryan said the proposal is part of a “renewable energy revolution” and will result in cheaper electricity charges.

Dúirt an tAire Ryan gur cuid de “réabhlóid fuinnimh in- athnuaite” an togra agus go mbeidh táillí leictreachais níos saoire dá bharr.

The submarine cable will have a capacity of 700 megawatts of electricity which will have the capacity to supply power to 450,000 homes between the two countries.

Toilleadh 700 meigeavata leictreachais a bheas sa chábla fomhuirí a mbeidh sé d’acmhainn aige cumhacht a sholáthar do 450,000 teach idir an dá thír.

€1.3 billion has been allocated under the estimated cost of the project – which is a public private partnership – but it seems that around €1.6 billion will be needed in the end.

€1.3 billiún atá lamháilte faoi thuairim chostas an togra – ar comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é – ach is cosúil gur thart ar €1.6 billiún a bheas ag teastáil ar deireadh.

It is estimated that the interconnector will be operational by the year 2026.

Meastar go mbeidh an t-idirnascaire ag feidhmiú faoin mbliain 2026.

View Details

Original Podcast with clickable words

https://tinyurl.com/2puwsbsc

Contact: irishlingos@gmail.com

11,397 people in emergency accommodation, the largest number ever.

11,397 duine i lóistín éigeandála, an líon is mó riamh.

11,397 people were in emergency accommodation last month, which is the highest number ever recorded in the State.

11,397 duine a bhí ag baint fúthu i lóistín éigeandála an mhí seo caite, sin an líon is mó a taifeadadh riamh sa Stát.

It is a 1.6% increase from the previous month, when 10,975 people were living in emergency accommodation.

Is ardú 1.6 faoin gcéad é ón mí roimhe sin, tráth a raibh 10,975 duine ina gcónaí i lóistín éigeandála.

According to the latest figures from the Department of Housing, emergency accommodation was provided to 7,917 adults and 1,601 families – including 3,480 children – in various parts of the country in October.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta, cuireadh cóiríocht éigeandála ar fáil do 7,917 duine fásta agus 1,601 teaghlach – 3,480 leanbh ina measc – in áiteanna éagsúla ar fud na tíre i mí Dheireadh Fómhair.

David Carroll from housing charity Depaul said it was no longer surprising – or even shocking – that the figures were rising every month.

Dúirt David Carroll ón gcarthanas tithíochta Depaul nach údar iontais – ná fiú údar scéine – níos mó na figiúirí a bheith ag ardú gach mí.

However, it is regrettable, he said, and there should be no acceptance of that amount of people being in relation to emergency accommodation.

Is údar aiféala é mar sin féin, ar sé, agus níor chóir go mbeadh aon ghlacadh leis an méid sin daoine a bheith i dtaobh le cóiríocht éigeandála.

According to him as well, the easing of the housing crisis during the Covid-19 pandemic was only a shift, a shift that made people feel bad.

Dar leis chomh maith nach raibh sa mhaolú ar an ngéarchéim lóistín le linn na paindéime covid 19 ach seal, ar seal é a chuir cluain ar dhaoine.

A review and fundamental change of the State’s objectives and structures in relation to social housing is now needed, said Cerballach.

Athbhreithniú agus athrú ó bhonn ar chuspóirí agus struchtúir an Stáit maidir le tithíocht shóisialta a theastaíonn anois, arsa an Cearbhallach.

State agencies must now prioritize social housing – above any other type of housing – when looking at supply issues, he said.

Ní mór do ghníomhaireachtaí Stáit tús áite a thabhairt feasta do thithíocht shóisialta – thar aon chineál eile tithíochta – agus iad ag breathnú ar chúrsaí soláthair, a dúirt sé.

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2egwbu6p Contact: irishlingos@gmail.com The Russian attack on Ukraine’s infrastructure is a “war crime”. “Coir chogaidh” is ea slad na Rúiseach ar bhonneagar na hÚcráine. Taoiseach Micheál Martin said that Russia’s latest missile attacks on Ukrainian civilian infrastructure are a war crime. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur coir chogaidh atá … Continue reading "20221125_IRISH_coir_chogaidh_is_ea_slad_na_ruiseach_ar_bhonneagar_na_hucraine"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2l3ksgmo Contact: irishlingos@gmail.com The second flock of turkeys in Monaghan caught bird flu. An fliú éanúil tolgtha ag an dara healta turcaithe i Muineachán. A second flock of turkeys in Co Monaghan has been infected with bird flu. Tá an fliú éanúil tolgtha ag an dara healta turcaithe i gCo … Continue reading "20221124_IRISH_an_fliu_eanuil_tolgtha_ag_an_dara_healta_turcaithe_i_muineachan"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2lq5whyw Contact: irishlingos@gmail.com A ban on the sale of vapor cigarettes to young people. Cosc le cur ar ghaltoitíní a dhíol le daoine óga. Health Minister Stephen Donnelly’s proposal to ban the sale of vaping to people under the age of eighteen is to be discussed at a Government meeting … Continue reading "20221123_IRISH_cosc_le_cur_ar_ghaltoitini_a_dhiol_le_daoine_oga"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2jydz9dt Contact: irishlingos@gmail.com Intantino scorning Europeans who throw down Qatar. Intantino ag sciolladh ar Eorpaigh a chaitheann anuas ar Chatar. FIFA president Gianni Infantino lashed out at Europeans who are critical of Qatar, a day before the World Cup kicks off there. Rinne uachtarán FIFA Gianni Infantino sciolladh ar Eorpaigh … Continue reading "20221121_IRISH_intantino_ag_sciolladh_ar_eorpaigh_a_chaitheann_anuas_ar_chatar"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2go5ouv4 Contact: irishlingos@gmail.com Ard-Feis Fine Gael up today. Ard-Fheis Fhine Gael ar bun inniu. Fine Gael members are meeting in Athlone today for the party’s General Assembly. Tá baill Fhine Gael ag teacht le chéile i mBaile Átha Luain inniu d’Ard-Fheis an pháirtí. An Tánaiste Leo Varadkar will give the … Continue reading "20221120_IRISH_ard-fheis_fhine_gael_ar_bun_inniu"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2zy4sr5j Contact: irishlingos@gmail.com Still divided between poor countries Deighilt go fóill idir tíortha bochta & tíortha saibhre ag COP22. On the last day of the United Nations Conference on Climate Change – or COP22 as it is better known – in Egypt, it is understood that some of the major … Continue reading "20221119_IRISH_deighilt_go_foill_idir_tiortha_bochta_&_tiortha_saibhre_ag_cop22"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2nb4vu5u Contact: irishlingos@gmail.com Twitter offices in DAC and around the world are temporarily closed. Oifigí Twitter i mBÁC agus ar fud an domhain dúnta go sealadach. Twitter offices in Dublin and around the world are temporarily closed due to the number of workers who have chosen to quit their jobs. … Continue reading "20221118_IRISH_oifigi_twitter_i_mbac_agus_ar_fud_an_domhain_dunta_go_sealadach"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2o997cva Contact: irishlingos@gmail.com The Taoiseach has been banned from entering Russia. Toirmeasc curtha ar an Taoiseach dul isteach sa Rúis. The Russian Government has banned Taoiseach Micheál Martin from entering that country in retaliation for the sanctions imposed by the European Union on Russia. Tá toirmeasc curtha ag Rialtas na … Continue reading "20221117_IRISH_toirmeasc_curtha_ar_an_taoiseach_dul_isteach_sa_ruis"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2b25klnk Contact: irishlingos@gmail.com “A missile fired at Poland is believed to be from Russia”. “Is éadóigh gur ón Rúis a scaoileadh diúracán leis an bPolainn”. The President of the United States, Joe Biden, has indicated that the missile that exploded in a village in eastern Poland yesterday evening and killed … Continue reading "20221116_IRISH_is_eadoigh_gur_on_ruis_a_scaoileadh_diuracan_leis_an_bpolainn"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24ar88ve Contact: irishlingos@gmail.com G20: world leaders no word on the war in Ukraine. G20: ceannairí domhanda ar aon fhocal faoin gcogadh san Úcráin. At the G20 summit in Bali, Indonesia, international leaders are joining together to urge Russia to end the war in Ukraine. Ag cruinniú mullaigh thíortha an G20 … Continue reading "20221115_IRISH_g20:_ceannairi_domhanda_ar_aon_fhocal_faoin_gcogadh_san_ucrain"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xo8wugo Contact: irishlingos@gmail.com Bird Flu on a farm in County Monaghan. Fliú na nÉan ar fheirm i gContaeMhuineachán. Tests carried out on a turkey farm in County Monaghan show that some of the birds there have contracted the H5N1 or Bird Flu. Léiríonn tástálacha atá déanta ar fheirm turcaithe i … Continue reading "20221114_IRISH_fliu_na_nean_ar_fheirm_i_gco.mhuineachan"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2gsr3e5h Contact: irishlingos@gmail.com Happy Ballinagarty and turbines thrown in trapezes. Béal Átha an Ghaorthaidh sona agus tuirbíní caite i dtraipisí. The Gaeltacht community has been celebrating since the Bord Pleanála announced that they are withdrawing from a situation involving the siting of a wind turbine farm in Gugán Barra in … Continue reading "20221007_IRISH_beal_atha_an_ghaorthaidh_sona_agus_tuirbini_caite_i_dtraipisi"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2lnnlctd Contact: irishlingos@gmail.com Irishman killed in action in Ukraine. Éireannach maraithe le linn trodaíochta san Úcráin. The family of Rory Mason from Dunboyne in County Meath have confirmed that he was killed while fighting in the Ukraine. Tá sé deimhnithe ag teaghlach Rory Mason ó Dhún Búinne i gContae na … Continue reading "20221006_IRISH_eireannach_maraithe_le_linn_trodaiochta_san_ucrain"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2fyuxufj Contact: irishlingos@gmail.com An achievement made by Galway’s Damian Browne across the Atlantic. Éacht déanta ag Damian Browne na Gaillimhe trasna an Atlantaigh. Former Rugby player Damian Browne from the city of Galway is the first person ever to make the grueling journey from New York to Galway in a … Continue reading "20221005_IRISH_eacht_deanta_ag_damian_browne_na_gaillimhe_trasna_an_atlantaigh"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2kpshfra Contact: irishlingos@gmail.com Man to be tried for killing a Garda in 2020. Fear le cur ar a thriail faoi Gharda a mharú i 2020. A 46-year-old man is due to go on trial before the end of the week for the murder of Detective Colm Horkan at Castlerea in … Continue reading "20221004_IRISH_fear_le_cur_ar_a_thriail_faoi_gharda_a_mharu_i_2020"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ew7yytq Contact: irishlingos@gmail.com Russia has taken possession of four regions in Ukraine. Seilbh glactha ag an Rúis ar cheithre réigiún san Úcráin. The President of Russia, Vladimir Putin, announced in Moscow today that Russia has taken possession of four regions in Ukraine. D’fhógair Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, i Moscó … Continue reading "20221003_IRISH_seilbh_glactha_ag_an_ruis_ar_cheithre_reigiun_san_ucrain"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2k76vyqj Contact: irishlingos@gmail.com “The HSE should spend €657m on cyber security”. “Ba chóir don HSE €657m a chaitheamh ar chibirshlándáil”. It has been said in a report by the Comptroller and Auditor General that the Health Service Executive will have to spend €657 over the next seven years to improve … Continue reading "20221002_IRISH_ba_choir_don_hse_€657m_a_chaitheamh_ar_chibirshlandail"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ksqvnjr Contact: irishlingos@gmail.com “The conflict is worse now than it has ever been” – NATO. “Tá an choimhlint níos measa anois ná mar a bhí sé riamh” – NATO. NATO has said the conflict between Russia and Ukraine is now worse than at any time since the start of the … Continue reading "20221001_IRISH_ta_an_choimhlint_nios_measa_anois_na_mar_a_bhi_se_riamh_-_nato"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2zrojr9z Contact: irishlingos@gmail.com European Union energy ministers to meet today. Airí fuinnimh an Aontais Eorpaigh le bualadh lena chéile inniu. The European Union’s energy ministers are to meet today to discuss the crisis in that sector. Tá airí fuinnimh an Aontais Eorpaigh le bualadh lena chéile inniu chun plé a … Continue reading "20220930_IRISH_airi_fuinnimh_an_aontais_eorpaigh_le_bualadh_lena_cheile_inniu"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2p4adjta Contact: irishlingos@gmail.com Ian’s sparrow has landed in Florida. Spéirling Ian tagtha i dtír i Florida. The people of Florida on the east coast of America were preparing today for major floods and Ian’s skyrocket has landed there. Bhí muintir Florida ar chósta thoir Mheiriceá ag ullmhú inniu do thuilte … Continue reading "20220929_IRISH_speirling_ian_tagtha_i_dtir_i_florida"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2oze4qpv Contact: irishlingos@gmail.com Florida is preparing for flooding and a thunderstorm is on its way. Florida ag ullmhú do thuilte agus spéirling ar a slí. The people of Florida on the east coast of America are preparing for major floods as Ian skyrockets the State. Tá muintir Florida ar chósta … Continue reading "20220928_IRISH_florida_ag_ullmhu_do_thuilte_agus_speirling_ar_a_sli"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2kb7hx7g Contact: irishlingos@gmail.com Budget 2023 to be announced in the Dáil this afternoon. Buiséad 2023 le fógairt sa Dáil san iarnóin inniu. Later today the Government will officially announce the 2023 Budget. Níos deireanaí inniu fógróidh an Rialtas go hoifigiúil Buiséad 2023. The budget was finalized last night which if … Continue reading "20220927_IRISH_buisead_2023_le_fogairt_sa_dail_san_iarnoin_inniu"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ppnjppx Contact: irishlingos@gmail.com Germany diesel and gas deal with Arab Emirates. Socrú díosail agus gáis ag an Ghearmáin le hÉimírtigh Arabacha. The United Arab Emirates has struck an “energy security” deal with Germany to supply them with diesel and liquefied natural gas, at a time when the Berlin government is … Continue reading "20220926_IRISH_socru_diosail_agus_gais_ag_an_ghearmain_le_heimirtigh_arabacha"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2pv67bka Contact: irishlingos@gmail.com “Russia should not be on the UN Security Council”. “Níor chóir don Rúis a bheith ar Chomhairle Slándála na NA”. Taoiseach Micheál Martin said that Russia should lose its permanent seat on the United Nations Security Council in light of its invasion of Ukraine. Dúirt an Taoiseach … Continue reading "20220924_IRISH_nior_choir_don_ruis_a_bheith_ar_chomhairle_slandala_na_na"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2llpuw2b Contact: irishlingos@gmail.com Russians fleeing to the border to escape conscription. Rúisigh ag teitheadh chun teorann ag éalú ón gcoinscríobh. Ukraine, Europe and the whole world are in search of peace and for that, Russia and its leader must be punished appropriately. Tá an Úcráin, an Eoraip agus an domhan … Continue reading "20220923_IRISH_ruisigh_ag_teitheadh_chun_teorann_ag_ealu_on_gcoinscriobh"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2p7p98gk Contact: irishlingos@gmail.com An increase in school pupils’ exemptions from Irish has been sharply criticized. Ardú ar dhíolúití daltaí scoile ón nGaeilge cáinte go géar. There is an urgent need for a policy for the Irish language in the education system from pre-school to the 3rd level. Tá géarghá le … Continue reading "20220922_IRISH_ardu_ar_dhioluiti_daltai_scoile_on_ngaeilge_cainte_go_gear"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2f7upreo Contact: irishlingos@gmail.com Lisa Cash, Christy Lisa Cash, Christy & Chelsea Cawley curtha i gcré na cille. The funeral Mass for Lisa Cash, and Christy and Chelsea Calwey was held in Tallaght this morning. Reachtáileadh Aifreann na sochraide do Lisa Cash, agus Christy agus Chelsea Calwey i dTamhlacht ar maidin … Continue reading "20220910_IRISH_lisa_cash,_christy_&_chelsea_cawley_curtha_i_gcre_na_cille"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2kdgfhtx Contact: irishlingos@gmail.com Queen of England after death. Banríon Shasana tar éis bháis. Queen Elizabeth of England has died. Tá Banríon Eilís Shasana tar éis bháis. Her death was announced around 6.30 in the evening. Fógraíodh a bás thart ar 6.30 tráthnóna. Great concern has been expressed about Queen Elizabeth’s … Continue reading "20220909_IRISH_banrion_shasana_tar_eis_bhais"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ljhy2tl Contact: irishlingos@gmail.com Interest rates to go up again today, it is thought. Rátaí úis le dul in airde arís inniu,ceaptar. Interest rates could rise by up to 3/4 of 1% today after the meeting of the Governing Council of the European Central Bank. D’fhéadfadh sé go n-ardódh rátaí úis … Continue reading "20220908_IRISH_ratai_uis_le_dul_in_airde_aris_inniu,ceaptar"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2g2jqsor Contact: irishlingos@gmail.com Man accused of murdering three people in Tallaght. Fear cúisithe i ndúnmharú triúir i dTamhlacht. A 24-year-old man has been remanded in custody accused of murdering his two sisters and brother in Tallaght last Sunday morning. Tá fear 24 bliain d’aois curtha siar faoi choiméad agus é … Continue reading "20220907_IRISH_fear_cuisithe_i_ndunmharu_triuir_i_dtamhlacht"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2mlvam22 Contact: irishlingos@gmail.com Big rise in gas prices in Europe this morning. Ardú mór ar phraghasanna gáis san Eoraip ar maidin. This morning there was a big rise in gas prices in Europe. Maidin inniu tháinig ardú mór ar phraghasanna gáis san Eoraip. This happened when Russia announced that the … Continue reading "20220906_IRISH_ardu_mor_ar_phraghasanna_gais_san_eoraip_ar_maidin"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2m4clqeb Contact: irishlingos@gmail.com A man is still being questioned about the murder of 3 young people in Tallaght. Fear fós á cheistiú faoi dhúnmharú 3 daoine óga i dTamhlacht. Gardai in Dublin are still questioning a man as part of their murder inquiries. Tá na Gardaí i mBaile Átha Cliath … Continue reading "20220905_IRISH_fear_fos_a_cheistiu_faoi_dhunmharu_3_daoine_oga_i_dtamhlacht"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2j2erv6b Contact: irishlingos@gmail.com Heartbreak and sadness after the death of the young rider in Kerry. Briseadh croí agus brón tar éis bhás an mharcaigh óíg i gCiarraí. Tributes are being widely paid to 13-year-old Jack de Bromhead who died in a horse-riding accident at Glenbeith in County Kerry yesterday afternoon. … Continue reading "20220904_IRISH_briseadh_croi_agus_bron_tar_eis_bhas_an_mharcaigh_oig_i_gciarrai"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2jxt6k9r Contact: irishlingos@gmail.com The inflation rate in the Eurozone at 9.1%. An ráta boilscithe i limistéar an Euro ag 9.1 faoin gcéad . New preliminary figures from Eurostat, the statistics agency of the European Union, show that the inflation rate in the euro area reached its highest rate yet in … Continue reading "20220903_IRISH_an_rata_boilscithe_i_limistear_an_euro_ag_9.1%"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2qdae7sc Contact: irishlingos@gmail.com The Minister of Health has failed to register a place of residence with the RTB. Teipthe ar an Aire Sláinte áit chónaithe a chlárú leis an RTB. Health Minister Stephen Donnelly has confirmed that he has failed to register a residence he has let out with the … Continue reading "20220901_IRISH_teipthe_ar_an_aire_slainte_ait_chonaithe_a_chlaru_leis_an_rtb"

View Details

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2zxdtlxt Contact: irishlingos@gmail.com Many students still left without a place on a school bus. Daltaí go leor fágtha fós gan áit ar bhus scoile. Hundreds of thousands of school pupils are returning to classrooms across the country this week but there are still many who are waiting patiently for a … Continue reading "20220831_IRISH_daltai_go_leor_fagtha_fos_gan_ait_ar_bhus_scoile"