Cartlann Bhóthar na Léinsí: Recent Episodes

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Glórtha ó chartlann Bhóthar na Léinsí - scéalta agus seanchas, amhráin agus ceol, stair agus sochaí na Gaeltachta. / Voices from RTÉ Raidió na Gaeltachta's Baile na nGall archive, including stories and folklore, songs and music, history and descriptions of the Gaeltacht community.

View Details

Clár a dhein Aindrias Ó Gallchóir i 1959 do RÉ idir Ceann Léime agus Coillte, Co. An Chláir, le Jim Gallagher, Eamonn Ginnane, Maire Nic an Airchinnigh, Anraí de Bláca & Máirtín Ó Fionnghaile.

View Details

Púcaí, Sprideanna, agus nithe neamhshaolta ar chlár an lae inniu le Cáit Uí Loingsigh, Seán Mac Domhnaill, Seán Tóibín, Dónal Ó Murchú, Maidhc Leidhin Ó Guithín, Eoin Mór Ó Catháin, & Peats Ghineá, ó 1976.

View Details

Agus an Daingean ag imirt i gcluiche ceannais an chontae, seo clár ómóis a deineadh i 1995 nuair a cailleadh duine de mhórlaochra an chumainn Paddy Bán.

View Details

Na Réilíní, Spéir na hoíche agus 'réalt' Dhún Chaoin, Krúgar!

View Details

Téip a dhein Micheál Ó Sé le Seosamh Ó Sé, Jóín Mháiréad, ó Chathair a' Treanntaigh, Fionn Trá, i 1997.

View Details

Clár a craoladh ar an 03/10/2001, cothrom 30 bliain ó cailleadh Seán Ó Riada.

View Details

Clár a dhein Micheál Ó Sé i 1989, cothrom an lae 30 bliain ó bádh triúr i gCuan Ard na Caithne.

View Details

Clár a dhein Breandán Feiritéar i 1974 agus Meáig Ghineá ón gCoimín sa stiúideó don gcéad uair. Breandán ag iasach le Pound agus Tom Pheaidí Maras Ó Dála Séamus Ó Cíobháin, Gleann Loic, ag trácht ar a thamall mar imirceánach i gCeanada

View Details

An t-aisteoir iomráiteach Niall Tóibín ag caint le Micheál de Mórdha ag tús na 1990í, fé a chuid ama i gCorca Dhuibhne ag deireadh na 1960í don scannán 'Ryan's Daughter'

View Details

An t-aisteoir, an t-údar & an scéalaí Eamon Kelly ag caint faoina shaol le Micheál de Mórdha i 1977.

View Details

Meascán Ábhair ar chlár na seachtaine seo: - Donncha Ó Cinnéide, Na Cluainte, ag cur síos ar eitleán a thuirling ar fheirm a athair i 1939 - Píosa de chlár a dhein Máire Ní Chéilleachair i 1993 fén rince brollaigh a bhí ar bun ar an mBuailtín - 'Amhrán na Scine, Seán Ó Ceallaigh, Cill Rialaigh

View Details

  • Gabha na Muirí Bill Baker i 1974 - Eoghan Mór Ó Catháin i 1984 fé 4 lá bráca a fuair sé d'iarraidh caoire a dhíol ar aonach a' Daingin!

View Details

  • An ceoltóir Liam Ó Floinn ag trácht ar chuairt chun na Gearmáine do chluichí oilimpeacha 1936 - Peats Tom Ó Cearna, ag trácht ar bhádh Eibhlín Nic Niocaill & Domhnall Criomhthain sa Bhlascaod i Lúnasa 1909

View Details

Soir chun Lios Póil i 1976 & 1977 a bheimid ar chlár na seachtaine seo le - Johnny The Gabha Ó Muircheartaigh, Baile na Saor - Muiris Ó Muircheartaigh, 'An Cléireach', An Bhánóg - Micil Ó Briain, Na Dúnta

View Details

Tom Pheaidí Mharas Ó Dála agus Seán Mhaidhc Lean ó Guithín ag trácht ar fheirmeoireacht sna Blascaodaí, agus Joe Daly ag caint ar Lúnasa, Fómhar & Crom Dubh.

View Details

Muiris de Lóndra ó Thíorabháin, agus Tomás Ó Laoithe ó Bhaile an Lochaigh, ag trácht i 1983 ar bhaint an fhéir. Cloistear an t-amhrán 'An Binsín Luachra le Ben Ó Loingsigh sa chlár chomh maith.

View Details

I Rinn Ua gCuanach 1 1976 a bheimíd ar chlár na seachtaine seo le Micheál Breathnach, Seán Tóibín & Jer Ó Cíobháin.

View Details

Tony Ó Muircheartaigh, Baile an Lochaigh, agus Johnny Ó Grífín ón bhFeothanaigh, ag cur síos ar a dturas go hUíbh Ráthach i 1991. Johnny Tony Ó Muircheartaigh (mac Tony) ag cur síos i 2023 ar a shaol ó baineadh a chos do.

View Details

Clár a dhein Breandán Feiritéar i 1983 fé Chaipíní, Hataí agus eile. Le Seosamh Ó Dálaigh, Micilín Welsh agus Tom Mhic Gromail.

View Details

Clár le muintir Chnoc Bréanainn, agus iad ag caint ar an saol agus ar Lá an Phátrúin

View Details

Clár le Muintir an Chuasa: - Críú an Chuasa a bhuaigh Craobh Rámhaíochta an Domhain sa Daingean i 1984 - Micí Dainín & a chlann le 'Amhrán an Chuasa' - Muiris Ó Laoithe ó Bharra an Chuasa ag caint le Micheál Ó Sé i 1988 - Seán Sheáisí Ó Cearna le 'Beauty Deas an Oileáin'

View Details

Aiste ó Dhónal Ó hÉalaithe ar chomhsanacht Chúil Aodha. Craoladh i 2000 mar pháirt den sraith 'Pobal na Gaeltachta'.

View Details

Léacht raidió a thug an Dr. Seán Ua Súilleabháin sa bhliain 2000, ar Chill na Martra, Baile Mhuirne agus Cluain Droichid

View Details

Seal i measc na gCathánach i 1976 le - Micil Ó Catháin, Baile an Ghleanna, le dhá scéal seoigh - Eoghan Mór Ó Catháin, Baile An Teampaill, le heachtra fé Inis Tuaisceart - Seán Mharas Mhuiris (Faeilí), le pósadh bhí in Inis na Bró!

View Details

I measc na nImirceánach a bheimid ar chlár na seachtaine seo i 1980 le - Máire Ní Ghuithín - Seán Ó Sé (An Diamond) - Eilín Pheats Tom Ní Chearna

View Details

Clár a dhein Maidhc Dainín Ó Sé i 1987, leis an mboscadóir Seán Ó Cochláin as Arda Mór i bParóiste na Cille.

View Details

An Dara leath de chlár a deineadh i 1987 le Tomás Ó Loingsigh, amhránaí ó Bhaile an tSléibhe i bParóiste Fionn Trá, a chaith 43 bliain ar imirce.

View Details

Tomás Ó Loingsigh ó Bhaile an tSléibhe i bParóiste Fionn Trá, a chaith 43 bliain ar deoraíocht ach a choimeád stór ollmhór amhrán ina cheann.

View Details

An Triúr Deartháir iomráiteach ó Dhún Chaoin, Seán a' Chóta (1926), Muiris 'Kruger' (1963) agus an tOllamh Séamus Caomhánach (1975

View Details

Thiar ar na Fánta a bheimid ar chlár na seachtaine seo le Moss Martin, Nuala Rua, Bríde & Cáit Máirtín.

View Details

Filíocht ón gcartlann: - Liam Buidhléir ag aithris 'Connor na Ceathrún - Bríde & Séamus Ó Cíobháin, 'An Cnoicín Gearra Fraoigh' - Máirín Ní Briain, 'Comhrá Binne & Cruaiche' le Seán Ó Lúing - Micheál Ó Ruairc, 'Na Gleannta' - Caoimhín Ó Cinnéide, 'Na Teampaill' - Bríd Ní Mhóráin, 'Slabhra na Beatha' - Seán Ó Tuama, 'Christy Ring'

View Details

Clár a dhein Micheál Ó Sé i 1987, cothrom leathchéad bliain ó bhunú Ghaeltacht Bhaile Ghib. Páirteach. Uinseann Ó Gairbhia, Pádraig Ó Muircheartaigh, Lar Phidí 'ac Síthigh

View Details

John Learaí ó Cíobháin, Bab Feiritéar & Joe Daly ag trácht ar Póstaíocha, Cleamhnaistí & Grá Seán Faeilí Ó Catháin le scéal fé phósadh Joanie an Scrogaill Maidhc Mhárthain Mac Gearailt ag rá 'Seáinín Ó Gormáin i Meiriceá'

View Details

"Dúthaigh álainn ársa Mhúscraí Uí Fhloinn fé scáth Shléibhte Dhoire na Sagart" i 1976 ar chlár na seachtaine seo le - Maidhcí & Danny Mhaidhcí Ó Súilleabháin - Diarmuid Ó Ríordáin - Nell Tom Ní Ríordáin - Seán Ó Dúinnín

View Details

Agallamh a dhein Áine Nic Mhurchadha leis an amhránaí Nioclás Tóibín i 1981. Casann sé 'Na Prátaí Dubha' agus Iníón an Fhaoit Ón nGleann. Píosa faoi Nioclás, agus fén gcuach, ón gcéad eagrán de Cogarnach na Léinsí le Ger Ó Cíobháin, 1987. 'Mo Thigh Beag Aerach' á rá ag Nioclás.

View Details

Na seanchaithe Bríde & Séamus Ó Cíobháin, Gleann Loic, Dún Chaoin, ag caint le Breandán Feiritéar i 1983 fén Drochshaol, Bóthar Chinn Sléibhe, agus An Leaca Dubhach.

View Details

Clár ó 1978 ina dheineann muintir Dhún Chaoin agus Mhúscraí cur síos ar Naomh Gobnait & a pátrún. Nell Tom, Cáit agus Diarmuid O Riordáin, An tAth Donncha Ó Conchúir, Micil Ó Briain, Bab Feiritéar & Micil Ó Catháin.

View Details

Séamus 'Jim' Mac Gearailt ó Bhaile an Mhórdhaigh, ag trácht i 1977 ar aimsir an chogaidh mhóir, na Trioblóidí, agus a thuras abhaile ó Bhleá Cliath ar muir.

View Details

Paróiste na Prióireachta i 1978 ar chlár na seachtaine seo le - muintir Bhraonáin, Na Leadhba Liatha - Seán Ó Ceallaigh, Cill Rialaigh - Séamus Mac Gearailt, Oileán na gCapall

View Details

Cainteoirí Dúchais ón Iar-Ghaeltacht: Tadhg Ó Drisceoil, Oileán Bhríde, Co. Chorcaí, Cárthach Ó Cuilleanáin, An Sciobairín, Co. Chorcaí, Micheál Ó Maoldomhnaigh, An Caisleán Nua, Co. Thiobrad Árainn, Annraí de Bláca, Cill Bheathach, Co. An Chláir, Tomás Ó Cathaláin, An Fhadhbhach, Co. Chiarraí, www.doegen.ie.

View Details

Cuimhní Cinn ar Oíche na dTrí Ríthe agus Nollaig na mBan le Eibhlín Ní Mhurchú, Bab Feiritéar, Cáit Ní Chatháin, & Máire Ní Cheocháin Uí Chrualaoi, le hAogán Ó Muircheartaigh i 1993.

View Details

Scéalta & Seanchas ó Sheán Mharas Mhuiris Ó Catháin - Faeilí!

View Details

Cuimhní Cinn na Nollag le Joe Daly, Seán Mhicil Ó Súilleabháin, Peig Bhofair Ní Chatháin, Máire Bn. Uí Chéadagáin, Ger Ó Cíobháin & Cáit Bheit de Mórdha.

View Details

Tomás Ó Céilleachair (a cailleadh ag tús na míosa seo) ag caint le Micheál Ó Sé i 1975 agus le Micheál de Mórdha i 1998.

View Details

Clár fé thuras Ger & Danny mórdtimpeall na hÉireann i naomhóg, 1975

View Details

Clár a dhein Diarmuidín Ó Súilleabháin i 1983 le ceoltóir, amhránaí & seanchaí Chúíl Aodha, Seán Ó Duinnín.

View Details

an dara leath de chlár fé Thréigean an Bhlascaoid i 1953, á chur i láthair ag Tomás Misteál. Páirteach: Seán Pheats Tom Ó Cearna, Seán Ó Criomhthain, pacáiste ó ócáid nochta leac cuimhneacháin Thomáis Uí Chriomhthain i 1957. Clár a dhein Máire Ní Cheilleachair i 1993, le Seán Pheats Tom, Seán Mhaidhc Léan Ó Guithín, Nell Ghobnait Ní Ghuithín.

View Details

Páirt 1 de chlár speisialta ó 1983, fé tréigean an Bhlascaoid Mhóir ar an 17/11/2023.

View Details

Agallamh a dhein Micheál de Mórdha le Barra Ó Donnabháin, údar, iriseoir, múinteoir agus fear léinn ón Léim agus Nua Eabhrac (d.2003)

View Details

Fara 3 Sheán Criomhthain a bheimid ar chlár na seachtaine seo: - An Guidgil - Seán Thómais Dhónaill - Criomhthaineach na Cille

View Details

Clár ó 1975 ar Bhacaigh, Peidléirí, agus an Lucht Siúil.

View Details

Clár ó 1975 le Breandán Feiritéar faoi Bhacaigh, Lucht Siúil agus a leithéid, le Bab Feiritéar, Peats Keane, Seán Criomhthain agus Joe Daly.

View Details

Duine d'fhile INNTI, Liam Ó Muirthile, ag cur síos ar an dtionchar a bhí ag cathair Chorcaí ar a chuid filíochta, do Mhicheál Ó Sé i 1990.

View Details

Johnny an Lord Ó Siochrú, Imleach na Muc, Baile an Sceilg, ag caint fé fheirmeoireacht, iascach agus alán eile le Micheál de Mórdha

View Details

Mick Mhaidhc Liam Breathnach ó Chathair Scoilbín ag comhrá le Micheál Ó Sé i 1978.

View Details

An Drámadóir Johnny Neoiní Ó Cathaláin ón gCoimín ag cur síos ar a shaol do Mhicheál de Mórdha i 1991.

View Details

  • Scéilín ó Thomás Ó Dála, Baile an Ghleanna, ó Bhailiúchán Doegen 1928 (doegen.ie) - - Muiris & Peig Bn. Uí Fhiannachta, Bhaile Mhic Líon, Co. na Mí & Baile an Chóta, 1984 - Batt Garvey, Baile an Chóta, peileadóir, 1982

View Details

Agallamh a dhein Helen Ní Shé le Máire Nic Gearailt, múinteoir deireanach an Bhlascaoid (1933-1941)

View Details

Dhá sheanascéal ó Thomás Ó Súilleabháin, Coimín, Paróiste na Cille i 1977: - Eachtra na Mná Móire Thar Lear - Fear Mharaithe Céad d'Aon Bhuille Íomhá © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

View Details

Píosa ó 1983 agus Maidhc Dainín Ó Sé ag tiomáint leoraí an bhainne ón bhFeothanaigh dtí Lios Tuathail, agus giota ó 1987 de er Ó Cíobháin ag seoladh an leabhair 'A Thigh Ná Tit Orm'

View Details

Meascán breá ó 1975 le - Joe Daly & Arastotail, leacacha & Leacht a' Chlasaigh - Seán Ó Duinnín le seanfhocail & Tarbh Bán Mhuisire - Seán Criomhthain le Tarbh Bheiginis & Ba an Bhlascaoid

View Details

Clár beo ó Thigh Tábhairne Mhic Cárthaigh sa Daingean i 199, ar an gcéad lá de Ráiseanna Bhaile an tSagairt. Danny Mac, Pádraig Ó Siochrú, Tomás Ó Ceallacháin, Tim Collins, Caitlín Uí Shé, Peaidí Ó Mathúna, Micí Cíobháin, Tom Báicéir agus Maidhcín Ó Súilleabháin

View Details

Domhnach Crom Dubh & Domhnach na Cruaiche le - Joe Daly - Pádraig Ó Héalaí - Tomás Ó Scanláin (Fionn), Baile an Lochaigh

View Details

Joe Shiobhán Mac Gearailt, Baile na nGall, captaen buacach Átha Cliaith i 1942, agus Micheál Ó Murchú ó Ráth Fhionáin a bhuaigh craobh na hÉireann i 1953 agus 1955, ag caint fé chursaí caide i le Liam Ó hUigín i 1977. Agus Joe tharnais sa stiúideó roimh cluiche ceannais na bliana 1979. Buachaillí Bharr na Sráide le Gary MacMahon.

View Details

Múscraí 50 bliain ó shin le - Maidhcí Ó Súilleabháin - Colmán Mac a' Mhaoir & Justin Ó Luachra - Ceoltóirí an tSuláin - Dónal Ó hÉalaithe - Nell Tom Ní Ríordáin

View Details

Fara mhuintir na nGort nDubh a bheimid an tseachtain seo Jer Ó Cíobháin (1983), ag trácht ar Séamus 'Jimín' Bric Maidhc Bric (1978) 10:08am Dé Domhnaigh | 2:05pm Dé hAoine & podchraoladh @RTERnaG

View Details

An Tábhairneoir Dónal Ó Catháin ón mBuailtín, ag caint le Breandán Feiritéar i 1982.

View Details

Cáit Ní Chatháin, Bean Uí Mhaoilchiaráin, ón gCeathrú Rua, baintreach Mhuiris Uí Shúilleabháin, ag caint ar a saol lena chéile agus ar bhás tragóideach an údair i 1950.

View Details

Bríd Bn Uí Choisteala agus Stiofán Mac Coistealbha, 1949 Peáití Thaidhg Pheig Ó Tuama, le Scoil Bharr ‘Inse, 1950 Máire Ní Cheocháin ag an oireachtas i 1951 An Seabhac, blianta luatha Choláiste na Mumhan i mBÁG, 1950 Nioclás Tóibín 1961 Piaras Béaslaí, Seán Eoin Ó Súilleabháin ó Chúil Aodha, 1950

View Details

Samplaí de phlátaí aicéatáite a dhein aonad taistil Raidió Éireann le muintir na Mumhan sna 1940í agus 1950í. Ina measc: Maidhc Pheig Sayers, An Suibhneach Meann, go leor eile

View Details

Micilín Welsh ón Riasc i bParóiste Mhárthain, ag cur an saol trí chéile le Breandán Feiritéar agus Pádraig Ó Catháin (1977) agus le Micheál de Mórdha (1982).

View Details

Clár a dhein Tomás Ó Ceallaigh le muintir Dhún Chaoin i 1973 nuair a fógraíodh go raibh Scoil Dhún Chaoin le hathoscailt go hoifigiúil.

View Details

Cúrsaí agus Comharthaí aimsire ó 1976 agus 1981 ó leithéidí Seán Pheats Tom Ó Cearna, Micilín Welsh, Tadhg Gromail, Micil Ó Catháin, Seán Ó Cíobháin, Jimí Mhártan Ó Dála, Maidhc Leidhin Ó Guithín, Faeilí agus Ger Ó Cíobháin.

View Details

Siar 's aniar a' t-iascaire an tseachtain seo: - Na Conneries le Maidhc Ó Gairbhia - Cathair Chrobh Dearg le Diarmuidín Ó Súilleabháin (1983) & Peadar Ó Riada (2017) - Maoileann na Ceathrún le Jimí Mhártan Ó Dála (1976)

View Details

An chéad chraoladh beo ó Rinn Ua gCuanach i 1980, ó Sáipéal San Nioclás, le Neans Uí Bhraonáin, Siobhán de Faoite agus Peig Bn Uí Riagáin. Píosa d'agallamh a dhein Micheál Ó Sé le Peig i 1976 chomh maith.

View Details

Cléire i 1978 le Máire Ní Cheadagáin, Máire Breathnach, Donncha Shéamais Ó Drisceoil, Tadhg Ó Síocháin, Nóra Uí Choitir & Pádraig Ó Drisceoil.

View Details

  • Béaloideas Bealtaine le Joe Daly (1990) - Briseadh bád truscair i gCuan Dhún Garbhán Lá Bealtaine1860 le Seán Tóibín (1975) - Tárrtháil An Teabhail i bParóiste Mórdhach i 1956 le Micheál Ó Cinnéide (1983)

View Details

i nGuagán Barra agus i mBéal Átha an Ghaorthaidh a bheimid ar chlár na seachtaine seo: Cáit Ní Mhuimhneacháin, Eilín Ní Churtáin, Peaití Thaidhg Pheig, (taifead ó Éigse Sheán Ó Ríordáin, 1990) Tadhg Ó Gealbháin & Tadhg Ó Laoire (Béal Átha an Ghaorthaidh, 1981).

View Details

Clár a dhein Jeaic Ó Muircheartaigh i 1987 le hArt Ó Beoláin (1920 - 2003), scoláire, údar agus stáitsheirbhíseach ó Bhéal Átha Longfoirt agus Ard na Caithne

View Details

Nósanna na haimsire ón Inid go Cáisc, ó 1975, le Seán Ó hEochaidh agus Conal Ó Domhnaill sna Doirí Beaga, Tom Pheaidí Mac Diarmada i gCasla, agus Joe Daly & Bab Feiritéar ar Bhóthar na Léinsí.

View Details

Thíos sna tSeanphobal a bheimid ar chlár na seachtaine seo, ag éisteacht le seanchas, le haithriseoireacht agus le hamhráin ó: Tadhg Condúin, Barra na Stuac (1994) Liam Breathnach, An Cnocán Rua

View Details

Clár i gcuimhne ar Pheig Sayer, a craoladh i 1973, 100 bliain tar éis a breith. Páirteach: - Seán Ó Ríordáin - Seán Ó Tuama - Cáit Bn. Uí Chathasaigh - Joe Daly - Seán Sheáisí - An tAth Tadhg Ó Murchú - Kenneth Jackson

View Details

Seán Ó Ríordáin agus é ina láithreoir raidió i 1972 le Bab Feiritéar, Séamus 'Pound' Ó Lúing agus Joe Daly. Seán Ó Ríordáin & Uinseann Mac Ruairc ag plé cúrsaí filíochta i 1973

View Details

Tabharfam geábh go beár nua Thigh Khrúgair, ag éisteacht le macallaí ón gcartlann: - Seán Pheats Tom Ó Cearna - John Learaí Ó Cíobháin - Faeilí & Bríde na hÓrach - Pound - Deálaí - Kruger - Maras Bheit Ó Lubhaing

View Details

Cogadh na gCarad i gCorca Dhuibhne Pt. 2: An tÓglach Dónal 'Bobeen' Mac Cárthaigh

View Details

Clár fé Chogadh na gCarad i gCorca Dhuibhne, ag díriú ar bhás an Óglaigh Tomás Ó Súilleabháin ó Bhaile an Éanaigh ar an 19 Feabhra 1923. Comhthéacs stiairiúil ó Nollaig Ó Gadhra 1987 Marie Ní Shúilleabháin & Breandán Mac Gearailt ag caint fé Thomás i 2015.

View Details

Seanchas ó Mhicil Ó Briain, Na Dúnta Lios Póil agus Dún Chaoin ó dhúchas, faoin gceantar, faoi na Black & Tans agus Luíochán Lios Póil, agus eachtra faoina uncail Dónal Mac Cárthaigh.

View Details

Seanchas fén Naomh & a féile (11/02) ó mhuintir Bhaile Mhúirne & Dhún Chaoin i 1976: Nell Tom, Cáit agus Diarmuid O Riordáin, An tAth Donncha Ó Conchúir, Micil Ó Briain, Bab Feiritéar & Micil Ó Catháin. Cór Chúil Aodha 1994 le 'A Rí an Domhnaigh'

View Details

Aindrias Ó Muimhneacháin ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag caint féna shaol agus a chuid oibre mar mhúinteoir taistil

View Details

Seanchas Bhríde le Cáit 'An Bhab' Feiritéar, Jer Ó Cíobháin, Peig Bn. Uí Riagáin, Seán Tóibín agus leanaí Scoil Naomh Eirc: Phil Ní Scannlán, Marie Ní Bhéaglaoi, Áine Ní Shúilleabháin agus Katie de Brún.

View Details

Clár a dhein an ceoltóir iomráiteach Séamus Ó Béaglaoich ó Bhaile na bPoc i 1979, fé chursaí ceoil i gCorca Dhuibhne.

View Details

An Craoltóir Seán Mac Réamoinn ag caint i 1990 ar a chuid oibre le haonad taistil Raidió Éireann. Le cloistint sa clár tá téípeanna a dhein Seán le Peig Sayers, Seán Ó Dubhda agus Seán Mhicil Ó Súilleabháin.

View Details

An fear ildánach Danny Mac Cárthaigh ón nDaingean ag caint féna shaol i 1991.

View Details

Cur síos ó Nell Phurge Ní Mhurchú fé cheol agus fé cheoltóirí Chorca Dhuibhne, 1975.

View Details

Cuimhní cinn mhuintir na Gaeltachta ar aimsir na Nollag. Lar Phidí Mac Síthigh, Máire Uí Shé, Jun Bhofair Ní Chatháin, Tomás Ó Cinnéide, Máiréad Uí Chéadagáin agus Nóra Mhic Coitir.

View Details

Joe Daly ag cur síos ar chursaí seaca agus aimsire, agus Caoimhín Ó Cinnéide ag aithris cuid dá fhilíocht féin.

View Details

Agallamh a dhein Diarmuidín Ó Súilleabháin lena chomharsa Seán de Londra, ón Seantóir i nDún Chaoin.

View Details

Scéalta agus seanchas ó Dhónal Ó Murchú, An Rinn Rua, Baile an Sceilg, 1977. (Íomhá (c) Cnuasach Béaloideas Éireann)

View Details

Seán Sheáisí Ó Cearna, An Blascaod Mór, ag cur síos ar a shaol do Bhreandán Feiritéar (1972), agus Breandán Ó Cíobháin i 1969 (Raidió Éireann). Máthair Sheáin, Lís Mhicil Uí Chearna, ag rá Amhrán an tSagairt Seán Sheáisí ag rá 'Beauty Deas an Oileáin' ón albam Beauty an Oileáin (Ceirníní an Chladaigh)

View Details

Clár fé fhile na nDéise, Áine Ní Fhoghludha (1880-1932), le Séamas Coiliú (1993), Áine Nic Mhurchú (1987), agus ócáid nochtadh lice ar uaidh Áine i reilig an tsáipéil sa Rinn 1993, le Domhnall Ó Cionnfhaola. Agus, An Capaillín Bán á rá ag Sláine Ní Chathalláin tar éis di Comórtas na mBan a bhuachaint ag Oireachtas na Samhna 2022.

View Details

Pinsinéirí Chorca Dhuibhne ag cur síos i 1978 ar conas mar a bhraitheadar ach a dtáinig leabhar a phinsin chúcu. Páirteach: Micilín Breathnach, Maidhc Ó Grífín, Tomáisín Ó Gairbhia, Peats Ó Catháin, Seán Mhaidhc Léan Ó Guithín

View Details

An dara cuid de chlár ó 1978 fé mhuintir Dhún Chaoin a bhog go Baile Ghib fé scéim Choimisiún na Talún. Páirteach: Seán Ó Guithín, Maidhc de Brún, Labhrás Mac Síthigh, Fergal Mac Amhlaoibh.

View Details

Clár ó 1976 faoi na daoine a d'aistrigh ó Dhún Chaoin go Baile Ghib, Co. na Mí, i 1937. Páirteach: - Seán Ó Guithín, Labhrás 'ac Síthigh, Micheál Ó Cinnéide, Danny Ó Gairbhia.

View Details

an túdar Pádraig Ua Maoileoin (Peaidí an Dúna) ag cur síos ar a shaol is a shaothar do Bhreandán Feiritéar agus do Mhicheál Ó Sé.

View Details

Agus sin ag teannadh le 20 bliain ó cailleadh é (19/10/2002), beimid ag éisteacht leis an údar Peaidí Ua Maoileoin ag cur síos ar a shaol is a shaothar.

View Details

Clár ar Lá le Michíl (29ú Meán Fómhair) agus seanchas faoi Naomh Micheál: - Joe Daly (1987) - Micheál Ó Fógartha (1973) - Cáit Bn. Uí Shúilleabháin (1982) - Nell Ní Chatháin ag rá 'Maidin Bhog Álainn' - Donncha Ó Laoithe (1975) ag rá Rann Mhichíl

View Details

Clár ó 1976 faoi imircigh a tháinig abhaile aríst: - Pat Chanair - Maidhc Dainín - Tomás Ó Murchú - Tomás Ó Cinnéide, - Liza Mistéal - Peats Ó Catháin - Tommy the Yank Ó Sé

View Details

Cuairt a thug Breandán Feiritéar & Seán Pheats Tom Ó Cearna ar Inis Tuaisceart i 1983, agus eachtra fén Inis ó Eoghan Mór Ó Catháin i 1976. Deir Eoghan amhrán a dhein Kruger chomh maith ag deireadh an chláir.

View Details

Clár ó 1975 leis an pobal lastoir de Dhaingean: - Téidí Ó Muircheartaigh, Máire & Micheál Ó Céilleachair, Liam Ó hUigín & Micil Ó Briain Agus amhrán ó Bhailiúchán Doegen 1928 (doegen.ie) le Tomás Ó hAiniféin, An Lóchair Mhór

View Details

Clár ó 1972 ina raibh Peats a' Bhreathnaigh ón nDoirín ag trácht ar Chonallaigh Uíbh Ráthaigh, Dónall Ó Murchú ag eachtaí ar Sheán Bráthair Cearbhaill, agus Peaidí Ua Maoileoin ag léamh as a leabhar Na hAird Ó Thuaidh fé nósanna a bhain le tithe.

View Details

Micheál Ó Sé agus aitheasc a thug sé ag Ceiliúradh an Bhlascaoid 2013, fé imirt chartaí, agus giota beag de Tom Mhic Gromail ag caint fé chaipíní.

View Details

Plé ar Oidhreacht an Choileánaigh i 1990 le Nollaig Ó Gadhra, TP Ó Néill, PJ Ó Tuathaigh & Eamon Ó Cúiv.

View Details

Bailiúchán ábhair fé Aonach a' Phoic agus fé ghabhair, le Micheál Ó Dubhda, Páid Pheats Pheaid, Páid Ó Súilleabháin (1992), Nuala Uí Shúilleabháin (2000), Tadhg Condún (1993) & Páidí Mhárthain.

View Details

Clár a dhein Micheál de Mórdha le Diarmuid Shéamuis Ó Drisceoil, ón gComalán, Cléire, i 1976. Cuimhní cinn ar an oileán agus ar a shaol mar mhúinteoir & craoltóir.

View Details

Cur síos ar Dhomhnach Crom Dubh & ar bhain leis le Seosamh Ó Dála (1981), Pádraig Ó Héalaí (1983) agus Tomás Ó Scanláin (Fionn, 1983).

View Details

Iar-Pheileadóir Chiarraí & na Gaillimhe Dan Larry Ó Cíobháin, Baile na Rátha, Dún Chaoin, ag cur síos ar a shaol do Mhicheál de Mórdha i 1997.

View Details

Nioclás Breathnach ag cur síos ar Naomh Déaglán, Pátrún na hAirde Móire agus bruíonta baitíní, i 1998. Nioclás Mac Craith ag cur síos ar stair & seanchas Pháirc Uí Fhearchair i nDún Garbhán, 1995.

View Details

Oscailt Oifigiúil Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin i 1994 le Niamh Criomhthain, Bean Uí Laoithe, Gearóid Cheaist Ó Catháin, Maura Ní Shúilleabháin Uí Chíobháin, Lís Sheáisí Ní Chearna Bn Teahan, agus Neil Ghobnait Ní Ghuithín Bn. Uí Shé. Ceol le Noel Hill & Tony MacMahon

View Details

Istigh i mbaile mór a' Daingin i 1976 a bheimid ar chlár na seachtaine seo le - Séamus Ó Fiannachta - Seáin Sheáisí Ó Cearna - Tomás de Londúin - Tomás Mac Gearailt

View Details

Cois mara thoir sa Rinn i 1980 le Tomás Ó Ceallaigh, Scipéara an bháid "An Tyrone" Déaglán Dúrta as an Seanaphobal Liam Breathnach as Cnocán an Phaoraigh An tAth. Tadhg Furlong, Sagart cúnta na Rinne Úna Bn. Breathnach (Úna Parks)

View Details

Beimid ag éisteacht le cainteoirí & ceoltóirí an Chláir ar chlár na seachtaine seo, agus Mícheál Ó Sé dulta i measc na gCláiríneach i 1975.

View Details

'Ar an mBóthar' le Micheál de Mórdha i 1981, i mBéal Átha an Ghaorthaidh le: - Buíon Píobairí Bhéal Átha (& fear anaithnid ag caint fúthu) - Tadhg Ó Gealbháin - Tadhg Ó Laoire - Maidhc Ó Murchú - Gearóidín Ní Riain 'A Bhúrcaigh Bhuí ón gCéim'

View Details

Dinnsheanchas an chósta ó Ché na Cathrach go Cuas Crom i bparóiste Fionn Trá le Nuala Ní Dhomhnaill, 1987.

View Details

Amhráin & Amhránaithe Chorca Dhuibhne ar chlár na seachtaine seo: Seán Ó Cíobháin na Muirí (1985) Nell Phurge Ní Mhurchú Tom Neilí Ó Mainín Páidí Mhárthain Mac Gearailt Ben Ó Loingsigh (1995)

View Details

Thall i Springfield, MASS i 1980 a bheimid ar chlár na seachtaine seo le - Dave Ruiséal, Baile Ghainín, Paróiste Mórdhach - Treasa Bn. Uí Shé nó Treasa Chaivin ós na Gorta Dubha - Seán Ó Sé 'An Diamond' ó Chathair a' Treantaigh

View Details

Triúr de mhuintir Shé ó Pharóiste Mórdhach atá ar chlár na seachtaine seo: Tomáisín Dainín Ó Sé, in agallamh le Breandán Feiritéar, 1975. Dainín Dan Ó Sé (athair Thomáis), in agallamh le Micheál Ó Sé, 1977. Dáithí Mhaidhc Dainín Ó Sé, ag rá 'Raca Breá mo Chinn' i gcomórtas sean-nóis Thigh Khrúgair, 1996.

View Details

Clár ómóis a dhein Tomás Mistéal do Sheáinín Mhicil Ó Súilleabháin, ceoltóir, ceardaí agus fear déanta naomhóg ón mBlascaod Mór, a craoladh seachtain tar éis bháis do i 1989.

View Details

An dara leath de 'Ceiliúradh Cartlainne' a craoladh mí Aibreán 2000, á chur i láthair ag Aogán Ó Muircheartaigh.

View Details

Scoth na gcainteoirí ó Chartlann Bhóthar na Léinsí, a roghnaigh Aogán Ó Muircheartaigh & Tomás Mistéal i mbliain an dá mhíle.

View Details

Blaiseadh de chláracha ó 1992 ag plé obair an raidió le Dónal Ó Liatháin, Muiris Mac Conghail, Micheál Ó Muircheartaigh, Nell Phurge Ní Mhurchú, Máire Ní Cheocháin & a thuilleadh.

View Details

Amhrán: Láir an Chonchúraigh le Pat Chanair, Baile Dháith Dán 'Deich mBliana an Raidió' le John Learaí Ó Cíobháin, 1982 Clár plé ar obair an Raidió ó 1978 le Dónall Ó Catháin ón mBuailtín, Johnny Neoiní Ó Cathalláin ón gCoimín, Caoimhín Ó Cinnéide ó Bhaile an Mhórdhaigh, agus Aogán Ó Muircheartaigh ó Bhleá Cliath is ó Dhún Chaoin.

View Details

Blaiseadh de sheoladh an leabhair 'Duanaire Mhaidhcí' le Micheál Ua Ciarmhaic, i 2006, le Tomás Mac Siomóin, Pádraig Ó Snodaigh, Micheál Ó Siochrú, Máire Sweeney, Paddy Bushe, clann agus Baintreach Mhichíl, Péigí Ní Shúilleabháín.

View Details

Le Seán Pheats Tom Ó Cearna, Maidhc Leidhinn Ó Guithín, Seán 'Faeilí' Ó Catháin, Micilín Welsh, Donncha Ó Laoithe, Maras Bheit Ó Lubhaing, 1977.

View Details

Cuid de bhur rogha ar chlár na seachtaine seo: - Pound leis 'Na Bairillí' - Micilín Welsh ón Riasc - Johnny Neoiní Ó Cathaláin fé drámaíocht - Pádraig Ó Cíobháin fé 'An Gealas i Lár na Leithe'

View Details

Inid, Carghas & Cúrsaí Grá ar chlár na seachtaine seo le Bab Feiritéar, Seán Tóibín, Tom Mhic, Nell Phurge & Johnny Griffin.

View Details

Seán 'An Common Noun Ó Dálaigh (d.27/02/1940), Dún Chaoin le: - Peaidí Ua Maoileoin - Hannah Daly (iníon Sheáin) i 1978, ag cur síos ar oifig poist Dhún Chaoin - Tom a' Mháistir Ó Dála (mac Sheáin) ag cur síos ar an gcéad ghluaisteán a bhí aige, 1978 - Joe Daly (mac Sheáin), ag seanchaíocht fé mhúinteoirí.

View Details

Clár ón tsraith 'Seán Ó Ríordáin: File & Scríbhneoir, a dhein Máire Ní Chéilleachair i 1997. Cuimhní cinn ar phearsantacht an fhile.

View Details

Clár ar Naomh Gobnait le: -Leanaí Scoil Náisiúnta Chúil Aodha & Scoil Dhún Chaoin i 1993 - Peaidí Ua Maoileoin i 1975 - Joe Daly

View Details

Caithfeam tamall i gCléire le - Conchúr Ó Síocháin i 1928 (www.doegen.ie) - Máire Breathnach i 1976 - Eamon Lankford i 1991

View Details

Naomh Bríd & a Féile - Joe Daly - Caitlín Mhic Eoin - Bab Feiritéar - Peig Uí Riagáin - Nell Tom Ní Ríordáin

View Details

Seán Bhraidhm Ó Guithín, ó Bhaile Bhiocáire, Dún Chaoin agus ó Bhaile Ghib Co. na Mí, ag caint féna shaol sa dá áit le Micheál de Mórdha i 1983.

View Details

Dhá agallamh a deineadh i gceantar Ghaeltachta na nDéise i 1994: - Séimín Ó Cionnfhaola ó Bhaile na nGall - Peig Móinbhíol ón Seanaphobal

View Details

Clár fén údar Seán Ó Criomhthain, ón mBlascaod Mór, agus féna athair Tomás Ó Criomhthain, a craoladh tamall tar éis a cailleadh é i mí na Nollag 1975. Páirteach: Seán Ó Criomhthain, Seán Sheáisí Ó Cearnaigh, Peats Ó Catháin, Láithreoir: Breandán Feiritéar.

View Details

Oíche cuileachtan le mná Mhúscraí ar Oíche Nollaig na mBan 1989, á chur i láthair ag Peadar Ó Riada. Páirteach bhí: Beitsí Ni Shuibhne, Síle Ní Mhuláin Áine Ní Choill, Síle Ní Ríordáin, Margaret Bn Uí Liatháin, Máire Ní Dhrisceoil, Katy Ní Bhuachalla, Máirín Maidhcí Bn Uí Lionáird & Dónal Ó Liatháin.

View Details

Cuid de mhuintir na Gaeltachta ag trácht ar nósmhaireachtaí na Nollag; Joe Daly, Seán Mhicil Ó Súilleabháin, June Bhofair Ní Chatháin, Máire Uí Shé, Máire Uí Chéadagáin agus Jer Ó Cíobháin.

View Details

Clár a dhein Micheál de Mórdha leis an bhfile iomráiteach Máire Mhac a’ tSaoi i 1996. Cailleadh Máire i ndeireadh fómhair na bliana seo.

View Details

Clár ómóis do Dhiarmuid Ó Súilleabháin, craoltóir, iriseoir & amhránaí ó Chúíil Aodha, a cailleadh 30 bliain ó shin um an dtaca seo. Craoladh an clár seo ar an 2/12/1991, an lá tar éis a cailleadh é. Láithreoir Jeaicí Mac Gearailt, Páirteach: Páidí Ó Sé, Peadar Ó Riada, Seán Ó Liatháin, Eamonn de Buitléar.

View Details

An dara cuid de chlár fé thréigean an Bhlascaoid i 1953. Páirteach: Seán Pheats Tom Ó Cearna, Seán Mhaidhc Léan Ó Guithín, Nell Ghobnait Ní Ghuithín.

View Details

Clár a deineadh i 1990, cothrom 100 bliain ó saolaíodh Michael Collins i Woodfield in 1890, le Con Ó Ruairc, an tOll. T.P. Ó Néill, Nollaig Ó Gadhra & Eamonn Ó Cúiv.

View Details

Scéal Fiannaíochta 'Fionn & na Bairnigh' á insint ag Donncha Ó Laoithe, Baile Uí Chorráin, Paróiste Mórdhach, i 1977.

View Details

Clár ó 1958 le rí-sheanchaí na nDéise, Maidhc Dháith Turraoin (ó Chartlann Raidió Éireann).

View Details

"Dúirt mo sheanmháthair liomsa" - Cuimhne ár sean ar an ndrochshaol i Múscraí le Dónal Ó hÉalaithe Céadchraoladh i 1995, mar pháirt de shraith cuimhneacháin fén nGorta Mór.

View Details

Maidhc Mhárthain & Peig Mhic Gearailt, ón mBóthar Buí i bParóiste na Cille, ag caint le Micheál Ó Sé i 1976 agus 1978. Deir Maidhc 'Seáinín Ó Gormáin i Meiriceá', agus deir Peig 'Ráiteachas na Tairingreacht'.

View Details

  • Dreancaidí, Míola & Sneá le Joe Daly - Bríde na hÓrach ag amhrán - Meaig Ghineá ag trácht ar Tim Severin - agus eachtra fé dhrárs Fhaeilí!

View Details

Donncha Ó Dúlaing ag caint le Micheál Ó Sé i 1996, féna shaol agus a shaothar.

View Details

Clár ar chluthairí cinn ó 1983, le Breandán Feiritéar, Seosamh Ó Dála agus Tom Mhic Gromail.

View Details

Pádraig Tyers ar chamchuairt Gaeltachta i 1975. Páirteach: Nell Tom Ní Ríordáin, Baile Bhuirne Déaglán Dubharta, Rinn Ua gCuanach Seán Ó Luasa, Cúil Aodha Céadchraoladh: 25/08/1975

View Details

Ar an 13/08/1909 bádh Eibhlín Nic Niocaill & Domhnall Thomáis Dhomhnaill Criomhthain sa Bhlascaod. Scéal na hóspairte ar chlár na seachtaine seo.

View Details

Peats Tom Ó Cearna ag caint fén tarrtháil, le Donncha Ó Dulaing ar Raidió Éireann.

View Details

Cáit Bn. Uí Chathasaigh (An Princess), ag trácht ar an eachtra do Bhreandán Feiritéar ag tús na 1970í.

View Details

Micheál agus Tadhg ag caint fé Eibhlín Nic Niocaill, 1978.

View Details

Agallamh a dhein Áine Uí Fhoghlú le Séamus Ó Coilliú, An Rinn agus Ard Mhór ó dhúchas, i 1996. Roimhe sin, cloistear Ciarán Ó Gealbháin ag rá 'Idir Ard Mhór is Eochaill' ag Éigse Dhiarmuidín Uí Shúilleabháin, 2000.

View Details

Tony Ó Muircheartaigh ó Bhaile an Lochaigh ag caint le Micheál Ó Sé féna shaol, agus scéal greannmhar fé leasú na muice! Deir Tony 'Raca Breá mo Chinn' ag tús an chláir, agus deir a dheartháir Páid Pheats Pheaid 'Príosún Chluain Meala' ag deireadh an chláir.

View Details

An dara leath den agallamh a dhein Breandán Feiritéar le Céit Pheats a' Gearailt, ó Chom Dhineoil, Dún Chaoin agus Springfield Mass i 1984, agus Tomás Ó Dála ón gCom ag rá 'Barra an Ghlinn Aird'.

View Details

Micheál nó Maidhc Pheats 'ic Gearailt ó Chom Dhineoil, Dún Chaoin, mar a thaifeadadh é do Scéim Doegen i 1928. Kate Pheats 'ic Gearailt ó Chom Dhineoil agus Springfield, Mass, ag caint le Breandán Feiritéar i 1984.

View Details

Máire Ní Cheocháin: agallamh a dhein Diarmuid Ó Suilleabháin le Máire i 1986. Píosa ceoil óna mac Micheál Ó Crualaoi, agus amhráin óna hiníon Gobnait.

View Details

Cáit Ní Chatháin, ó Dhoire Fhearta ar an gCeathrúin Rua, ag trácht i 1982, ar an lá tubaisteach i 1950 inar bádh a céile, an t-údar Muiris Ó Súilleabháin.

View Details

Seanchas & Seámsaireacht le Pound & Breandán Feiritéar, 1974.

View Details

Cluichí, Aimsir & Caitheamh Aimsire an Mheithimh le Joe Daly sa Chúinne.

View Details

Seachas & Amhrán le Gog Ó Catháin, ón Mhuirígh, Paróiste na Cille, le Micheál de Mórdha ag deireadh na 1970í

View Details

  • Ceathrúna & Seámsaireacht le Pound (Séamus Ó Lúing) - Seachas & Amhrán le Gog (Muiris Ó Catháin) - agus caitheamh aimsire an Mheithimh le Joe Daly

View Details

Clár speisialta i gcuimhne Shéamuis 'Pound' Uí Lúing, duine de luath-réalta RnaG. Craoladh ar dtús i 1975. Cailleadh Pound ar an 14/06/1975. Láithreoir Breandán Feiritéar.

View Details

Clár Iomlán le Seanóirí Chorca Dhuibhne fén bpinsean sean-aoise, i 1982. Micilín Breathnach ón Riasc, Maidhc Ó Grífín ó Imeall Átha, Peats Keane na Muirí, Seán Mhaidhc Léan Ó Guithín ón mBlascaod, agus Tomáisín Ó Gairbhia ón gClais. Láithreoir: Micheál de Mórdha

View Details

Nóra Uí Choitir, Crathach, Cléire, ag caint le Micheál Ó Sé i 1976.

View Details

Nóra Céitinn, An Choireán & An Daingean, ag caint le Micheál Ó Sé i 1976.

View Details

Nóra Ní Shúilleabháin, Cúil Aodha & Cill Garbhán, ag caint le Peadar Ó Riada i 1986. Nóra Céitinn, An Choireán & An Daingean, ag caint le Micheál Ó Sé i 1976 Nóra Uí Choitir, Crathach, Cléire, ag caint le Micheál Ó Sé i 1976.

View Details

Clár Iomlán - Cainteoirí na hIar-Ghaeltachta

View Details

Annraí de Blác, Cill Bheathach, Co. An Chláir, ag caint le RÉ sna 1950í agus aríst sna 1960í.

View Details

Tadhg Ó Drisceoil, Oileán Bhríde, Co. Chorcaí, & Cárthach Ó Cuilleanáin, An Sciobairín, Co. Chorcaí, ag caint le Micheál Ó Sé sna 1970í.

View Details

Micheál Ó Maoldomhnaigh, An Caisleán Nua, Co. Thiobrad Árainn, ó Chartlann Raidió Éireann, deireadh na 1950í.

View Details

Clár Iomlán ar Aimsir & Comharthaí Aimsire: Joe Daly, Seán Mharas Mhuiris Ó Catháin, Seán Pheats Tom Ó C, Ger Ó Cíobháin, Tom Mhic Gromail (1983), Johnny Ó Grífín & Pat Chanair (1999).

View Details

Clár Iomlán: Scéalta agus Seanchas ó Chléire i 1978 le Donncha Shéamais Ó Drisceoil, Tadhg Ó Síocháin, Pádraig Ó Drisceoil, Máire Uí Cheadagáin, Nóra Uí Choitir & Máire Breathnach.

View Details

Clár Iomlán: An ceoltóir Muiris Ó Dálaigh, nó Deálaí mar ab fhearr aithne air, ó Dhún Chaoin, i mbun ceoil, comhrá agus seanchais le Breandán Feiritéar i 1972 agus i 1976.

View Details

Muiris 'Kruger' Caomhánach, Dún Chaoin 28/03/1894 - 15/04/1971

View Details

An chéad chlár riamh ar RnaG ina raibh nasc beo idir Baile na nGall, Casla & na Doirí Beaga i 1973 le - na Cíobhánaigh Seán agus Ger - na Coistealbhaigh Johnny Chóil Mhaidhc & Micheál - Breandán Ó Cnáimhsí & Éamon Mac Suibhne

View Details

Clár speisialta ar seiteanna i gCorca Dhuibne le: Micilín Breathnach An Riasc, Jimmy Mhártan Ó Dálaigh & Muiris Déalaí, Dún Chaoin, Seán Ó Cíobháin & a iníon Joan ón nGráig, Nell Phurge Ní Mhurchú, Baile Loisce, Seán Pheats Tom Ó Cearna ón mBlascaod, John Donoghue ó Imleach Slat, & Moss Martin ós na Ráithíneacha. Breandán Feiritéar a léirigh, 1976

View Details

Clár speisialta ar Síghle Humphreys, Poblachtánach agus Sóisialach a cailleadh cothrom an lae seo i 1994. Helen Ní Shé a chur an clár le chéile i 1994.

View Details

An Boscadóir Moss Martin, agus a dheartháir Tom, ós na Ráithíneacha i bparóiste Fionn Trá, i mbun ceoil, cainte agus cuileachtan le Breandán Feiritéar i 1975.

View Details

Cé hí Gobnait'? Seanchas fén Naomh & a féile (11/02) ó mhuintir pharóistí Bhaile Mhúirne & Dhún Chaoin: Nell Tom, Cáit agus Diarmuid O Riordáin, An tAth Donncha Ó Conchúir, Micil Ó Briain, Bab Feiritéar & Micil Ó Catháin.

View Details

Tom Taimí Ó Laoithe ag cur síos ar stair agus ar sheanchas Chuas a' Bhodaigh, do Helen Ní Shé i 1993.

View Details

Tom Mhic Gromail ó Chathair Scoilbín agus cúpla eachtra greannmhar aige. Craolta ar dtús 1977

View Details

Siobhán Gromail ó Chathair Scoilbín ag cur síos ar an saol i Springfield Mass, do Bhreandán Feiritéar i 1983.

View Details

Peig Sayers ag trácht ar an Nollaig san Oileán. Taifead de chuid Raidió Éireann (Séamus Ennis, Seán Mac Réamoinn agus Joe de Lacy), 1947.

View Details

Clár Iomlán: -Tom Mhic Gromail ó Chathair Scoilbín agus cúpla eachtra greannmhar aige; - a dheirfiúr Siobhán ag trácht ar shaol na nImirceánach i Springfield; - Peig Sayers ag caint ar An Nollaig sa Bhlascaoid 1947

View Details

'Is Cuimhin Liom an Nollaig ar an gCarraig'; Meaig Ghinneá ón gCoimín i bParóiste na Cille ag trácht ar Shéasúr na Nollag, 1975.