Cumann Carad na Gaeilge: Recent Episodes

Séamas Ó Neachtain

Agallaimh agus caint as Gaeilge. Interviews and talk in Irish.

View Details

Ar an 19ú Feabhra 2016 bhí dinnéir in ómós do Shéamus De Bláca agus Eibhlinn Zurell.  Bhronn Tomás De hÍde agus Roinn na Gaeilge Ollscoil Lehman duaiseanna orthu.  Bhí sé d'ádh orm Séamus a chur in aithne ag an ócáid bhreá seo.  Rinne mé taifead den mhéid a dúirt mé féin, bronnadh na duaise ar Shéamus, agus an cúpla focal a dúirt seisean.  Seo é:

OicheSheamuisDeBlaca.mp3 (10:45)

Séamas Ó Neachtain

View Details

Haigh!  Nach fada an lá é!  Ní dhearna mé podchraoladh mar a bhíodh againn anseo, ach seo taifead de chaint a thug mé (Séamas Ó Neachtain) ag Féasta Chultúr na nGael ag Ollscoil Molloy ar Inis Fada, Nua-Eabhrac, 7 Feabhra 2015.  Tá an cuid is mó de as Gaeilge, ach amháin gur chuir mé roinnt Béarla ann mar gheall ar an lucht éisteachta.  Ag caint faoi ghnéithe na foilsitheoireachta i saol na Gaeilge agus i mo shaol féin.

Caint faoi fhoisiú na leabhar is na n-irisleabhar srl. (57:13)

View Details

Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Chríochnímid na horáidí gearra ón bpainéil, le Séamus De Bláca, Roislin Ní Floinn, Máire Ní Mhaolagáin agus mise, Séamas Ó Neachtain, le cúpla focal eile ó Elaine Ní Bhraonáin ina measc. Podchraoladh Céad Tríocha a hAon (18:21)

View Details

Comhdháil a bhí ann, le fírinne, agus ionadaithe i láthar ó beagnach gach eagras Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Bhí painéal de aoi-chainteoirí ann mar chuid de, agus seo an triúir eile a labhair ón stáitse sin, Daithí Mac Lochlainn, Tomás De hÍde agus Breandán Ó Caollaí. Tá níos mó ag teacht fós, le cúnamh Dé! Podchraoladh Céad is Tríocha (9:59)

View Details

Comhdháil a bhí ann, le fírinne, agus ionadaithe i láthar ó beagnach gach eagras Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Bhí painéal de aoi-chainteoirí ann mar chuid de, agus seo an chéad bheirt a labhair ón stáitse sin, Elaine Ní Bhraonáin agus an Doctúir Art Hughes. Beidh i bhfad níos mó ag teacht, le cúnamh Dé! Podchraoladh Céad Fiche a Naoi (15:39)

View Details

So mo chuid eachtraithe ar Lá 'le Pádraig i mbliana. Tá roinnt den Aifreann ag Néamh Agnes againn, agus agallaimh le daoine a bhí ansin agus ag an mórshiúl, agus píosaí den mhórshiúl fén. An-lá a bhí ann! Podchraoladh Céad Fiche a hocht (23:05) Tá físchraoladh ann faoin lá seo freisin!

View Details

Bhí mé an-ghnóthach leis An Gael i mbliana, agus seo daoibh an chéad phodchraoladh ó d'athbhunaíomar é. Podchraoladh Céad Fiche a Seacht (8:19)

View Details

Ar an 12ú Meitheamh, seoladh irisleabhar an chumainn seo, irisleabhar idirnáisiúnta na Gaeilge, An Gael, ag Consalacht na hÉireann i Nua-Eabhrac. Míle buíochas le Breandán Ó Caollaí, an Leas-Ardchonsal. Seo daoibh, as Gaeilge agus as Gaeilge, na hóráidí ón oíche bhreá sin. Podchraoladh Céad Fiche a Sé (38:56) An chéad eagrán nua

View Details

Labhair Seán Céitinn linn faoin nGaeilge i mBéal Feirste, as Gaeilge agus as Béarla. Cuireann Hilary Mhic Suibhne na cainteoirí eile in aithne don lucht éisteachta. Ag an lá seo, bhí Ailbhe Nic Ghearbhuigh ann agus léigh sí as a leabhar filíochta Péacadh. Labhair Eibhlín Zurell faoi ar dtús. Ní raibh cead agam Ailbhe a thaifeadadh, ach seo daoibh na daoine eile. Maith dom an Béarla arís! Podchraoladh Céad Fiche a Cúig (31:19)

View Details

Fadó, fadó, bhí Lón Nollag Uí Ghadhra ar bun (16 Samhain 2008). Tháinig a chairde le chéile i Nua-Eabhrac. Bhí sé d'onóir dom bheith i m'fhear an tí, agus cúpla focal a rá as Gaeilge. Bhí daoine cáiliúla i measc lucht na Gaeilge ann, agus bhí iníon agus beantrach Nollag ann, freisin (maraon le mórán daoine eile nach mbíonn baint agam leo de ghnáth). Rinneadh físeán den ócáid ar fad. Bhí sé ar intinn agam mo thaifead féin de a chur ar an bpodchraoladh seo, ach ní dhearna mé é, agus níl agam ach Siobhán agus cúpla focal de mo chuid féin. Tá Béarla ann den chuid is mó ar mo thaifead féin. Ach faoi dheireadh, agus mar sin, seo dhaoibh é. Podchraoladh Céad is Fiche a Ceathair (13:35)

View Details

An deireadh faoi dheireadh! Beagán as Béarla... Podchraoladh Céad is Fiche a Trí (4:42)

View Details

Seo caint le Liam Mac Giodaire, ar son Dhaltaí na Gaeilge. Podchraoladh Céad is Fiche a Dó (7:43) Má tá tú ag éisteacht, scríobh chugam agus inis dom do thuairim faoin bpodchraoladh seo!

View Details

Seoladh an leabhair Súil Siar, cuid a trí. Seo caint eile ón oíche sin le Hilary Mhic Suibhne. Podchraoladh Céad is Fiche a hAon (7:03)

View Details

Seoladh an leabhair Súil Siar, cuid a dó. Podchraoladh Céad is Fiche (11:29)

View Details

Seoladh an leabhair Súil Siar. An fháilte a d'fhear an tOllamh Seósamh Ó Laoi romhainn, agus ceol is caint le Séamas Keane agus cara eile dó. Podchraoladh Céad is a Naoi Déag (10:37) Seo alt faoin ocáid seo a bhí agam sa National Hibernian Digest.

View Details

Cúpla comhrá ag teacht le chéile na nGael ag Ollscoil Í, in New Rochelle Nua-Eabhrac. Lucht Dhaltaí na Gaeilge a bhíonn i láthair. Podchraoladh Céad is a hOcht Déag (14:48)

View Details

Lá 'le Pádraig 2008: Podchraoladh Céad is a Seacht Déag (15:16) Rinne mé físchraoladh/youtube den lá seo, freisin. Agus seo cúpla grianghraf ón lá mór: Baill an Chumainn
Mary Holt Moore agus Gearóid Ó Ceallaigh
Meirge na gCumann Gaelach
Aibhinne a Cúig, Nua-Eabhrac
Ceamara Teilifíse
Baill an Chumainn

View Details

Ceol agus deireadh an Aifrinn, Lá 'le Pádraig 2008: Podchraoladh Céad is a Sé Déag (11:38)

View Details

An phaidir eocairisteach, an ár n-athair, agus deasghnátha na comaoineach as Aifreann Dé i gCathair Nua-Eabhraic, Lá 'le Pádraig 2008: Podchraoladh Céad is a Cúig Déag (8:52)

View Details

An Chré, guí an phobail agus ceol as Aifreann Dé i gCathair Nua-Eabhraic, 2008: Podchraoladh Céad is a Ceathair Déag (9:18)

View Details

Cuid eile den Aifreann i gCathair Nua-Eabhraic, 2008: Podchraoladh Céad is a Trí Déag (10:12)

View Details

Seo tús an Aifrinn i gCathair Nua-Eabhraic, 2008: Podchraoladh Céad is a Dó Dhéag (10:05) Agus tá mo leabhar "Cogadh Dearg" ar fáil anois!

View Details

Cúig Leabhar a Chuaigh i bhFeidhm Orm
Séamas Ó Neachtain
(níl sé seo foirfe, ach tá sé seo ann fúmsa)
[Iarradh orm an t-alt seo a scríobh Samhain 2015 agus níor cuireadh i gcó riamh é. Mar sin, seo daoibh!]

Im Westen Nichts Neues (All Quiet on the Western Front) le Erich Maria Remarque (1929)

Baineann an leabhar seo le hamaideacht an chéad chogaidh dhomhanda, cinnte, ach ní leor an cur síos sin. Is iad na daoine sa scéal, a ndaonnacht, agus na nóiméidí íogaire a fhaightear ann atá níos tábhachtaí. Tá sé faoi na saighdiúirí beaga, nár thuig faic faoi mhórscéal an chogaidh. Bíonn saol gach duine rí-thábhachtach, fiú nuair nach n-aithnítear sin. Fiú nuair a bheathaítear na canónacha leo. Tá na daoine ag iarraidh ciall éigin a bhaint as saol atá go hiomlán as alt, agus chun teacht slán as an tubaiste. Ag iarraidh. An-leabhar ar fad. Léigh sa Ghearmáinis é má tá sí agat.

Der veruntreute Himmel (Embezzled Heaven) le Franz Werfel (1939)

De thaisme, fuair mé an ceann seo sa bhun-Ghearmáinis, agus is seod iontach é. Baineann sé le bean íseal agus a droch-nia, a cheap sí go mbeadh ina shagart agus ábalta guí uirthi, mar gheall ar a cuid airgid. Ach ní mar a shíltear a bhítear. Tá tábhacht nach dtuigeann sí féin ag an mbean shimplí seo, a bhfuil a crógacht is a heagna féin aici. Dóbair go rabhas ag gol i lár an scéil, agus bhraith mé uaim an saol seo ag a dheireadh. Is minic nach mbíonn an caith caillte in aon chor i saol an duine.

The Power and the Glory le Graham Greene (1940)

Úrscéal iomráiteach eile é seo, faoi Mheicsiceo sna 30í, am a raibh rialtas sóisialach ag cur géarleanúna ar an Eaglais. Aimsir olc, ach bhí daoine maithe ann a sheas a bhfód in éadan an olcais. Agus daoine nach raibh chomh maith sin, freisin. Scéal faoi shagart lochtach, agus an dóigh a dhéanann Dia agus an duine maitheas iontach in ainneoin an uile fhabht. Seo an saol mar atá, seachas mar a b'fhearr linn. Is uirlisí neamhfhoirfe sinn uile, ach is féidir linn seasamh maith a dhéanamh sa saol seo, nó fiú seasamh lag a dhéanann a mhaith féin.

Witness le Whittaker Chambers (1952)

Cé nach úrscéal seo, tá sé chomh corraitheach saibhir le haon úrscéal. Ní thuigtear sa lá atá inniu ann cé chomh baolach – is chomh holc – is a bhí chomhcheilg an chumannachais idirnáisiúnta. Seo dírbheathaisnéis faoi thréimhse shaol Whittacker Chambers, a bhíodh ina chumannach sna Stáit Aontaithe, ach thit an screamh dá shúile, agus rinne sé seasamh cróga i gcás cúirte fíor-cháiliúil, in éadann na gcumannach, agus Alger Hiss go háirithe. Bhí (agus tá) naimhde go leor aige. Rinne sé an beart, ach mar a tharlaíonn go ró-mhinic, ní leor fíricí do morán daoine nuair a bhíonn dearcadh polaitiúil i gceist.

Exodus le Leon Uris (1958)

Tosnaíonn an t-úrscéal seo le scéal longa inimircigh a bhíodh na Sasanaigh ag iarraidh a chosc. Exodus ab ainm di. Gné amháin sin de mhórscéal mhuintire a raibh (is a bhfuil) beagnach gach éinne ina gcoinne. Bhí laochra ina measc, agus daoine beaga nár thuig a dtábhacht, daoine nach ndearna an rud ceart, agus daoine nach raibh ach ag iarraidh teacht slán as tubaistí na haoise. Mar gheall orthusan, fuair cine a bhíodh faoi chois leis na cianta seilbh ar roinnt de thír a ndúchais, agus a stát féin as an nua. Tugann an scéal seo – agus iad seo go léir – dóchas dom.

View Details

(foinse anseo)Alfa BéiteGámaDeiltEipsealónZéiteÉiteTéiteIótaCapaLambdaMúNúXí (csaoi)OimiocrónPíRóSigmeTóUpsalónfíChíSíÓimigeSampla: αποκαλυψις

| 12. | και ιδου ερχομαι ταχυ και ο μισθος μου μετ εμου αποδουναι εκαστω ως το εργον αυτου εσται | | 13. | εγω ειμι το α και το ω αρχη και τελος ο πρωτος και ο εσχατος | | 14. | μακαριοι οι ποιουντες τας εντολας αυτου ινα εσται η εξουσια αυτων επι το ξυλον της ζωης και τοις πυλωσιν εισελθωσιν εις την πολιν | | 15. | εξω δε οι κυνες και οι φαρμακοι και οι πορνοι και οι φονεις και οι ειδωλολατραι και πας ο φιλων και ποιων ψευδος | | 16. | εγω ιησους επεμψα τον αγγελον μου μαρτυρησαι υμιν ταυτα επι ταις εκκλησιαις εγω ειμι η ριζα και το γενος του δαβιδ ο αστηρ ο λαμπρος και ορθρινος | | 17. | και το πνευμα και η νυμφη λεγουσιν ελθε και ο ακουων ειπατω ελθε και ο διψων ελθετω και ο θελων λαμβανετω το υδωρ ζωης δωρεαν |

Apacailipsis 12 “Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar. 13 Mise an tAlfa agus an tÓimige, an té atá ar tosach agus ar deireadh, an tús agus an chríoch.” 14 Is méanar dóibh siúd a níonn a n-éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair. 15 Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.16 “Mise, Íosa, a sheol m’aingeal chun na nithe seo a fhógairt daoibh sna heaglaisí.Mise fréamh agus sliocht Dháiví, réalta gheal na maidine.” 17 Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.

(http://ga.wikipedia.org - lorg"Aibítir Ghréagach")

Ab baineann go deo eile -
Zéite Éite Téite í.
Cumann le mainistir nua, Xí -
Ord paideoireachta rúnda suntasach,
Táimid ullamh faoi choinne apsainte - Ó!

View Details

Ar chúis éigin, ní raibh an ceann seo ag íoslódáil mar phodchraoladh. Seo arís é.

Podchraoladh Céad is Fiche a Ceathair (13:35)